1.
gein bheo a bhfuil anam ann; gein de'n ádhamhchloinn. (Person é mórán i mBéarla. I ráidhtí coitcheann, is é is mó adeirtear in áit "fear", "bean". Is an áit a mbeadh "Man" i mBéarla, "L'homme" is an bhFraincís, duine a bhéas in Gaedhilge. Man is the least permanant of all things: "is beag an rud is buaine ná an duine". "Mac an duine": "the Son of Man"). (Fc. an- (anduine), leath- (leath-dhuine), dia (duine le Dia), bocht (duine bocht) sean- (sean-duine), maith (daoine maithe), etc).
a.
+–
Duine, beirt, triúr agus rl. = comhaireamh daoine, "duine" igcomhnaí i gcás de'n tsórt seo
Níl ann ach duine = duine amháin, aon-duine amháin
TUILLEADH (8) ▼
An duine nó beirt a bhí ann
Cá'r fhága tú an duine eile? = ná fág as margadh é
Cé mhéad duine agaibh ann?
Dhá mbeadh fiche duine ann, is é an cás céadna é
Má bhí duine ann, bhí céad duine ann
Chúig dhuine dhéag a bhí ann
Deich nduine fhichead nachar mhór duit
Is fhearr duine i bpoll ná triúr ar bord (sean-fhocal) (fc. poll)
+–
Cé na daoine atá i Sasana = céard é líon daoine Shasana
An bhfuil mórán daoine igCorcaigh thar mar atá inGaillimh?
TUILLEADH (4) ▼
Cé na daoine a bhí ar cuairt ann
Tá go leor daoine in a gcomhnaí annsin
Áit é atá ar bheagán daoine anois
Is beag na daoine atá ag cur seagail chor ar bith anois
+–
Cé mhéad duine cloinne uirre (aice)?
Níl orra ach aon-duine amháin cloinne
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé taobh le duine cloinne: aon in aon-tsúil
Is iomdha duine muirín anois air, go leigidh Dia slán na daoine!
Cé mhéad duine muirín ort? Chúig leathchoróin mar sin. Buachaill!
Is furasta do'n té nach bhfuil air ach duine amháin muirín a bheith ag caint
Chuir sí duine aca = fuair duine dhá muirín bás
+–
Duine oraibh agus gan duine ar bith dhaoib! = rud adeirtear le ceann tighe a mbíonn páiste tharéis a shaoghluighthe dó
Buachaill a mh'anam! Duine oraibh agus gan duine ar bith dhaoib!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór na saothruidhthe sib. Duine oraibh agus gan duine ar bith daoib
Chuala mé go raibh ceann óg ann. Go n-eirighidh sin leo. Duine orra agus gan duine ar bith dhaob (dhíob)
+–
Chuaidh siad amach ó dhuine go duine = indiaidh a chéile; bhí an áit ro-chumhang ag beirt a dhul amach bun ar aon; nó d'imigh duine anois, agus duine faoi cheann tamaill agus rl.
Cuir thart na tuitíní sin ó dhuine go duine
TUILLEADH (11) ▼
Chuaidh sé thart leis an tobac ó dhuine go duine, nó gur líon 'chuile fhear a phíopa as
Teigheann an páipéar nuaidheacht mar sin ó dhuine go duine ar an mbaile, agus ní cheannuigheann siad ach an ceann ar a "dturn"
D'fhéach siad leis ó dhuine go duine, ach dar fiadh chinn sé ar 'chuile dhuine amháin aca
Nuair a chuala siad an méid sin, amach leo ó dhuine go duine
Bhuailfeadh sé iad ó dhuine go duine, ach an uair a chuaidh feidheall aca air, bhí sé fánach aige
Thairg sé a dtroid ó dhuine go duine
Déarfaidh an máistir linn a rádh ó dhuine go duine, agus mara bhfuil sé againn, buailfidh sé muid
Brisfidhear anois iad ó dhuine go duine
Pósfaidh a bhfuil isan teach aca anois ó dhuine go duine
Tá sé mar a theigheas an mhéanúch ó dhuine go duine (fc. méanúch)
Caithfidh sé "summons" a thabhairt daoib ó dhuine go duine. Ní dhéanfadh aon-"summons" amháin uiliog sib
+–
Chuaidh siad soir an bóthar ina nduine agus in a nduine = single file
Abair leo in a nduine agus in a nduine é. Ná h-innis dóib uilig in éindigh é
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh siad mar sin ina nduine agus in a nduine
+–
Teigidh liom duine ar an duine, má's fir sib = man for man
Is maith an rud dom duine orm, agus gan triúr a chur orm = ag troid
TUILLEADH (2) ▼
Ní ghabhfaidh air ach an duine. Déanaigidh a rogha rud anois
Shíl an triúr a dhul air, ach ní leigfeadh an dream eile air, ach an duine
·
Tá duine uainn fós = teastóchaidh duine eile le h-aghaidh déanamh na ngnaithí (obair, cleas, cluiche agus rl.)
Ní raibh uaim an uair sin, ach an duine — S. — ach ba mheasa é sin a fháil ná deichneabhar
+–
Is beag é cuid an duine dhi, nuair a bhéas sí rointe = is beag a shroichfeas do gach uile dhuine
Ní mórán é cuid an duine de'n teirgéis sin, má tá indán agus go ngabhfaidh sib ar a roint
TUILLEADH (2) ▼
Is beag é díol duine de'n cheaille sin, th'éis a mbíonn de dhúil ann
Tá dóthain duine agad
+–
Duine as an gcéad a dhéanfadh a leithide de rud. Seadh nó duine as an míle dhá n-abruighinn é
Duine sé nó seachráin adéarfadh rud de'n tsórt sin
TUILLEADH (2) ▼
Duine as an dioscán a bhfuil ceann aca sin aige (fc. dioscán)
Duine i bhfad ó chéile a labhruigheann sé chor ar bith leis
+–
Ní raibh duine ó Fhlaithis Dé ann
Ní raibh an duine féin ann; oiread agus duine ní raibh ann; oiread agus an duine féin ní raibh ann
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-duine beo ann = ní raibh duine beo ná baistighe ann
+–
Tá sí gan duine ná daonna (nó daonnaidhe) in éinfheacht léithe anois
Ní raibh duine ná daonnaidhe ann. Dheamhan é
TUILLEADH (4) ▼
An a dhul siar annsiúd in áit nach bhfuil duine ná daonnaidhe a dhéanfá?
Fan istigh. 'Ar ndú' ní bhfuighidh tú duine ná daonnaidhe romhat annsin anois
Diabhal duine ná daonnaidhe aige anois, ach é in a chadhan aonraic annsiúd
Tá sí gan duine gan deoraidhe (duine ná deoraidhe) anois (fc. deoraidhe)
+–
Tá a fhios ag 'chuile dhuine é sin
Tá 'chuile dhuine amháin aca ar an gcaoi sin
TUILLEADH (11) ▼
Tháinic duine eicínt ann trathnóna
Dubhairt duine eicínt liom go raibh rún agad imeacht
Is iomdha duine aca sin ann
Is iomdha duine ariamh ar eirigh rud de'n tsórt sin dó, agus cé'n neart a bheadh aige air
Ní thú an chéad duine ariamh a bhí mar sin. Corruigh suas thú fhéin
Nach diabhlaí an smál atá ortsa thar dhuine ar bith eile
Is gránna an rud do dhuine ar bith a bheith mar sin len a dhuine féin
Ghabhfadh sí thrídh dhuine é a fheiceál 'sa meath sin = scrúdfadh sé duine
Duine thuas agus duine thíos: sin é cúrsaí an tsaoghail a mhic ó!
Daoine: agus daoine eile nach gcuireann amach chor ar bith é (cuireann daoine amach é, agus ní chuireann tuilleadh as an gcaint a bheadh ar siubhal roimhe sin a thiocfadh a mhacsamhail de fhreagra)
"Tairg biadh do dhuine bheo, agus mar n-ithidh sé é leigeadh sé dhó"
·
'Sé Seán é — an duine céadna a mhic ó = 'sé Seán atá ann. Ní duine ar bith eile
Is mé! An duine céadna! Cé'n ghnatha atá agad díom?
b.
+–
'Sé do dhuine féin é = tá gaol agad leis, nó is duine é a chuideochas leat
'Sé do dhuine fhéin 'chuile dhuine nó go dteighidh tú ag iarraidh rud air. Mise imbannaí go mbeidh a fhios agad annsin cé hé do dhuine féin
TUILLEADH (3) ▼
Níor cheart dhuit a dhul ag coireamhaint mar sin air. Nach hé do dhuine féin é
Níl fear ar bith is measa dhuit ná do dhuine féin
Aithnigheann an donacht a dhuine féin (fc. donacht)
c.
+–
Tá aois duine aige anois, agus níl ann ach nuitín beag fós = adult's age
Níl rud ar bith is fuide a bhíos ag teacht adeir siad ná ciall an duine
TUILLEADH (5) ▼
Níl ciall duine aige siúd chor ar bith = tá díth na céille air
Níl neart duine ann chor ar bith = níl sé cho láidir agus ba cheart do dhuine a bheith
Breathnuigh air! Nach bhfuil meabhair duine agad len a thuiscint cho maith le 'chuile dhuine eile
Shílfeá nach caint duine atá aige chor ar bith ach caint lachan
Tá méid duine 'sa moncaí
d.
+–
Bheadh duine ag dul thart go deo agus ní chuirfeadh sé aon-chaidéis uirre, ach tiocfaidh duine eile annsin agus crochfaidh sé leis í
Ní fhaghann duine breith a bhéil féin igcomhnaí. Is maith an staic roint dhá shásamh
TUILLEADH (5) ▼
Ná bac le duine adéarfas rud mar sin!
Fagh thusa an duine a dhéanfas sin anois duit
Sin é adeir duine, ach déarfaidh duine eile annsin leat nach shin é an scéal é chor ar bith. 'Ar ndú' tá chuile scéal go maith nó go dteagaidh an dá scéal
Tá daoine oibrighthe faoi sin muis = cuid de na daoine
Tá daoine adéarfadh leat nach hé a rinne chor ar bith é. 'Ar ndú' diúltaigheamuide dhó!
e.
+–
Céard tá ort, a dhuine! [=] what is wrong with you now man
Ara leig dhom a dhuine!
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac leis sin a dhuine! Ní shin é chor ar bith é, ach seo
Céard sin ort a dhuine sin!
Céard deir tú a dhuine sin!
Dhá mbeadh airgead le tabhairt uaim agamsa a dhuine sin, ní shin é a gheobhfadh é.
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Is mór de do cheann atá falamh
Araoid a chur air siúd a dhuine sin! Oibrigh ort, má's maith leat, ach ní bheidh aon-phlé agamsa leis
Go gcuiridh Dia an rath ort a dhuine sin! Cá bhfuighinnse airgead?
+–
M'anam a dhuine chroidhe nach bhfuil bainne againn duinn féin ní áirighim a dhul dhá dhíol = my dear man
Is fíor dhuit é a dhuine chroidhe
TUILLEADH (2) ▼
Rinne tú an ceart a dhuine chroidhe, agus gan caismirt ar bith a chur air. An rud céadna a dhéanfainn féin
Cá bhfuigheadh muide fataí a dhuine chroidhe! D'ídigh muid a ndeireadh an tseachtain seo caithte
·
A dhuine chroidhe na páirte céard adeir tú? = my dear dear friend
A dhuine chroidhe na páirte, an dáiríre atá tú? 'Ar ndú' ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
2.
a.
+–
Is aisteach (mór, beag, trom, gránna, olc, téagarach, pislíneach agus rl.) an duine é = duine aisteach agus rl. é
Nach cantalach an duine thú!
TUILLEADH (6) ▼
Is achrannach an duine é
Níl aon-duine isan tír is bréagaighe ná í
Is beag-náireach an duine í.
Is gearrabalach an duine [é]
Ní h-olc an duine chor ar bith é, má leigtear dó fhéineacht
Is glic an duine é 'chuile dhuine aca sin
+–
Duine suarach (santach, achrannach, taghdach agus rl.) é
Duine díreach (cam, borb, oibliogáideach agus rl.) é
TUILLEADH (13) ▼
Is duine ar bheagán contanáis é
Duine ar chuid mhaith cainte é
Duine ar bheagán clabaireacht' é sin
Duine gan mhaith gan mhaoin é
Duine gan chroidhe é
Duine gan tuiscint é
Duine gan chuibheas ar bith é, agus rl.
Amhalóir de dhuine é (diabhal de dhuine, sclamhaire de dhuine, scaibhtéara de dhuine, antlachán de dhuine agus rl.)
Is duine é sin a bhainfidhear as a chleachta gan mórán achair
An daoine mar sin iad
Daoine an-bhainte-amach iad
Tá na daoine óga ag imeacht uilig = an aos óg
Bheadh aithne ag daoine meán-aosta air
+–
Cé hé an duinín seo anoir?
Duinín suarach gágach é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan duinín níos tuataighe ná P. Th.
b.
+–
Na daoine móra seo soir annseo atá dhá iarraidh (daoine móra = daoine méaduighthe, fir; ach is minic a chialluigheas sé daoine uaisle
Bhí sé ar dinnéar ag daoine móra inG. in áit eicínt
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil daoine móra annseo thoir anois?
Chuir na daoine móra fios air. Sin é do dhóthain
Tá sí isna daoine móra anois. Ní thiubharfadh sí comhluadar ar bith do dhaoine dona
An ag iarraidh a dhul 'sna daoine móra atá sé, a dhul ag déanamh a leithid de theach?
Shílfeá go bhfuil tú ag cuimilt le na daoine móra ar an saoghal seo. Chonách maitheasa ort!
Dheamhan mórán atá de bharr na ndaoine móra aige, th'éis go mbíonn sé i gcomhnaí ag smúracht timcheall orra
Beidh beann aige sin ar an duine mór i gcomhnaí, ach ní bheidh na daoine beaga ach 'sa ngearradh-dhíob aige
Níl gnatha ar bith againne a bheith ag ceartas len a leithidí sin — daoiní móra
c.
+–
Is duine uasal é = duine mór; nó de chineál daoine móra
Bhíodh duine uasal ag teacht ag iascach annseo thuas an bhliain cheana. Chaith mé cupla lá in éindigh leis
TUILLEADH (8) ▼
Níor shuidh mise ariamh ag bord duine uasail ach an oiread leat féin
Bhí bollscaire buird ag an duine uasal
Ní duine uasal é, ná píosa ar thóin duine uasail
Tá go leor daoine uaisle 'san teach mór anois
Ní comórtas ar bith do dhaoine uaisle mise. Ní h-ionann bodach agus Dia, adeir siad
De chineál daoine uaisle é
Duine uasal ó gheinealach é
"Garrdha lán de dhaoine uaisle: cultachaí dearga agus bratachaí uaithne" (Tomhais: garrdha lín)
+–
Duine uasal é anuas de lota na gcearc = duine a mbeadh a lán talmhana faoi, agus an-tsuimeamhlacht ann, ach a thiocfadh de chineál daoine dona in a dheidh sin
Is deas é mo dhuine uasal muis! Sin é féin an duine uasal anuas de lota na gcearc
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mé go raibh gairm duine uasail roimhe, go raibh sin. Diabhal aithne orra nach hé Lord A. a bhí aca ann. Mo léan an duine uasal muis! Duine uasal anuas de lota na gcearc
Sin é an duine uasal eile muis; duine uasal anuas de lota na gcearc
Tá sé an-tsuimeamhail. Is fiú dhó muis. Duine uasal anuas de lota na gcearc. Teigheadh sé siar chuig P. Sh. agus innseochaidh sé sin dó cé hé féin; agus ní ghabhfaidh sé anonn ná anall leis ach oiread
Muis ní raibh ná aon-duine dhár tháinic ar a chine ariamh in a dhuine uasal. Daoine uaisle anuas de lota na gcearc! Ach dhá ndéanadh floscaidheacht dóib é, bhí siad indon cosa beaga a chur faoi na glasógaí
Mac Sh. N. sin! Thug duine eicínt duine uasal air! Dia Dílis dhá réidhteach! Céard atá ag teacht ar an saoghal chor ar bith! Mac Sh. N. in a dhuine uasal. A Dhia agus a Chríosta! Duine uasal anuas de lota na gcearc. Sin é an duine uasal é.
+–
Is duine uasal thú nuair a luaidhtear thú = déarfaí faoi dhuine é a thiocfadh nuair a bheithí ag caint air
M'anam ó'n diabhal gur duine uasal thú nuair a luaidhtear thú bhí mé ag caint ort go díreach agus thú ag teacht faoi'n doras. Dheamhan a rabh a fhios agam an raibh tú ní ba ghoire do láthair ná do theach féin
TUILLEADH (2) ▼
'Sé do bheatha! 'Sé do bheatha a dhuine chroidhe! Is duine uasal thú nuair a luaidhtear thú! Bhí muid go díreach ag tabhairt ghubh ort annseo, faoi nachar bhog tú aniar againn le fada ariamh. Céard a choinnigh amuigh chor ar bith thú?
Diabhal gar ag caint ach is duine uasal thú nuair a luaidhtear thú. Dhá mbeadh muid ag coireamhaint ort ar chaoi ar bith chloisfeá é. Diabhal bréag nach gcloisfeá
3.
a.
+–
Tá gnaoi na ndaoine air = meas an phobail
'Sé ráidhte na ndaoine nach raibh sé ann beag ná mór: gur cionntuigheadh 'san éagcóir é mar cionntuigheadh cuid mhaith leis
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir gur mar sin a thárluigh sé, ach ní shin é scéal na ndaoine. Cuirtear a dhá oiread air i gcomhnaí
Ná bí i mbéal na ndaoine má fhéadann tú = as comhair na ndaoine; nó ná bíodh na daoine ag caint ort. Ná tabhair slí chainte dhóib
b.
+–
B'ait le na daoine ceart a fháil dhá bhféadaidís = cialluigheann sé seo go minic: b'ait linn nó liom féin nó mo mhuintir
An dúil atá agad na daoine (muid) a ghortú?
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeadh 'chuile shórt ag na daoine go dtí cathaoireachaí boga, dheamhan a mbeadh daor-bhasctha chor ar bith do na daoine (muide, an teach seo)
Meastú céard a dhéanfas na daoine chor ar bith (muide) má theagann an dlí sin amach?
Tá na daoine reicthe agad (muid)
Aireochaidh na daoine an dole (muid)
Tá na daoine caillte ag an bplúr céadna
Cuirfidh sé sin na daoine de'n tsaoghal má mhaireann dó
Caithfidh na daoine beatha a bhaint as a gcrága feasta
Ní theastóchadh ó na daoine ach a dhul amach in éindigh leis sin
Is deacair le na daoine eirghe ag an h-ocht féin, ní áirighim ag an sé a chlog
4.
+–
Deir siad nach bhfágfadh an capall an duine chor ar bith ann, marach go feicthear di go bhfuil sé cho h-árd leis an aer
Ní fhágfaidh an cogadh seo an duine chor ar bith ann, ach grásta Dé
TUILLEADH (6) ▼
Má theagann aicíd anois, giorróchaidh sí leis an duine ar fad
Is furasta cur ag an duine nuair a bhíos sé amach 'san aois
Bíonn an duine an-teann agus gan a shaoghal ach gearr
Má bhíonn fabht ar dhuine caithfidh sé fuilint leis. Sin é beith an duine
Is aisteach an breac é an duine bíodh a fhios agad
Is iomdha galra atá indán do'n duine
Duine in iontrálacha eile (50+)
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
Duine an-fhaiteach é = "timid" an míniú is fhearr air seo thríd agus thríd
Nach hí atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhla: gurb í atá friochanta, téisiúil agad!
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Is minic a bhí faitíos ar dhuine gan ábhar (leathfhocal)
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
Fainic a mbeadh aon-fhaitíos ag an gcapall sin roimh an "steam-roller". Mara bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Tá sé ag teacht in a fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Is údar faitiais é an slaghdán seo. Tá sé ag criogadh daoine
Is duine gan aon-fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire, agus caint mar sin a rá leis an sagart
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithigh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór san gclaise siúd aréir, agus is rí-fhánach a ghabhfadh ceann aca in ascar inti
+
→
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (2) ▼
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Chuir tharasbár daoine cruineacht i mbliana le hais aon-bhliain eile
→
farúch
Fadó bhíodh farúch annseo againn fútha (cruacha arúir), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois, ach a ndéanamh ar bhonn cloch
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
+
→
fearacht
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí treasna an bhéil = dalta
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
Tá sé gabhtha gléasta, fearacht's dhá mba duine uasal é
Bhí tuagh annseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh, agus níor thug sé ar ais í = ar nós an scéil a hinnsíodh goirid ó shoin (roimhe sin san gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais (is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraíthear "fearacht an scéil ar ball" mar sheóraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing", "no more than a story", ("ach an oiread le rud", "ach an oiread le scéal")
+
→
fearadh
Ba fearadh don áit seo, dhá gcuireadh sé sin siopa suas ann. Bhrisfeadh sé na cneámhairí eile seo atá ag feannadh na ndaoine
TUILLEADH (3) ▼
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh agus amhgar dhá uireasa. Ach ó a thosuigh siad dhá fháil tá cion orra, deirimse leat
Is fearadh ar an tír an "dole" seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon-nós. Céard a dhéanfaidís marach é?
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
→
fear
Fearfaidh mise do chumaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! = cúiteóidh mé do chumaoin leat; ní hé amháin go gcúiteóidh mé do chumaoin leat, ach cuirfidh mé in a cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
TUILLEADH (1) ▼
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine in a dheidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh indiaidh maith a dhéanamh ar stráinséara. Níl a fhios agad cén uair a thiocfá in a líon aríst
→
fearnóg
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iubhar agus feárnóg; díogha na ndaoine droch-bhean", agus rl.
Aimsir fhearthainne den tsórt seo b'fhearr do dhuine fanacht chois na teine, agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon-cheó ariamh de bharr breac aimsir mar seo
→
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
→
feáin
Ní raibh fí ná feáin air go bhfádh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nar thaithnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láighe ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
+
→
fiar
Ní chodlódh aon-duine beó néal in éindigh leis ar leabaidh. Sén chaoi a síneann sé é féin ar fiar = treasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is fuide uaithe sin ag a ceann
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuinntir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mara mbeadh sé te nó trom — bhí sé árdaithe leó aca. Is leitheadaí a labhaireóidís ná duine ar fónamh in a dheidh sin
+
→
fios
Is fuide leis ná fios a shaoil go n-imighe an ceann eile as an teach go dteighe sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
TUILLEADH (6) ▼
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana cho maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid aca
Cén fios atá agamsa faoi. Teirigh ag duine eicínt a mbeidh fios aige faoi = eolas
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
Níl duine ar bith is fhearr fios "lorries" ná M. Sh. G. Tá sé ar bhéal an bhóthair = lorries a bheadh ag iarraidh móna le ceannacht
Ba é T. an chéad duine a tháinig agus fios na troda aige = scéal na troda; scéala faoin troid
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire