Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúlaí
aidiacht as dúil
dúlaí sa … , nó dúlaí chuig (ag) … Ní féidir dúlaí ar a rá.
 tóiriúil; santach chuig … ; tnúthán le … ; tugtha do … ; antlásach chuig …
+
Tá sé dúlaí sa bhfeoil — tóiriúil ar fheoil; santach chuig feoil
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
TUILLEADH (8) ▼
Iasc — iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mura féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaí san iasc. Níl aon lá dá dtéann sé chuig an D. nach cinniúint air críochnaithe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réitíonn sé ansin go ham suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuire sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac
Is cuma sa diabhal leis siúd é ach an fheoil. Tá sé an-dúlaí go héag sa bhfeoil. Faigheadh sé gríscín ar bith feola sa ló, agus sin é a chothú. Tá déanamh d'uireasa chaon tsórt eile aige. Má bhíonn neart feola le fáil, dheamhan an miste leis siúd dhá mbeadh gan aon ghráinne tae a bheith idir é agus Meiriceá. Is air nach bhfuil sé ag goilleadh mo léan
Nach maith dúlaí anois atá sí sna sweets agus nach mbíonn aon oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge acu a cheannacht. 'Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneodh chuile shórt eile ó chodladh í adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agat. Dá mba mise a fear thabharfainn sweets ar an ngoile di. An pleota! I leaba breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breá gnaíúil léithe mar a dhéanfadh fear!
Ná bac le duine ar bith atá chomh dúlaí sa bpoitín agus atá sé sin. Ní éadáil mhór é an poitín céanna lena ól ina bheagán i bhfad ó chéile, ach ní thógann seisean cloigeann ar bith as. Beidh a shliocht air. Tá an poitín in ann a phlé leis freisin, ná le fear ar bith a bheas dúlaí ann
Níor chaith sé aon ghráinne tobac ariamh ach tá sé an-dúlaí sa snaoisín. Is mór an ghráin é. Ní fheicfidh tú in áit ar bith é gan an bosca salach sin tarraingthe amach aige, agus smaois chomh rua air!
Ara muise siúd é an t-aon céanna atá dúlaí ann. Chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéadfá a thaoscadh chuige, thaoscfadh sé uait. Chonaic mé lá aonaigh ansin thiar é. Dar brí an leabhair, an fhad is a chaith mé féin istigh, d'ól sé a chion de naoi mbéiléiste, más beag mór a d'ól sé romham ná in mo dhiaidh … Sin é an bealach atá leis: ag imeacht ag súdaireacht in áit ar bith a n-aireoidh sé aon cheo ar fónamh. Fhóbair scéal a bheith aige air, thoir ar bhainis J. Sh … Bhí muintir an tsléibhe ag dul dhá streachailt ó chéile. 'Siad a bhí dúlaí go ligtí aige iad
Deir siad go bhfuil sé dubhdhúlaí sa gcoffee seo. Ní thabharfadh sé bolg ar tae lena ais. Chuile lá ariamh, bhí galldachas eicínt ag siúl leis an dream céanna nach mbíodh le aon duine. Nach bhfuil a chomharthaíocht lena chois. Phós aint dhó — M. Th. — black i Meiriceá … Chonaic P. s'againne é. Bhí sé ag caint leis. Dúirt sé go raibh béal air — slán an tsamhail — mar a bheadh fonsa bairille ann. D'imigh leo in áit eicínt thart amach i Meiriceá
Is dóigh gur fadó cheana nár ól sé aon deoir tae agus chomh dúlaí ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon fhuílleach ina dhiaidh … Tá an náire caite i gcártaí ar an saol seo
+
'Sé atá dúlaí ceart ag (chuig) an bpórtar
Bhí sé an-dúlaí ag na bruithneoga chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-éiríodh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic sa D. Ghreamaigh an faisean dó ariamh is cosúil
TUILLEADH (4) ▼
Nach dúlaí anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá anseo an t-am nach raibh aon tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas trasna na heasca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi ar ndóigh — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár is chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air nuair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúrúch céanna air cheal tobac
Bhí sé chomh dúlaí sin ag an bpionta, agus gurbh é an pionta a thug giorrachan saoil sa deireadh dhó. Chuir sé a shúil thar a chuid. Thiar ar bhainis J. B. … D'ól sé an oiread agus gur thit sé faoi bhealach ag teacht abhaile. Frítheadh stromptha ar maidin é. Níor mhair sé ach trí nó ceathair de laethantaí ina dhiaidh … 'Sin é a chuir an bhail ghránna air féin go ndéana Dia grásta air!
Tá an giodamán céanna an-dúlaí ag achrann. Sílim go mb'fhearr leis ag cothaíocht troda ná ag ithe an bhéilí is fhearr a leagadh chuige ariamh. Ach lig sé faoi go mór ó bhuail P. C. an bhliain cheana é. Mhúin sin é. Tá a fhios aige ó shin nach bhféadfaidh sé éirí i mullach na ndaoine mar a ghníodh sé roimhe seo
Meas tú céard is cor do Phat bocht chor ar bith ar an saol seo. Diabhal mé go mba bharrúil (greannmhar) é céad slán dó. An dteagann litir ar bith uaidh ní mé? Tá sé i Sasana i gcónaí. Hé brí cén áit a bhfuil sé, tá sé dúlaí ag na mná i gcónaí. Bí siúráilte gob é (gurb é) atá
·
Tá sé an-dúlaí go deo leis na feaigs. Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol trua é scaití ag imeacht ag crinneadh bunannaí fóthannáin nuair nach mbíonn aon ghail aige. An té a bheas ag obair in aice leis, sáróidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithní i mbliana thíos sa mB. Bh. agus rinne sé cosán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogall agam féin ag an dó dhéag a chlog sa ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol trua tráthnóna — eisean nó mise
·
Nach maith dúlaí anois a bhí sé ag dul ina éadan agus gur éirigh sé suas óna dhinnéar agus gob (gurb) eo amach é gur ionsaigh sé ar an mbóithrín é. Ach chlaon sé uaidh ina dhiaidh sin nuair a chuir an ceann eile stiúir achrainn air fhéin. Ní raibh ann ach cailleach théis (tar éis) a chuid gláiféisce. Sin é an méid

Féach freisin

dúlaí in iontrálacha eile (7)

 
… Ach creid mise dhuit ann go raibh déidín tite aige ag iarraidh imeacht nuair a lig mise uaim é. Ní thiocfainn sa gceann sin leis chor ar bith, murach chomh dúlaí agus a bhí sé le fanacht i dtús oíche. Feicfidh tú féin air nach é an chéad bhall a chasfar in mo theachsa aríst é — nach é sin
 
Ní fhaca mé aon díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cén bhrí ach tá lorga an phíopa chomh gearr. Is diabhlaí dúlaí a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'uireasa gail
 
díol 2
Thug sé a dhíol agus fuílleach dó, diabhal bréag nár thug, théis chomh dúlaí agus a bhí sé ag an achrann
 
Chreidim go bhfuil sé théis an tae a dhiúltú ar fad. Ar ndóigh diúltaithe atá sé ag na daoine scáth a bhfuil le fáil dhe. An méid sin féin muis bíonn muid dúlaí aige … Bhí an-tóir aigesean air muis. Ní raibh ann ach "caith síos dhá bhlogam tae" chuile ré solais
+
dóigh 1
Is diabhlaí dúlaí a bhíos sé a dhul ag déanamh dóighe de chuile dhuine. Mise i mbannaí gur deacair drannadh leis féin — gur deacair sin
TUILLEADH (1) ▼
Más ag tóraíocht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaí atá sibh sa gcreathnach suas ansin i gcónaí
 
Dhá dtiteadh an drandal aisti anois d'uireasa duilisc thuas ansiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaí ag duileasc, teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos ansin thíos. Is beag a bheadh ar a (ár) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá drandal sise. A dhul ag fágáilt a (ár) gcuid móna ansin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte