Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dia
ainm-fhocal fireann
geiniúnach uathaidh:
uimhir iolraidh: déithe, déitheannaí.
1.
an Coimhde, an Dúileamh, Árd-Tiarna Neamh agus Talmhana. Teagann Dia isteach cho minic sin igcaint, agus nach goir leath na leagan a shainiú annseo. Níl fút síos ach roint de na somplaí
a.
+
A Dhia! (ní abruítear "a Dhé")
A Dhia céard a dhéanfas mé anois?
TUILLEADH (15) ▼
A Dhia dhílis!
A Dhia na bhFeart!
A Dhia mhóir!
A Dhia mhóir na Glóire!
A Dhia mhaith nach air atá an chaoi!
A Dhia atá thuas, nach hé an feall é!
A Dhia láidir! Céard atá ag tiacht air chor ar bith
A Dhia Láidir! Nach hí an aimsir í!
A Dhia na Glóire nach bocht an chaoi é!
A Dhia na nGrásta!
A Dhia dá bhfónaim (bhfúnaim)! (chuala mé é seo uair amháin ag sean-fhear. Sin é an méid ariamh)
A Dhia na trócaire!
A Dhia mhóir agus a Mhuire!
A Dhia agus a Mháthair Bheannuithe anocht! Nach hé an sladadh é!
A Dhia na nGrást agus a Mháthair Bheannuithe!
+
A Mhic Dé!
A Mhic Dé bheannuithe anocht!
TUILLEADH (4) ▼
A Mhic Dé na Trócaire
A Mhic Dé na nGrásta!
A Mhic Dé a crochadh san gcrann!
A Mhic Dé agus a Athair Síorraí!
+
Dia dhá réiteach!; Dia dílis 'á réiteach!; Dia mór 'á réiteach!; Dia dhá réiteach, agus Dia dhá réiteach aríst eile!; Dia mór na nGrást 'á réiteach!; Dia agus Muire dhá réiteach!; A mhic Dé anocht 'á réiteach; a Dhia agus a Mhuire Mhór dhá réiteach agus rl. = deirtear é nuair a bhíos brón, pian, múisiam agus rl. ar dhuine, nuair a bhíos éagóir dhá dhéanamh air, nuair nach mbíonn an saol ag féithiú leis nó a leithide. Tá sé an-choitianta i gcaint, agus deirtear le rudaí sách fánach é go minic
Dia dhá réiteach! Na beithigh 'san gcoirce! = níl ann ach leath-fhocal. Is cosúil go raibh na beithigh san gcoirce ar dhuine eicínt an chéad uair, agus go ndearnadh aithris ar sin. Déarfadh ath-chainteoir anois é, nuair adéarfadh duine eile "Dia dhá réiteach" gan aon-údar mór a bheith aige leis
TUILLEADH (1) ▼
"Dia dhá réiteach i bhfad ó bhaile: i bhfad ó Bhríd agus i bhfad ón leaba"
+
Beannacht Dé dhuit! Agus leig dom = le achuiní nó iongantas
Beannacht Dé dhuit agus eirigh as = as ucht Dé dhuit agus eirigh as
TUILLEADH (14) ▼
Beannacht Dé dhuit agus bíodh ciall agad = as ucht Dé ort (dhuit) agus bíodh ciall agad
Beannacht Dé dhuit! Nach simplí a shíleas tú é a bheith!
Beannacht Dé dhuit! Níl pínn (pinginn) ruadh aige, ní áirighim céad punt
As ucht Dé dhuit agus fan as
As ucht Dé ort agus fan as = iarraim go dúrachtach ort fanacht as
As ucht Dé ort ar bhuail? Má bhuail muis beidh dlí ann
As ucht Dé ort! Níl tú dhá rá liom. Is dona a chreidim é
Ar son Dé agus eirigh dhíom
Ar son Dé, an raibh sé agaibh!
Ar son Dé ort agus éist liom!
D'iarr sé gail thobac orm ar son Dé
Torm (tabhair dhom) déirce in onóir Dé agus Mhuire
In onóir Dé agus Mhuire leig amach mé, agus ná fuiligh orm
In onóir Dé agus Mhuire na h-eitigh mé faoi lóistín an oíche bheannaithe atá ann!
·
Cabhair ó Dhia againn! = nuair a bheadh duine in anchaoi nó tuirseach nó i bpian. Deirtear go minic é gan mórán údair ar bith
Déanfaidh mé amáireach é le cúnamh Dé (le cuidiú Dé, in aice cúnta Dé agus rl.)
·
Deá-scéal ó Dhia againn = dhá gcloistí deá-scéal ar bith
"Deá-scéal ó Dhia againn agus gan é a bheith fliuch agus cuid an lae amáireach go ndéanaidh sé inniu" (leath-fhocal)
+
Go dtáruighidh Dia sinn! = droch-oíche, tóirneach, droch-scéal; caint ghairsiúil, bréaga dalba nó a leithide
Go dtáruighidh Dia sinn céard atá tú a dhéanamh!
TUILLEADH (1) ▼
A Dhia dhá thártháil! Agus tá mac aige! = scéal neamh-ghnách, scéal nuaidhe agus rl.
b.
+
Chidh Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst = briseadh mo chois agus d'fhulainn mé léithe dhá deasú
Chidh Dia sin muis gurb shin í an obair eile a dhéanfas sé sin
TUILLEADH (3) ▼
Chidh Dia go bhfaca mé dhá bhualadh é
Dar Dia!
Dar Láimh Dé!
+
M'anam a Dhia agus do Mhuire = le osna agus rl. (feic anam)
M'anam ag Dia marar bhuail sé isteach ar an mbéal mé = tá mé ag rá na fírinne
TUILLEADH (2) ▼
M'anam ag Dia mara bhfuil lagar orm leis an ocras
M'anam ag Dia mara bhfuil sé in a bháistigh aríst
+
Tá a fhios ag Dia nach ndearna mé é (ag Mac Dé, ag Dia dílis, ag Dia mór agus rl.)
Tá a fhios ag Dia nach bhfaca mé chor ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios ag Mac Dé bheannuithe a mhac gur dhúirt sé sin
·
Oíche bhreá í moladh le Dia
Moladh go deó le Dia go bhfuil muid ar fad abuil a chéile anocht — oíche chinn bhliana
·
Mara bhfuil ag Dia maróidh sé é féin = maróidh sé [é] féin ach Grásta Dé
·
Ná déan é sin Dia idir sinn agus an anachain (Dia idir sinn agus an t-olc!)
c.
+
Tá Dia láidir! Ná h-abair é sin = nuair a déarfadh duine rud mí-dhóchasach
B'fhéidir go dtiocfadh biseach fós di. Tá Dia láidir!
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan bás fós air, agus ná h-abraíodh aonduine go bhfuil. Tá Dia láidir agus Máthair mhaith Aige
Ná teagadh droch-mhisneach ort! Tá Dia láidir agus Máthair Mhaith Aige
Dheamhan agus móide bás ná bascadh a d'eirigh dhó. Tá Dia láidir agus Máthair Mhaith Aige
Ní bheidh na daoine bocht mar seo i gcomhnaí. Tá Dia láidir agus is iomdha maith a d'fhéadfadh Sé a dhéanamh ar na daoine
+
Tá Dia láidir ach cailltear beithigh = níl aon-mhaith do dhuine a bheith ro-dhóchasach faoi'n anachain
Tá an scéal sin ceart go leor. Tá Dia láidir ach cailltear beithigh in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní h-eadh, ach fágaim annsin í, agus tiocfaidh sí chuice féin uaithe fhéin! Dar fiadh muis, is gradha an scéal é sin! Tá Dia láidir ach cailltear beithigh, mar dteighidh duine rompa
Is breagh an scéal atá agad: tá Dia láidir. 'Sé atá, moladh go deo Leis. Ach ní shin é in a dheidh sin é. Cailltear beithigh a mhaisce má tá fhéin
d.
·
Dia dhuit!; go mbeannuighidh Dia dhuit!; 'Dia dhuit fhéin = aighneas a chur ar an mbóthar ar dhuine. Tá teantás ar an gcuid eile i "Dia dhuit féin". An freagra orra seo uiliog "Dia is Muire duit" nó "Dia mór agus Muire dhuit" amantaí
e.
·
Dia annseo!; go mbeannuighidh Dia (annseo)!; Dia ann!; Bail ó Dhia oraibh! Bail Dé oraibh!; Bail ó Dhia annseo!; Bail ó Dhia oraibh féin!; Bail Dé agus Mhuire oraibh! = beannú ar a theacht isteach do dhuine idteach (tá na leagain seo uiliog air. "Bail ó Dhia oraibh" is coitianta measaim, ach tá "Dia ann" "go mbeannuighidh [Dia] annseo" agus "bail Dé annseo" an-choitianta freisin. Tá teantás thar an gcuid eile i "Bail ó Dhia annseo" nó "Dia annseo")
·
Cuirfidh mé Dia isteach rómham ann ar ball = gabhfaidh mé go dtí teach agus beannóidh mé isteach ann
Breagh nachar chuir tú Dia isteach romhat ag teacht duit = breagh nachar dhúirt tú "bail ó Dhia oraibh" ag teacht isteach duit
f.
·
Bail ó Dhia 'rraí (oraibh); (Bail ó 'ia 'rraí); Bail Dé oraibh! = sin é adeireas duine ag dhul thar duine a bhíos ag obair, nó le bó, capall, duine, páiste agus rl. Deirtear "Bail ó Dhia ar an obair", nó "Bail Dé ar an obair" scaithtí, ach is annamh é
+
Tá droch-shúil aige sin! Níor chuir sé "bail ó Dhia" ar aonduine ariamh = duine nach mbeadh sé de ghnás aige "bail ó Dhia" a rá le duine a bheadh roimhe ag obair
Níor chuir sé aon-bhail ó Dhia orm inniu, mara musán atá air faoin ar dúradh aréir leis
TUILLEADH (4) ▼
Is dona faoin a bhail ó Dhia é! Shílfeá nach bhfuil aon-chíos ar an gcaint muis!
Ní mian léithe bail ó Dhia a chur ar aonduine. Feicim ag caint faoi na gasúir annsin go minic í, agus ní chainteochadh sí ar "bhail ó Dhia" go deó.
'Sé an rud is lú do 'chuile dhuine bail ó Dhia a chur ort, nó ar an rud a mbeidh sé ag caint air. 'Dar a shon go gcuirfinn bail ó Dhia ar chut ná ar mhadadh. Ní theastóchadh uaim ach é go deimhin!
Chuir mé bail ó Dhia air agus dheamhan toradh ar bith a thug sé orm
+
Ná raibh bail ó Dhia ort mar asal le ruathrúch a bheith ort! (eascainí) = níl mórán dochair innte ar an gcaoi a n-abruítear í
Ná raibh bail ó Dhia air le am a theacht!
TUILLEADH (4) ▼
Ná raibh bail ó Dhia uirre mara beag atá le déanamh aice!
Ná raibh bail ó Dhia ort le caint a chaitheamh
Ná raibh bail ó Dhia air le gliúrach a ól!
Ná raibh bail ó Dhia marab orra atá an macnas!
g.
·
Dia leat! = duine ag rádh amhráin, nó duine ag déanamh gaisce eicínt (imbáire, cloch-neart, caint agus rl.)
Dia go deó leat féin! (fc. deó)
+
Dia leat = déarfadh duine eile é, le duine a mbainfí truisle as, nó a thuitfeadh, nó a dtiocfadh rud len a anáil, nó a leigfeadh sraoith nó rud mar sin. Deirtear le beithigh nó capaill freisin é, dá mbaintí leagan asta (tá idir-dhealú san mbéim ar an gcaint idir é féin agus "Dia leat" thuas (amhrán agus rl.))
Dia leat! Tá tú leagtha in do phleibistín
TUILLEADH (3) ▼
Dia leat! Tabhair aire dhuit féin!
Dia leat! Nach ort atá an t-uathbhás ag ithe
Dia leat! Fainic thú fhéin!
+
Dia agus Muire linn! = déarfadh duine é a leigfeadh sraoth nó a dhéanfadh casacht nó a mbainfí truisle as féin
Dia linn agus Muire a Leinbh! = leagadh an páiste
TUILLEADH (6) ▼
Dia linn agus Muire! Breagh nach mbreathnaíonn tú romhat! Ach ní thú is measa ach an dream a d'fhága an stól i lár an bhealaigh
Dia linn agus Muire! Deiseall! Cuir aniar é (bhí cnáimh in a sheasamh in a mhuineál)
Dia linn! Shílfeá go bhfuil an slaghdán do do bhualadh
Dia linn! Tá srófairt ort!
Dia linn agus Muire! Tá an bealach sin an-achrannach
Dia linn, a leinbh, agus dhá mbeadh do mháithrín féin agad déarfadh sí Dia linn agus Muire = leas-mháthair a bhí ar ghasúr, agus seo é an rud a dúirt sí nuair a leig an gasúr sraoth
+
Dia linn agus Muire agus Nell Mhór thar mo cheann agus thar mo chosa!; Dia linn agus thar mo cheann agus thar mo chosa an té is mór leis mé = dá mbaintí leagan asad ceachtar de'n dá rud seo a rá: ainm duine eicínt nach dtaithneochadh leat, nó a bheadh in t'aghaidh a luadh
Dia linn agus Muire agus J. Ph. thar mo cheann agus thar mo chosa
TUILLEADH (1) ▼
Dia linn agus Muire agus bean T. Mh. thar mo cheann agus thar mo chosa! Ní bheadh sí indiaidh na tuairte sin orm!
+
Dia agus Muire linn, má's mar sin atá sé = rud nó duine a bheadh ar dhroch-staid, nó a gcloisfí rud a eirghe dhó nó dhá chuid
Dia agus Muire linn anocht agus ambáireach! Nach bocht an bás a fuair sé
TUILLEADH (3) ▼
Dia agus Muire linn! Tá 'chuile shórt ceart ach rud de'n tsórt sin: duine a dhul ag déanamh dubh-ní ar fhéin
Dia agus Muire linn! Ní beag dó a dhonacht an duine bocht. An bhfuil aon-bhó eile aige ach í sin anois?
Dia linn agus Muire! Nach ciotach adeirigh sé dhó, sprúanaí a dhéanamh dhá chois mar sin!
h.
·
'Choimrí Dé, Mhic Dara agus Mhic Duach thú" = le duine ag dul ar aistir nó a leithide, curachaí ag dul 'un fairrge etc.
i.
+
Go dtugaidh Dia biseach dó!
Biseach agus buadh ó Dhia aca!
TUILLEADH (17) ▼
Go dtugaidh Dia fóirínt daoib!
Go dtugaidh Dia deá-scéal daoib!
Go dtugaidh Dia abhaile slán sib!
Go dtugaidh Dia luach do shaothair duit!
Go dtugaidh Dia rud ar a shon duit!
Go dtugaidh Dia saol agus sláinte duit!
Go dtugaidh Dia fad saoil duit!
Go dtugaidh Dia saol fada le só dhuit (saol fada le séan)
Go dtugaidh Dia Nodlaic mhaith dhaoib
Go dtugaidh Dia Nodlaic mhaith daoibh agus athbhliain shonaí!
Go dtugaidh Dia bean mhór mhaith dhuit!
Go dtugaidh Dia a luach dhó! = duine a dhéanfadh deá-rud, grá diadha nó a leithide
Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní iarrfadh sé í dhá mbeadh Éire taobh léithe = bíodh unsa céille agad, agus ná creid é sin
Go dtugaidh Dia slán ó'n mbliain muid! = déarfaí é ag ól nó ag ithe oíche nó lá chinn Féile
Go dtugaidh Dia slán abhaile thú!
Go dtugaidh Dia slán ó anachain an tsaoil é, céad slán dó = fear a bheadh imithe ibhfad ó bhaile
Gheobhaidh sé saol cho fada len a athair, agus go dtugaidh Dia go bhfagha
+
'Gcuiridh Dia an rath ort a dhearbhráthairín agus gearr an géagán de chluais an asail!
'Gcuiridh Dia an rath ort, agus tabhair cúnamh dhom leis seo!
TUILLEADH (10) ▼
Nár chuiridh Dia an rath ort mar asal le caoi a bheith ort!
Nar chuiridh Dia an rath ar a straois mhór le rud a rá!
Nar chuiridh Dia an rath air agad, agus caith uait é!
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort agus leig dom fhéineacht!
Go gcuire Mac Dílis Dé an t-ádh ort agus leig dom! = dhá mbeadh duine de do chiapadh nó a leithide
Nar chuiridh Dia an t-ádh air mara gann a chuaidh an baile air, len a chuid beitheach a chur isteach annsin!
Nar chuiridh Dia an t-ádh uirre, mara beag a bhí le déanamh aice!
Go gcuiridh Dia sliocht ort (nar chuiridh Dia sliocht ort)
Go gcuiridh Dia ar mo leas mé, níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh! = nuair a bheadh duine idir dhá chomhairle faoi rud a dhéanamh
Go gcuiridh Dia ar do leas thú a mhic ó!
·
'Gcuiridh Dia an t-ádh ort, an ndearna? = iongantas
'Gcuiridh Dia an t-ádh ort! Má bhí siad sin ag troid muis, aindeoin cho mór agus a bhí siad le chéile, tá cor le theacht ar an saol!
·
Go méadaighidh Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh!; go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh; go méadaighidh Dia cac bó agus lochán agaibh!; go méadaighidh Dia fataí (im, feoil etc.) agaibh! = biadh a altú i dteach strainséara
Go méadaighidh Dia do stór = le airgead nó rud a gheobhfá ó dhuine
+
Go mbuannaighidh Dia airgead duit (coirce, fataí agus rl.)
Go mbuannaighidh Dia thú (beannacht)
TUILLEADH (2) ▼
Go mbuannaighidh Dia thú fhéin agus do chuid agus do dhaoine!
Nar bhuannaighidh Dia é!
+
Go gcoinnighidh Dia mar sin thú! = le duine adéarfadh go raibh sé go maith, nó nach raibh sé ag ól, nó nach raibh aon-tóir ar dhamhsaí aige agus rl.
Go gcoinnighidh Dia uainn é = le aicíd, tinneas, cogadh agus rl.
TUILLEADH (3) ▼
Ní ag tabhairt gubha uirre é (an treoch). Go gcoinnighidh Dia uainn í!
Go gcoinnighidh Dia as cionn do pháistí thú a bhean bhocht! = le máthair cloinne
Ag Dia atá na grásta, agus go gcoinnighidh sé muid ar fad ar dheá-staid
+
Go bhfoiridh (/wer′ə/) Dia orainn; go bhfóiridh Dia orainn; go bhfoiridh Dia dílis orainn = le truaighe do dhuine eicínt a mbíonn lear nó bris nó donacht air adeirtear é
Go bhfoiridh Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aice
TUILLEADH (1) ▼
Go bhfoiridh Dia dílis ort!
·
Go ndéanaidh Dia trócaire air (grásta, maith, luaíocht ar a anam, agus rl.)! = duine a bheadh básuithe
Go ndéanaidh Dia na Grásta air!
+
Go leigidh Dia slán na daoine! = le cúnamh a gheobhfaí; ag caint ar mhuiríní agus rl.
Is deacair di beatha a choinneál uiliog leo go leigidh Dia slán na daoine
TUILLEADH (8) ▼
Ba ghearr a bhí an "lorry" dhá líonadh go leigidh Dia slán na daoine!
Go leigidh Dia slán an cúnamh, is gearr a bhí an coca féir dhá dhéanamh!
Go leigidh Dia slán thú!; go leigidh Dia do shláinte dhuit! = buíochas as ucht saothair nó gar a dhéanfadh duine dhuit
Go leige Dia mór do shaol agus do shlainte dhuit! = ag glacadh buíochais
Go leigidh Dia slán a mháithreach agus bean a roínte; go leigidh Dia slán a mháithreach agus an cinnire = buíochas as ucht deoch bhainne
Go gcúitighidh Dia leat é = buíochas as ucht rud a dhéanfaí dhuit
Go saoluighidh Dia thú a stór = buíochas as ucht rud a dhéanamh duit
Go bhfágaidh Dia an tsláinte agad = le fear adéarfadh amhrán, a dhéanfadh dreas damhsa, a dhéanfadh obair duit agus rl.
+
Go raibh Dia agus Muire in do cheann!
Tá Dia agus Muire in a cheann, agus sin é a dhóthain = duine a bhí leis fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Beidh Dia agus Muire in do cheann a laoigh, agus sin é a dtastaíonn uait
Má bhí sí léithe féin, bhí Dia agus Muire in a ceann, agus ba shin iad an chuideachta ab fhearr di
·
Go lagaidh Dia an tsail aice! (eascainí)
Aingeal Dé in aghaidh do ghotha, agus poll do shróine in aghaidh an tsrotha = rud adeirtear le duine a ghníos eascainí ort
+
Nár fheicidh Dia an fhad sin de luighe bliana ort = buíochas ar shon oibre a dhéanfaí dhuit
Nar fheicidh Dia an t-ádh air!
TUILLEADH (3) ▼
Nár fheicidh Dia in A chathair thú! ("an dá asbal déag atá i gcathair Mhic Dé na nGrást" — as paidir bheannuithe)
Nar fheicidh Dia easbaidh ort choíchin!; nar fheicidh Dia falamh go h-éag thú! = nuair a dhéanfá gar airgid nó earradha ar dhuine eile
Nar fheicidh Dia tínn thú = ná raibh tú tínn!; le duine a bheadh go maith in a amhránach, nó in a dhaimhseoir agus rl.
+
Ná raibh Dia leis an mbó mara soir léithe le fánaidh, agus mise sna seala babhtaí in a diaidh, agus é ag cínnt orm a dhul roímpe! (sórt eascainí é) = ná raibh an séan ar an mbó; léanscrios ar an mbó mara …
Ná raibh Dia leis an asal, mara dteigheann sé isteach an bhearna agus an cairrín agus a raibh ann air, agus mara n-iompaíonn sé ar an gcnocán istigh
TUILLEADH (11) ▼
Ná raibh Dia leis an "lorry" mara ndeachaidh sé dhá bhá, agus chaith muid an trathnóna ag iarraidh a thabhairt as!
Ná raibh Dia leis an bhfear thiar mara dteigheann sé fhéin isteach ann freisin, agus bhí mise in mo chadhan aonraic amuigh annsin
Ná raibh Dia leis anois mara bhfuair sé a dhóthain. Is fada aríst go dteagaidh sé feicfidh tú féin air! = rinneadh magadh nó fachnaoid faoi
Ná raibh Dia leat anois a Ph. Bh., marar thug mise do shá go bínn duit!
Ná raibh Dia leat anois a asail, mara bhfuair tú go maith é
Ná raibh Dia le mádraí muise mara bhfuair siad faoin mbalcais ar maidin uaimse é. D'oscail mé an doras gur leig mé isteach iad, agus annsin dhúin mé é, agus fuair mé feac láidhe!
Ná raibh Dia le tobac muise, mara bhfuil na daoine ag caitheamh a ndóthain dó!
Ná raibh Dia le bádóirí anois, marar leagadh isteach chuca é! = cumadh go leor do na bádóirí
Ná raibh Dia le táilliúirí, marar buaileadh siar annseo indé iad!
Ná raibh Dia le sleádóirí, marar baineadh allas asta le cupla lá
Ná raibh Dia leis anois marar téitheadh an sean-mhása dó
j.
+
Thug Dia Chuige Féin é = fuair sé bás
D'fhreagair Dia air é = d'ágraigh Dia air
TUILLEADH (9) ▼
Déanfaidh Dia rud maith leis ó a bhí sé féin grá diaúil
Leagann Dia láimh ar A dhuine Féin = fágann sé ainimh nó easbaidh ar an té a bhfuil A ghnaoi air; ídíonn sé A dhíoltas ar an té is mó Aige
Tá sé mar a chonnaic Dia é — gan rath gan rathamhnas = tá sé dólom; tá sé gan aon-dul chun cinn
D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
Dia a thug agus Dia a bhéarfas (sean-fhocal) = "The Lord Gave and the Lord taketh away"
Torm (tabhair dhom) luach pionta agus ní fheicfidh Dia falamh choíchin thú!
Mhaithfeá do Dhia gan é a fheiceál agus an deis a bhí air = chuirfeadh sé carghas ort a fheiceál. Bhí sé millte
Ní dhéanfaidh tú é nó go ndéanaidh Dia Diarmuid díot (dearmad ort). (fc. Diarmaid)
Tháinic sé mara bheadh Dia dhá rá leis (fc. deir)
+
Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam ann = duine an-tsocair, nó duine beag éidtreoireach socair
Muise B. bhocht, tá sí an-réchúiseach. Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam innte ar éigin
TUILLEADH (5) ▼
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam innte sin é an méid
Muise an frídeóirín dona, céard atá sé indon a dhéanamh, agus nach bhfuil ann ach gur chaith Dia an t-anam ann
Go deimhin féin is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caithte ann
Bheadh faitíos orm láimh ná cois a leagan air agus gan a fhios agam nach séalú idir mo dhá láimh a dhéanfadh sé. Tá an t-anam caite ann mar atá sé. Is beag leis é ar chaoi ar bith
Ní bhíonn ucht ná acht ná éagaoine aige. Dhá mbeadh sé seacht lá na seachtaine abuil tú, ní chloisfeá focal uaidh. Níl ann ach go bhfuil an t-anam caite ann
+
Dhá dtugadh Dia dhó triomú anois, ba mhór ab fhiú do na daoine é = dhá n-eiríodh leis triomú
Seán a theacht anois, adeir tú. Dhá dtugadh Dia dhó (faraor nach dteagann sé)
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dtugadh Dia dhó go bhfuigheadh sé an úachta sin, ba mhór ab fhiú do'n duine bhocht é
Thug Dia dhom go raibh mé imithe roimh an mbáistigh = d'eirigh Dia liom go raibh mé imithe roimpe
+
D'eirigh Dia liom gurb iad mo chosa a tháinic ar an talamh i dtosach = thug Dia dhom agus rl.
D'eirigh Dia leis go raibh sé imithe rómhamsa, nó bheadh scéal aige air = bhí sé d'ádh air
TUILLEADH (2) ▼
Dhá n-eiríodh Dia liom a fháil, bheadh liom
Shín (chinn) Dia leis go ndeachaidh sé ann
+
Tá Dia go maith faoi thrócaire ach ní fhaightear bróga gan airgead = níl aon-mhaith do dhuine a dhul ag iarraidh bróg ar son Dé, mara mbeidh a luach aige
Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith air agus ní bheidh sí air cho uain agus a bhéas Dia thuas
TUILLEADH (12) ▼
Má rinne sé an éagóir tá Dia thuas i gcomhnaí
Bhí Dia buíoch dhó. Ba bheag an ollóid é do dhuine ná de bheitheach 'ndéanaidh Dia grásta air!
Is maith é Dia go lá agus ní feárr ná go bráth (sean-fhocal)
Ní ar Dhia ná ar Mhuire a bhí sé ag cuimhniú agus a dhul ag déanamh a mhacsamhail de rud
Dhá fheabhas tí Dé (ach é? Aedh? adeirtear go minic) is fhearr tí dhuine fhéin
Is goire cabhair Dé ná an doras
Ba é cóir Dé é (leath-chóir Dé agus rl. fc. cóir)
Ar éigin Dé a rinne mé chor ar bith é = ar ín ar éigin
Tús na breithe ag mac Dé! = ní ceart do dhuine breith a thabhairt ar dhuine eile idtaobh a shaoil. Fágtar é sin faoi Dhia
Fágfamaid faoi Dhia é, sé a bhfuil le déanamh leis é
Ní mar a chéile bodach agus Dia. (fc. bodach)
Ní h-ionann bodach agus Dia (fc. bodach)
+
Is maith le Dia cúnamh = d'ordaigh cinnire cúnamh
Deir tú go mbeidh fataí ionta má's toil le Dia é, ach ar chuala tú ariamh é, is maith le Dia cúnamh. Bhí agad a dhul agus an "spray" a chur orra
TUILLEADH (1) ▼
Bhí aige a dhul ag an Aifreann ar chaoi ar bith. Is maith le Dia cúnamh
+
Mo chuid agus mo chostas ar Dhia na ngrást! (fc. costas)
Tá mo chuid ar Dhia anois = duine nach mbeadh tada aige
TUILLEADH (6) ▼
Tá t'ádh ar Dhia nó bainfidh sí siúd saghdar asad!
Leig dom fhéineacht má tá do leas (t'ádh) ar Dhia (fc. leas)
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Fuair sé bás gan ola gan aithrí
Is gránna í, ní ag fáil locht ar ghnatha Dé é
Is dona an lá é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Fuair muid a' (ar) sáith fhéin de'n anachain ní ag ceasacht ar Dhia é
+
Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith, nach bhfuil mé ag fáil dath an mháimh = duine ag imirt chártaí
Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith le go bhfuil an imirt ag dul in m'aghaidh mar tá
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a shúil a bhí agam le chúig gheábh. Céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith
+
Is iomdha duine ag Dia = daoine beaga móra, ruadha, bán, olc, lách, saofa, céillí, iascairí, scuabadóirí fir mhéaracáin agus eile
An bhfeiceann tú iad seo thíos? Ba chruadh an oíche í an oíche arú aréir le sioc, agus chodail siad annsin gan falach fútha na tharta ach an cábáinín sin. Is iomdha duine ag Dia in a dheidh sin
TUILLEADH (5) ▼
'Sé'n cheird a bhí air píosaí beaga pháipéir aige agus é ag déanamh pabhsaes asta. Is iomdha duine ag Dia chreidim
An bhfaca tú an chuaisce dhubh a bhí san "show" annsin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr in a drad aice. Bhí sí cho dubh leis an sméir. Is iomdha duine ag Dia ina dheidh sin
Ní iarrfadh sé choíchin ach ag rámhóireacht thart mar sin go bhfeiceadh sé céard a bhéas 'chuile dhuine eile a dhéanamh, agus gan é ag déanamh a dhath ariamh dhó fhéin. Is iomdha duine ag Dia adeir siad, agus ní móide gur fearr beirthe é. Dhá mbeadh 'chuile dhuine in a Mh. T. Ch. ba chaillte an saol a bheadh ann freisin
'Bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí annsin ag iarraidh fataí agus arúr a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arúr a bhéas annsin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr-bachall len ais annsin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an ngántann in a dheidh sin. Chreidim gur h-iomdha duine ag Dia, agus nach h-ionann tréartha do 'chuile dhuine mar deir siad
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aonduine ó a tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomdha duine ag Dia
+
Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia
Níl ag an sean-dream sin uiliog ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-eireóidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeitheach a thiúrfaidís sin ag aon-bhó go deó. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag báisteach mar is toil le Dia = ag báisteach go griodánta
k.
·
Is aoibhinn Dia dhuit = is miniar duit
l.
+
Is mór an tslí 'un Dé é = rud maith; rud a d'fhearfadh ar na daoine, nó a thiocfadh go mór 'un sochair dóibh
Tá deireadh leis an bpoitín, agus má tá fhéin is mór an tslí 'un Dé é
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhíonn cead damhsa ar bith anois san áit sin, agus mara bhfuil féin is mór an tslí 'un Dé é
Is mór an tslí 'un Dé é go dtáinic an bháisteach sin. Bhí 'chuile shórt spalptha
Is mór an tslí 'un Dé an cogadh a bheith thart. B'fhéidir go bhfairsingíodh rud eicínt anois
Is mór an tslí 'un Dé séipéal nua a bheith againn duinn fhéin annseo, agus gan orainn a dhul trí mhíle isteach go R.
Is mór an tslí 'un Dé an ceann céanna a bheith glanta amach as an tír ar fad. Ba bheag a thug a mbeannacht dó, ná a raibh sé aca le tabhairt dó
Ba mhór an tslí 'un Dé é, dhá mbeadh obair eicínt san tír thar agus a bheith anonn agus anall go Sasana
m.
+
Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol = tá sé marbh ceart; tá sé marbh i gcúrsaí nádúir
Tá dasachaí imithe ó Dhia agus ó'n saol anois. Nach bhfuil sé in a lá Fheil Muire
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad marbh ó Dhia agus ón saol inniu (éanachaí lá sneachta)
Tá mé craiplithe ó Dhia agus ó'n saol anois agus tá sé in am sin agam arsa tusa
2.
+
Ba duine le Dia é = duine simplí neamhghusúil; duine a bheadh cho simplí agus go mbeadh sé ina amadán; duine nach mbeadh a dhóthain céille aige, nach mbeadh aon-mhéid ann, a mbeadh éalann air, a bheadh balbh agus rl.
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; 'seadh sin. Níl leath a dhóthain guis ann
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach dtiúrfadh sé áird ar dhaoine ar an gcaoi sin, mara bhfuil seafóid air. Duine le Dia é mo dhuine bocht
Nach simplí an duine é! Sílim gur duine le Dia é
Duine le Dia ceart é siúd. Dheamhan spré céille aige ach an oiread leis an naoineán
Níor tháinic ionga ná orlach air ó a bhí sé deich mbliana d'aois. Duine le Dia é, 'seadh sin
Tá sí caoch agus balbh an créatúr. Duine le Dia í. Tá Dia buíoch di
Tá sé bac-lámhach ó bhruínn. Agus dheamhan a bhfuil thairis sin de theantás aige ar na cosa ach oiread. Go deimhin is duine le Dia é, go bhfoiridh Dia orainn!
Is mór an náire dhóib a bheith ag saghdadh faoin díriúch (díthreabhach) bocht sin — duine le Dia mar é. Dar leat féin ba chóir dóibh dóigh-mhagaidh eicínt thairis a fháil
Duine le Dia é mo Mh. bocht. Dhá gcloistheá ag caint le sagart strainséara annsin thoir anuiridh é! Shíl an sagart go mba duine é a raibh an-bhreithiúnas ann i gcaitheamh i bhfad, ach bhrath sé 'san deireadh é in a dheidh sin
3.
+
Tá sé sin in a dhia beag aca soir annsin = duine a mbeadh an-mheas air, agus an-ghéilleadh dhá chuid cainte
'Sé M. an dia beag atá aca uiliog go léireach annsin. Níl ann ag fear aca, ach "dúirt M. é." "Dúirt M. é." Diabhal aithne orra nach h-í targaireacht Cholm Cille 'chuile smid dhá gcaithfidh M. as a bhéal
TUILLEADH (3) ▼
Ba é Debhelera an dia beag a bhí aige nó gur baineadh an "dole" dhe, ach mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ó shoin ag ithe agus ag gearradh air. Is beag atá indon cuid de na daoine a ionntú
Níl agad dia beag a dhéanamh d'aonduine nó go mbeidh a fhios agad 'chuile chor dhá mbaineann leis i dtosach. Chuala tú ariamh é gan do bhreith a thabhairt ar an gcéad scéal. Agus deir siad nach mbeidh aithne agad ar aonduine nó go n-ithidh tú céad salainn leis
An chéad-uair a ndeachaidh mise anonn, bhí an cogadh in a neart an uair sin, agus ní raibh aon-dia beag aca ach Churchill. Bhuailfidís treasna an smuit thú dhá bhfuightheá locht ar bith air. Ach an "turn" deireadh, diabhal mé go sílfeá go raibh a dtromlach in a aghaidh marab é an "election" a rinne é
4.
·
Bóín Dé, sine Dé, teine Diadha, teine Dé (Aodh?). (fc. , teine, sine)

Dia in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Is mór adubhairt sé ariamh go ndéanaidh Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
TUILLEADH (9) ▼
Is tú adubhairt agus ní hé Dia = dhá ndéanadh duine eascainí ar dhuine eile, nó dhá dtuaradh sé míádh, déarfadh an ceann eile é seo. Scaithtí cialluigheann sé: "Man proposes; God disposes."
An eascainí chéadna ort! Is tú adubhairt agus ní hé Dia! Go mba túisce agad fhéin é ná againne!
Dubhairt sé nach gcaithfeadh sé aon-triomach an samhradh seo. 'Sé adubhairt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bhéas sé sin
Dubhairt sí nach mbeadh duine aca san gcomhaireamh ceann bliain ó indiu: go raibh siad tolgtha fré chéile. Ach dheamhan a fhios aice. 'Sí adubhairt agus ní hé Dia
Bhí sé rádh go ndéanfadh sé scioból mór eile le h-aghaidh coirce agus fataí agus 'chaon tsórt ó thuaidh de'n teach, ach 'sé adubhairt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saoghal lena dhéanamh
Nar leigidh Dia go n-abróchainn bréag
D'fhéadfá a rádh gurb' ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
Deir tú leis a bhí ar an bportach indiu roimh lá. A Dhia dhá thárrtháil muis! Is cor 'san saoghal é sin
Bhuailfí tuighe srathaire air deirimse leat, marach gur thug Dia dhó a bheith imighthe
+
Bhí sé ag rith mar bheadh Dia dhá rádh leis = is na feire glinte; is na seala babhtaí
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag báisteach mar a bheadh Dia dhá rádh leis
Tá sé ag ól mar a bheadh Dia dhá rádh leis
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rádh léithe
Tháinic an mótar anoir an bóthar mar a bheadh Dia dhá rádh leis
Lean sí an girrfhiadh mar bheadh Dia dhá rádh léithe
+
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
 
Is geall le smutáin an dá ghéig láimhe atá air, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
+
daba
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nachar chuir sé a shúil thar a chuid indiu. Bhí a dhá shúil ionntuighthe ina cheann. Marach gur eirigh Dia leis an cnáimh a chuir aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachttha
TUILLEADH (2) ▼
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nar agruighidh Dia orraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag mádraí agus cho dona agus atá an saoghal
Tá an scoin-mhíol atá ar an mbaile sin mar bheadh mádraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht aca sin é. Tugann M. corr-dhaba dhóib, agus tá sé ina dhia beag aca a mhic ó
 
Cá bhfuair siad an daigéad de chailín siúd. Is cumasach an bhean í bail ó Dhia uirre.
+
daigh
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an doigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imigheadh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheireadh. Chothuigheadh sí i gcomhnaí é
TUILLEADH (3) ▼
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
Sin í annsin an cailín a bhfuil na doigheachaí innte. Tá poll innte agus fearsad eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feicthear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcomhnaí. Beidh a shliocht uirre: ní bheidh sí ann ach feadh's mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
Bhíodh doigheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an artha dhom, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shoin, míle moladh le Dia
 
dáil
Bhí sé indáil le bheith tóigthe ag na póilíos, nó go dtáinic an bhean anoir, agus gur iarr sí ar son Dé gan a chur isteach
 
Bhí sé ag báisteach 'chuile orlach cho daingean ó mhaidin annseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon-aithdeal ó thosuigh sé ag an deich a chlog. Is síorruidhe an lá báistighe é míle buidheachas le Dia
+
dairt
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
TUILLEADH (2) ▼
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
+
Go dtugaidh Dia ciall duit a mhic ó mo chroidhe. Leath na n-Éireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios aca Domhnach thar Dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orra
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma leis Domhnach thar Dhálach má fhághann sé trácht in a shiopa. Sin é a bhfuil de Dhia aige sin
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht in a líon beag ná mór. Go bhfoiridh Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
dall 2
Ní raibh aon-ghoir agamsa tada a rádh. Bhí mise dall críochnuighthe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó Fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
 
Tá sé ag dallacar bháistighe mar a bheadh Dia dhá rádh leis
+
Go bhféachaidh Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéanaidh sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé cho saor sin agad: coróin agus punt. Deir siad gur thug fear as M. h-ocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céadna … fuair muis. Tugadh sé buidheachas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
TUILLEADH (1) ▼
'Séard déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGaduidhe dubh annsin. Ach oibrigh ort go bhfeicidh tú …
+
Tá dallán cho mór ar an tsine aice bail ó Dhia uirre, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní leigeann siad uatha ach strioncáiníní roighne (streancáiníní)
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bean as C. annsin thoir san gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirre: "go deimhin a dhuine chóir" adeir sí, "tá sé sin cho glan orm leis an sagart. Ní dheachaidh a shlat ní ba ghoire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort." Spréach an giúistís. Fhobair gur b'ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chionntaigh léithe
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartuidheacht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agad go raibh an oíche thar druim aréir 'nuair a chuaidh mise a chodladh … bó a bhfuil a h-aimsir caithte agus shílfeá go raibh an-chosamhlacht uirre in am-suipéir aréir. Bhí na grianáin "sleaiceáilte" (slackáilte) aice, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
+
dálta
Tá an mac sáthach síodamhail, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad agus a mhair sé, go ndéanaidh Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon-duine. Mara bhfeiceadh sé ach an míol buidhe ar do chuid talmhana d'fhéachfadh sé len a dhíbirt, faitíos go n-eireochadh leat é a mharbhú. Sin é an sórt duine a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir se'aghainne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
+
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spiadóireacht ar Mhac Dé
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé sin damanta má damnuigheadh aon-duine ariamh — ach diúltaigheamuide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéanaidh Dia grásta air!
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an ghiodáinín talmhana sin do na dílleachtaí bochta. Déarfá go mbadh bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi.
+
damhsa
Mo chuach óg annsin thú! Thug tú an damhsa ó bhuaile leat, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
TUILLEADH (1) ▼
Faoi do chois é! Nar lagaidh Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní h-iad an dream a mbíodh sé ráidhte leo
+
"Ach feacha gur damnuigheadh leanbh na chúig mblian, 'athair a's a mháthair a's é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith 'loscadh na mionnaí mór a's a' maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (4) ▼
Aingeal geal ins na Flaithis a bhí ins an Diabhal — diúltaigheamuide dhó — idtosach. Ach damnuigheadh é faoi rádh agus go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Ní dhamnóchtar a leinbh. Níl againn ach a bheith ag súil le Dia
Damnú síorruidhe air! Bleitheach eicínt aníos as conndae an Diabhail Bhuidhe, nach dtuigfeá aon-cheo de'n lapaireacht atá aige, ach an oiread agus a thuigfeá lochán lachan, ag rádh nach raibh Gaedhilge ar bith ag muíntir na h-áite seo! Mara bhfuil, chidh Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaedhilge atá aige-san!
Dhamnuigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuiridh. Th'éis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabhail linn. 'Sé a rinne an sladadh spleádhach, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeicidh tú ag sireoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain aca an tráth seo 'bhliain i gcomhnaí
+
dán
Ar chuala tú ariamh "Dán Mhac Dé" = dán diadha
TUILLEADH (8) ▼
Is furasta aithinte ar an gceathramhadh sin nach bhfuil sí ag luighe le dán. Níl an dárna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. annsin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéanaidh Dia maith uirre, dhá rádh. Fagh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
Is diabhlaí a chruthuigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil fhios cé hé féin? Is mioniar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaoghal. Níl againn a rádh ach go ndéanaidh Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Tá rudaí mar sin indán do dhuine. Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia, agus aithnigheann Dia A dhuine Fhéin
Sin é an bás a bhí indán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Má's crois é a bhí indán duit ag Dia chaithfeá glacadh leis
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar tá sé indán ag Dia dhó, agus léar mar chuirfeas Dia fios air
Níl indán Sasana a bhualadh a mhic ó. Tá buadh eicínt aice ó Dhia — nó ó'n Diabhal!
'GCuiridh Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chuir fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle airsin. Níl indán comhairle dhó; ach oibrigheadh sé leis. Comhairleochaidh an saoghal ar ball é
+
danra
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
TUILLEADH (4) ▼
Go gcuiridh Dia dílis an t-ádh ort! Tá inghean agamsa agus sháróchadh sí ceart críochnuighthe thú. Tá gruaig mo chinn tuithte ag géaruidheacht uirre, ach b'fhearr dhom in mo chomhnuí, scáth a dtugann sí d'áird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphighne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nar féachadh le fír na maitheasa a chur innte ach is cosamhail nachar cuireadh in a dheidh sin
Tá muid in ainm agus a bheith ag baint chloch ins an gcoiléar sin thíos, ach go bhfoiridh Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agad ann agus cho dan(d)ra agus atá an coiléar. = na clocha do-bhainte ann
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
 
Is beag duine a chonnaic mé cho daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéanaidh Dia grásta uirre. Chuaigh mé síos gur chuir mé in a shuí é go bhfaghainn braon fuisce len a leagan amach. Ní raibh cúntanás ar bith ann dhá bhfaca tú in aonduine ariamh, mara faoin a chur in a shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shoin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bhéas mé ar an saol
 
Tá an daoitheamhlacht ag imeacht leis ariamh. Ó, chonnaic mise a athair féin, agus ní thiubharfadh sé slaidín cairr do Mh. Th. D. a raibh an carr cliste air annseo thíos. Tháinic sé isteach aige, agus d'iarr sé ar son Dé air a thabhairt dhó, agus ní thiubharfadh sé saoradh ná séanadh dhó faoi. Scaoil sé amach aríst é, agus a dhá láimh cho fada le chéile
+
daol
In a daolannaí a bhíos pian an chancair sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faghann duine fuarú uaithe ar an gcóir chéadna. Bíonn sí an-ghártha de'n tsaoghal. Chonnaic mé B. Ph. léithe — go ndéanaidh Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúin-chomhrádh thiar ar an teallach mar tá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta an gharta tháinic an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim agus dhá uair an chluig as, agus chlaochmuigh sí annsin aríst. Ach ó theigheas an rud sin (cancar) in ainsil ar dhuine is gearr an mhoill a fhaghas sé ó'n bpian. Tagann na daolanna air 'chuile phuinte
TUILLEADH (2) ▼
Theangmhuigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindigh le mo dhuine. Sin é an chéad uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Marach (muna mbeadh) go n-airigheann sé brabach eicínt air muis, a Thighearna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé.
Cé'n chaoi a bhfuair sé an daol sin? Bualadh soir maolfhabharthach go dtí tigh Th. agus fanacht ann ó bhí sé an dó a chlog go dtí an trí ar maidin. A Dhia dhá thárrtháil muis! Tá mé ag ceapadh go raibh núta (nóta puint) sáthach spartha aige shul 'á tháinig sé abhaile. Rath a cheirde air muis! Múisiam mór eicínt a cuireadh air ins an mbaile le go dtug sé an tuairt sin air féin.
 
daor 2
Daoradh é ach dubhairt siad go raibh saobhchan céille air, agus cuibhrigheadh é. Dheamhan steamar eile ad'eirigh dhó, th'éis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhréith(imh), bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rádh nach mórán scruball a bheadh orm faoin a dhaoradh. D'ordóchainn tuagh an bhéil mhóir a fháil — an tuagh a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion-mullóg dhó (dhe) a fhágáil indiaidh a chéile leis an tuaigh … Dar a shon go n-agróchadh Dia orm é ach an oiread agus a d'ágruigh Sé airsean é.
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
 
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
+
Deir siad nach bhfuil daor-bhasctha de Mh. chor ar bith indiu. Is iongantas sin. An té a d'fheicfeadh trathnóna indé é, déarfad sé nach sáróchadh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach 'ar ndú (ndóigh) is goire cabhair Dé ná an dorus
TUILLEADH (1) ▼
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
+
Is dathamhail go deo an buachaill óg é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
TUILLEADH (2) ▼
Tá culaith dhathamhail ort anois, go bhfágaidh Dia len a caitheamh thú
Sin bó dhathamhail bail ó Dhia uirre, agus tá an-úgh bhainne aice i gcosamhlacht
+
de
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh dia diarmuid dhaoinn (dhínn) ní scéithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
TUILLEADH (1) ▼
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan annseo uiliog Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
+
2
Ní fhaca mé ó shoin dé ná deatach air = ní fhaca mé amharc air ó shoin
TUILLEADH (3) ▼
Níl dé ná deatach air ar an saol seo hébrí cá'il sé sáithte. Bí siúráilte nach bhfuil sé ag dul amú ar chaoi ar bith
Ní féidir dé ná deatach a fheiceál uirre le seachtain marar bhailigh sí léithe aríst. Thiocfadh di.
Tá sé ar an dé deireadh = ar na preaba deireannacha
 
Ní hí an dea aithne atá agamsa ar an scóllachán sin. Fhobair sé mo chnámha a leónadh annsin thoir cheana; ach cúiteóidh mise leis é shula dteighidh mé féin ná é féin idtalamh, le cúnamh Dé
 
Deáanna! Bail ó Dhia ort! Tá deireadh do chuid deáannaí caithte aríst i mbliana!
 
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhuidheacht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóiridh Dia air, ach a mbeidh sé mór
+
Deábhás go bhfághamuid más é toil Dé é!
TUILLEADH (2) ▼
Go dtuga Dia deábhás dúinn!
Nar fhagha mé deábhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air
+
Deábhreith ó Dhia orainn!
TUILLEADH (2) ▼
Go dtugaidh Dia deábhreith orainn!
Má bhíonn an Naomh Pádraig in a bhreith(eamh) orainn, tiúrfaidh sé deábhreith orainn le cúnamh Dé. Gheall sé nach bhfágfadh sé Cloinne Gael ar deireadh