Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fear (100+)

+
abair
'Séard a bhí mé a rádh annseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaidh sé 'sna fir mhóra
TUILLEADH (13) ▼
Shéanfadh sé go raibh sé in a chiontsiocair leis an achrann! Seadh a mh'anam! Níor dhubhairt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt sean-fhocal) = an fear a rinne an mhístáid, shaor sé é féin
Is minic gurb é fear an réidhtigh a íocas an téiléaracht, agus an té a tharraingigheas uiliog é nach dtuilleann sé milleán ó aonduine. Sin é é: níor dhubhairt mise tada, adeir an té a chuir an baile ag troid
Ó dubhairt agus gur dhubhairt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear len a fhocal
"Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroidhe", mar adubhairt an té adubhairt é
Abair nach fear é a ghlacfadh mórán clabaireacht' ó aonduine
Abair nach bhfaca tú a leithide de scéiméara fir ariamh!
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
Céard adéarfá le fear a tháinic isteach aréir chugam ag iarraidh ualach fataí orm nó go dteagaidh fataí nuadha = nach dalba an rud é!
Céard adéarfá le bean a d'fhága an stainníneach trí h-uaire annsin thiar ar an mbóthar agus í féin in éindigh le fear eile!
Dhá mbá é an Seóigeach a bheadh ag caint déarfainn fear maith leis, ach an scráibíneach sin = déarfainn go mba fear maith é
Déarfainn fear maith le P. se'agaibhse, ach ná bac le fear ar bith eile ar an mbaile = thiúrfainn fear maith ar Ph.; ceapaim gur fear maith é
Deir siad é a mh'anam: is minic an fear fada ag ceannacht fataí ó'n bhfear gearr
'Séard adeir siad (adeirtear) nach bhfuil fear a bhárrtha ann
 
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul ins na céad-déaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar fholann mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith indon fear a shníomh, ach ag briseadh cloch.
+
Ní raibh aon-fhear maith ariamh idir dhá abhainn = an abhainn thoir agus an abhainn thiar
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhágfaidh [sé] fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
Sin é féin fear an dá chroí = slíomadóir; bhréagfadh sé thú agus d'imreódh sé ort
Ná tabhair aon-áird ar fhear an dá chroí. Cuirfidh sé an chluain ort agus fágfaidh sé annsin thú.
Is maith an fear é sin ar dhá mhaide rámha déarfá!
Ní fhaca mé an fear céanna dhá uair ariamh = ní minic a chonnaic mé é
+
daba
Cheannóchthá é sin le "feaig" agus is beag an rud é. Fear ar bith a chaithfeas daba aige sin, beidh sé leis ar sheol na braiche
TUILLEADH (1) ▼
Díogha ceart é sin agus 'chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an Tighearna sin a bhí i mbéal an dorais aca, agus tá a shliocht [orthu]: tá béasaí Shasana bealuighthe isteach ionnta, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Ní mór fear láidir le dabhach a iompar. Ní bheadh aon-ghnatha ag M. Sh. G. faoi cheann aca, ná dheamhan gnatha
 
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di
+
Daighce a bhí uirre anocht faoi gur fhága C. annsin aréir í … Ceadh nar chuala tú é sin. In Domhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gur b'olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbáirneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias is deacair í seo istigh a bheárradh anocht
TUILLEADH (1) ▼
Ní thiocfadh sé chuig an dárna bainis le daighce nachar h-iarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas de'n cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad th'éis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orra. M'anam nachar thaobhuigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil
 
D'imigh an diabhal ar a chuid daighceamhlacht'. Bíonn sé laetheantaí agus ní bheannóchadh sé ins an mbóthar duit. Laetheantaí eile 'sé an fear is subháilcighe a chas ariamh leat é. Léar (de réir) mar a bhuaileas an daol é, sin é an chaoi a bhfuil sé
 
daigh
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an doigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imigheadh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheireadh. Chothuigheadh sí i gcomhnaí é
 
Daidhean mé gur mór an feall é. Fear óg i dtús a shaoil agus a mhaitheasa
+
dáil
Bhí mé thoir indáil le Ó. Is ann atá an fear a cheannuigh an mhóin uaim ina chomhnaí
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an fear mór indáil le dhíom agam nuair a tháinic an dearbhráthair
Tá sé indáil le in a fhear
Tá an fear mór seo againn féin indáil le istigh aríst. Cupla céad bhót eile agus beidh
Níor báthadh é, ach bhí sé indáil leis, marach an fear maith a bhí ann
 
Sin fear agus is gearr uaidh dailleacht déarfainn th'éis cho grinn agus a bhí sé tamall
+
dáimh
Dhá dteigheadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach
TUILLEADH (1) ▼
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos inGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach poilitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoi'n tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rádh nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh in a dheidh sin
 
Táir a mh'anam, agus go daingean. Coinnigh greim an fhir bháidhte anois uirre. Imir do chuid cártaí go staidéarach, agus scuabfaidh muid an "tyre" cairr (leath-choróin) fós
+
Níl sé leath sáthach daingnighthe agam, ach cé'n neart atá agam air, an uair nach bhfuil fad méire agam len a dhaingniughadh. Is beag an mhaith fear ceirde d'fhuireasbhaidh oirnise
TUILLEADH (3) ▼
Níor dhaighnigh an fear céadna rud ar bith (bith) ariamh nach scaoilfeadh in a dhiaidh
Tá fear an airgid in don é féin a dhaingniughadh isteach in a rogha áit. Ní comórtas ar bith do dhaoine dhona é
Tá sí an-daingnighthe isteach ins an talamh sin anois, agus, 'ar ndú' tá an fear thoir ag daingniughadh léithe tuilleadh = ag borradh léithe; ag cur a chosa i dtaca tuilleadh
 
dair
"Fíon na Spáinne, dair Shasana agus fir na Fraince: na trí nídh is láidre le fáil"
 
Ní bheadh a fhios agad barainneach a raibh sé dháiríre nós mara raibh (nó mara raibh). Idir shugradh agus dáiríre a bhí sé sílim. Tá sé cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás ar aon-nós
+
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
TUILLEADH (4) ▼
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riasca' údan. Dheamhan fata a thiubharfas sé go bráth dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na h-Éireann air. Abruigheadh "fear na bhfataí" a rogha rud. Cé'n scil atá aige-sin ann ach an oiread liomsa, a leath-oiread sin féin! (níl aige ann)
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá innte i gcomórtas oibre. Chonnaic mise fadó an uair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtóigtheá do cheann chor ar bith, gheobhfá bóthar abhaile. Bhí siad dubh-ghéar. Chonnaic mé meitheal ar fad — cho maith le scór fear — dhá mbriseadh in éinfheacht ann aon-lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabhail fhuinn. Ní raibh siad ala an chluig féin in a seasamh, an uair a díbrigheadh abhaile iad
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
 
Sin í a cheird sin — ag gróigeadh móna — Domhnach agus dálach. 'Sé an fear is antlásaighe annseo anois é
+
dalba
Fear dalbaí é. Bhí sé thoir annsin thoir lá an aonaigh, agus d'iarr sé amach fear ar bith a bhí istigh tigh Mh. ar "fair play". Bhí cho maith le fiche fear istigh, agus dheamhan thiomanta duine aca nachar chlaon uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Nach hé an "druncaera" dalba é agus gur ól sé 'chuile phighinn amháin de luach na muc shul a d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tighe agus urláir é sin!
Bhí cogadh dalbaí annsin. Dheamhan fear dhá raibh ann nachar fhága sé a shéala air. Breathnuigh ar Ch. Bh. S. Tá scéin ann
 
dall 2
Bhí mé cho dall air leis an bhfear nachar rugadh = ní rabh a fhios agam aon-cheo faoi ach an oiread leis an té nachar rugadh
+
dall 3
Ní fhaca mise aon-duine ariamh a bhfuil slám air mar tá air. Ní beo é gan creidimh a tharraint anuas. Dhall na misinéaraí ceart é. Bíodh a fhios agad gur fear é muis nach bhfuil staidéarach ceart anois
TUILLEADH (1) ▼
Dhallfadh na nathuighdeoirí sin fear is fhearr ciall ná é. Teigheann fainic air i gcomhnaí gan aon-áird a thabhairt orra, ach tá siad indon an clár mín a chur cho maith sin ar an mbréig, agus go gcreideann sé iad in a dheidh sin
+
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrádh" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindigh léithe 'chuile oíche eile de'n tseachtain. Ní cheal muise nar h-innsigheadh dó sáthach minic, cé'n aisiléaracht atá uirre …
TUILLEADH (3) ▼
Go bhféachaidh Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéanaidh sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé cho saor sin agad: coróin agus punt. Deir siad gur thug fear as M. h-ocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céadna … fuair muis. Tugadh sé buidheachas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharáiste! Thug an sagart punt dó an uair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéar-chall. D'imigh leis agus d'ól sé é
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanuidheachan. Má bhuaileann sí siúd sciorta de'n dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
+
Ní raibh aonduine ar an bhfeadhain aca sin nachar chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buadhannaidheacht eicínt aca, agus níorbh í an bhreaghcha í
TUILLEADH (1) ▼
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannuigh sé an bhudóig sin. Níl aon-fhear faoi'n mbogha bán a thiubharfadh deich bpunt uirre ach é féin
+
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
TUILLEADH (3) ▼
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
Bhí bean as C. annsin thoir san gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirre: "go deimhin a dhuine chóir" adeir sí, "tá sé sin cho glan orm leis an sagart. Ní dheachaidh a shlat ní ba ghoire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort." Spréach an giúistís. Fhobair gur b'ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chionntaigh léithe
 
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
 
dálta
A dhalta sin, chonnaic mise fear annseo — D. a bhí annsin thoir — agus ní bheadh scéal instighthe (/iɴ′št′ī/: innsighthe) aige oiche áirneáin. Thoiseochadh sé ar scéal, agus ba ghearr go mbadh scéal eili é, agus ní chuimneochadh sé ar an scéal toisigh chor ar bith annsin (ó Sheán Ó Bheáin, Cearnmór, Baile an Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn agus anall le scéal agus dubhairt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéadna)
 
Nach damanta an conuas fir é. Luighe fiadha a bhí a chur air le fadhb. Duine ar bith a dhéanfadh cleas de'n tsórt sin bheadh sé sáthach maith aige
 
damhsa
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh 'chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
 
Níl aon-ghoir aige in a dhamhsóir ar an bhfear a bhí annseo anuiridh. Diabhal goir!
+
dán
Cuirfidh sí dán ar fhear eicínt gan mórán achair = cuirfidh an bhean sin "buairín" ar fhear eicínt gan mórán achair; fastóchaidh sí fear eicínt; cuirfidh sí cluain nó dalladh mullóg ar fhear eicínt agus pósfaidh sé í
TUILLEADH (5) ▼
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois cinnfidh uirre dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht in a cailín Domhnaigh.
Tiocfaidh fear eicínt fós a chailín ó, agus fáiscfidh sé dán ort, agus eireochaidh tú as an gceird sin an uair sin, mar beidh do dhóthain ar t'aire dhá fhuireasbhaidh
Is diabhlaí a chruthuigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil fhios cé hé féin? Is mioniar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaoghal. Níl againn a rádh ach go ndéanaidh Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Ní raibh indán an farc a bhaint aisti go deo go dteagadh an fear seo len a bhaint aisti, agus nach maith a tháinic in a dheidh [sin]
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
 
dána
Nach furasta leat fear a bhualadh! An raibh tú ag ceapadh go gcuirfinnse mí-aighneas ar Sh. Sé'n chaoi a bhfuil sé agamsa: an té nach bhfuil mór ná láidir ná bíodh sé dána ná droch-mhúinte
+
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon-bhun muis. Thosuigh sé thar cionn, ach 'ar ndú, ní de'n abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ro-dhána. Níl neart agad focal a rádh leis, mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mh[ac] dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.
TUILLEADH (9) ▼
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
An bhfaca tú aon-fhear ariamh is danra ná é, ar thada a rádh leis. Bhí mé lá thiar in éindigh leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iabh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile, nó gur tháinig an tráth len imeacht. Annsin níor fhan smid ar bith aige faoi. An uair a chonnaic mé féin dhá leigean ro-fhada é ins an deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh goir agam an baile a shamhlú leis, gur tháinic sé dhá thoildeona féin ins an deire.
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
Níl aon-fhear guirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air, ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laetheantaí anuiridh ar mo mhine-ghéire ag iarraidh é a shaghdadh amach ins an tráigh, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
An fear is dan(d)ra a chonnaic mise ariamh faoi mhargadh, ba fear Achréidh é. Bhris sé é faoi shé-pighne. Fataí síl a bhí mé a cheannacht uaidh
Séard a bhí agad a dhéanamh má tá rún agad bualadh faoi'n riasc siúd na cliamhanachaí móra atá annsin thiar agad a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairtfheola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd cho dan(d)ra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urradhanta a bhfuil smior ionnta. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd
Bhí an saoghal sáthach dan(d)ra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirre agus gan aice ach na cupla garrdha sin len a dtógáil. Shaothruigh sí an saoghal go maith an créatúr, ach tá na scurachaí anois ionchongantach agus diabhal a n-aireochaidh sí é feasta
+
Diabhal an féidir go ndaoirseochaidh siad tuilleadh. Má dhaoirsigheann muis, fágtar annsin aca féin iad agus imigheadh muid ins na cosa buínn. Is iomdha fear maith ariamh a mb'éigin dó imeacht ins na bonnaidheachaí
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an chéad-fhear i gcomhnuí é a dhaoirsigheas 'chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud len a árdú, agus daoirseochaidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcneagaire a thabhairt muis ar an rud a bhéas sé a cheannacht uait. Dheamhan "stickéara" gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
Níl siad ag daoirsiú tada hébrí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach annseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orra. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithidheach anois, is fear gan forás é
 
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
+
daol
Sháith sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaidh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'eirigh sé dhó. Tá sin breagh go leor ach ba suarach an sásamh é do'n té a raibh a phutógaí ag imeacht in a ghlaic aige. Ní raibh sé indon a gcur ar ais aríst as daol
TUILLEADH (2) ▼
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
Ná bac le fear ar bith a bhfeicfidh tú daolanna ag teacht ann a dhul ag pósadh. Ní phósfaidh an té sin go bráth. Nó má phósann sé an droch-phósadh é, arae pósfaidh sé bean ar bith is túisce aige as ceann dá chuid daolannaí
 
daor 1
Má chu[aidh] sí daor féin ort ba chúig shásamhail í. Is dóigh go raibh tú indiaidh do shásamh a bhaint de'n fhear sháithteach seo thuas
+
daor 2
Níl aon-tsásamh aige ann le cupla lá an uair nachar daoradh fear Chiarraidhe. Chaith sé an tseachtain ag guidhe len a bhás. Thapuigheadh sé an t-am a dteagadh an "nuaidheacht" 'chuile thráthnóna (an páipéar). "'Bhfuil sé daorta fós" adeireadh sé. Bhí sé dhá bheo-phianadh ceart 'nuair nach raibh siad dhá thligean de ghort an gharta
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an dithreabhach bocht sin daorta, shul á tugadh isteach ins an gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios aca sin ar dhlí ach an oiread agus atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaoidheamhla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga-maga mar sin a chur air