1.
gin bheo a bhfuil anam ann; gin den Ádhamhchlainn. Person é mórán i mBéarla. I ráití coiteann, is é is mó adeirtear in áit fear, bean. San áit a mbeadh man i mBéarla, l'homme sa bhFraincis, duine a bheas i nGaeilge. Man is the least permanant of all things: is beag an rud is buaine ná an duine. Mac an duine: the Son of Man. (fc. an- (anduine), leath- (leathdhuine), dia (duine le Dia), bocht (duine bocht) sean (seanduine), maith (daoine maithe), srl.).
a.
+–
Duine, beirt, triúr srl. — comhaireamh daoine, duine i gcónaí i gcás den tsórt seo
Níl ann ach duine — duine amháin, aon duine amháin
TUILLEADH (8) ▼
An duine nó beirt a bhí ann
Cár fhága tú an duine eile? — ná fág as margadh é
Cé mhéad duine agaibh ann?
Dhá mbeadh fiche duine ann, is é an cás céanna é
Má bhí duine ann, bhí céad duine ann
Chúig dhuine dhéag a bhí ann
Deich nduine fhichead nár mhór duit
Is fhearr duine i bpoll ná triúr ar bord (seanfhocal) (fc. poll)
+–
Cé na daoine atá i Sasana — céard é líon daoine Shasana
An bhfuil mórán daoine i gCorcaigh thar mar atá i nGaillimh?
TUILLEADH (4) ▼
Cé na daoine a bhí ar cuairt ann
Tá go leor daoine ina gcónaí ansin
Áit é atá ar bheagán daoine anois
Is beag na daoine atá ag cur seagail chor ar bith anois
+–
Cé mhéad duine clainne uirthi (aice)?
Níl orthu ach aon duine amháin clainne
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé taobh le duine clainne: aon in aon tsúil
Is iomaí duine muirín anois air, go lige Dia slán na daoine!
Cé mhéad duine muirín ort? Chúig leathchoróin mar sin. Buachaill!
Is furasta don té nach bhfuil air ach duine amháin muirín a bheith ag caint
Chuir sí duine acu — fuair duine dhá muirín bás
+–
Duine oraibh agus gan duine ar bith dhaoibh! — rud adeirtear le ceann tí a mbíonn páiste thar éis a shaolaithe dó
Buachaill a mh'anam! Duine oraibh agus gan duine ar bith dhaoibh!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór na saothraithe sibh. Duine oraibh agus gan duine ar bith daoibh
Chuala mé go raibh ceann óg ann. Go n-éirí sin leo. Duine orthu agus gan duine ar bith dhaob (dhíobh)
+–
Chuaigh siad amach ó dhuine go duine — i ndiaidh a chéile; bhí an áit róchúng ag beirt a dhul amach bonn ar aon; nó d'imigh duine anois, agus duine faoi cheann tamaill srl.
Cuir thart na toitíní sin ó dhuine go duine
TUILLEADH (11) ▼
Chuaigh sé thart leis an tobac ó dhuine go duine nó gur líon chuile fhear a phíopa as
Téann an páipéar nuaíocht mar sin ó dhuine go duine ar an mbaile, agus ní cheannaíonn siad ach an ceann ar a dturn
D'fhéach siad leis ó dhuine go duine, ach dar fia, chinn sé ar chuile dhuine amháin acu
Nuair a chuala siad an méid sin, amach leo ó dhuine go duine
Bhuailfeadh sé iad ó dhuine go duine, ach nuair a chuaigh feidheal acu air, bhí sé fánach aige
Thairg sé a dtroid ó dhuine go duine
Déarfaidh an máistir linn a rá ó dhuine go duine, agus mura bhfuil sé againn, buailfidh sé muid
Brisfear anois iad ó dhuine go duine
Pósfaidh a bhfuil sa teach acu anois ó dhuine go duine
Tá sé mar a théas an mhéanúch ó dhuine go duine (fc. méanúch)
Caithfidh sé summons a thabhairt daoibh ó dhuine go duine. Ní dhéanfadh aon summons amháin uileag sibh
+–
Chuaigh siad soir an bóthar ina nduine agus ina nduine — single file
Abair leo ina nduine agus ina nduine é. Ná hinis dóibh uilig in éindí é
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh siad mar sin ina nduine agus ina nduine
+–
Téigí liom duine ar an duine, más fir sibh — man for man
Is maith an rud dom duine orm, agus gan triúr a chur orm — ag troid
TUILLEADH (2) ▼
Ní ghabhfaidh air ach an duine. Déanaigí a rogha rud anois
Shíl an triúr a dhul air, ach ní ligfeadh an dream eile air ach an duine
·
Tá duine uainn fós — teastóidh duine eile le haghaidh déanamh na ngnaithí (obair, cleas, cluiche srl.)
Ní raibh uaim an uair sin ach an duine — S. — ach ba mheasa é sin a fháil ná deichniúr
+–
Is beag é cuid an duine dhi nuair a bheas sí roinnte — is beag a shroichfeas do gach uile dhuine
Ní mórán é cuid an duine den teirgéis sin, má tá i ndán is go ngabhfaidh sibh ar a roinnt
TUILLEADH (2) ▼
Is beag é díol duine den cheaile sin, théis a mbíonn de dhúil ann
Tá dóthain duine agat
+–
Duine as an gcéad a dhéanfadh a leithide de rud. Sea nó duine as an míle dhá n-abraínn é
Duine sé nó seachráin adéarfadh rud den tsórt sin
TUILLEADH (2) ▼
Duine as an deascán a bhfuil ceann acu sin aige (fc. deascán)
Duine i bhfad ó chéile a labhraíonn sé chor ar bith leis
+–
Ní raibh duine ó fhlaithis Dé ann
Ní raibh an duine féin ann; oiread agus duine ní raibh ann; oiread agus an duine féin ní raibh ann
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon duine beo ann — ní raibh duine beo ná baistí ann
+–
Tá sí gan duine ná daonna (nó daonnaí) in éineacht léithe anois
Ní raibh duine ná daonnaí ann. Dheamhan é
TUILLEADH (4) ▼
An a dhul siar ansiúd in áit nach bhfuil duine ná daonnaí a dhéanfá?
Fan istigh. Ar ndóigh ní bhfaighidh tú duine ná daonnaí romhat ansin anois
Diabhal duine ná daonnaí aige anois, ach é ina chadhan aonraic ansiúd
Tá sí gan duine gan deoraí (duine ná deoraí) anois (fc. deoraí)
+–
Tá a fhios ag chuile dhuine é sin
Tá chuile dhuine amháin acu ar an gcaoi sin
TUILLEADH (11) ▼
Tháinig duine eicínt ann tráthnóna
Dúirt duine eicínt liom go raibh rún agat imeacht
Is iomaí duine acu sin ann
Is iomaí duine ariamh ar éirigh rud den tsórt sin dó, agus cén neart a bheadh aige air
Ní thú an chéad duine ariamh a bhí mar sin. Corraigh suas thú fhéin
Nach diabhlaí an smál atá ortsa thar dhuine ar bith eile
Is gránna an rud do dhuine ar bith a bheith mar sin lena dhuine féin
Ghabhfadh sí thrí dhuine é a fheiceáil sa meath sin — scrúdfadh sé duine
Duine thuas agus duine thíos: sin é cúrsaí an tsaoil a mhic ó!
Daoine: agus daoine eile nach gcuireann amach chor ar bith é (cuireann daoine amach é, agus ní chuireann tuilleadh. As an gcaint a bheadh ar siúl roimhe sin a thiocfadh a mhacasamhail de fhreagra)
"Tairg bia do dhuine bheo, agus mura n-ithe sé é ligeadh sé dhó"
·
'Sé Seán é — an duine céanna a mhic ó — 'sé Seán atá ann. Ní duine ar bith eile
Is mé! An duine céanna! Cén ghnaithe atá agat díom?
b.
+–
'Sé do dhuine féin é — tá gaol agat leis, nó is duine é a chuideos leat
'Sé do dhuine fhéin chuile dhuine nó go dté tú ag iarraidh rud air. Mise i mbannaí go mbeidh a fhios agat ansin cé hé do dhuine féin
TUILLEADH (3) ▼
Níor cheart dhuit a dhul ag coiriúint mar sin air. Nach é do dhuine féin é
Níl fear ar bith is measa dhuit ná do dhuine féin
Aithníonn an donacht a dhuine féin (fc. donacht)
c.
+–
Tá aois duine aige anois, agus níl ann ach nuitín beag fós — adult's age
Níl rud ar bith is faide a bhíos ag teacht adeir siad, ná ciall an duine
TUILLEADH (5) ▼
Níl ciall duine aige siúd chor ar bith — tá díth na céille air
Níl neart duine ann chor ar bith — níl sé chomh láidir agus ba cheart do dhuine a bheith
Breathnaigh air! Nach bhfuil meabhair duine agat lena thuiscint chomh maith le chuile dhuine eile
Shílfeá nach caint duine atá aige chor ar bith ach caint lachan
Tá méid duine sa moncaí
d.
+–
Bheadh duine ag dul thart go deo agus ní chuirfeadh sé aon chaidéis uirthi, ach tiocfaidh duine eile ansin agus crochfaidh sé leis í
Ní fhaigheann duine breith a bhéil féin i gcónaí. Is maith an staic roinnt dhá shásamh
TUILLEADH (5) ▼
Ná bac le duine adéarfas rud mar sin!
Faigh thusa an duine a dhéanfas sin anois duit
Sin é adeir duine, ach déarfaidh duine eile ansin leat nach in é an scéal é chor ar bith. Ar ndóigh tá chuile scéal go maith nó go dteaga an dá scéal
Tá daoine oibrithe faoi sin muis — cuid de na daoine
Tá daoine adéarfadh leat nach é a rinne chor ar bith é. Ar ndóigh diúltaí muide dhó!
e.
+–
Céard atá ort a dhuine! — what is wrong with you now man
Ara lig dhom a dhuine!
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac leis sin a dhuine! Ní hin é chor ar bith é, ach seo
Céard sin ort a dhuine sin!
Céard adeir tú a dhuine sin!
Dhá mbeadh airgead le tabhairt uaim agamsa a dhuine sin, ní hin é a gheobhadh é
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Is mór de do cheann atá folamh
Araoid a chur air siúd a dhuine sin! Oibrigh ort más maith leat, ach ní bheidh aon phlé agamsa leis
Go gcuire Dia an rath ort a dhuine sin! Cá bhfaighinnse airgead?
+–
M'anam a dhuine chroí nach bhfuil bainne againn dúinn féin, ní áirím a dhul dhá dhíol — my dear man
Is fíor dhuit é a dhuine chroí
TUILLEADH (2) ▼
Rinne tú an ceart a dhuine chroí, agus gan caismirt ar bith a chur air. An rud céanna a dhéanfainn féin
Cá bhfaigheadh muide fataí a dhuine chroí! D'ídigh muid a ndeireadh an tseachtain seo caite
·
A dhuine chroí na páirte, céard adeir tú? — my dear dear friend
A dhuine chroí na páirte, an dáiríre atá tú? Ar ndóigh ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
2.
a.
+–
Is aisteach (mór, beag, trom, gránna, olc, téagarthach, pislíneach srl.) an duine é — duine aisteach srl. é
Nach cantalach an duine thú!
TUILLEADH (6) ▼
Is achrannach an duine é
Níl aon duine sa tír is bréagaí ná í
Is beagnáireach an duine í
Is gearblach an duine é
Ní holc an duine chor ar bith é, má ligtear dó fhéineacht
Is glic an duine é chuile dhuine acu sin
+–
Duine suarach (santach, achrannach, taghdach srl.) é
Duine díreach (cam, borb, oibleagáideach srl.) é
TUILLEADH (13) ▼
Is duine ar bheagán cuntanóis é
Duine ar chuid mhaith cainte é
Duine ar bheagán clabaireachta é sin
Duine gan mhaith gan mhaoin é
Duine gan chroí é
Duine gan tuiscint é
Duine gan chuibheas ar bith é, srl.
Abhlóir de dhuine é (diabhal de dhuine, sclamhaire de dhuine, scabhaitéara de dhuine, antlachán de dhuine srl.)
Is duine é sin a bhainfear as a chleachta gan mórán achair
An daoine mar sin iad?
Daoine an-bhainte amach iad
Tá na daoine óga ag imeacht uilig — an aos óg
Bheadh aithne ag daoine meán aosta air
+–
Cé hé an duinín seo anoir?
Duinín suarach gágach é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan duinín níos tuataí ná P. Th.
b.
+–
Na daoine móra seo soir anseo atá dhá iarraidh (daoine móra — daoine méadaithe, fir; ach is minic a chiallaíos sé daoine uaisle)
Bhí sé ar dinnéar ag daoine móra i nG. in áit eicínt
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil daoine móra anseo thoir anois?
Chuir na daoine móra fios air. Sin é do dhóthain
Tá sí sna daoine móra anois. Ní thabharfadh sí comhluadar ar bith do dhaoine dona
An ag iarraidh a dhul sna daoine móra atá sé a dhul ag déanamh a leithid de theach?
Shílfeá go bhfuil tú ag cuimilt le na daoine móra ar an saol seo. Chonách maitheasa ort!
Dheamhan mórán atá de bharr na ndaoine móra aige, théis go mbíonn sé i gcónaí ag smúrthacht timpeall orthu
Beidh beann aige sin ar an duine mór i gcónaí, ach ní bheidh na daoine beaga ach sa ngearradh dhíobh aige
Níl gnaithe ar bith againne a bheith ag ceartas lena leithidí sin — daoiní móra
c.
+–
Is duine uasal é — duine mór; nó de chineál daoine móra
Bhíodh duine uasal ag teacht ag iascach anseo thuas an bhliain cheana. Chaith mé cupla lá in éindí leis
TUILLEADH (8) ▼
Níor shuigh mise ariamh ag bord duine uasail ach an oiread leat féin
Bhí bolscaire boird ag an duine uasal
Ní duine uasal é, ná píosa ar thóin duine uasail
Tá go leor daoine uaisle sa teach mór anois
Ní comórtas ar bith do dhaoine uaisle mise. Ní hionann bodach agus Dia, adeir siad
De chineál daoine uaisle é
Duine uasal ó ghinealach é
"Garraí lán de dhaoine uaisle: cultachaí dearga agus bratachaí uaithne" (Tomhais: garraí lín)
+–
Duine uasal é anuas de lota na gcearc — duine a mbeadh a lán talúna faoi, agus an-tsuimiúlacht ann, ach a thiocfadh de chineál daoine dona ina dhiaidh sin
Is deas é mo dhuine uasal muis! Sin é féin an duine uasal anuas de lota na gcearc
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mé go raibh gairm duine uasail roimhe, go raibh sin. Diabhal aithne orthu nach é Lord A. a bhí acu ann. Mo léan an duine uasal muis! Duine uasal anuas de lota na gcearc
Sin é an duine uasal eile muis; duine uasal anuas de lota na gcearc
Tá sé an-tsuimiúil. Is fiú dhó muis. Duine uasal anuas de lota na gcearc. Téadh sé siar chuig P. Sh. agus inseoidh sé sin dó cé hé féin; agus ní ghabhfaidh sé anonn ná anall leis ach oiread
Muise ní raibh ná aon duine dhár tháinig ar a chine ariamh ina dhuine uasal. Daoine uaisle anuas de lota na gcearc! Ach dhá ndéanadh floscaíocht dóibh é, bhí siad in ann cosa beaga a chur faoi na glasógaí
Mac Sh. N. sin! Thug duine eicínt duine uasal air! Dia dílis dhá réiteach! Céard atá ag teacht ar an saol chor ar bith! Mac Sh. N. ina dhuine uasal. A Dhia agus a Chríosta! Duine uasal anuas de lota na gcearc. Sin é an duine uasal é
+–
Is duine uasal thú nuair a luaitear thú — déarfaí faoi dhuine é a thiocfadh nuair a bheifí ag caint air
M'anam ón diabhal gur duine uasal thú nuair a luaitear thú, bhí mé ag caint ort go díreach agus thú ag teacht faoin doras. Dheamhan a raibh a fhios agam an raibh tú ní ba ghaire do láthair ná do theach féin
TUILLEADH (2) ▼
'Sé do bheatha! 'Sé do bheatha a dhuine chroí! Is duine uasal thú nuair a luaitear thú! Bhí muid go díreach ag tabhairt ghutha ort anseo faoi nár bhog tú aniar againn le fada ariamh. Céard a choinnigh amuigh chor ar bith thú?
Diabhal gar ag caint ach is duine uasal thú nuair a luaitear thú. Dhá mbeadh muid ag coiriúint ort ar chaoi ar bith, chloisfeá é. Diabhal bréag nach gcloisfeá
3.
a.
+–
Tá gnaoi na ndaoine air — meas an phobail
'Sé ráite na ndaoine nach raibh sé ann beag ná mór: gur ciontaíodh san éagóir é mar a ciontaíodh cuid mhaith leis
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir gur mar sin a tharlaigh sé, ach ní hin é scéal na ndaoine. Cuirtear a dhá oiread air i gcónaí
Ná bí i mbéal na ndaoine má fhéadann tú — os comhair na ndaoine; nó ná bíodh na daoine ag caint ort. Ná tabhair slí chainte dhóibh
b.
+–
B'ait le na daoine ceart a fháil dhá bhféadaidís — ciallaíonn sé seo go minic b'ait linn nó liom féin nó mo mhuintir
An dúil atá agat na daoine (muid) a ghortú?
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeadh chuile shórt ag na daoine go dtí cathaoireachaí boga, dheamhan a mbeadh daorbhasctha chor ar bith do na daoine (muide, an teach seo)
Meas tú céard a dhéanfas na daoine chor ar bith (muide) má theagann an dlí sin amach?
Tá na daoine reicthe agat (muid)
Aireoidh na daoine an dole (muid)
Tá na daoine caillte ag an bplúr céanna
Cuirfidh sé sin na daoine den tsaol má mhaireann dó
Caithfidh na daoine beatha a bhaint as a gcrága feasta
Ní theastódh ó na daoine ach a dhul amach in éindí leis sin
Is deacair le na daoine éirí ag an hocht féin, ní áirím ag an sé a chlog
4.
+–
Deir siad nach bhfágfadh an capall an duine chor ar bith ann, murach go feictear di go bhfuil sé chomh hard leis an aer
Ní fhágfaidh an cogadh seo an duine chor ar bith ann, ach grásta Dé
TUILLEADH (6) ▼
Má theagann aicíd anois, giorróidh sí leis an duine ar fad
Is furasta cur ag an duine nuair a bhíos sé amach san aois
Bíonn an duine an-teann agus gan a shaol ach gearr
Má bhíonn fabht ar dhuine, caithfidh sé fulaingt leis. Sin é beith an duine
Is aisteach an breac é an duine bíodh a fhios agat
Is iomaí galra atá i ndán don duine
duine in iontrálacha eile (50+)
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Duine an-fhaiteach é — timid an míniú is fhearr air seo thríd is thríd
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Is minic a bhí faitíos ar dhuine gan ábhar — (leathfhocal)
TUILLEADH (7) ▼
Tá faitíos a chroí air anois go dtabharfaí uain d'aon duine eile air fhéin
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
Fainic a mbeadh aon fhaitíos ag an gcapall sin roimh an steamroller. Mura bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Is údar faitís é an slaghdán seo. Tá sé ag cniogadh daoine
Is duine gan aon fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire agus caint mar sin a rá leis an sagart
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithígh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór sa gclaise siúd aréir, agus is rífhánach a ghabhfadh ceann acu in ascar inti
+
→
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (2) ▼
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine acu ag baint earasbarr dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Chuir tharasbarr daoine cruithneacht i mbliana le hais aon bhliain eile
→
farúch
Fadó bhíodh farúch anseo againn fúthu (cruacha arbhair), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois ach a ndéanamh ar bhonn cloch
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
+
→
fearacht
Dar sliabh, ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agat air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deoir a fheicfeas aon duine go deo dhó (dhe) sin
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí trasna an bhéil — dálta
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
Tá sé gafa gléasta, fearacht is dhá mba duine uasal é
Bhí tua anseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh agus níor thug sé ar ais í — ar nós an scéil a hinsíodh gairid ó shin (roimhe sin sa gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais. Is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraítear fearacht an scéil ar ball mar sheoraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing, no more than a story, (ach an oiread le rud, ach an oiread le scéal)
+
→
fearadh
Ba fearadh don áit seo dhá gcuireadh sé sin siopa suas ann. Bhrisfeadh sé na cneámhairí eile seo atá ag feannadh na ndaoine
TUILLEADH (2) ▼
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
Níl áireamh ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearadh gráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
→
fear
Fearfaidh mise do chomaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! — cúiteoidh mé do chomaoin leat; ní hé amháin go gcúiteoidh mé do chomaoin leat, ach cuirfidh mé ina cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
TUILLEADH (1) ▼
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine ina dhiaidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh i ndiaidh maith a dhéanamh ar strainséara. Níl a fhios agat cén uair a thiocfá ina líon aríst
→
fearnóg
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iúr agus fearnóg; díogha na ndaoine drochbhean", srl.
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
→
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
+
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
feáin
Ní raibh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nár thaitnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láí ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
+
→
fiar
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba. 'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
+
→
fios
Dhá mbeadh fios Fhinn agat, ní fhéadfá a inseacht céard a dhéanfadh sé sin. Ní fhéadfadh ná aon duine eile
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhéadfadh aon duine é sin a rá ach an té a mbeadh fios aige. Caithfidh muid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
Is faide leis ná fios a shaoil go n-imí an ceann eile as an teach go dté sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana chomh maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid acu
Cén fios atá agamsa faoi. Téirigh ag duine eicínt a mbeidh fios aige faoi — eolas