Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dé Luain (12)

 
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
 
"Murach an taoille sa mbealach, dhéanfainn eolas an bhaile a mbíonn tú; Rachainn do d'fhéachaint chaon Satharn, a stóirín, agus ar maidin Dé Luain" (as Neilí)
 
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh agus d'éirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
 
failic
Is diabhlaí an fhailic a rinne sibh ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, théis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-ionadh nach ndíolann sibh aon fhód agus a bhfuil sibh a dhó
 
fuacht
Fuair mé fuacht ar aghaidh na riteacht ansin thuas Dé Luain, agus tholg mé slaghdán as
 
Ní hé boladh na deataí a bhí air maidin Dé Luain … bhuel ní móide gurb é. B'fhéidir gur boladh airgead luachra nó boladh eicínt eile mar sin a bhí air
+
deilbh 1
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a ndéanfaidís aon deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaighidís Éire bronnta orthu. Bhídís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon lá den ádh orthu. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
+
dia 2
An bhfeiceann tú í sin thuas nach ligfeadh aon luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pisreogaí aici
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann na tincéaraí sin ligean ar t'asal, go lá an Luain aríst, ní bhfaighidh tú aon dé air. Do chumhachta cinn ní aithneoidh é
 
"Diomdha Rí na hAoine don té a thógfadh mo ghrá uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain" (diomdha Rí na hAoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buíoch dó!; go n-agraí Dia air é!)
 
Tús Aoine agus deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar: anois an bhfuil aon cheann eile acu agat. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caite in aer anois