Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deo
sa leagan go deo
1.
 go brách; choíchin; go deireadh an domhain.
+
Tá tú réidh leis go deo — ní bhfaighidh tú é choíchin
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú as go deo agus go brách anois — choíchin
Ní ghabhfaidh mé ann go deo ná go brách aríst
Go deo ná go brách, ní dhéanfaidh mé a leithide de chleas aríst
Go deo ná go brách ná téirigh ag breathnú air
Ní bhfaighidh sé aon mhála anseo, go deo ná go brách aríst
+
Go deo aríst ná taobhaíodh sé iad. Sin é a bhfuil faoi
Go deo aríst má mhairimse, ní fheicfidh aon duine istigh ina theach mé
TUILLEADH (2) ▼
Go deo aríst, ní bhfaighidh sí aon deoir bhainne anseo, ní dhá mhaíochtáil uirthi é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an drandal aisti dhá uireasa
Ní bhfaighidh sé aon lá oibre uaimse go deo aríst
+
Tá go deo fada. B'fhéidir go dtiocfadh sé uair eicínt
Deir tú nach labhróidh tú leis go deo. Tá go deo fada. Is dóigh nach labhróidh tú leis go ceann fada ar aon chor
TUILLEADH (2) ▼
Ná habair go deo. Is fada an t-achar go deo; agus is iomaí cor a bhíos sa saol
Níl aon mhaith do dhuine ach labhairt sa gceart. Dúirt tú é sin cheana agus is gearr aríst go raibh sibh ina (bhur) dhá gcuid déag le chéile. Is maith an scaitheamh go deo a mhic ó!
+
Ní fheicfidh mé mo dheartháirín go deo deo.
Tá mo dheirfiúirín dílis imithe uaim go deo deo
TUILLEADH (7) ▼
Tá sí imithe anois agus ní fheicfidh muid í go deo deo
"Gheobhainn mac i mbroinn, fear i dtoim, ach mo dheartháirín ní bhfaighidh mé go deo deo" — an bhean ar fiafraíodh di, cé acu ab fhearr léithe a thabhairt ón gcroich: a mac, a fear, nó a deartháir
Tá tú réidh leis anois go deo deo
'Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní ligfinn uaim í go deo deo,' adeir sé faoin inín
Ní scarfaidh mé leat go deo deo anois
Go deo deo aríst, ní fheicfidh sé mise istigh ar a urlár
Go deo deo aríst, ní bhainfidh sé aon bhearradh de mo chuid talúnasa
+
Go deo! Is beag an baol air siúd a theacht abhaile (ina freagra air: 'cáide go dteaga sé abhaile?')
Meas tú nach bhfuil rún aige a choinneáil go deo? 'Sé a chosúlacht go bhfuil
TUILLEADH (7) ▼
Muran leat a ligean go deo, tá sé i ndáil le in am a íoc
Seasfaidh an chulaith éadaigh siúd go deo dhó
Sheasfadh unsa tobac dó sin go deo
Bhainfeadh sé go deo as punt airgid
Bhainfinn go deo as péire bróg ach gan a dhul 'na chladaigh. Itheann an sáile an leathar uileag
Beidh sé ag baint mhóna go deo murar scoir sé fós
Lig go deo é más breá leat. Dheamhan an miste liomsa dhá mbeifeá gan aon phínn dhe a íoc choíchin
2.
+
Is báisteach go deo é — uair a bheadh ag síoraí ag báisteach
Is sioc go deo é, mura bhfuil ag Dia
TUILLEADH (8) ▼
Sneachta go deo é anois. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
Cogadh go deo é déarfainn. Seo é deireadh an tsaoil mura bhfuil ag Dia!
Achrann go deo é anois, má tá siad in éadan a chéile aríst
Bainseachaí go deo ar an mbaile anois é
Slaghdán go deo anois é. Tá sé ina leannán agam i gcónaí
Dhá mbeadh mo chailleadh go deo leis, ní dhéanfadh sé an méid sin soilís dom (fc. cailleadh)
Dheamhan é go deo. Is dona na gnaithí a bheadh air a dhul ag cur easonóir ar bith air fhéin leo
Fág go deo é; má thograíonn tú
+
Ní iarrfadh sé go deo ach ag nathaíocht — 'sé a bhuac é
Dheamhan a n-iarrfadh sé go deo ach codladh
TUILLEADH (2) ▼
Ní iarrfainn go deo ach ag caint leis. Duine an-tuisceanach é
Ní iarrfadh sé go deo ach ag saighdeadh daoine
+
Go deo nó go dtuga sé féin duit é, ná habair tada faoi — go dtí an uair a dtabharfaidh sé féin duit é srl.
Go deo go bhfeice tusa an lorga ag breacadh, ní bheidh aon dúchan orthu — nó go bhfeice tusa srl.
TUILLEADH (4) ▼
Go deo nó go ndéantar bóthar suas ansin, níl aon mhaith dhuitse ag caint ar a dhul dhá fhálú
Go deo nó go bhfana sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan ansin
Go deo go dtuma tú na cosa sin i bpoll criathraigh, beidh siad sin (creagáin) ag plé leat
Go deo nó go gcuire tú neart oibre ar an gcapall sin, beidh sí ar an éirí in airde sin. Sclábhaíocht atá in ann í sin a cheansú, agus ní tada eile
+
Go deo agus go brách nó go bhfaighe sé sin iarraidh mharfach, ní ligfidh sé den ealaín sin — nó go bhfaighe sé
Go deo agus go brách nó go bhfeice sibh bád aeir tarraingthe i mbéal an dorais ag chuile fhear mar atá na carrannaí asail anois, ní bheidh aon rath ar an saol!
TUILLEADH (1) ▼
Go deo agus go brách nó go bhfeice tú é sin ag suí síos ag seanchas le M. Sh. Gh. ar cheann an sconsa lá breá earraigh, ná habair go bhfuil aon bhás air! — fear santach ag obair
+
An-fhear go deo é — tá sé thar cionn; is fear tofa é
An-chapall go deo í siúd aige. Níl tolgán ar bith aici deich gcéad fhichead a iompar
TUILLEADH (11) ▼
An-choisí go deo é, ach go deimhin más ea, ní hé sin don deartháir eile é. Sách támhleisciúil atá sé
Sin an-chú go deo. Ní bhfuair sí croitheadh ar bith dhá ghiorria agus glasmhíol a shíneadh anseo thuas an lá faoi dheireadh
Tá an-chaoi go deo aige ar an áit siúd anois
Tá an-olc go deo aige do Sh. D'íosfadh sé le gráinnín salainn é dhá bhfaigheadh sé deis ar bith air
An-tsleádóir go deo é. Is mó an mhóin a bhainfeadh sé lá, ná aon triúr fear in do thír
Bhí an-ghliondar go deo air gur éirigh chomh maith leis an mac
Tá an-fhuacht go deo ann anocht. Sneachta atá air
Tá an-mheáchan go deo sa móin sin. Níl sí stálaithe ceart ina dhiaidh sin
Bhí an-aois go deo ag an athair nuair a fuair sé bás
Tá sé an-mhór go deo
Bhí sé an-fhrancaithe go deo
3.
+
Go deo thú ansin! — le duine a bheadh ag gabháil fhoinn, nó ag casadh poirt nó ag damhsa nó ag bualadh báire srl.
Muise go deo ansin thú! Nár laga Dia thú!
TUILLEADH (6) ▼
Go deo thú! Ná raibh tú tinn muis! Is tú an scoth
Go deo thú fhéin! Is tú plúr na cruithneachta! Go bhfeice mé liath thú agus ciall ag do chlann
Go deo sibh le chéile. Sibh atá in ann é a chur amach dhá gcroí (de bhur gcroí)
Go deo sibh ansin! Bheadh ciall ina leithidí
Go deo an baile s'againn féin! 'Siad a thug an damhsa leo, leabharsa!
Go deo é fear an tsléibhe! Tá an smior ina ghéaga
+
Mo ghrá go deo thú! Ní sa nguth a chaill tú é ar aon chor!
Mo ghrá go deo sibh. Faoi a gcois é!
TUILLEADH (3) ▼
Mo sheacht ngrá go deo sibh! Sibh atá deas air bail ó Dhia oraibh!
Mo ghrá go deo thú fhéin! Is tú atá in ann é a phreabadh amach, bail ó Dhia ort!
"Mo ghrá go deo na mná faoi dhó mar siad a d'fhága mise tinn" (Líne as Peigí Mitchell — amhrán)

Féach freisin

deo in iontrálacha eile (100+)

 
An t-alt is daingne in do chorp lúbfadh sé hidir a laidhricín agus mac an pheata é. Ní raibh cinneadh go deo leis an spreacadh a bhí ina mhéarachaí
 
dall 3
Ní thabharfadh sé an oiread duit agus a dhallfadh do shúil dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Gortachán críochnaithe é
 
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
 
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
+
dán
Ní raibh i ndán an forc a bhaint aisti go deo go dteagadh an fear seo lena bhaint aisti, agus nach maith a tháinig ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Níl i ndán socrú dóibh. Ní fheicfidh tú aon deireadh ar an gcogadh sin go deo
Níl i ndán athrú dóibh sin choíchin ná go deo nó go mbaintear na dabaí a chaith an government eile acu (chucu) dóibh (díobh); sin nó go dtuga an government seo dabaí níos fhearr dóibh
Má tá i ndán is go dtiocfaidh sé timpeall sa saol go deo go gcaithfidh sé a theacht in mo líonsa, tabharfaidh mise an freagra céanna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
 
daoire
Ná taobhaíodh duine ar bith an cráiteachán sin nó go gcinne air. Tá chuile shórt ar a dhaoirse aige, agus a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le faitíos nach bhfaigheadh sé chuile chianóg. Bíonn scanradh air, má fhanann an leithphínn féin amuigh, nach bhfeicfidh sé go deo í
+
daol
Fhóbair gur mharaigh an capall S. Mh. Mh. Tá an-daol go deo inti
TUILLEADH (1) ▼
Bhainfeadh duine féin ceart go deo dhi, ach ná bac le aineolaí a dhul ina héadan ag an daol a theagas inti
 
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
 
Is dathúil go deo an buachaill óg é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ar an dea-chaint sin. Is bia agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaigheas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní hionann tréathra do chuile dhuine
+
Má ghníonn sé sioc chomh mór anocht agus a rinne sé aréir is suarach an éadáil duit a dhul ag rómhar na meaingeals údaí. Béarfaidh sioc mór eile síos sa gcréafóig orthu, agus tá a gcnaipe déanta ansin. Dheamhan ceann a bhuachfar go deo orthu. Caith ag an deachma iad má theangmhaíonn sioc leo
TUILLEADH (2) ▼
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
Tá na heascannaí locha agus na heascannaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirteá sa gcochall orthu, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agat leo sin ach a dtabhairt don deachma. Bheadh consaeit (conceit: col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agat, agus le concar. Ní raibh aon ghnaoi agam orthu ariamh nuair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh den charraig iad. Murach leisce a bheith ag baint chainte amach, séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
 
"Punt do dheaideo agus punt do mhamó, agus punt eile le n-ól ag cailleach an airgid. 'Sí mo mhamó í; 'sí go deo deo í, 'sí mo mhamó í, 'Sí cailleach an airgid" (caint a chuirtear le port, Tadhg an Ghrá sílim nó na Rockie Roads to Dublin. Bíonn sé le crónán páistí freisin)
 
Ní dhealóidh na gága seo liom go deo nó go ndealaí mise leis an láí. Sin é a bhfuil de leigheas orthu. Maidir le do chuid vaseline, níl ann ach a bheith ag milleadh do lámha leis. Sin é an méid
 
dealg
Má tá a dhealg sáite ag an sáirsint ionat beidh sé ar siúl go deo go gcuire sé i dteannta thú. Sin é an sórt duine é. Tá an oirille ann. Féadfaidh daoine a rogha rud a dhéanamh ansin os comhair a dhá shúl, ach níl neart ag daoine eile an bóthar a shiúl nuair is mian leis iad a chur i bhfostós. Fuair mise mo dhóthain dó (de). Níl aon cheo dhá raibh ina chumhachta nach ndearna sé ormsa
 
deamhan 1
Dheamhan asam a bhainfinn é dhá mbeinn leis go deo
 
déan 1
Shílfeá théis a bheith ina luí gan cor ná car sa bplástar sin (othar eitinne) ar feadh dhá bhliain, go mba mhaith an scaitheamh go mbeadh a cosa déanta aríst aici, agus bíodh arann fhéin iontu. Ach deir siad go raibh siúl aici an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deo le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
 
Is deannachtach go deo an oíche í anois. Shílfeá go bhfuil scaltrachaí feothain ann freisin. Is suarach an t-ionadh agus chomh gártha agus atá sí
 
Ní raibh deannóid ghaoithe ann ach é ina théigle críochnaithe. Shíl mé nach srianfadh muid anoir go deo é. Ach ó chas muid an Ceann d'éirigh beochan beag agus níor airigh muid abhaile é
+
Dhá mbeadh sí ann go deo ní bheadh sí déanta ar an áit.
TUILLEADH (1) ▼
Droch-bhicycle é sin; nó go mbeifeá déanta air, ach ó bheifeá, ní iarrfá a mhalrait go deo. Tá sé seacht mbliana agamsa anois agus bhain mé an-cheart dó (de). D'aireofá buille trom é i dtosach ach ní fhágfaidh sé ar an mbóthar choíchin thú, murab é do chiontsiocair féin é. Sin rud amháin faoi ar chaoi ar bith
+
dearg 1
Is gearr go mbeidh sé ina chraiceann dearg aríst muis ar shon na culaithín siúd. Ní sheasfaidh sí aon ráithe amháin go deo dhó
TUILLEADH (3) ▼
Tháinig sé ina stoirm dhearg orainn agus muid leath cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deo é. Bhí maidhmeannaí a bhí chomh mór le sléibhte ag dul tharainn.
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deo dearg na díle — go héag
Ní dhéanfadh sé é go deo dearg na díle murach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
 
dearg 2
Níl aon ár go deo ach an deargadh atá siad a dhéanamh i mbliana. Ní chónóidh siad go mbeidh chuile fhód ag gabháil leo faoi fhataí. Bheadh ciall ina leithidí!
 
Ní dheasódh sé isteach sa sate(seat) le áit a thabhairt d'aon duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon ghillín amháin ansiúd agus seanmhná dhá dtreascairt faoi is thairis, agus ní chorródh sé. Tháinig conductor an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
+
Is diabhaltaí nach dtitfeadh déidín ag lucht na bocsála sin agus na hiarrantaí dalba a fhaigheas siad ar na géill. Chonaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brí an leabhair duit, thiocfadh sí thrí ghiall chruaiche. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. 'Tá do phosóid agat a bhuachaill,' adeirimse liom féin, 'Mura bhfuil déidín tite agatsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tite ag C. nuair a bhuail asal an tincéara é'
TUILLEADH (2) ▼
Fear oibre mo chreach! Bíonn déidín tite aige go mbuaile sé an cúig a chlog. Ní dhéanfadh sé mogall ina dhiaidh dá mbeadh do chailleadh go deo leis
Ní thabharfainnse aon deoir óil dó dhá dtiteadh déidín aige. Bhí sé ina sheasamh thiar ag an gcuntar an-tsuáilceach go deo, agus é ag forcamhás ar chuile dhuine a thiocfadh ag glaoch deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le chuile dhuine eile
 
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios agat go bhfanfadh éalang ort go deo dhá bharr. Breathnaigh ar Mh. T. Mh. ansin thiar. Sin é an chéad tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sula raibh an chéad cheann chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
 
Chreidim gur taobh leis an déirce agus "ar son Dé" a bheas muid go deo
+
Ní bheidh deireadh go deo leis an aimsir seo
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheidh tús ná deireadh ar an obair sin go deo — an-mheata, an-tsáraithe
 
Shíl mé dheamhan lá ratha a bheadh ar an ngamhainín sin go deo, agus nach maith a scinn sé amach ina dhiaidh sin. Deir siad gur minic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
+
deis
An bhfuil deis ar bith scaoilte air seo. Má tá, tá sé ag cinnt orm a fháil. Do mhéir a bhrú air sin! Huga leat anois! Ní chuimhneoinn go deo air
TUILLEADH (3) ▼
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
Níl cinneadh go deo lena bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus ina dhiaidh sin agus uileag, tugadh boiseog sa tóin dó amach as do pharóiste gan aon bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaí ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'éireodh ceann leis, is maith sin
Is diabhlaí go deo an pleota thú. Nár dhúirt muid leat cheana má aimsítear an liathróid san aer i ndiaidh do dheise go bhfuil dó ann. Ní mian leat ina dhiaidh sin gan a cur isteach i láimh an tset eile
 
Deiseal! Déan réiteach riu. 'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh, go sábhála Dia sinn, tachtfaidh tú tú fhéin. Is ceart do chuile dhuine am a ghlacadh lena chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!
 
Níl duine ná deoraí ar an mbaile inniu. Is baile bánaithe é. Tá siad ar fad greadta soir ag an tabhairt amach seo atá i mB. Dheamhan duine a d'fhanfadh anseo aon Domhnach dá mbeadh a gcailleadh go deo leis. Is fada leo go dteaga an Domhnach go dté siad ag bóithreoireacht
+
dia 1
Moladh go deo le Dia go bhfuil muid ar fad abuil a chéile anocht — oíche chinn bhliana
TUILLEADH (4) ▼
Is breá an scéal atá agat: tá Dia láidir. 'Sé atá, moladh go deo leis. Ach ní hin é ina dhiaidh sin é. Cailltear beithígh a mhaisce, má tá fhéin
Ní mian léithe bail ó Dhia a chur ar aon duine. Feicim ag caint faoi na gasúir ansin go minic í, agus ní chainteodh sí ar bhail ó Dhia go deo.
Dia go deo leat féin! (fc. deo)
Níl ag an seandream sin uileag ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-éireoidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeathach a thabharfaidís sin ag aon bhó go deo. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
 
dia 2
Ní thabharfaidh sí an Satharn léithe go deo ─ ní mhairfidh sí go Satharn
 
diabhal 1
Diabhal a gcuirfinn díom go deo é, murach go dtáinig tú
 
Is diabhlaí go deo uaithi cabhailíní a dhéanamh
+
Tá an diachair go deo air má rinne sé é sin — tá an diabhal go deo air; tá an mí-ádh ceart air; dhéanfadh sé rud ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá an diachair go deo ar chuid de na slóchtaithe. Bíonn intinn an-ard acu. An bhfuil a fhios agat an bádóir a bhí istigh leis an móin inné? Dhá gcloistheá é sin ag róstadh agus ag scóladh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis
+
diaidh
Níl an tseanchrupach siúd ach i ndiaidh a chéile. Mura bhfuil aon cheann aige thairti siúd, tá sé d'uireasa bó — tá sin. Ní sháróidh sí siúd geimhreadh eile go deo
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh aon lá ó rugadh an chéad fhear acu, nach raibh an dea-chaint i ndiaidh na nÉamainn sin. Ar chuala tú aon nathaíodóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, ar ndóigh seanÉamann féin, deir an dream a chonaic é nach raibh cinneadh go deo leis
Tá caitheamh i ndiaidh ag na daoine anois nár ól siad a ndóthain chomh uain is a bhí an t-ól saor. Ní fheicfidh tú an pionta anuas ar dhá phínn aríst go deo.
 
Shlíocfadh sé sin anois thú, agus chothódh sé an tsáil agat i gcaitheamh an lae ar fad, ag súil go gcaithfeá pionta aige, ach dheamhan Dia shúlach a gheobhadh aon phionta uaidh féin. Is mór atá ar a cheird bíodh a fhios agat. Ach níl a fhios; ná ní bheidh a fhios go deo go gcaithfidh tú seal ag obair timpeall tí ósta mar a bhí mise
+
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinig oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cén nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fána sna lagphoill domhaine siúd mé. Is mise a bhí buíoch ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
TUILLEADH (1) ▼
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
+
Tá an ceann céanna sách díbheirgeach má fhaigheann sé an dóigh. Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul i ngeallta sa gcladach anuraidh. Sin é é. Ní thógfá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionsaigh sé M. B. Dúirt sé leis go raibh sé ag baint na feamainne thar teorainn. Dúirt M. B. nach raibh, agus 'speáin sé an teorainn dó. Dúirt seisean nárbh í, ach is gearr an tsáraíocht a bhí ann nuair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamainne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. 'Má theagann tú níos gaire don teorainn,' adeir sé, 'ná atá tú, cuirfidh mise í seo báiteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir ansin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sách díbheirgeach
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
Ba mhaith an dícheall dhom salann a choinneáil tarraingthe aige as G. ar feadh na bliana anuraidh. Ní raibh cinneadh go deo le ar ith sé d'fheoil agus d'iasc
 
Is diabhaltaí dícheallach an mhaise dhuit é. Cé a d'iarr ort a dhul ag déanamh cocaí den fhéar sin. Ní chuimhneofá go deo gur mó atá tú a mhilleadh ná a leasú. Má tá an oiread sin saint oibre ort, srathraigh an t-asal agus téirigh 'na phortaigh
+
díle 1
Chuaigh an díle thar an Domhan agus chuir Dia an bogha báistí san aer le inseacht do na daoine nach mbáfadh sé aríst go deo é
TUILLEADH (7) ▼
Cén chaint sin ort faoin Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nár gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistí sa spéir. Cheal nár chuala tú ariamh é sin. Is mór nár chuala tú muis
Ní fheicfidh tú aríst é go deo na Díle; go deo na Díleann; go deo dearg na Díle — go lá an Bhrátha; go sleibhe
Go deo na Díle aríst ní thaobhóidh mise an áit sin. Ní beag dhom a bhfaca mé dhi. Fhóbair sí éalang a fhágáil orm
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó dhealaigh sé uathu chor ar bith, is fada amach a fhanós sé uathu feasta
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon chogadh théis an chinn seo. Beidh siad thrína chéile chomh sách de chogadh feasta agus gur luar le chuile dhream an diabhal ná é a tharraingt. Ba eo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí sa mbaile ar an teallach is measa a shaothraigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T., ní ólfaidh mise aon deoir phórtair san áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cén bhrí ach an phóit ó mhaidin! Tá snaidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán ina fhoirnís. Deargnimh atá aige
Go deo na Díle ní fheicfidh aon duine mise aríst abuil sé, théis an bhaileabhair sin a dhéanamh díom
 
díle 2
Is geall le lá é a thosódh ag díle sneachta. Nár chónaí sé go dtosaí sé, agus mé ag ceapadh go mbeadh na cupla mullach sin thoir bainte agam. Fata ar bith nach bhfuil bainte anois, tá sé chomh maith é a fhágáil i dtalamh. Béarfaidh an sioc air agus ní bhuachfar aon cheo go deo ar fhataí seaca. Duine ná beithíoch ní leagfaidh smut orthu. Is beag an baol go leagfaidh
 
dílis
Ná bac leis sin! Tá sé chomh daoithiúil leis an diabhal. Ní thiocfadh sé fad dílis a choise leat, dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Thiocfadh b'fhéidir!
 
Ní raibh tada den dínáire seo fadó ann. Dhá bhfeictí cailín óg ag leadrán ar bhóithrí san oíche an uair sin, mura mbeadh a gnaithe ann, dheamhan brat pósta a ghabhfadh go deo uirthi. Is orthu sin atá cantáil anois
 
Ní bréag Doll a thabhairt air agus chomh giogáilte agus a bhíos sé i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá ar bhaist M. i dtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigean do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an boss a fuair an spóirt air nuair a chuala sé é
 
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaíl i gcónaí i gcónaí. Ach tá neamhshuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaití anois go dtagann ardú air thar a chéile. Dheamhan i ndán maitheasa go deo dhó, ná cuid de i ndán maitheasa. Tá an liostachas rófhada anois air le maith a dhéanamh
+
'Siad na síolta Gaillmheacha an díogha ceart. Cheannaigh muid anuraidh iad, ach loic siad as éadan. Ba dona go deo a chruthaigh siad. Níor tháinig siad chor ar bith. Dhá mbeadh aon teacht aniar iontu, thiocfaidís. Ar aon chor tá siad ag breacadh ar fad i mbliana
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit, ní díogha go dtí iad. Dream ar bith a thosaigh ag dul siar i mbéal an té a chuir a n-athair den tsaol, is daoine gan spioraid iad. Agus tá siad ag beannú aríst don dream ba ciontaí le a ndeirfiúr a chur ó chrích. Dhá mbeinnse ina mbróga, bheinn ar siúl go deo agus go brách go n-éiríodh liom mo shásamh a bhaint as cuid ar a chéile acu
 
Is mór an díth céille a bhí ort, ó chuaigh tú i gcleithiúnas tí a dhéanamh, nár thug leat fear a chríochnódh amach faoi shásamh é, thar is na cliobairí sin a bhí agat nach ndéanfadh smeach ann lá sa choicís ó thosóidís é. M. Sh. a bhí againne agus más é féin, níl gair ag ceachtar acu air. Agus ní fhaca tú aon duine ariamh is gleoite ná é le díolaíocht a dhéanamh leis. Uair ar bith a mbeadh sé soláimhsithe agat féin, ghlacfadh sé é. Agus ní éileodh sé go deo é go dtogrófá a thabhairt dó. Dheamhan a n-íoctaí uair sa ráithe anseo scaití é
 
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
 
Mo dhiomdha go deo don té a chuimhnigh ar an intreacht (intleacht) chéanna an chéad uair. Ach chreidim gur smál é atá ar an saol. Is mór adeireadh muid le toirneach roimhe seo, ach ní raibh an saol ina chis ar easair cheart gur tháinig na báid aeir seo
 
An bhfaca tú aon áit ariamh atá foirgthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na habhann. Tá agus Carraig an tS. brataithe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad san an-mhéid. Tá diúilicíní abhus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad le aghaidh baoite: tá siad róbheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
+
Fág an seanroth sin amuigh ansin. Ní dhéanfaidh sé sin aon bhara go deo aríst. Nach bhfeiceann tú ag déanamh giúirinneachaí as éadan é. Tá sé in ann a ndéanamh amuigh sa tsráid sin
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí go deo an fad atá sna giúiríní sin. Ní fhaca mé ceanna chomh fada sin ariamh. Ní fiú do sheacht mallacht an t-adhmad sin anois. Tá sé rodta ar fad acu. Bhí sé chomh maith a fhágáil ansin i dtigh diabhail, agus gan a bheith ag cur easonóir ort féin dhá iompar abhaile, agus nach dóigh an Cháisc ar an Domhnach nó go dtitfidh sé ina mhionbhas ort shula bheas tú ag an teach
 
Ná bac leis an seanchlár diúirinneach sin. Dheamhan leas a dhéanfas sé sin go deo, mura gcaiteá ar chúla na tine é, agus is dona ansin féin é
 
diúl
Ní dhiúlfadh sé an mháthair dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Sin é a d'fhága gan aon bhrí é. Rud ar bith nach n-ólfaidh lacht a mháthar, tá a chuid bisigh ar iarraidh
 
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. Chuile uair dhá n-ithim iad, cuireann siad múisiam eicínt orm. Airím chomh trom ar mo chroí iad. Agus tá an-tóir go deo agam orthu. Is cosúil nach bhfeileann siad dom ina dhiaidh sin
 
Dheorlaigh sí é os comhair a raibh ann. 'Mo mhaicín bán,' adeir sí, 'shíl mé nach leagfainn súil ort go deo deo'
 
dligh
Ní dhlíonn duine ar bith faoi chaolachaí an tí seo, ná aon duine dhá bhfuil ag tarraingt ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Téirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhlíos duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agat gairid ó shin. Ach mise i mbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt warning anois duit crapadh leat as seo chomh beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeoidh tú chomh saor agus atá tú ag imeacht anocht
 
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
 
Bhí dochtúr dubh istigh i nGaillimh cupla bliain ó shin, agus deir siad nach raibh cinneadh go deo leis. B'fhearr é ná dochtúirín sciorta seo atá againne anois ar chaoi ar bith
+
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
TUILLEADH (1) ▼
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
 
dóigh 2
Tá sé chomh dóigh céanna anois nach bpósfaidh sé le go bpósfaidh. Mura bhfaighidh sé an phínn deiridh den airgead isteach ina ghlaic, ní ghabhfaidh aon bhrat pósta go deo air léithe
+
Tá S. seo thíos an-dóighiúil den domhan as an gcliobóig d'inín sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaíocht! Ní thaobhódh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé chomh maith duit fuafíonach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráite an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó chonaic mise istigh sa raithneach ansin thiar í le fear! Bíonn ciúin ciontach adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-dóighiúil go deo as an bpáipéar nuaíochta. 'Sé an páipéar béal na fírinne. Ní bhíonn tada sna páipéir ach rud a bhíos ceart. Agus nach mbíonn i leath na bpáipéir sin ach deargbhréaga. Ach ní ghéillfeadh sé a dhath dhuit