Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fonn (51)

 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i miainis (i bhfiaidhnis) an ghiúistis. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine aca ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirre agus a caitheamh aríst. Tháinic scéin ins an ngiúistís
 
danra
An bhfaca tú aon-fhear ariamh is danra ná é, ar thada a rádh leis. Bhí mé lá thiar in éindigh leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iabh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile, nó gur tháinig an tráth len imeacht. Annsin níor fhan smid ar bith aige faoi. An uair a chonnaic mé féin dhá leigean ro-fhada é ins an deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh goir agam an baile a shamhlú leis, gur tháinic sé dhá thoildeona féin ins an deire.
 
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
+
de
Ní ghabhfainn ann chor ar bith ach d'fhonn a bheith in éindí libse.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfinn araoid ar bith air, ach d'fhonn a splancadh
 
Seadh, tá fonn air a dhul ann anois. Ní minic leis an deá fhonn a bheith air, ní minic sin
 
Tá fonn ort síneadh ar an leabaidh! Déan ann!
+
Cuirfidh an sagart amach ó'n damhsa S. B. agus má chuireann féin, 'sé a dhéanamh leis é. Ar ndú' duine ar bith a thiocfadh isteach ar t'urlár ins an gcruth sin, nach mór dhá fhonn a bheadh ort fhéin a chaitheamh amach. 'Cheal nach mbeadh?
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fonn air déanamh mór liom, b'fhurasta dhó, ach d'aithneochadh dall gan súil nach bhfuil. Bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Ní dhearna mise tada air. Má ghéill sé do bhréaga níl neart agamsa air
 
dearg 1
Shíl mé go mbeadh sé ina achrann dearg ach d'fhuaraigh an cúpla aca as in a dheidh sin, nuair a chonnaic siad nach raibh aon-fhonn ar aon duine a dhul ag déanamh eadarascáin
 
Dheasuigh sé isteach liom, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air mé a bhualadh
 
Chaith sé ceathramhadh uaire ag braithteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal annsin agus d'fheicfeá ag leigean siar a sheile é. "Dheamhan a fhios agam fhéin", adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinic orm failm de chic a thabhairt do'n phíopa
+
deis
'Bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uiliog faoi dhraoib agus é ag eitealladh leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mara deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nuadh ghlan in a bog-eibhinn agad
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh an deis glantacháin atá uirre, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirre nach gabhtha gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aice. Mara miste léithe féin a cuid éadaigh nuadha a mhilleadh, ní miste linne
 
Ghlac mé déistean air ó chuala mé an méid sin faoi. Níl aon-uair dhá gcasann sé dhom anois nach mhó dhá fhonn a bhíos orm gan seasamh ag caint leis chor ar bith. Tá mé bréan críochnuighthe dhe
 
diaidh
'Bhfeiceann tú anuas é; agus cois indiaidh na cois' eile aige. Síos tigh B. atá sé ag dul anois. Chuir an bhean amach ann é gan bhuidheachas. Is furasta aithinte air gur beag a fhonn atá air a dhul ann
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go bhfoiridh an t-Athair Síorraidhe anocht ar dhuine ar bith atá amuigh sa gCogadh sin! Go dtárrthuighidh Dia sin! Nach orra atá an fonn a chéile a mharbhú! Go dtugaidh Dia agus A mháthair bheannuighthe 'chuile dhuine dhínn féin slán uaidh — sin é a bhfuil againn a rádh
 
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
 
Níor thaithnigh an ceann céadna ariamh liom. Tá an iomarca dinndiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na sean-phóilíos thíos ar R. D. a cheannuigh "cruib" mhóna anuiridh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tóigthe aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionnsuigh air faoi'n móin. Cá'il an locht nach raibh uirre. Ag iarraidh mé a ghiorrú ins an margadh a bhí sé. "Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh" arsa mise "ach mo choinsias 's dar m'anam mara n-íocaidh tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agad … "
 
Ní díobháil eolais a bhí orm ach gan aon-fhonn a dhul ionn
 
Deir tú nach de'n díogha iad. Ní theagaim leat. Ní fonn atá orm a lochtú, ach feicthear dhom nach thairis sin de ghaisce atá orra chor ar bith. Ná bac thusa choidhchin le bróig ar bith a bhfeicfidh tú an bonn scartha innte mar sin. Caith idtraipisí í ar an toirt.
 
díol 2
Tá faitíos orm gur tú féin díol an mhagaidh an "turn" seo, aindeoin a mbíonn dá fhonn ort fhéin a bheith ag magadh faoi 'chuile dhuine eile = tá tusa ag iarraidh a bheith ag magadh faoi dhaoine eile ach tá a leath fút féin an babhta seo
 
Tá an bhliain caithte le díomhaontas anois aige. Nach sílfeá go dtiocfadh fonn oibre air uair eicínt, ach dheamhan é muis
 
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
 
dligh
Th'éis (taréis) é a dhligheachtáil féin dó is mó dhá fhonn a bhí uirre a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agad muise go bhfuil an phrioc siúd sáthach ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlighe faoi fhiacha a chaith a h-athair a shaoghal
+
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirre i gcomhnuí thar agus duine ar bith eile. Níl aon-duine ins an tír nach gcuirfidh aighneas lághach ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcomhnuí a bheith in a duine innte féin. An uair a bhíos fonn lághaigheachta uirre bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirre. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Deiseall! Deiseall! Glac t'ionbhadh, agus ná bíodh an oiread sin uathbháis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agad go mbeidh an greim deireannach sluigthe agad. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhtála ("routeála". fc. rabht). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
 
Is doicheallach an gothadh atá ar an bhfairrge indiu. An bhfeiceann tú an bláth bán atá uirre. Ní mórán dá fhonn a bheadh orm indiu m'aghaidh a thabhairt amach uirre. Tá sí buille callóideach
 
dóid
'Sé a bhí le cuthach indiu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun droch-mhúineadha, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh
 
Leig de [do] chuid dornála ar an doras sin. Tá rud ar a' (ar) n-aire se'againne thar agus a bheith ag cur doras nuadh isteach annsin. Má tá fonn dornála ort teirigh soir go dtí M. Mh. Sin é an buachaill a thiubharfas lán do chruite dhuit
 
D'fheicfeá ag imeacht is chuile chruinneál cho doscudhach é, agus dair leat féin gur fonn a bheadh air 'chuile dhuine a ionnsuighe. Ach tugann sé a bheanna leis as 'chuile áit mar sin féin. Ní bheadh fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithighthe ann — aidhbheirseoirí críochnuighthe — tuige nach bhfaghann sé iarraidh mharbhthach, ach indomhnach tá sé indon a bheart a tharraingt dá mbuidheachas
 
Breagh nar fhan sí in a dóthain lá agus gur chas Dia in a dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ro-aerach agus an iomarca fonn-amach uirre. Sin é a d'fhága a cosa nighte
 
Is diabhlaí drad-gháireach atá cuid de na daoine. Ní mórán drad-gháirí muise ab ait leo a dhéanamh fútha féin. 'Sé an té is lugha acmhuinn é féin, an té is mó a mbíonn fonn air suidhe imbun duine eile!
 
Níl rud ar bith ins an saoghal is mió-shlachtaire ná an dranndal a bheith le feiceál mar sin agus thú ag gáiridhe. Is minic a chuir mé aithne ort gan do bhéal a oscailt cho mór sin an uair a theagas fonn gáirídhe ort … ní h-ionann bean is fear. Is iomdha rud a fhéadfas fear a dhéanamh nach mbeadh cuí(bh)eamhail ag bean.
 
drann
Tá an brocaire beag sin aige in a sceanadóir chruthanta. Thosuigh sé ag drannadh leis an bpáiste sin trathnóna, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a h-ionnsuighe marach gur chas Dia ann mé
 
dréim
Níl aon-ghadhar dhá fheabhas a bhfuil aon-fhonn air a dhul ag dréim le broc, agus is suarach an t-iongnadh sin. Ní fhágann sé liobair leathair orra.
 
dris
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilidhe tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinic uirre. Is mó dhá fhonn a bhí uirre shílfeá, mé a ionnsuidhe. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn do'n té a dtiocfaidh brat pósta air léithe.
 
driull
Bhí an-fhonn grínn air nó go dtáinic M. isteach, ach uaidh sin amach thuit an driúll ar an dreáll air. Tá sé an-scáthmhar roimh Mh.
 
Nuair a d'iarr mé air é, níor mhian leis sásamh ar bith a thabhairt uaidh. Ba mhó dhá fhonn a bhí [air] go fada a dhul chun drochmhúineadh liom ach stán sé nuair a chaintigh mé ar na póilíos
 
Th'éis gur mór dá fhonn a bhí orm caidéis a chur air, ní leigfeadh an drugall dhom in a dheidh sin labhairt leis
 
Ó ní fheicfidh tusa aon-duine aca sin ag taobhachtáil ceoil ná damhsa. Ach dheamhan a fhios agam céard adéarfainn leis an gceann óg sin ann. Tá an-fhonn amach uirre. B'fhéidir go ngabhfadh sí in aghaidh dúchais
 
dúil
Ní bheadh aon-mhaith aige ann go bhfaghadh sé an píopa. Fuair sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh é le 'chuile sháruigheacht. Chuaidh sé ar a chaitheamh nó gur chuir sé urlacan air féin leis. B'éigin a thabhairt abhaile. Bhíodh fonn múisc' air le 'chuile choisméig (coiscéim). Cuireadh a chodladh é. Uaidh sin amach níor éiligh sé an píopa. Ghlac sé an ghráin air. Chuir sin de'n tobac é. Bhain sé an dúil as go ndeacha sé i dtalamh
+
Chuaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air = dhá mhéad faitíos dhá raibh air roimh rud eicínt a dhéanamh, bhí ní ba mhó ná sin d'fhonn air a dhéanamh, agus rinne sé é aindeoin an fhaitís
TUILLEADH (2) ▼
Chaith sé an oíche ag forcabhás uirre, agus thob ann agus thob as aige, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh léithe in a dheidh sin. Bhí an oíche dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh, nó gur thosuigh an bhainis ag scaipeadh ins an deireadh. Tháinig an jug timcheall agus d'ól sé dhá ghloine as. Annsin chuaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air, agus anonn leis gur bhuail sé bleid uirre …
Is dona an fear thú feasta choidhchin. Bhí fonn ort a dhul isteach go bhfeicfeá céard a bhí ann, ach ní dheachaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos ort in a dheidh sin. Dhá mbeadh diabhail Ifrinn ann frén a chéile, ní bhacfaidís mise gan a dhul isteach dhá gcaithinn in mo cheann é. Ba bheag an baoghal
 
Chuaidh fonn air imeacht, leis an gcoireamhaint a rinneadh ar an dream thiar. Marach sin, ba lib é go maidin = tháinic fonn imeachta air de bharr nachar thaithnigh an chaint leis
+
Níl a dhath maitheasa dhuit anois a bheith ag dhul dom. Dá mbeadh fonn óil orm d'ólfainn é, agus 'nuair nach bhfuil ní ólfad. Is fhearr duit gan a bheith sáruigheach liom
TUILLEADH (1) ▼
Tá donacht eicínt ag dul di le cupla lá. Cineál lagair, agus teagann meirbhthean uirre amanntaí. Bíonn fonn múisc uirre ach ní chuireann sí tada amach. Ní thaithneochadh sé liom chor ar bith
 
B'fhearr liom a dhul in mo mháirnéalach ná aon-cheird eile faoi'n domhan. Tá an-fhonn orm na réigiúin choimhigheacha a shiubhal
 
Teirigh leis, má tá an oiread sin fonn ort, agus ná bí ag sceaimhínteacht annsin i bhfad eile. Troid na mbó maol a bhéas ins an troid seo sílim
 
Chuaidh sé romham ins an gcaint, agus dubhairt sé gurb é féin a bhí thíos ann an oíche sin shul a tháinig mise isteach. Is mór dhá fhonn a bhí orm é a thabhairt isteach ar an drad dó