Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dol
/dol/
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: dola
uimhir iolra: dolannaí
 snaidhm nó ceangal a chuirtear ar rópa, ar shúgán nó a leithide. Ní móide go mbeadh snaidhm áirid ar bith air, ach rópa nó súgán a chur timpeall ar rópa nó ar shúgán eile.
+
Cuir dol den téad sin ar an gcloich — í a chasadh uair amháin timpeall na cloiche
Ní dhéanfaidh dol amháin thú. B'fhéidir go scaoilfeadh sé. Cuir dhá dhol nó trí air
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bheas tú ag deasú tí, ní foláir dol de na caghnaí a chur ar na ceathrúnaí i gcónaí. Ní dheasaíonn siad na tithe mar sin agaibhse chor ar bith. Sin é an bealach atá acu anseo muis
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcaladh. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá sa mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
Cuir timpeall faoi dhó sa dol í! Sin é é! Fáisc go maith í — cuir dhá thimpeall uirthi
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an chruib (mhóna) go maith faoina droim. Ní móide go mbeadh aon chall dom a fáscadh aríst nó go dtéinn Gaillimh
Cheal nach bhfuil do dhóthain ruóige agat le dul timpeall faoi dhó sa dol air. Mura bhfuil muise, beidh sé rólag; agus dheamhan fad méire eile faoi chaolachaí an tí
Fáisc dhá dhol nó trí uirthi nó is gearr go mbeidh sí ar bogadh aríst. Is gearr a choinneos an dol amháin í

Féach freisin

dola

dol in iontrálacha eile (41)

 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
fág
Tá do chuid dola dhíot agat aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
 
Dheamhan mórán dola a bhí air chor ar bith leis an teach nua. Rinne sé fhéin an choirpéis, agus chuir an mac is sine suas cuid mhaith den cheann.
 
bocht 1
Is suarach an t-ionadh dhó a bheith bocht agus an dola atá air
+
amach
Tá an-dola amach air — dola; go leor rudaí ag teacht trasna air; go leor éileamh le freastal aige; go leor le n-íoc aige.
TUILLEADH (18) ▼
Cén tslí atá aige le hais an dola amach atá air.
Má tá slí féin againn, tá an dola amach mór dhá réir.
Níl seifte ar bith anois ag na daoine (againn) agus an dola amach céanna i gcónaí orainn.
Ní fhéadfaidh muid freastal don dola amach seo i gcónaí — ní fhéadfaidh muid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraithe srl. i gcónaí.
Níl pínn ar bith ar an rud a bheas duine a dhíol, agus an dola amach céanna i gcónaí air.
Tá sé furasta go leor a bheith ag caint, ach cén chaoi a leagfaidh duine airgead i leataobh agus an dola amach atá air.
Má tá an pháí mór fhéin i nGaillimh, tá an dola amach dá réir.
Is fusa d'fhear na tuaithe maireachtáil mar níl an dola amach chomh mór air agus atá ar fhear an bhaile mhóir.
Dhá mbeadh a fhios agat mo dhola amachsa le seachtain, ní fhiafhrófá cén fáth nach bhfuil airgead agam.
Is deacair dhó riar a cháis a bheith aige chor ar bith agus an dola amach atá air.
Tá dola amach áibhéil ar fhear muirín ar an saol seo.
Níl a theacht isteach baol air chomh mór lena dhola amach.
Tá teacht isteach maith aige, ach cár fhága tú an dola amach atá air?
Le strapadóireacht mhór atá muid ag coinneáil tí ar bith anois agus a bhfuil de dhola amach orainn.
Tá teach áirgiúil aige ach m'anam go bhfuil dola amach mór air.
'Suarach an t-ionadh go mbeadh an-dola amach air agus lán an tí de mhuirín air.
M'anam, go lige Dia slán na daoine, má tá siad ag saothrú fhéin go bhfuil an dola amach orthub freisin.
Murach chomh tíobhasach agus a bhí mé, ní choinneoinn teach ar bith leis an dola amach a bhí orm, ag iarraidh éadach agus beatha a choinneáil ar lán tí.
 
Hé brí cén dola a bheas orainn, ní fhéadfar aon phínn den airgead sin a chur amach.
 
Féacha an dola atá orainn: naonúr acu bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu. Is deacair a dtógáil agus éadach a chur orthu, agus gan slí gan fáltas ó fhlaithis Dé againn
 
lón
Is olc an lón duit an méid sin, más leat an lá a chaitheamh ar an aonach — níl do sháith airgid ann le dola an lae a chur thart
 
Bhí dola mór feamainne in íochtar an chladaigh inniu
 
Théis a bhfuil de dhola air, agus lán tí de mhuirín air bail ó Dhia orthu, dar príosta tá sé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an dea-dhíolaí ann, tá triúr ina aghaidh sin atá ina ndrochdhíolaithe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saol a ríochan chomh maith le duine
 
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
 
Dhíol sé deascán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú
+
deis
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) — caitheann sé a dhul faoi chostas i dtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air srl., ach tá deis airgid aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aici anois. Measaim nach mbeidh aon duine le dhul ina béal ort. Tá chuile dhuine róchruógach le na fataí
 
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
+
Tá siad ag dolaíocht thíos anseo le cupla lá. Thóg siad dola mór tráthnóna inné. Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tógtha acu. Sin é a bhfuil siad in ainm is a thógáil de réir an mhargaidh, ach ar ndóigh mo chreach, is beag aird a bheas ar an margadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
 
draoi
Maraíodh an draoi breacach díobh ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm is thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil ina dhiaidh sin
 
déan 1
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saol seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-ionadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
 
díol 2
Théis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndóigh bhí dola mór air lena raibh de mhuirín aige
 
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh, tabharfaidh siad isteach dúbailte dhuit é lá an aonaigh feicfidh tú féin air — tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread buntáiste agat dhá bharr
 
Cén dola amach atá air — costas (fc. amach agus dol)