Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúlaidhe
aidiacht as dúil
dúlaidhe ins an … , nó dúlaidhe chuig (ag) … Ní féidir dúlaidhe ar a rádh
tóramhail; sanntach chuig … ; tnuthán le … ; tugtha do … ; antlásach chuig …
+
Tá sé dúlaidhe ins an bhfeoil = tóramhail ar fheoil; sanntach chuig feoil
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
TUILLEADH (8) ▼
Iasc — Iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mara féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaidhe ins an iasc. Níl aon-lá dá dteigheann sé chuig an D. nach cinneamhaint air críochnuighthe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réidhtigheann sé annsin go h-am suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuiridh sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac
Is cuma ins an diabhal leis siúd é ach an fheoil. Tá sé an-dúlaidhe go h-éag ins an bhfeoil. Faghadh sé gríscín ar bith feola ins an ló, agus sin é a chothú. Tá déanamh d'uireasbhaidh 'chaon tsórt eile aige. Má bhíonn neart feola le fáil dheamhan an miste leis siúd dhá mbeadh gan aon-ghráinne tae a bheith idir é agus Ameriocá. Is air nach bhfuil sé ag goilleadh mo léan
Nach maith dúlaidhe anois atá sí ins na "sweets" agus nach mbíonn aon-oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge aca a cheannacht. Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneochadh 'chuile shórt eile ó chodladh í, adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agad. Dá mbadh mise a fear thiubharfainn "sweets" ar an ngoile di. An pleota! I leabaidh breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breagh gnaoidheamhail léithe mar a dhéanfadh fear!
Ná bac le duine ar bith atá cho dúlaidhe ins an bpoitín agus atá sé sin. Ní éadáil mhór é an poitín céadna len a ól in a bheagán i bhfad ó chéile, ach ní thóigeann seisean cloigeann ar bith as. Béidh a shliocht air. Tá an poitín indon a phléidh leis freisin, ná le fear ar bith a bhéas dúlaidhe ann
Níor chaith sé aon-ghráinne tobac ariamh ach tá sé an-dúlaidhe ins an snaoisín. Is mór an ghráin é. Ní fheicfidh tú in áit ar bith é gan an bosca salach sin tarraingthe amach aige, agus smaois cho ruadh air!
Ara muise siúd é an t-aen céadna atá dúlaidhe ann. Cho tréan in Éirinn agus a d'fhéadfá a thaoscadh chuige, thaoscfadh sé uait. Chonnaic mé lá aonaigh annsin thiar é. Dar brigh an leabhair an fhad agus a chaith mé féin istigh, d'ól sé a chion de naoi mbéiléiste, má's beag mór a d'ól sé romham ná in mo dhiaidh … Sin é an bealach atá leis: ag imeacht ag súdaireacht in áit ar bith a n-aireochaidh sé aon-cheo ar foghnamh. Fhobair scéal a bheith aige air, thoir ar bhainis J. Sh … Bhí muintir an tsléibhe ag dul dhá strachailt ó chéile. 'Siad a bhí dúlaidhe go leigtí aige iad
Deir siad go bhfuil sé dubh-dhúlaidhe ins an "gcoffee" seo. Ní thiubharfadh sé bolg ar tae len ais. 'Chuile lá ariamh, bhí galldachas eicínt ag siubhal leis an dream céadna nach mbíodh le aonduine. Nach bhfuil a chomharthaidheacht len a chois. Phós aint dhó — M. Th. — "black" i Meriocá … Chonnaic P. se'aghainne é. Bhí sé ag caint leis. Dubhairt sé go raibh béal air — slán an tsamhail — mar bheadh fonnsa bairille ann. D'imigh leo in áit eicínt thart amach i Meriocá.
Is dóigh gur fadó cheana nachar ól sé aon-deoir tae agus cho dúlaidhe ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon-fhuighleach in a dhiaidh … Tá an náire caithte igcártaí ar an saoghal seo
+
'Sé atá dúlaidhe ceart ag (chuig) an bpórtar
Bhí sé an-dúlaidhe ag na bruithneoga 'chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-eirigheadh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic ins an D. Ghreamuigh an faisean dó ariamh, is cosamhail
TUILLEADH (4) ▼
Nach dúlaidhe anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá annseo an t-am nach raibh aon-tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas treasna na h-easca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi 'ar ndú — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár agus chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air an uair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúthruach céadna air cheal tobac
Bhí sé cho dúlaidhe sin ag an bpionta, agus gurbh é an pionta a thug giorrachan saoghail ins an deire dhó. Chuir sé a shúil thar a chuid. Thiar ar bhainis J. B. … D'ól sé an oiread agus gur thuit sé faoi bhealach ag teacht abhaile. Fritheadh stromptha ar maidin é. Níor mhair sé ach trí nó ceathair de laetheantaí in a dhiaidh … 'Sin é a chuir an bhail ghránna air féin go ndéanaidh Dia grásta air!
Tá an geadamán céadna an-dúlaidhe ag achrann. Sílim go mb'fhearr leis ag cothuigheacht troda ná ag ithe an bhéilí is fhearr a leagadh chuige ariamh. Ach leig sé faoi go mór ó a bhuail P. C. an bhliain cheana é. Mhúin sin é. Tá a fhios aige ó shoin nach bhféadfaidh sé eirghe i mullach na ndaoine mar a ghníodh sé roimhe seo
Meastú céard is cor do Phat bocht chor ar bith ar an saoghal seo. Diabhal mé go mba bharamhail (greannmhar) é céad slán dó. An dteagann leitir ar bith uaidh nímé? Tá sé i Sasana igcomhnuí. Hébrí cé'n áit a bhfuil sé, tá sé dúlaidhe ag na mná igcomhnuí. Bí siúráilte go b'é (gurb é) atá.
·
Tá sé an-dúlaidhe go deo leis na "feaigs". Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol truaighe é scaithtí ag imeacht ag creinneadh bunannaí fóthannáin an uair nach mbíonn aon-ghail aige. An té a bheidheas ag obair in aice leis, sáróchaidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithnighe i mbliana thíos ins an mB. Bh. agus rinne sé casán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogal agam féin ag an dó dhéag a' chlog ins an ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol-truaighe trathnóna — eisean nó mise
·
Nach maith dúlaidhe anois a bhí sé ag dul in a éadan agus gur eirigh sé suas ó'n a dhinnéar agus go (gur) b'sheo amach é gur ionnsuigh sé ar an mbóithrín é. Ach chlaon sé uaidh in a dheidh sin an uair a chuir an ceann eile stiúir achrainn air fhéin. Ní raibh ann ach cailleach th'éis (tar éis) a chuid gláimhthéisce. Sin é an méid

Féach freisin

Dúlaidhe in iontrálacha eile (7)

 
… Ach creid mise dhuit ann go raibh déidín tuitthe aige ag iarraidh imeacht an uair a leig mise uaim é. Ní thiocfainn ins an gceann sin leis chor ar bith, marach cho dúlaidhe agus a bhí sé le fanacht idtús oíche. Feicfidh tú féin air nach hé an chéad bhall a chasfar in mo theach-sa aríst é — nach hé sin
 
Ní fhaca mé aon-díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cé'n brígh ach tá lorga an phíopa cho gearr. Is diabhluidhe dúlaidhe a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'fhuireasbhaidh gail
 
díol 2
Thug sé a dhíol agus fuighleach dó, diabhal bréag nar thug, th'éis cho dúlaidhe agus a bhí sé ag an achrann.
 
Chreidim go bhfuil sé th'éis an tae a dhiúltú ar fad. 'Ar ndú' diúltaighthe atá sé ag na daoine scáth a bhfuil le fáil dhe. An méid sin féin muis bíonn muid dúlaidhe aige … Bhí an-tóir aige-san air muis. Ní raibh ann ach "caith síos dhá bhlogam tae" 'chuile ré soluis
+
dóigh 1
Is diabhlaí dúlaidhe a bhíos sé a dhul ag déanamh dógha de 'chuile dhuine. Mise imbannaí gur deacair drannadh leis féin — gur deacair sin
TUILLEADH (1) ▼
Má's ag tóruigheacht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaidhe atá sib ins an gcreathnach suas annsin i gcomhnuí
 
Dhá dtuiteadh an dranndal aisti anois d'fhuireasbhaidh duilisc thuas annsiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaidhe ag duileasc teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos annsin thíos. Is beag a bheadh ar a' (ar) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá dranndal-sise. A dhul ag fágáilt a' (ar) gcuid móna annsin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte