Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deó
is an leagan "go deó"
1.
go bráth; choidhchin; go deireadh an domhain.
+
Tá tú réidh leis go deó = ní bhfuighidh tú é choidhchin
Ní fheicfidh tú é go deó aríst; go deó na díle; go deo dearg na díle; go deó na ndeór; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go bráth
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú as go deó agus go bráth anois = choidhchin
Ní ghabhfaidh mé ann go deó ná go bráth aríst
Go deó ná go bráth, ní dhéanfaidh mé a leithide de chleas aríst
Go deó ná go bráth ná teirigh ag breathnú air
Ní bhfuighidh sé aon-mhála annseo, go deó ná go bráth aríst
+
Go deó aríst ná taobhuigheadh sé iad. Sin é a bhfuil faoi
Go deó aríst má mhairimse ní fheicfidh aonduine istigh in a theach mé
TUILLEADH (2) ▼
Go deó aríst, ní bhfuighidh sí aon-deóir bhainne annseo, ní dhá mhaoidheachtáil uirre é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an drandal aisti dhá fhuireasbhaidh
Ní bhfuighidh sé aon-lá oibre uaimse go deó aríst
+
Tá "go deó" fada. B'fhéidir go dtiocfadh sé uair eicínt
Deir tú nach labhróchaidh tú leis go deó. Tá "go deó" fada. Is dóigh nach labhróchaidh tú leis go ceann fada ar aon-chor
TUILLEADH (2) ▼
Ná h-abair "go deó". Is fada an t-achar "go deó"; agus is iomdha cor a bhíos 'san saoghal
Níl aon-mhaith do dhuine ach labhairt 'san gceart. Dubhairt tú é sin cheana agus is gearr aríst go raibh sibh in 'u' (bhur) dhá gcuid déag le chéile. Is maith an scathamh "go deó" a mhic ó!
+
Ní fheicfidh mé mo dhearbhráithrín go deó deó.
Tá mo dheirbhshiúirín dílis imighthe uaim go deó deó
TUILLEADH (7) ▼
Tá sí imighthe anois agus ní fheicfidh muid í go deó deó
"Gheobhfainn mac i mbruínn, fear i dtuím, ach mo dhearbhráithrín ní bhfuighidh mé go deo deo" = an bhean ar fiafruigheadh di, cé aca ab fhearr léithe a thabhairt ó'n gcroich: a mac a fear, nó a dearbhráthair
Tá tú réidh leis anois go deó deó
"Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní leigfinn uaim í go deó deó", adeir sé faoi'n inghin
Ní scarfaidh mé leat go deó deó anois
Go deó deó aríst, ní fheicfidh sé mise istigh ar a urlár
Go deo deo aríst, ní bhainfidh sé aon-bhearradh do mo chuid talmhana-sa
+
Go deó! Is beag an baoghal air siúd a thiacht abhaile (in a freagra air: "cá'ide go dteagaidh sé abhaile?")
Meastú nach bhfuil rún aige a choinneál go deo? 'Sé' a chosamhlacht go bhfuil
TUILLEADH (7) ▼
Maran leat a leigean go deó, tá sé indáil len am a íoc
Seasfaidh an chulaith éadaigh siúd go deó dhó
Sheasfadh unsa tobac dó sin go deó
Bhainfeadh sé go deó as punt airgid
Bhainfinn go deó as péire bróg ach gan a dhul 'na chladaigh. Itheann an sáile an leathar uiliog
Beidh sé ag baint mhóna go deo marar scuir sé fós
Leig go deó é má's breagh leat. Dheamhan an miste liomsa dhá mbeitheá gan aon-phighinn dhe a íoc choidhchin
2.
+
Is báisteach go deo é = uair a bheadh ag síorraidhe ag báisteach
Is sioc go deo é, mara bhfuil ag Dia
TUILLEADH (8) ▼
Sneachta go deo é anois. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air
Cogadh go deo é déarfainn. Seo é deireadh an tsaoghail mara bhfuil ag Dia!
Achrann go deo é anois, má tá siad in éadan a chéile aríst
Bainseachaí go deo ar an mbaile anois é
Slaghdán go deo anois é. Tá sé in a lionán (leanán) agam i gcomhnaí
Dhá mbeadh mo chailleadh go deo leis, ní dhéanfadh sé an méid sin soilghis dom (fc. cailleadh)
Dheamhan é go deó. Is dona na gnaithí a bheadh air a dhul ag cur easonóir ar bith air fhéin leo
Fág go deo é; má thogruigheann tú
+
Ní iarrfadh sé go deó ach ag nathuidheacht = 'sé a bhuac é
Dheamhan a n-iarrfadh sé go deó ach codladh
TUILLEADH (2) ▼
Ní iarrfainn go deó ach ag caint leis. Duine an-tuiscionach é
Ní iarrfadh sé go deó ach ag saghdadh daoine
+
Go deó nó go dtugaidh sé féin duit é, ná h-abair tada faoi = go dtí an uair a dtiubharfaidh sé féin duit é agus rl.
Go deó go bhfeicidh tusa an lorga ag breacadh ní bheidh aon-dubhachan orra = nó go bhfeicidh tusa agus rl.
TUILLEADH (4) ▼
Go deó nó go ndéantar bóthar suas annsin, níl aon-mhaith dhuitse ag caint ar a dhul dhá fhálú
Go deó nó go bhfanaidh sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan annsin
Go deó go dtumaidh tú na cosa sin i bpoll criathraigh, beidh siad sin (criogáin) ag pléidh leat
Go deó nó go gcuiridh tú neart oibre ar an gcapall sin, beidh sí ar an eirghe in áirde sin. Sclábhaidheacht atá indon í sin a cheannsú, agus ní tada eile
+
Go deó agus go bráth nó go bhfaghaidh sé sin iarraidh mharbhthach ní leigfidh sé de'n ealadhain sin = nó go bhfaghaidh sé
Go deó agus go bráth nó go bhfeicidh sib bád aeir tarraingthe imbéal an dorais ag 'chuile fhear mar atá na carrannaí asail anois, ní bheidh aon-rath ar an saoghal!
TUILLEADH (1) ▼
Go deó agus go bráth, nó go bhfeicidh tú é sin ag suidhe síos ag seanchus le M. Sh. Gh. ar cheann an sconsa lá breagh Earraigh, ná h-abair go bhfuil aon-bhás air! = fear santach ag obair
+
An-fhear go deó é = tá sé thar cionn; is fear toghtha é
An-chapall go deó í siúd aige. Níl tolgán ar bith aice deich gcéad fhichead a iompar
TUILLEADH (11) ▼
An-choisidhe go deó é, ach go deimhin má's eadh, ní hé sin do'n dearbhráthair eile é. Sáthach támhleisceamhail atá sé
Sin an-chú go deó. Ní bhfuair sí craitheadh ar bith dhá ghirrfhiadh agus glas-mhíol a shíneadh annseo thuas an lá faoi dheireadh
Tá an-chaoi go deó aige ar an áit siúd anois.
Tá an-olc go deó aige do Sh. D'íosfadh sé le gráinnín salainn é dhá bhfaghadh sé deis ar bith air
An-tsleaghdóir go deó é. Is mó an mhóin a bhainfeadh sé lá, ná aon-triúr fear in do thír
Bhí an-ghliondar go deó air gur eirigh cho maith leis an mac
Tá an-fhuacht go deó ann anocht. Sneachta atá air
Tá an-mheadhchan go deó 'san móin sin. Níl sí stáluighthe ceart in a dheidh sin
Bhí an-aois go deó ag an athair nuair a fuair sé bás
Tá sé an-mhór go deó
Bhí sé an-fhrancuighthe go deó
3.
+
Go deó thú annsin! = le duine a bheadh ag gabhail fhuinn, nó ag casadh puirt nó ag damhsa nó ag bualadh báire agus rl.
Muise go deó annsin thú! Nar lagaidh Dia thú!
TUILLEADH (6) ▼
Go deó thú! Ná raibh tú tinn muis! Is tú an scoth
Go deó thú fhéin! Is tú plúr na cruithneachta! Go bhfeicidh mé liath thú agus ciall ag do chlann
Go deó sib le chéile. Sibh atá indon é a chur amach dhá gcroidhe (de bhur gcroidhe)
Go deó sib annsin! Bheadh ciall in 'u' leithidí
Go deó an baile se'aghainn féin! Siad a thug an damhsa leo 'leabharsa!
Go deó é fear an tsléibhe! Tá an smior in a ghéaga
+
Mo ghrádh go deó thú! Ní 'san nguth a chaill tú é ar aon-chor!
Mo ghrádh go deó sib. Faoi a gcois é!
TUILLEADH (3) ▼
Mo sheacht ngrádh go deó sib! Sib atá deas air bail ó Dhia oraibh!
Mo ghrádh go deó thú fhéin! Is tú atá i ndon é a phreabadh amach, bail ó Dhia ort!
"Mo ghrádh go deó na mná faoi dhó mar siad a d'fhága mise tinn". (Líne as Peigí Mitchell — amhrán)

Féach freisin

Deó in iontrálacha eile (33)

 
dall 3
Ní thiúrfadh sé an oiread duit agus a dhallfadh do shúil dhá mbeadh do chailleadh go deó leis. Gortachán críochnuithe é
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ar an deáchaint sin. Is biadh agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaghas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní h-ionann tréartha do chuile dhuine
 
"Punt do dheaideo agus punt do mhamó, agus punt eile len ól ag cailleach an airgid. 'Sí mo mhamó í; 'sí go deó deó í, 'sí mo mhamó í, 'Sí cailleach an airgid" (caint a chuirtear le port, "Tadhg an Ghrádha" sílim nó na "Rockie Roads to Dublin". Bíonn sé le crónán páistí freisin)
 
deamhan 1
Dheamhan asam a bhainfinn é dhá mbeinn leis go deó
 
déan 1
Shílfeá théis a bheith in a luighe gan cor ná car san bplástar sin (óthar eitinne) ar feadh dhá bhliain go mba mhaith an scathamh go mbeadh a cosa déanta aríst aice, agus bíodh arann fhéin ionnta. Ach deir siad go raibh siúl aice an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deó le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
+
dearg 1
Is gearr go mbeidh sé in a chraiceann dearg aríst muis ar shon na culaithín siúd. Ní sheasfaidh sí aon-ráithe amháin go deó dhó
TUILLEADH (3) ▼
Tháinic sé in a stoirm dhearg orainn agus muid leath-cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deó é. Bhí maoidhmeannaí a bhí cho mór le sléibhte ag dul tharainn.
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deó dearg na díle = go h-éag
Ní dhéanfadh sé é go deó dearg na díle marach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
 
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios ugad go bhfanfadh éalann ort go deó dhá bharr. Breathnuigh ar Mh. T. Mh. annsin thiar. Sin é an chéad-tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sul a raibh an chéad-cheánn chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
+
dia 1
Moladh go deó le Dia go bhfuil muid ar fad abuil a chéile anocht — oíche chinn bhliana
TUILLEADH (3) ▼
Ní mian léithe bail ó Dhia a chur ar aonduine. Feicim ag caint faoi na gasúir annsin go minic í, agus ní chainteochadh sí ar "bhail ó Dhia" go deó.
Dia go deó leat féin! (fc. deó)
Níl ag an sean-dream sin uiliog ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-eireóidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeitheach a thiúrfaidís sin ag aon-bhó go deó. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
 
dia 2
Ní thiúrfaidh sí an Satharn léithe go deó = ní mhairfidh sí go Satharn
 
diabhal 1
Diabhal an gcuirfinn díom go deó é, marach go dtáinig tú
+
Tá an diachair go deó air má rinne sé é sin = tá an diabhal go deo air; tá an míádh ceart air; dhéanfadh sé rud ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá an diachair go deó ar chuid de na slóchtaithe. Bíonn intinn an-árd aca. 'Bhfuil a fhios agad an bádóir a bhí istigh leis an móin inné? Dhá gcloistheá é sin ag róstadh agus ag scólladh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis
+
Bhí an lá ar a dhonacht. Shíl mé dheamhan cladach a d'fheicfeadh muid go deó. Bhí sí ag tógáil uisce ar an mbord fúithe cho maith leis an mbord as a cionn (bád). Ba é an lá ba mheasa é dhá raibh mé ar farraige ariamh sílim
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-deabhach go deó ar an mbóthar seo ar a dhonacht. Níl sé ionrásta ag duine ná beitheach é a shiúl
 
donas 1
Tá fuílleach airgid agam. An oiread agus nach bhfeicfidh mise caithte go deó. Ach cén mhaith sin, agus ceann an tí go ndéanaidh Dia grásta uirre imithe. Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith in a orlaí thríd
 
Bhí intinn mhór aca agus bhí siad an-doréara go deó. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le goirid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá eirithe suas ann anois cho h-amscaí agus a bhí an tsean-mhuintir. Ní feárr dóib fhéin a bheith.
 
Droch-rath go deó ort! Breá nachar bhuail tú é! Ach ní bhuailfeá. Ní raibh sé de rath ort
 
dual 2
Cuir dual beag isteach sa bpoll sin anois, agus coinneochaidh sé snadhmtha iad. Má tá tú sáthach stuama, sin ní fhágfaidh sé go deó
 
dubh 1
Bhí an oíche aréir an-dubh go deó agus níl tada le reic ag an oíche anocht féin, tá sí sách dubh
 
dubh 2
Nachar dhúirt mé leat an chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg a chur orra. Ní bheidh tú indon aon-chárta a imirt go deó
+
dubh- 5
Dhéanfadh sé an dubh-chodladh dhá bhfágtaí ann é. Ní iarrfadh sé eirghe go deó
TUILLEADH (1) ▼
A mhic ó go deó, tá sé siúd dubh-láidir. Níl aon-ghoir agadsa dhul ag dréim leis ar chaoi ar bith
 
Tá cuimse raice faoin dubhlaoisc, ach ní bhfuighfear go deó í nó go mbeidh sí rodtha. Bíonn a leath ó mhaith ag giúirinneachaí, má chaitheann sí achar ar bith san bhfairrge. Níor tháinic aon-téagar raic ar na h-oileáin seo go h-áirid ó thosaigh an cogadh. Tá cupla sail annsin thíos ar an muirbhigh, ach is gearr le dhul iad …
 
dúd
Is diabhlaí atá sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Ní cheapfadh duine go deó dhi go bhfuil focal foghluim' in a pluic, ach is dúd í in a dheidh sin. Tá neart scoláireacht' uirre
 
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoin a bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deó ar an gcogadh céanna: is iomdha buachaill maith le fán aige
 
Bhí M. D. an-duiniúil. Ní fhaca tú aon-duine ariamh de strainséara ba ghleóite ná é. Ní iarrfadh sé go deó ach ag imirt chártaí. Mara mbeadh comlán aige rithfeadh sé amach ar fud an bhaile dhá dtóraíocht
 
dul
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá annsin thoir san sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhuinn. Cuireadh ar ar miotal ceart críochnuithe muid. Bhí fairrgí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deó