Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dírigh ar
a.
+
Dhírigh sé an gunna orm — thug sé aghaidh an ghunna orm
Chonaic mé é ag díriú an mhaide siar ar an teach — chuir sé an maide amach mar a bheadh sé ag taispeáint an tí leis
TUILLEADH (2) ▼
Dhírigh sé cois na fuipe ar shráid a bhí síos ann. 'Téirigh síos ansin anois,' adeir sé, 'go gcastar teach dearg duit … '
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí ligthe isteach ar shúil an droichid. Dar liom féin go raibh amhras aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na háite
·
Tá mé ag brath ar díriú air anois — a dhul ag triall ar áit nó ar dhuine
Foighid ort anois! Is gearr go mbeidh mé ag díriú air. Má bhím féin, sílim go bhfuil sé ag tarraingt ar an am agam
b.
+
Thosaigh sé ag díriú orm. D'aithin mé ar an bpointe air go raibh rún aige mé a dhonú (i gcásanna den tsórt seo ciallaíonn sé gur chuir duine gotha achrainn air féin le duine eile)
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
TUILLEADH (1) ▼
Má dhíríonn sé siúd agat (chugat) ina stoithneachán, rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh gnaithe do do dhícheall agat

Féach freisin

ar