Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dol
/dol/
ainm-fhocal, buineann
geiniúnach uathaidh: dola.
uimhir iolraidh: dolannaí.
snaidhm nó ceangal a chuirtear ar rópa, ar shúgán nó a leithide. Ní móide go mbeadh snaidhm áirid ar bith air, ach rópa nó súgán a chur timpeall ar rópa nó ar shúgán eile.
+
Cuir dol den téad sin ar an gcloich = í a chasadh uair amháin timpeall na cloiche
Ní dhéanfaidh dol amháin thú. B'fhéidir go scaoilfeadh sé. Cuir dhá dhul nó trí air
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhéas tú ag deasú tighe ní fuláir dol de na caghnaí a chur ar na ceathrúnaí i gcomhnaí. Ní dheasaíonn siad na tithe mar sin agaibhse chor ar bith. Sin é an bealach atá aca annseo muis
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcala. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá san mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
Cuir timpeall faoi dhó san dol í! Sin é é! Fáisc go maith í = cuir dhá thimpeall uirre
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an "chruib" (mhóna) go maith faoin a druim. Ní móide go mbeadh aon-chall dom a fáisceadh aríst nó go dteighinn Gaillimh
Cheal nach bhfuil do dhóthain rúóige (ruadhóige) agad le dul tímpeall faoi dhó san dol air. Mara bhfuil muise beidh sé ro-lag; agus dheamhan fad méire eile faoi chaolachaí an tighe
Fáisc dhá dhol nó trí uirre nó is gearr go mbeidh sí ar bogadh aríst. Is gearr a choinneós an dol amháin í

Féach freisin

dola

Dol in iontrálacha eile (13)

 
'Ar ndú bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agad, níor ceart go mbeadh aon-chall duit an deachma a chur ar cáirde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithide-sa é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an deagh-dhíolaidhe ann, tá triúr in a aghaidh sin atá in a ndroch-dhíoluidhthe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saoghal a righeachan cho maith le duine
 
déan 1
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saoghal seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-iongnadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
 
Dhíol sé dioscán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú.
+
deis
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) = caitheann sé a dhul faoi chostas idtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air agus rl. ach tá deis airgid aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
 
Is deacair dhó a bheith deiseamhail agus a bhfuil de dhola air. 'Ar ndú' a dhearbhráthair m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé 'chuile ré soluis
 
díol 2
Th'éis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndú bhí dola mór air lena raibh de mhuirghín aige
+
Tá siad ag dolaidheacht thíos annseo le cupla lá. Thóg siad dola mór trathnóna indé. Má mhaireann dóib is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tóigthe aca. Sin é a bhfuil siad in ainm agus a thógáil de réir an mhargaidh, ach 'ar ndú' mo chreach, is beag áird a bhéas ar an margadh sin
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh siad siar oíche ag dolaidheacht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo aca. Níl a fhios cé'n dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … 'Ar ndú' dhá mbeirtí orra gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrádh iad. Bheadh ciall in a leithidí seach agus an dream atá thart annseo nach leigfeadh an faitíos dóib breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolruighthe
Bhuail muid amach ag dolaidheacht le líon scríbe. Bhí an-áirdeall ag na maora ar an abhainn an t-am céadna ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid as cionn leathchéad uatha. Níor dhroch-dhol ar bith é aon-uair an chluig amháin
 
draoi
Marbhuigheadh an draoi breacach díob ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm agus thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil in a dhiaidh sin
 
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh tiúrfaidh siad isteach dúbailte dhuit é, lá an aonaigh feicfidh tú féin air = tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread bantáiste agad dhá bharr