dúil
—ainmfhocal, baineann
—ginideach: dúile
—iolra: dúileanna ach ní bhíonn sé ach go hannamh i gcaint
—ní mór a thabhairt faoi deara leis an luí a cuirtear ar dúil i gConnachta — nó i gConamara go háirid — go mbíonn blas i ndáil le i gcónaí i gceist. Cuirim i gcás is tóir a bhíos ag duine ar léitheoireacht, ar leabhra, ar bhádóireacht, ar mhná srl. Ach ainneoin sin, déarfaí dúil i rudaí den tsórt sin amantaí leis an ainm teibí, ach ní abrófaí é leis an ainm féin .i. tá dúil aige i léitheoireacht, ach tá tóir aige ar na leabhra. Tá dúil aige sna leabhra — bheadh fonn a n-ite mar bhia air! B'fhearr d'aos foghlama dúil a sheachaint cé is moite den áit a dteagann sé i gceist ina riocht féin .i. beatha, tobac, ól srl.
1.
fonn caite, ite nó blaiste; tnúthán rud a fháil le n-ithe, le n-ól, nó le caitheamh; tóir nó a bheith tóiriúil air.
+–
Tá dúil i dtae, i dtobac, in ól, i snaoisín, srl. agam
Ní bhíonn aon dúil rómhór sna fataí agam go dtí an ceathair nó an cúig tráthnóna
TUILLEADH (24) ▼
Is beag an dúil atá agam i bhfataí chor ar bith, ach bíonn dúil agam iontu corruair mar sin féin
"Gheobhaidh mé bás le dúil sa bhfeoil" (Amhrán — Cearc agus Coileach)
"Is beag mo dhúil san imirt; is mór mo dhúil san ól" (Amhrán — Slúipín Vaughan)
Níl mo dhúil ann le fada — níl aon dúil agam ann le fada
Is dúil san ól a d'fhága le fán é — is é an dúil a bhí aige san ól srl.
Bíonn dúil ag chuile dhuine i nduileasc. Tuige nach mbeadh
Is beag mo dhúil i dtada ó bhuail an tinneas seo mé
Níl dúil ar bith aige in ól — dheamhan dúil ná cuid de dhúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúilse ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
Bheadh dúil agam i chuile shórt a gheobhainn. Sin é an bealach atá liomsa
Mura bhfuil dúil agat ann, fág i do dhiaidh é
Tá sé caillte le dúil sa tae
Tá a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le dúil san ól
Bhí a shúile ag snámh ina cheann le dúil i dtobac
Bhí mo chuid fiacal ag déanamh uisce le dúil sa bpíopa, ach dhá dtiteadh déidín agam, dheamhan thiomanta gail a thabharfadh sé dhom
Mharaigh sé é féin le dúil san ól
Bhí sé ina chíor thuaifil le dúil sa tobac agus gan aon ghair aige a fháil. Sin é an gléas air! Fanadh sé as an bpríosún aríst
Ní raibh de dhúil agam ann ach an oiread is a bheadh agam sa draoib sin amuigh
Ní raibh de dhúil aici sna fataí a thug mé di ach an oiread is dá dtairginn clocha le n-ithe di
Dá laghad dá raibh mo dhúil sa tae, d'ól mé ina dhiaidh sin é
Dhá mhéid dúil dá raibh aige sa bpíopa, bhí sé in ann éirí as chuile Charghas dhár éirigh air
Thug siad ruainne ceaile dhom, ach ní bhfuair mé leath mo sháith dhe. 'Sé a ndearna an méid a fuair mé, mo dhúil a ghéarú ann. Caithfidh muid féin greim dhe a dhéanamh lá eicínt. Tá sé an-bhlasta
Maidir leis an bpoitín, is fada mo dhúilse imithe as
Níor éirigh liom dhe ach cuid an bheagáin, ach an méid sin féin, choisc sé mo dhúil ann. Ní raibh a dhath tnútháin agam leis uaidh sin amach
·
An bhfuil dúil tae ort?
Is geall le fear é a mbeadh dúil pórtair air agus an leiciméireacht atá air timpeall na gcoirnéil
+–
Bhain sé an dúil asam faoi láthair — fuair mé an oiread dhe, nó chonaic mé ar chaoi eicínt é, le nár fhan aon dúil agam ann
Thug sí braon tae dhom agus bhain sé an dúil asam go ceann tamaill eile
TUILLEADH (5) ▼
An raisín sin a d'ith mé scaithín ó shin, bhain sé an dúil asam go bhfeice tú an tráthnóna. B'fhearr do dhuine a bhéilí a chaitheamh go breá ceart, ná a bheith ag ithe leidhcí mar sin chuile phointe. Líonann siad do ghoile, ach mar sin fhéin, ní bhíonn duine sách acu
Chonaic mé oíche í ag réiteach feola agus chuir sí úis orm. Tá a fhios ag mo chroí gur bhain sí dúil feola asam go ceann i bhfad ina dhiaidh sin, agus dheamhan a bhfuil éisealach dhíom
'Sé an scéal é, d'ól mé an oiread an oíche sin dó (dhe) agus go raibh mé torthach aige. Ní raibh mé ar mo chóir féin dhá bharr aríst go ceann seachtaine. Mhionnaigh mé agus mhóidigh mé nach mbeadh mo phlé leis go héag aríst. Bhain an iarraidh sin an dúil asam go bhfeice mé seal
Ní bheadh aon mhaith aige ann go bhfaigheadh sé an píopa. Fuair sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh é le chuile sháraíocht. Chuaigh sé ar a chaitheamh nó gur chuir sé urlacan air féin leis. B'éigean a thabhairt abhaile. Bhíodh fonn múisce air le chuile choisméig. Cuireadh a chodladh é. Uaidh sin amach, níor éiligh sé an píopa. Ghlac sé an ghráin air. Chuir sin den tobac é. Bhain sé an dúil as go ndeachaigh sé i dtalamh
Bhí mé thuas ann lá ar cuairt agus bhí ciseog fhataí ann agus iasc. Fataí gáireacha. 'Siad an scoth atá aige. Bhí an teach fúinn féin ag an mbeirt againn agus shuíomar síos i mínis (i bhfianais) na ciseoige, nó gur ith muid gliúrach dhíobh. Shín muid muid féin ar an teallach ansin gur chodail muid spuaic. Níor leag mé béal ar aon fhata aríst go ceann míosa. Ghráinigh mé orthu. Bhain siad an dúil asam in éindí
+–
Má itheann tú riar de chuile lá, tiocfaidh dúil agat ann i leaba a chéile
Sin é an chaoi a bhfuil an t-ól. Nuair a bhlaiseas tú dhó i dtosach is luar leat é ná fuafíonaigh, ach teagann tú isteach air i leaba a chéile. Teagann dúil agat ann
TUILLEADH (6) ▼
Má bhíonn tú ag súimínteacht leis an bpíopa mar sin, is gearr go dteaga dúil agat ann. Nuair a thosaigh mise dhá chaitheamh i dtosach, shíl mé nach dtiocfadh aon dúil agam ann go deo, ach ba ghearr nach raibh déanamh ar bith dhá uireasa agam — ba ghearr sin
Is rud iad na fags ar nós chuile ealaín, ó thiocfas do dhúil iontu, go gcaithfidh tú a bhfáil dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Cén bhrí ach a dhaoireacht agus atá siad. Agus níl fear na bhfags in ann aon cheart a bhaint den tobac. Dheamhan é muis
Ó tháinig dúil aige san ól, is beag a bhíos de bhrabach air. Chuir sé taobh le dhá scilling muid as luach na cruib mhóna Dé Sathairn seo (gha)bh thart. Dheamhan sásamh ná séanadh a bhí le fáil uaidh faoi
Tá dúil ag teacht agam sa gcoffee anois bíodh a fhios agat. An chéad uair ar ól mé é, shíl mé go dtiocfadh tonn taoscach orm, ach anois feictear dhom nach bhfuil daorbhasctha chor ar bith dhe. Ólaim dhá cheann de ló scaití é
Dá dteagadh dúil ag duine sa bpíopa aon uair amháin, ní dhéanfadh na fags sin maith ar bith dhó. Corruair má bhímse d'uireasa tobac, tugann siad ceann acu dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne, 'sé an tsrathar in áit na diallaite é. B'fhearr liom aon ghail amháin den phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain acu
Bhí mé ag breathnú orthu in éadan an tsleabhcáin, agus leis an gceart a dhéanamh, bhí siad ag tiomaint cuid dhó orm, ach níor ghlac mé uathu é. Níor tháinig mo dhúil ariamh ann nó go raibh a dheireadh ite. Sin é an uair a bhí an caitheamh ina dhiaidh agam
+–
Tá siad ag cur dúile sa gcarnán airgid sin agamsa. Dá mbeidís-sean chomh meabhrach lena gcuid cártaí agus atá mise agus mo pháirtí, is acusan a bheadh an carnán agus ní againne
Déarfainn agus an stiúir a bhí uirthi ag breathnú anoir thar an gclaí go bhfuil sí ag cur dúile sa ngarraí atá cosnaithe. Má fhaigheann sí a bhlas aon uair amháin, ní choinneoidh do chumhachta cinn as í. Nach í an streachaille de bhó í nach sásaíonn áit ar bith í ach an fad méire de gharraí sin atá le aghaidh féir
TUILLEADH (6) ▼
Níor fhága sé aon fhód ar phortaigh anuraidh nár ghoid sé. Facthas dom leis an tsúil a thug sé ar an gcruaich s'againne (cruach mhóna) agus an chaidéis a fuair sé di an lá cheana, go bhfuil sé ag cur dúile inti i mbliana
Níl duine ar bith ag cur dúile ina cuid talúna ach an chuid eile di féin — na L. Tá díocas orthu sin ag imeacht ag lorg talúna. Nach sílfeá go mb'fhearr di acu é ná é a bheith ag dul i léig ansiúd cheal a shaothraithe
Ná bí ag fágáil do chuid cigarettes ansin ar sliobarna go mbeidh daoine ag cur dúil iontu. Nach bhfuil a fhios agat cén sórt saol atá ann, agus nach bhfaightheá cigarette ansin thoir inniu dá naomhtaí thú. Daoine atá scrúdaithe dhá bhfuireasa, is beag an scrupall a bheas acu méir a leagan ar do chuidse
Ná bí ag samhlú óil liom nó is gearr go dtosaí mé ag cur dúile ann. Chonaic mé sé leathbhairille nua glan dhá gcur isteach sa teach seo thoir anocht. Is cosúil go bhfuil an-fhuadach air
Má chuireann sí a dúil uair amháin sa mbaile seo, ní fhéadfar a coinneáil as. Ní fhaca mé aon bhean aniar amach ariamh ó leagfadh sí a cairín chor ar bith ar chathaoir istigh sa tír, nach bhfanfadh sí ann
"Lá breá dá ndeachaigh an cúiplín amach sa ngairdín; Bláth na silíní cumhra, bláth na n-úll agus na n-airní; Chuir an Mhaighdean dúil ann agus thnúth sí leis go láithreach" (as amhrán diaga faoi Mhuire Mháthair agus an Naomh Joseph)
+–
Bhí dúil Mhichael bainte astu shular imigh sé (as na toitíní)
Ná bí ag coinneáil an phoitín seadaithe. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil mo dhúil bainte as ó bhí na misinéaraí againn. Níor bhlais mé de striog ó shin
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac le cigarettes a dhuine sin. Tá mé ag troscadh anois chomh fada, agus go bhfuil mo dhúil bainte astu. Chinn orm aon cheann a fháil ó mhaidin inné, i mbealach ná i ndearmad. Fhóbair go leagfainn an teach inné, ach an ghearradh ghionach a airím in mo phutógaí inniu
Má b'éigean duit déanamh d'uireasa tobac an fhad sin, is iontas nach raibh do dhúil bainte as ar fad. Is uafásach an t-achar trí seachtainí déag
Is beag a bhainfeadh mo dhúil as an ól théis an méid sin. Bean a chonaic mé i dteach ósta i mBaile Átha Cliath agus í ar deargmheisce. B'éigean do bheirt fhear a hiompar eatarthu amach go dtí carr. Ní thabharfainn suntas ar bith di dhá mba seanchailleach í, ach mo léan níorbh ea ach rúisc de bhean óg — plandóg de bhean!
Dhá bhfeicinnse feoil a bheadh an-gheal, chuirfeadh sí col orm. Ba é mo dhóthain é le mo dhúil a bhaint as feoil go bhfeicinn suim aimsire aríst. Chaith mé dhá bhliain cheana gan oiread is a dhath feola a chur ar mo bhéal an áit a bhfaca mé muiceoil ag an teach uair …
Má tá i ndán is gur cuireadh fuafíonaigh ar an bpórtar dóibh, bainfidh sin a ndúil as go ceann tamaill. Is géar a theastaigh an phosóid sin uathu: chuile oíche san aer ag imeacht ag ól agus ag ragairne, agus gan breathnú siar ar a mná ná ar a bpáistí sa mbaile
Go gcuire Dia an t-ádh ort. É siúd éisealach. Dhá dteagadh bean an tincéara bhuí sin a bhí thart an lá cheana agus breac caillte a ghléas dó, d'íosfadh sé é chomh súite agus dá mbeadh sé ar fónamh. Ní bhainfeá a dhúil siúd as an iasc gan ruainne beag de nimh na luchan a chur air. Dhá dteagadh sé uaidh an uair sin, b'fhéidir go gcuirfeadh sin cúl beag air
Chuala mé S. ag rá go raibh sórt drug eicínt i Meiriceá agus dhá gcaiteá aon uair amháin í nárbh fhéidir do dhúil a bhaint aisti. Drochearra í. Dhá mhéad dá bhféachtaí le do dhúil a bhaint aisti, 'sé an chaoi a mbeadh farasbarr dúile ag teacht agat inti. Dhíoltaí i ngan fhios í … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid poitín! Ní ghreamóidh poitín d'aon duine nach é a chiontsiocair féin é
+–
Tá an-dúil aige san ól
Tá an dubhdhúil (fíordhúil, an dúil chráite, dúil críochnaithe, dúil dháiríre, dúil nimhe neanta, dúil uafásach, dúil mhillteach, deargdhúil, dúil thar cionn, dúil choscartha srl.) aige sa tobac
TUILLEADH (8) ▼
Tá, an dúil dhona a mh'anam — dúil san ól: an dúil is measa a bhí ag aon fhear ariamh in aon rud
Sin í an dúil mar siúd atá aige sin san ól. Cén uair a thaobhaíonn sé teach ósta? Uair nó dhó faoin Nollaig. Is beag de ghalamaisíocht a mhná a bheith ag caint mar sin: mar dhóigh de gur fear caifeach é. Tá baol air!
Cé uaidh a dtug sé an dúil chráite atá aige sa magadh. Ar ndóigh ní raibh smid ná smeaid ag a athair. Chaithfeadh sé oíche airneáin ar do theallach gan a bhéal a oscal. Agus maidir leis an máthair, bhí sí an-tsoineanta freisin
An ceann eile atá againn, tá dúil nimhe neanta aige sa léitheoireacht. Ní theagann iamh air an fhad is a bhíos sé ag ithe a bhéilí féin ach a cheann sáite i bpáipéar nó i leabhar aige. Agus déanann sé clogán streille den oíche ag léamh ar an teallach
Tá an dúil chráite aige san iascach. Fear ar bith a fhágfas amach a ghort agus arbhar ag titim dá cheann agus a bhuailfeas síos ag iascach, ná bac leis. Cuir sa ngearradh dhíobh é. Cén bhrí dhá mbeadh ceo ar bith aige dhá bharr. Ach dheamhan cion béilí maith éisc marbh aige ó tháinig an bhliain
Murach go raibh dúil thar cionn aige sa bpionta é féin, diabhal baol a bheadh air a dhul ag caitheamh an méid sin fiúntais leat. Sin é an creagaire is mó ar a dhá chois. Ní fhéadfadh mórán a rá go bhfaca siad aon cheo dhá chuid gnaíúlachta
A Dia dhá tharrtháil! D'ól sé gloine phoitín. Is gearr ó nach raibh dúil dubh ná dath aige ann má b'fhíor dhó féin. Ach 'siad an dream sin a bhíos dhá cheilt is measa a bhíos ina mbruithshléacht nuair a thosaíos siad
Tá an dubhdhúil aige san ól ach níl dúil beag ná mór aige sa tobac. Sin é a mhaith. Ní bheadh aon aithne óil choíchin ar an té nach mbíonn ag caitheamh. 'Sé an t-ól agus an tobac i dteannta a chéile a fhágas duine ar meisce
·
Chuaigh ag an dúil ar an daoithiúlacht air má tá i ndán is go ndeachaigh sé isteach go dtí cuntar teach ósta. 'Sé an chéad uair aige é déarfainn
2.
súil, dóchas. Athraíonn an focal súil agus dúil le chéile i ráití áiride ach tá claonadh ann ag súil, dúil a dhíláithriú ar fad sa gcéill seo.
+–
Níl a dhúil leis — níl 'sé ag súil leis; níl sé ag tnúthán leis. Athraíonn súil agus dúil i ráití mar seo, ach is minicí súil ná dúil iontu go mór fada. Ní bhíonn ach súil san ainm briathartha le ag. Thiocfadh do dúil a bheith ann uair annamh b'fhéidir, ach má bhíonn níor bhraith mé é
"Níl mo dhúil leat inniu ná amárach; A mhuirnín dílis, mo chúig chéad slán leat" (Amhrán — Dónall Óg)
TUILLEADH (5) ▼
Ná bíodh do dhúil liom. Ní bhfaighidh tú tada uaim
Más léithe siúd atá a dhúil, tá faitíos orm gur mór an mearbhall atá ar mo dhuine bocht. Ní scarfaidh sí siúd le cianóig rua go mbeidh sí in achar an anama, agus m'anam gurb iomaí bliain é sin fós, mura bhfuil sí féin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile. Is duine críonna a bheadh in ann a rá céard a dhéanfas sí siúd fós lena cuid airgid
Más in é an rud anois a bhfuil a ndúil leis, tá faitíos orm go mbeidh siad in anchaoi. Dheamhan cloch a cuirfear sa mbóthar sin an fhad is a bheas an saol ar saochan, agus ar aon chor, ní fabhar atá ag S. Mh. le tada a fháil d'aon duine
Níl a dhath maitheasa dhúinn a (ár) ndúil a bheith le Meiriceá an Nollaig seo. Tá Meiriceá réidh. Níl sciúrtóig ag teacht anois as
Bheadh a ndúil leis dá mbeadh maith dóibh ann, ach níl. Dheamhan breac a íosfas siad lena marthain (dh)íob gan dochar gan díobháil dúinne. Ba dona iad féin faoin rud a bheadh acu
+–
Is dúil gan fáil í sin aige muis. Má tá sé ag súil go dtabharfaidh mise ól dó, 'sí súil Uí Dhubhda le Ard na Rí aige í. Ró-dhícéillí a fuair sé sin daoine ariamh, ag déanamh a chuid oibre dhó agus ag cur a mbeadh acu lena ól air
Má tá dúil agat i dtobac is dúil gan fáil í. Níl ionga tobac ag gabháil liom. Ag imeacht ag iarratas atá mé féin
TUILLEADH (2) ▼
Is deas í do dhúil muis — dúil i dtae. I nDomhnach, tá faitíos orm gur dúil gan fáil agat í mura bhfuil tú féin in ann aon tsoláthar a dhéanamh. Dheamhan gráinne tae a gheofá anseo anois dhá mbeifeá in do ridire. Cion cupán amháin sa tseachtain: sin é an méid
Dúil gan fáil muis dúil sna cigarettes anseo. Dhá mbeadh cruóg ola ort dhá bhfuireasa, dheamhan tiomanta ceann a gheofá, na cuid de cheann. Is minic a bhí mo theanga amuigh ag imeacht ag forcamhás ansin thiar sa mbaile caillte sin, agus gan tada agam ar a shon
3.
rún, fonn, claonadh, brath.
+–
An dúil atá agaibh na daoine a ghortú — rún, fonn, brath
Shílfeá gur dúil atá acu seo éirí i mullach na ndaoine. Má tá a (bhur) leas ar Dhia anois, éirígí as, nó fágfaidh mise céir oraibh — a shneácháin bhradacha
TUILLEADH (4) ▼
Nuair a d'iarr mé mo chuid airgid air, is mó an dúil a bhí aige a dhul do mo lascadh. Dheamhan saoradh ná séanadh a thabharfadh sé dhom faoi. D'fhuagair mise an póilí air, ach mo chreach mhaidne mo phóilí!
Shílfeá gur dúil atá acu suí in do bhun ceart. Breá nach n-éiríonn tú i bputógaí duine acu agus chomhairleodh sin an chuid eile ligint duit. Mura ndéana tú rud eicínt, déanfaidh siad dóigh dhuit
Ar ndóigh, ní dúil a bheadh aige an sconnán de mhac siúd a chur chun coláiste aríst. Cáid sa mbaile é siúd? Dheamhan rath a dhéanfas sé lena luiseag. Tá a chuid ratha ar iarraidh. Is fadó a bhí aige a bheith ina mháistir scoile nó ina shagart, nó ina sheilbhéara, nó ina chrochadóir féin …
Ní féidir gur dúil atá aici an bóithrín a dhúnadh. Séard is fhearr a dhéanamh, a dhul roimpi in am. Mura dtéitear, déanfaidh sí ciseach de na daoine. Bhí cosán ansin ariamh sa saol
Féach freisin
→
dúlaí
dúil in iontrálacha eile (9)
→
damnaigh
Damnú síoraí air mar shneachta. Níl oiread agus caorán móna ar an teallach agam ó am suipéar aréir, agus níl aon asal in araíocht a dhul 'na phortaigh inniu ach oiread le inné. Shílfeá gur dúil atá ag an aimsir bothae a dhéanamh de na daoine!
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uileag. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céanna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Théis chomh fada agus ab éigean dom troscadh ansin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúile agam ann nuair a d'éirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goine orm dhá chaitheamh ó shin. Má théann sé chun gainneacht aríst, dar lomlán an leabhair, éireoidh mé as. Éireoidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag plé leis an tobac céanna …
→
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
→
drandal
Siúd é a bhfuil an drandal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Chomh luath agus a gheobhas sé a boladh, teagann díocas ar an drad aige le teann dúil inti. Ní fhaca mé fear a bharrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon duine eile
→
dubh 3
Is beag an mhaith d'aon duine leath agus páirt a fhuagairt ar an ngortachán siúd. Ní bhfaigheadh a mháthair an oiread is a dhubhódh a béal uaidh, má bhíonn dúil aige fhéin ann.
+
→
duine
Is beag é díol duine den cheaile sin, théis a mbíonn de dhúil ann
TUILLEADH (1) ▼
An dúil atá agat na daoine (muid) a ghortú?