Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dia
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha:
uimhir iolra: déithe, déitheannaí
1.
An Coimdhe, an dúileamh, Ardtiarna neamh agus talúna. Teagann Dia isteach chomh minic sin i gcaint, agus nach gair leath na leagan a shainiú anseo. Níl fút síos ach roinnt de na samplaí.
a.
+
A Dhia! (ní abraítear a Dhé)
A Dhia céard a dhéanfas mé anois?
TUILLEADH (15) ▼
A Dhia dhílis!
A Dhia na bhfeart!
A Dhia mhóir!
A Dhia mhóir na glóire!
A Dhia mhaith nach air atá an chaoi!
A Dhia atá thuas, nach é an feall é!
A Dhia láidir! Céard atá ag teacht air chor ar bith
A Dhia láidir! Nach í an aimsir í!
A Dhia na glóire nach bocht an chaoi é!
A Dhia na ngrásta!
A Dhia dá bhfónaim! (chuala mé é seo uair amháin ag seanfhear. Sin é an méid ariamh)
A Dhia na trócaire!
A Dhia mhóir agus a Mhuire!
A Dhia agus a Mháthair Bheannaithe anocht! Nach é an sladadh é!
A Dhia na ngrást agus a Mháthair Bheannaithe!
+
A Mhic Dé!
A Mhic Dé bheannaithe anocht!
TUILLEADH (4) ▼
A Mhic Dé na trócaire
A Mhic Dé na ngrásta!
A Mhic Dé a crochadh sa gcrann!
A Mhic Dé agus a Athair Síoraí!
+
Dia dhá réiteach!; Dia dílis á réiteach!; Dia mór á réiteach!; Dia dhá réiteach, agus Dia dhá réiteach aríst eile!; Dia mór na ngrást á réiteach!; Dia agus Muire dhá réiteach!; A Mhic Dé anocht á réiteach; a Dhia agus a Mhuire mhór dhá réiteach srl. — deirtear é nuair a bhíos brón, pian, múisiam srl. ar dhuine, nuair a bhíos éagóir dhá dhéanamh air, nuair nach mbíonn an saol ag féithiú leis nó a leithide. Tá sé an-choitianta i gcaint, agus deirtear le rudaí sách fánach é go minic
Dia dhá réiteach! Na beithígh sa gcoirce! — níl ann ach leathfhocal. Is cosúil go raibh na beithígh sa gcoirce ar dhuine eicínt an chéad uair, agus go ndearnadh aithris air sin. Déarfadh athchainteoir anois é nuair adéarfadh duine eile Dia dhá réiteach gan aon údar mór a bheith aige leis
TUILLEADH (1) ▼
"Dia dhá réiteach i bhfad ó bhaile: i bhfad ó Bhríd agus i bhfad ón leaba"
+
Beannacht Dé dhuit! Agus lig dom — le achainí nó iontas
Beannacht Dé dhuit agus éirigh as — as ucht Dé dhuit agus éirigh as
TUILLEADH (14) ▼
Beannacht Dé dhuit agus bíodh ciall agat — as ucht Dé ort (dhuit) agus bíodh ciall agat
Beannacht Dé dhuit! Nach simplí a shíleas tú é a bheith!
Beannacht Dé dhuit! Níl pínn rua aige, ní áirím céad punt
As ucht Dé dhuit agus fan as
As ucht Dé ort agus fan as — iarraim go dúthrachtach ort fanacht as
As ucht Dé ort ar bhuail? Má bhuail muis, beidh dlí ann
As ucht Dé ort! Níl tú dhá rá liom. Is dona a chreidim é
Ar son Dé agus éirigh dhíom
Ar son Dé, an raibh sé agaibh!
Ar son Dé ort agus éist liom!
D'iarr sé gail thobac orm ar son Dé
Tabhair dhom déirce in onóir Dé agus Mhuire
In onóir Dé agus Mhuire lig amach mé, agus ná fuiligh orm
In onóir Dé agus Mhuire na heitigh mé faoi lóistín an oíche bheannaithe atá ann!
·
Cabhair ó Dhia againn! — nuair a bheadh duine in anchaoi nó tuirseach nó i bpian. Deirtear go minic é gan mórán údair ar bith
Déanfaidh mé amárach é le cúnamh Dé (le cuidiú Dé, in aice cúnta Dé srl.)
·
Dea-scéal ó Dhia againn — dhá gcloistí dea-scéal ar bith
"Dea-scéal ó Dhia againn agus gan é a bheith fliuch, agus cuid an lae amárach go ndéana sé inniu" (leathfhocal)
+
Go dtarrthaí Dia sinn! — drochoíche, toirneach, drochscéal; caint gháirsiúil, bréaga dalba nó a leithide
Go dtarrthaí Dia sinn, céard atá tú a dhéanamh!
TUILLEADH (1) ▼
A Dhia dhá tharrtháil! Agus tá mac aige! — scéal neamhghnách, scéal nua srl.
b.
+
Chí Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst — briseadh mo chois agus d'fhulaing mé léithe dhá deasú
Chí Dia sin muis gurb in í an obair eile a dhéanfas sé sin
TUILLEADH (3) ▼
Chí Dia go bhfaca mé dhá bhualadh é
Dar Dia!
Dar Láimh Dé!
+
M'anam a Dhia agus do Mhuire — le osna srl. (fc. anam)
M'anam ag Dia murar bhuail sé isteach ar an mbéal mé — tá mé ag rá na fírinne
TUILLEADH (2) ▼
M'anam ag Dia mura bhfuil lagar orm leis an ocras
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ina bháistigh aríst
+
Tá a fhios ag Dia nach ndearna mé é (ag Mac Dé, ag Dia dílis, ag Dia mór srl.)
Tá a fhios ag Dia nach bhfaca mé chor ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios ag Mac Dé bheannaithe, a mhac, gur dhúirt sé sin
·
Oíche bhreá í moladh le Dia
Moladh go deo le Dia go bhfuil muid ar fad abuil a chéile anocht — oíche chinn bhliana
·
Mura bhfuil ag Dia maróidh sé é féin — maróidh sé é féin ach grásta Dé
·
Ná déan é sin, Dia idir sinn agus an anachain (Dia idir sinn agus an t-olc!)
c.
+
Tá Dia láidir! Ná habair é sin — nuair adéarfadh duine rud mídhóchasach
B'fhéidir go dtiocfadh biseach fós di. Tá Dia láidir!
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan bás fós air, agus ná habraíodh aon duine go bhfuil. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige
Ná teagadh drochmhisneach ort! Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige
Dheamhan is móide bás ná bascadh a d'éirigh dhó. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige
Ní bheidh na daoine bocht mar seo i gcónaí. Tá Dia láidir, agus is iomaí maith a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar na daoine
+
Tá Dia láidir ach cailltear beithígh — níl aon mhaith do dhuine a bheith ródhóchasach faoin anachain
Tá an scéal sin ceart go leor. Tá Dia láidir, ach cailltear beithígh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní hea, ach fágaim ansin í, agus tiocfaidh sí chuici féin uaithi fhéin! Dar fia muis, is groí an scéal é sin! Tá Dia láidir ach cailltear beithígh, mura dté duine rompu
Is breá an scéal atá agat: tá Dia láidir. 'Sé atá, moladh go deo leis. Ach ní hin é ina dhiaidh sin é. Cailltear beithígh a mhaisce, má tá fhéin
d.
·
Dia dhuit!; go mbeannaí Dia dhuit!; Dia dhuit fhéin — aighneas a chur ar an mbóthar ar dhuine. Tá teanntás ar an gcuid eile i Dia dhuit féin. An freagra orthu seo uileag Dia is Muire duitDia mór agus Muire dhuit amantaí
e.
·
Dia anseo!; go mbeannaí Dia (anseo)!; Dia ann!; Bail ó Dhia oraibh! Bail Dé oraibh!; Bail ó Dhia anseo!; Bail ó Dhia oraibh féin!; Bail Dé agus Mhuire oraibh! — beannú ar a theacht isteach do dhuine i dteach; tá na leagain seo uileag air. Bail ó Dhia oraibh is coitianta measaim, ach tá Dia ann go mbeannaí Dia anseo agus bail Dé anseo an-choitianta freisin. Tá teanntás thar an gcuid eile i bail ó Dhia anseoDia anseo
·
Cuirfidh mé Dia isteach romham ann ar ball — gabhfaidh mé go dtí teach agus beannóidh mé isteach ann
Breá nár chuir tú Dia isteach romhat ag teacht duit — breá nár dhúirt tú bail ó Dhia oraibh ag teacht isteach duit
f.
·
Bail ó Dhia oraibh (bail ó 'ia 'rraí); Bail Dé oraibh! — sin é adeireas duine ag dhul thar duine a bhíos ag obair, nó le bó, capall, duine, páiste srl. Deirtear bail ó Dhia ar an obair, nó bail Dé ar an obair scaití, ach is annamh é
+
Tá drochshúil aige sin! Níor chuir sé bail ó Dhia ar aon duine ariamh — duine nach mbeadh sé de ghnás aige bail ó Dhia a rá le duine a bheadh roimhe ag obair
Níor chuir sé aon bhail ó Dhia orm inniu, mura mosán atá air faoinar dúradh aréir leis
TUILLEADH (4) ▼
Is dona faoina bhail ó Dhia é! Shílfeá nach bhfuil aon chíos ar an gcaint muis!
Ní mian léithe bail ó Dhia a chur ar aon duine. Feicim ag caint faoi na gasúir ansin go minic í, agus ní chainteodh sí ar bhail ó Dhia go deo.
'Sé an rud is lú do chuile dhuine bail ó Dhia a chur ort, nó ar an rud a mbeidh sé ag caint air. Dar a shon go gcuirfinn bail ó Dhia ar chat ná ar mhadadh. Ní theastódh uaim ach é go deimhin!
Chuir mé bail ó Dhia air agus dheamhan toradh ar bith a thug sé orm
+
Ná raibh bail ó Dhia ort mar asal le ruatharúch a bheith ort! (eascainí) — níl mórán dochair inti ar an gcaoi a n-abraítear í
Ná raibh bail ó Dhia air le am a theacht!
TUILLEADH (4) ▼
Ná raibh bail ó Dhia uirthi mura beag atá le déanamh aici!
Ná raibh bail ó Dhia ort le caint a chaitheamh
Ná raibh bail ó Dhia air le gliúrach a ól!
Ná raibh bail ó Dhia murab orthu atá an macnas!
g.
·
Dia leat! — duine ag rá amhráin, nó duine ag déanamh gaisce eicínt (i mbáire, clochneart, caint srl.)
Dia go deo leat féin! (fc. deo)
+
Dia leat — déarfadh duine eile é le duine a mbainfí truisle as, nó a thitfeadh, nó a dtiocfadh rud lena anáil, nó a ligfeadh sraoth nó rud mar sin. Deirtear le beithígh nó capaill freisin é, dá mbaintí leagan astu. Tá idirdhealú sa mbéim ar an gcaint idir é féin agus Dia leat thuas (amhrán srl.)
Dia leat! Tá tú leagtha in do phleibistín
TUILLEADH (3) ▼
Dia leat! Tabhair aire dhuit féin!
Dia leat! Nach ort atá an t-uafás ag ithe
Dia leat! Fainic thú fhéin!
+
Dia agus Muire linn! — déarfadh duine é a ligfeadh sraoth, nó a dhéanfadh casacht, nó a mbainfí truisle as féin
Dia linn agus Muire a linbh! — leagadh an páiste
TUILLEADH (6) ▼
Dia linn agus Muire! Breá nach mbreathnaíonn tú romhat! Ach ní thú is measa ach an dream a d'fhága an stól i lár an bhealaigh
Dia linn agus Muire! Deiseal! Cuir aniar é (bhí cnáimh ina sheasamh ina mhuineál)
Dia linn! Shílfeá go bhfuil an slaghdán do do bhualadh
Dia linn! Tá srófairt ort!
Dia linn agus Muire! Tá an bealach sin an-achrannach
Dia linn, a linbh, agus dhá mbeadh do mháithrín féin agat déarfadh sí Dia linn agus Muire — leasmháthair a bhí ar ghasúr, agus seo é an rud adúirt sí nuair a lig an gasúr sraoth
+
Dia linn agus Muire, agus Nell Mhór thar mo cheann agus thar mo chosa!; Dia linn, agus thar mo cheann agus thar mo chosa an té is mór leis mé — dá mbaintí leagan asat, ceachtar den dá rud seo a rá: ainm duine eicínt nach dtaitneodh leat, nó a bheadh in t'aghaidh a lua
Dia linn agus Muire, agus J. Ph. thar mo cheann agus thar mo chosa
TUILLEADH (1) ▼
Dia linn agus Muire, agus bean T. Mh. thar mo cheann agus thar mo chosa! Ní bheadh sí i ndiaidh na tuairte sin orm!
+
Dia agus Muire linn, más mar sin atá sé — rud nó duine a bheadh ar dhrochstaid, nó a gcloisfí rud a éirí dhó nó dhá chuid
Dia agus Muire linn anocht agus amárach! Nach bocht an bás a fuair sé
TUILLEADH (3) ▼
Dia agus Muire linn! Tá chuile shórt ceart ach rud den tsórt sin: duine a dhul ag déanamh dubhní ar fhéin
Dia agus Muire linn! Ní beag dó a dhonacht an duine bocht. An bhfuil aon bhó eile aige ach í sin anois?
Dia linn agus Muire! Nach ciotach a d'éirigh sé dhó, spruánaí a dhéanamh dhá chois mar sin!
h.
·
"Choimrí Dé, Mhic Dara agus Mhic Duach thú" — le duine ag dul ar aistir nó a leithide, curachaí ag dul chun farraige srl.
i.
+
Go dtuga Dia biseach dó!
Biseach agus bua ó Dhia acu!
TUILLEADH (17) ▼
Go dtuga Dia fóirithint daoibh!
Go dtuga Dia dea-scéal daoibh!
Go dtuga Dia abhaile slán sibh!
Go dtuga Dia luach do shaothair duit!
Go dtuga Dia rud ar a shon duit!
Go dtuga Dia saol agus sláinte duit!
Go dtuga Dia fad saoil duit!
Go dtuga Dia saol fada le só dhuit (saol fada le séan)
Go dtuga Dia Nollaig mhaith dhaoibh
Go dtuga Dia Nollaig mhaith daoibh agus athbhliain shonaí!
Go dtuga Dia bean mhór mhaith dhuit!
Go dtuga Dia a luach dhó! — duine a dhéanfadh dea-rud, grá dia nó a leithide
Go dtuga Dia ciall duit! Ní iarrfadh sé í dhá mbeadh Éire taobh léithe — bíodh unsa céille agat, agus ná creid é sin
Go dtuga Dia slán ón mbliain muid! — déarfaí é ag ól nó ag ithe oíche nó lá chinn féile
Go dtuga Dia slán abhaile thú!
Go dtuga Dia slán ó anachain an tsaoil é, céad slán dó — fear a bheadh imithe i bhfad ó bhaile
Gheobhaidh sé saol chomh fada lena athair, agus go dtuga Dia go bhfaighe
+
Go gcuire Dia an rath ort a dheartháirín, agus gearr an géagán de chluais an asail!
Go gcuire Dia an rath ort, agus tabhair cúnamh dhom leis seo!
TUILLEADH (10) ▼
Nár chuire Dia an rath ort mar asal le caoi a bheith ort!
Nár chuire Dia an rath ar a straois mhór le rud a rá!
Nár chuire Dia an rath air agat, agus caith uait é!
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dom fhéineacht!
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort agus lig dom! — dhá mbeadh duine do do chiapadh nó a leithide
Nár chuire Dia an t-ádh air, mura gann a chuaigh an baile air lena chuid beathach a chur isteach ansin!
Nár chuire Dia an t-ádh uirthi, mura beag a bhí le déanamh aici!
Go gcuire Dia sliocht ort (nár chuire Dia sliocht ort)
Go gcuire Dia ar mo leas mé, níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh! — nuair a bheadh duine idir dhá chomhairle faoi rud a dhéanamh
Go gcuire Dia ar do leas thú a mhic ó!
·
Go gcuire Dia an t-ádh ort, an ndearna? — iontas
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Má bhí siad sin ag troid muis, ainneoin chomh mór agus a bhí siad le chéile, tá cor le theacht ar an saol!
·
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh!; go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh; go méadaí Dia cac bó agus lochán agaibh!; go méadaí Dia fataí (im, feoil srl.) agaibh! — bia a altú i dteach strainséara
Go méadaí Dia do stór — le airgead nó rud a gheofá ó dhuine
+
Go mbuanaí Dia airgead duit (coirce, fataí srl.)
Go mbuanaí Dia thú (beannacht)
TUILLEADH (2) ▼
Go mbuanaí Dia thú fhéin agus do chuid agus do dhaoine!
Nár bhuannaí Dia é!
+
Go gcoinní Dia mar sin thú! — le duine adéarfadh go raibh sé go maith, nó nach raibh sé ag ól, nó nach raibh aon tóir ar dhamhsaí aige srl.
Go gcoinní Dia uainn é — le aicíd, tinneas, cogadh srl.
TUILLEADH (3) ▼
Ní ag tabhairt gutha uirthi é (an triuch). Go gcoinní Dia uainn í!
Go gcoinní Dia os cionn do pháistí thú a bhean bhocht! — le máthair clainne
Ag Dia atá na grásta, agus go gcoinní sé muid ar fad ar dhea-staid
+
Go bhfóire (/wer′ə/) Dia orainn; go bhfóire Dia dílis orainn — le trua do dhuine eicínt a mbíonn lear nó bris nó donacht air adeirtear é
Go bhfóire Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aici
TUILLEADH (1) ▼
Go bhfóire Dia dílis ort!
·
Go ndéana Dia trócaire air! (grásta, maith, luaíocht ar a anam, srl.) — duine a bheadh básaithe
Go ndéana Dia na grásta air!
+
Go lige Dia slán na daoine! — le cúnamh a gheofaí; ag caint ar mhuiríní srl.
Is deacair di beatha a choinneáil uileag leo, go lige Dia slán na daoine
TUILLEADH (8) ▼
Ba ghearr a bhí an lorry dhá líonadh, go lige Dia slán na daoine!
Go lige Dia slán an cúnamh, is gearr a bhí an coca féir dhá dhéanamh!
Go lige Dia slán thú!; go lige Dia do shláinte dhuit! — buíochas as ucht saothair nó gar a dhéanfadh duine dhuit
Go lige Dia mór, do shaol agus do shláinte dhuit! — ag glacadh buíochais
Go lige Dia slán a mháithreach agus bean a roinnte; go lige Dia slán a mháithreach agus an cinnire — buíochas as ucht deoch bhainne
Go gcúití Dia leat é — buíochas as ucht rud a dhéanfaí dhuit
Go saolaí Dia thú a stór — buíochas as ucht rud a dhéanamh duit
Go bhfága Dia an tsláinte agat — le fear adéarfadh amhrán, a dhéanfadh dreas damhsa, a dhéanfadh obair duit srl.
+
Go raibh Dia agus Muire in do cheann!
Tá Dia agus Muire ina cheann, agus sin é a dhóthain — duine a bhí leis fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Beidh Dia agus Muire in do cheann a lao, agus sin é a dteastaíonn uait
Má bhí sí léithe féin, bhí Dia agus Muire ina ceann, agus ba in iad an chuideachta ab fhearr di
·
Go laga Dia an tsáil aici! (eascainí)
Aingeal Dé in aghaidh do ghutha, agus poll do shróine in aghaidh an tsrutha — rud adeirtear le duine a ghníos eascainí ort
+
Nár fheice Dia an fhad sin de luí bliana ort — buíochas ar shon oibre a dhéanfaí dhuit
Nár fheice Dia an t-ádh air!
TUILLEADH (3) ▼
Nár fheice Dia ina chathair thú! (an dá aspal déag atá i gcathair Mhic Dé na ngrást — as paidir bheannaithe)
Nár fheice Dia easpa ort choíchin!; nár fheice Dia folamh go héag thú! — nuair a dhéanfá gar airgid nó earraí ar dhuine eile
Nár fheice Dia tinn thú — ná raibh tú tinn!; le duine a bheadh go maith ina amhránach, nó ina dhamhsóir srl.
+
Ná raibh Dia leis an mbó mura soir léithe le fána, agus mise sna seala babhtaí ina diaidh, agus é ag cinnt orm a dhul roimpi! (sórt eascainí é) — ná raibh an séan ar an mbó; léanscrios ar an mbó mura …
Ná raibh Dia leis an asal, mura dtéann sé isteach an bhearna agus an cairrín agus a raibh ann air, agus mura n-iompaíonn sé ar an gcnocán istigh
TUILLEADH (11) ▼
Ná raibh Dia leis an lorry mura ndeachaigh sé dhá bhá, agus chaith muid an tráthnóna ag iarraidh a thabhairt as!
Ná raibh Dia leis an bhfear thiar mura dtéann sé fhéin isteach ann freisin, agus bhí mise in mo chadhan aonraic amuigh ansin
Ná raibh Dia leis anois mura bhfuair sé a dhóthain. Is fada aríst go dteaga sé feicfidh tú féin air! — rinneadh magadh nó fachnaoid faoi
Ná raibh Dia leat anois a Ph. Bh., murar thug mise do sháith go binn duit!
Ná raibh Dia leat anois a asail, mura bhfuair tú go maith é
Ná raibh Dia le madraí muise, mura bhfuair siad faoin mbalcais ar maidin uaimse é. D'oscail mé an doras gur lig mé isteach iad, agus ansin dhún mé é, agus fuair mé feac láí!
Ná raibh Dia le tobac muise, mura bhfuil na daoine ag caitheamh a ndóthain dó!
Ná raibh Dia le bádóirí anois, murar leagadh isteach chucu é! — cumadh go leor do na bádóirí
Ná raibh Dia le táilliúirí, murar buaileadh siar anseo inné iad!
Ná raibh Dia le sleádóirí, murar baineadh allas astu le cupla lá
Ná raibh Dia leis anois murar téadh an seanmhása dó
j.
+
Thug Dia chuige féin é — fuair sé bás
D'fhreagair Dia air é — d'agraigh Dia air
TUILLEADH (9) ▼
Déanfaidh Dia rud maith leis ó bhí sé féin grádiaúil
Leagann Dia láimh ar a dhuine féin — fágann sé ainimh nó easpa ar an té a bhfuil a ghnaoi air; ídíonn sé a dhíoltas ar an té is mó aige
Tá sé mar a chonaic Dia é — gan rath gan rathúnas — tá sé dólom; tá sé gan aon dul chun cinn
D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint
Dia a thug agus Dia a bhéarfas (seanfhocal) — The Lord gave and the Lord taketh away
Tabhair dhom luach pionta agus ní fheicfidh Dia folamh choíchin thú!
Mhaithfeá do Dhia gan é a fheiceáil agus an deis a bhí air — chuirfeadh sé carghas ort a fheiceáil. Bhí sé millte
Ní dhéanfaidh tú é nó go ndéana Dia Diarmaid díot (dearmad ort fc. Diarmaid)
Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis (fc. abair)
+
Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam ann — duine an-tsocair, nó duine beag éidreorach socair
Muise B. bhocht, tá sí an-réchúiseach. Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam inti ar éigean
TUILLEADH (5) ▼
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam inti, sin é an méid
Muise an frídeoirín dona, céard atá sé in ann a dhéanamh agus nach bhfuil ann ach gur chaith Dia an t-anam ann
Go deimhin féin, is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith, chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caite ann
Bheadh faitíos orm láimh ná cois a leagan air agus gan a fhios agam nach séalú idir mo dhá láimh a dhéanfadh sé. Tá an t-anam caite ann mar atá sé. Is beag leis é ar chaoi ar bith
Ní bhíonn ucht ná acht ná éagaoineadh aige. Dhá mbeadh sé seacht lá na seachtaine abuil tú, ní chloisfeá focal uaidh. Níl ann ach go bhfuil an t-anam caite ann
+
Dhá dtugadh Dia dhó triomú anois, ba mhór ab fhiú do na daoine é — dhá n-éiríodh leis triomú
Seán a theacht anois, adeir tú. Dhá dtugadh Dia dhó (faraor nach dteagann sé)
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dtugadh Dia dhó go bhfaigheadh sé an uachta sin, ba mhór ab fhiú don duine bhocht é
Thug Dia dhom go raibh mé imithe roimh an mbáistigh — d'éirigh Dia liom go raibh mé imithe roimpi
+
D'éirigh Dia liom gurb iad mo chosa a tháinig ar an talamh i dtosach — thug Dia dhom srl.
D'éirigh Dia leis go raibh sé imithe romhamsa, nó bheadh scéal aige air — bhí sé d'ádh air
TUILLEADH (2) ▼
Dhá n-éiríodh Dia liom a fháil, bheadh liom
Shín (chinn) Dia leis go ndeachaigh sé ann
+
Tá Dia go maith faoi thrócaire ach ní fhaightear bróga gan airgead — níl aon mhaith do dhuine a dhul ag iarraidh bróg ar son Dé mura mbeidh a luach aige
Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith air, agus ní bheidh sí air, chomh uain is a bheas Dia thuas
TUILLEADH (12) ▼
Má rinne sé an éagóir, tá Dia thuas i gcónaí
Bhí Dia buíoch dhó. Ba bheag an ollóid é do dhuine ná de bheathach, go ndéana Dia grásta air!
Is maith é Dia go lá agus ní fearr ná go brách (seanfhocal)
Ní ar Dhia ná ar Mhuire a bhí sé ag cuimhniú agus a dhul ag déanamh a mhacasamhail de rud
Dhá fheabhas tí Dé (ach é? Aodh? adeirtear go minic), is fhearr tí dhuine fhéin
Is gaire cabhair Dé ná an doras
Ba é cóir Dé é (leathchóir Dé srl. fc. cóir)
Ar éigean Dé a rinne mé chor ar bith é — ar ín ar éigean
Tús na breithe ag Mac Dé! — ní ceart do dhuine breith a thabhairt ar dhuine eile i dtaobh a shaoil. Fágtar é sin faoi Dhia
Fágfaidh muid faoi Dhia é, sé a bhfuil le déanamh leis é
Ní mar a chéile bodach agus Dia. (fc. bodach)
Ní hionann bodach agus Dia (fc. bodach)
+
Is maith le Dia cúnamh — d'ordaigh cinnire cúnamh
Deir tú go mbeidh fataí iontu más toil le Dia é, ach ar chuala tú ariamh é, is maith le Dia cúnamh. Bhí agat a dhul agus an spray a chur orthu
TUILLEADH (1) ▼
Bhí aige a dhul ag an aifreann ar chaoi ar bith. Is maith le Dia cúnamh
+
Mo chuid agus mo chostas ar Dhia na ngrást! (fc. costas)
Tá mo chuid ar Dhia anois — duine nach mbeadh tada aige
TUILLEADH (6) ▼
Tá t'ádh ar Dhia nó bainfidh sí siúd sodar asat!
Lig dom fhéineacht má tá do leas (t'ádh) ar Dhia (fc. leas)
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Fuair sé bás gan ola gan aithrí
Is gránna í, ní ag fáil locht ar ghnaithe Dé é
Is dona an lá é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Fuair muid a (ár) sáith fhéin den anachain, ní ag ceasacht ar Dhia é
+
Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith nach bhfuil mé ag fáil dath an mháimh — duine ag imirt chártaí
Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith le go bhfuil an imirt ag dul in m'aghaidh mar atá
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a shúil a bhí agam le chúig gheábh. Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith
+
Is iomaí duine ag Dia — daoine beaga, móra, rua, bán, olc, lách, saofa, céillí, iascairí, scuabadóirí, fir mhéaracáin agus eile
An bhfeiceann tú iad seo thíos? Ba chrua an oíche í an oíche arú aréir le sioc, agus chodail siad ansin gan folach fúthu na thartu ach an cábáinín sin. Is iomaí duine ag Dia ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
'Sé an cheird a bhí air, píosaí beaga pháipéir aige agus é ag déanamh pabhsaes astu. Is iomaí duine ag Dia chreidim
An bhfaca tú an chuairsce dhubh a bhí sa show ansin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr ina drad aici. Bhí sí chomh dubh leis an sméir. Is iomaí duine ag Dia ina dhiaidh sin
Ní iarrfadh sé choíchin ach ag rámhóireacht thart mar sin go bhfeiceadh sé céard a bheas chuile dhuine eile a dhéanamh, agus gan é ag déanamh a dhath ariamh dhó fhéin. Is iomaí duine ag Dia adeir siad, agus ní móide gur fearr beirthe é. Dhá mbeadh chuile dhuine ina Mh. T. Ch. ba chaillte an saol a bheadh ann freisin
An bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí ansin ag iarraidh fataí agus arbhar a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arbhar a bheas ansin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr bachall lena ais ansin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an nganntan ina dhiaidh sin. Chreidim gur hiomaí duine ag Dia, agus nach ionann tréathra do chuile dhuine mar adeir siad
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aon duine ó tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomaí duine ag Dia
+
Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia
Níl ag an seandream sin uileag ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-éireoidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeathach a thabharfaidís sin ag aon bhó go deo. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag báisteach mar is toil le Dia — ag báisteach go greadánta
k.
·
Is aoibhinn Dia dhuit — is méanar duit
l.
+
Is mór an tslí chun Dé é — rud maith; rud a d'fhearfadh ar na daoine, nó a thiocfadh go mór chun sochair dóibh
Tá deireadh leis an bpoitín, agus má tá fhéin, is mór an tslí chun Dé é
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhíonn cead damhsa ar bith anois san áit sin, agus mura bhfuil féin is mór an tslí chun Dé é
Is mór an tslí chun Dé é go dtáinig an bháisteach sin. Bhí chuile shórt spalptha
Is mór an tslí chun Dé an cogadh a bheith thart. B'fhéidir go bhfairsingíodh rud eicínt anois
Is mór an tslí chun Dé séipéal nua a bheith againn dúinn fhéin anseo, agus gan orainn a dhul trí mhíle isteach go R.
Is mór an tslí chun Dé an ceann céanna a bheith glanta amach as an tír ar fad. Ba bheag a thug a mbeannacht dó, ná a raibh sé acu le tabhairt dó
Ba mhór an tslí chun Dé é dhá mbeadh obair eicínt sa tír thar is a bheith anonn is anall go Sasana
m.
+
Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol — tá sé marbh ceart; tá sé marbh i gcúrsaí nádúir
Tá dasachaí imithe ó Dhia agus ón saol anois. Nach bhfuil sé ina Lá Fhéil Muire
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad marbh ó Dhia agus ón saol inniu (éanachaí lá sneachta)
Tá mé craplaithe ó Dhia agus ón saol anois agus tá sé in am sin agam arsa tusa
2.
+
Ba duine le Dia é — duine simplí neamhghusúil; duine a bheadh chomh simplí agus go mbeadh sé ina amadán; duine nach mbeadh a dhóthain céille aige, nach mbeadh aon mhéid ann, a mbeadh éalang air, a bheadh balbh srl.
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; sea sin. Níl leath a dhóthain guis ann
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach dtabharfadh sé aird ar dhaoine ar an gcaoi sin, mura bhfuil seafóid air. Duine le Dia é mo dhuine bocht
Nach simplí an duine é! Sílim gur duine le Dia é
Duine le Dia ceart é siúd. Dheamhan spré céille aige ach an oiread leis an naíonán
Níor tháinig ionga ná orlach air ó bhí sé deich mbliana d'aois. Duine le Dia é, sea sin
Tá sí caoch agus balbh an créatúr. Duine le Dia í. Tá Dia buíoch di
Tá sé baclámhach ó bhroinn. Agus dheamhan a bhfuil thairis sin de theanntás aige ar na cosa ach oiread. Go deimhin is duine le Dia é, go bhfóire Dia orainn!
Is mór an náire dhóibh a bheith ag saighdeadh faoin díthriúch (díthreabhach) bocht sin — duine le Dia mar é. Dar leat féin, ba chóir dóibh dóigh mhagaidh eicínt thairis a fháil
Duine le Dia é mo Mh. bocht. Dhá gcloistheá ag caint le sagart strainséara ansin thoir anuraidh é! Shíl an sagart go mba duine é a raibh an-bhreithiúnas ann i gcaitheamh i bhfad, ach bhraith sé sa deireadh é ina dhiaidh sin
3.
+
Tá sé sin ina dhia beag acu soir ansin — duine a mbeadh an-mheas air, agus an-ghéilleadh dhá chuid cainte
'Sé M. an dia beag atá acu uileag go léireach ansin. Níl ann ag fear acu, ach "dúirt M. é". "Dúirt M. é". Diabhal aithne orthu nach í targaireacht Cholm Cille chuile smid dhá gcaithfidh M. as a bhéal
TUILLEADH (3) ▼
Ba é de Valera an dia beag a bhí aige nó gur baineadh an dole dhe, ach mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ó shin ag ithe agus ag gearradh air. Is beag atá in ann cuid de na daoine a iontú
Níl agat dia beag a dhéanamh d'aon duine nó go mbeidh a fhios agat chuile chor dhá mbaineann leis i dtosach. Chuala tú ariamh é gan do bhreith a thabhairt ar an gcéad scéal. Agus deir siad nach mbeidh aithne agat ar aon duine nó go n-ithe tú céad salainn leis
An chéad uair a ndeachaigh mise anonn, bhí an cogadh ina neart an uair sin, agus ní raibh aon dia beag acu ach Churchill. Bhuailfidís trasna an smuit thú dhá bhfaightheá locht ar bith air. Ach an turn deiridh, diabhal mé go sílfeá go raibh a dtromlach ina aghaidh, murab é an election a rinne é
4.
·
Bóín Dé, sine Dé, tine Dia, tine Dé (Aodh? (fc. , tine, sine)

dia in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Is mór adúirt sé ariamh go ndéana Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
TUILLEADH (9) ▼
Is tú adúirt agus ní hé Dia — dhá ndéanadh duine eascainí ar dhuine eile, nó dhá dtuaradh sé mí-ádh, déarfadh an ceann eile é seo. Scaití ciallaíonn sé: man proposes; God disposes
An eascainí chéanna ort! Is tú adúirt agus ní hé Dia! Go mba túisce agat fhéin é ná againne!
Dúirt sé nach gcaithfeadh sé aon triomach an samhradh seo. 'Sé adúirt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bheas sé sin
Dúirt sí nach mbeadh duine acu sa gcomhaireamh ceann bliain ó inniu: go raibh siad tolgtha fré chéile. Ach dheamhan a fhios aici. 'Sí adúirt agus ní hé Dia
Bhí sé rá go ndéanfadh sé scioból mór eile le haghaidh coirce agus fataí agus chaon tsórt ó thuaidh den teach, ach 'sé adúirt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saol lena dhéanamh
Nár lige Dia go n-abróinn bréag
D'fhéadfá a rá gurb ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
Deir tú leis a bhí ar an bportach inniu roimh lá. A Dhia dhá tharrtháil muis! Is cor sa saol é sin
Bhuailfí tuí srathaire air deirimse leat, murach gur thug Dia dhó a bheith imithe
+
Bhí sé ag rith mar a bheadh Dia dhá rá leis — sna feire glinnte; sna seala babhtaí
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag báisteach mar a bheadh Dia dhá rá leis
Tá sé ag ól mar a bheadh Dia dhá rá leis
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rá léithe
Tháinig an mótar anoir an bóthar mar a bheadh Dia dhá rá leis
Lean sí an giorria mar a bheadh Dia dhá rá léithe
+
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
 
Is geall le smutáin an dá ghéig láimhe atá air, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
+
daba
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nár chuir sé a shúil thar a chuid inniu. Bhí a dhá shúil iontaithe ina cheann. Murach gur éirigh Dia leis an cnáimh a chur aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachta
TUILLEADH (2) ▼
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nár agraí Dia oraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag madraí agus chomh dona is atá an saol
Tá an sconmhíol atá ar an mbaile sin mar a bheadh madraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht acu sin é. Tugann M. corrdhaba dhóibh, agus tá sé ina dhia beag acu a mhic ó
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
Cá bhfuair siad an daigéad de chailín siúd. Is cumasach an bhean í bail ó Dhia uirthi.
+
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
TUILLEADH (3) ▼
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
Sin í ansin an cailín a bhfuil na daitheachaí inti. Tá poll inti agus fearsaid eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feictear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcónaí. Beidh a shliocht uirthi: ní bheidh sí ann ach feadh is mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
Bhíodh daitheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an ortha dhom, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shin, míle moladh le Dia
 
dáil
Bhí sé i ndáil le bheith tógtha ag na póilíos, nó go dtáinig an bhean anoir, agus gur iarr sí ar son Dé gan a chur isteach
 
Bhí sé ag báisteach chuile orlach chomh daingean ó mhaidin anseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon aiteall ó thosaigh sé ag an deich a chlog. Is síoraí an lá báistí é míle buíochas le Dia
+
dairt
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
TUILLEADH (2) ▼
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
+
Go dtuga Dia ciall duit a mhic ó mo chroí. Leath na nÉireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios acu Domhnach thar dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orthu
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma leis Domhnach thar dhálach má fhaigheann sé trácht ina shiopa. Sin é a bhfuil de Dhia aige sin
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht ina líon beag ná mór. Go bhfóire Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
dall 2
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
 
Tá sé ag dallacar bháistí mar a bheadh Dia dhá rá leis
+
Go bhféacha Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéana sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé chomh saor sin agat: coróin is punt. Deir siad gur thug fear as M. hocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céanna … fuair muis. Tugadh sé buíochas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
TUILLEADH (1) ▼
Séard a déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGadaí Dubh ansin. Ach oibrigh ort go bhfeice tú …
+
Tá dallán chomh mór ar an tsine aici bail ó Dhia uirthi, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní ligeann siad uathu ach streancáiníní righne
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
+
dálta
Tá an mac sách síodúil, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad is a mhair sé, go ndéana Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon duine. Mura bhfeiceadh sé ach an míol buí ar do chuid talúna d'fhéachfadh sé lena dhíbirt, faitíos go n-éireodh leat é a mharú. Sin é an sórt duine a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
+
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spíodóireacht ar Mhac Dé
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmaid díom
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
+
damhsa
Mo chuach óg ansin thú! Thug tú an damhsa ó bhuaile leat, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
TUILLEADH (1) ▼
Faoi do chois é! Nár laga Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní hiad an dream a mbíodh sé ráite leo
+
"Ach féacha gur damnaíodh leanbh na chúig mblian, a athair agus a mháthair agus é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith ag loscadh na mionnaí mór agus ag maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (4) ▼
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Ní dhamnófar a linbh. Níl againn ach a bheith ag súil le Dia
Damnú síoraí air! Bleitheach eicínt aníos as Contae an Diabhail Bhuí nach dtuigfeá aon cheo den lapaireacht atá aige ach an oiread is a thuigfeá lochán lachan, ag rá nach raibh Gaeilge ar bith ag muintir na háite seo! Mura bhfuil, chí Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaeilge atá aigesean!
Dhamnaigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuraidh. Théis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabháil linn. 'Sé a rinne an sladadh spleách, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeice tú ag sirtheoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain acu an tráth seo bhliain i gcónaí
+
dán
Ar chuala tú ariamh Dán Mhac Dé— dán diaga
TUILLEADH (8) ▼
Is furasta a aithinte ar an gceathrú sin nach bhfuil sí ag luí le dán. Níl an darna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. ansin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéana Dia maith uirthi, dhá rá. Faigh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Tá rudaí mar sin i ndán do dhuine. Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia, agus aithníonn Dia a dhuine fhéin
Sin é an bás a bhí i ndán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Más crois é a bhí i ndán duit ag Dia, chaithfeá glacadh leis
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar atá sé i ndán ag Dia dhó, agus léar mar a chuirfeas Dia fios air
Níl i ndán Sasana a bhualadh a mhic ó. Tá bua eicínt aici ó Dhia — nó ón Diabhal!
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chur fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle air sin. Níl i ndán comhairle dhó; ach oibríodh sé leis. Comhairleoidh an saol ar ball é
+
danra
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar is a chuid feamainne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorródh geanntrachaí (uatha — ding) as siúd é
TUILLEADH (4) ▼
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort! Tá iníon agamsa agus sháródh sí ceart críochnaithe thú. Tá gruaig mo chinn tite ag géaraíocht uirthi, ach b'fhearr dhom in mo chónaí, scáth a dtugann sí d'aird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphínne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nár féachadh le fír na maitheasa a chur inti, ach is cosúil nár cuireadh ina dhiaidh sin
Tá muid in ainm is a bheith ag baint chloch sa gcoiléar sin thíos, ach go bhfóire Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agat ann agus chomh danra agus atá an coiléar — na clocha dobhainte ann
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
 
Is beag duine a chonaic mé chomh daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéana Dia grásta uirthi. Chuaigh mé síos gur chuir mé ina shuí é go bhfaighinn braon fuisce lena leagan amach. Ní raibh cuntanós ar bith ann dhá bhfaca tú in aon duine ariamh, mura faoina chur ina shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bheas mé ar an saol
 
Tá an daoithiúlacht ag imeacht leis ariamh. Ó, chonaic mise a athair féin, agus ní thabharfadh sé slaidín cairr do Mh. Th. D. a raibh an carr cliste air anseo thíos. Tháinig sé isteach aige, agus d'iarr sé ar son Dé air a thabhairt dhó, agus ní thabharfadh sé saoradh ná séanadh dhó faoi. Scaoil sé amach aríst é, agus a dhá láimh chomh fada le chéile
+
daol
Ina daolannaí a bhíos pian an chancer sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faigheann duine fuarú uaithi ar an gcóir chéanna. Bíonn sí an-ghártha den tsaol. Chonaic mé B. Ph. léithe — go ndéana Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúinchomhrá thiar ar an teallach mar atá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta gharta, tháinig an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim is dhá uair an chloig as, agus chlaochmaigh sí ansin aríst. Ach ó théas an rud sin (cancer) in ainseal ar dhuine, is gearr an mhoill a fhaigheas sé ón bpian. Tagann na daolanna air chuile phointe
TUILLEADH (2) ▼
Theangmhaigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindí le mo dhuine. Sin é an cheád uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Murach (muna mbeadh) go n-airíonn sé brabach eicínt air muis, a Thiarna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé
Cén chaoi a bhfuair sé an daol sin? Bualadh soir maolabhrach go dtí tigh Th. agus fanacht ann ó bhí sé an dó a chlog go dtí an trí ar maidin. A Dhia dhá tharrtháil muis! Tá mé ag ceapadh go raibh nóta (nóta puint) sách sportha aige shula tháinig sé abhaile. Rath a cheirde air muis! Múisiam mór eicínt a cuireadh air sa mbaile le go dtug sé an tuairt sin air féin.
 
daor 2
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
 
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an trip seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín s'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shula bheas aon duine acu fhoisceacht mbeannaí Dia dhi
+
Deir siad nach bhfuil daorbhasctha de Mh. chor ar bith inniu. Is iontas sin. An té a d'fheicfeadh tráthnóna inné é, déarfadh sé nach sáródh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach ar ndóigh is gaire cabhair Dé ná an doras
TUILLEADH (1) ▼
Níl T. daorbhasctha chor ar bith murach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaití agus nach gcuimhníonn sé a dhul ag a ghnaithe chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí i ngarraí agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gortghlanadh ansin thuas anuraidh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnaigh sé an garraí ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh, níorbh fhearrde an gort é ar aon chor. Loic a raibh ann
+
Is dathúil go deo an buachaill óg é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
TUILLEADH (2) ▼
Tá culaith dhathúil ort anois, go bhfága Dia lena caitheamh thú
Sin bó dhathúil bail ó Dhia uirthi, agus tá an-úth bhainne aici i gcosúlacht
+
de
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh Dia Diarmaid dhaoinn (dhínn), ní sceithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
TUILLEADH (1) ▼
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan anseo uileag Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
+
2
Ní fhaca mé ó shin dé ná deatach air — ní fhaca mé amharc air ó shin
TUILLEADH (3) ▼
Níl dé ná deatach air ar an saol seo hé brí cá'il sé sáite. Bí siúráilte nach bhfuil sé ag dul amú ar chaoi ar bith
Ní féidir dé ná deatach a fheiceáil uirthi le seachtain murar bhailigh sí léithe aríst. Thiocfadh di
Tá sé ar an dé deiridh — ar na preaba deireanacha
 
Ní hí an dea-aithne atá agamsa ar an scólachán sin. Fhóbair sé mo chnámha a leonadh ansin thoir cheana; ach cúiteoidh mise leis é shula dté mé féin ná é féin i dtalamh, le cúnamh Dé
 
Dea-ana! Bail ó Dhia ort! Tá deireadh do chuid dea-anaí caite aríst i mbliana!
 
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhaíocht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóire Dia air ach a mbeidh sé mór
+
Dea-bhás go bhfaighe muid más é toil Dé é!
TUILLEADH (2) ▼
Go dtuga Dia dea-bhás dúinn!
Nár fhaighe mé dea-bhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air
+
Dea-bhreith ó Dhia orainn!
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga Dia dea-bhreith orainn!