déan
—briathar (Modh orduightheach), Aimhrialta.
—Ag déanamh Ainm Bhriathar.
—Aimsir láithreach — déanaim agus ghním. Tá an dá leagan comh-choitianta nó ionann agus é ar fud an cheanntair. Tá daoine agus teallaigh ann ar fearr leo ceann thar an gceann eile, ach thríd agus thríd, is minice déanaim agus rl. i gcaint. Tá ghní coitianta go leor ins an gCoibhneasta e.g. "cé a ghnío(nn)s é ach thú féin". Tá meascadh ag teacht ar an diúltach agus ar an dearbhthach. Cuirim i gcás deirtear scaithtí "ní ghníonn sé aon-rud" ceart, ach tá an dealú ann idir an dá fhuirm maith go leor fós.
—Fáistíneach: Déanfaidh mé agus rl.
—Aimsir Ghnáth Chaithte — ghnínn, ní dhéanainn agus rl. ach tá meascadh ag toidheacht annseo fearacht na h-Aimsire Láithrighe.
—Aimsir Chaithte: rinne, ní dhearna, ach tá ní dhearna ag seirgeadh go tréan i gcuid mhaith de'n cheanntar. Ní rinne an Ghnáth-Aimsir Chaithte anois i gCois Fharraige agus ar na h-Oileáin, agus tá sé ag teacht isteach freisin ins an gcuid eile de'n cheanntar, i Rosmuc, Cárna agus eile. Ach tá ní dhearna coitianta go leor fós féin is gach uile áit ar fud Iarthar na Gaillimhe. Rinneadh, ní dhearnadh, ní dearnadh, deunadh, níor deunadh, an briathar saor. Tá déanadh, níor déanadh ag cuid mhaith i leabaidh rinneadh. Dhean sé, níor dhean sé an t-aon-aimsir caithte atá ar an Achréidh cho fada ó thuaidh le Anach Chuain agus an Turloch Mór ar a laghad.
—Leanann na h-aimsireacha agus na fuirmeacha eile gnás na mbriathar eile. Níl aon-fhuigheall de'n choibhneasta ghní- (an té a ghní) cho fada agus is eolus dom ins an gcaint. Tá aithris ins an gcoibhneasta ar na briathra rialta e.g. an fear a ghníos.
—Fuaim: Déan, déanaim etc. = díon, díonaim ach nach bhfuil an í fada in déan baileach cho cinnte agus atá i díon (tuighe, tighe). Ghním, ghníos agus rl.: níl fuigheall ar bith de'n gh ionnta: ním, níos agus rl. Aimsir Chaithte an Achréidh dhean mé = dhiun, dhiunadar agus rl. Briathar Saor Caithte deanadh: diunadh (Achréidh, Conamara), díonadh (Conamara). Aimsir Chaithte Dhiúltach: ní dheárna ach amháin in Dúithche Sheóigheach ní dhearnaidh (í) Aimsir Chaithte bíonn fuaim -igh (í) go minic ann: Rinnigheadar agus rl.)
1.
a.
a oibriú, a shaothrú, gníomh eicínt a thabhairt chun críche, a chur, ag cur thart.
+–
Dhéanfá do dhicheall, (do dhóthain, do dhíol, dalladh, cuid mhaith, cat agus dá rioball agus rl.) dá mbeadh deis agad
Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag cur gaineamh ingad le bheith dhá dhéanamh
TUILLEADH (6) ▼
B'éigin dó a dhéanamh in do leith-sa = b'éigin dó a dhéanamh ar do shonsa
Níor ghaisce ar bith dhó an méid sin a dhéanamh. Mara ndéanadh a Thighearna!
Is furasta do'n ghiolla gan náire obair a dhéanamh
Is maith a ghníos sé a bheith ag cúirtéaracht, ó atá a dheis aige = tá an ceart aige agus rl.
Is maith a ghníos tú a gcur amach. Má thaithíonn siad san áit sin do cheann finne ní choinneóidh as ar ball iad
Ní gar mór duit é sin a dhéanamh
+–
Croí dhuit! Déanfaidh tú fós é = duine a stopfadh in amhrán; duine nach mbeadh amhrán nó obair eicínt ag teacht leis, ach a bheadh ag neartú ar a mhaidí in a dhiaidh sin len a déanamh
Dia leat! Déanfaidh tú fós é!
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh tú fós é ach ná leig dó cor coise a chur ionnad, a fhleascaigh! (leagfaidh tú fós é)
+–
Mara ndearna sib cheana é, tá sib as a dheanamh anois = ní eireochaidh libh a dhéanamh anois
Beidh sé gan déanamh muis, má's in do chleitheamhnas-sa a fhágfas sé é
TUILLEADH (1) ▼
Ní mórán le cois déanta a bhéas sé agaibh trathnóna = beidh sé déanta ar éigin
+–
Gheobhaidh [sé] rud le déanamh agus a theacht as a bhfuil air = gheobhaidh sé cnámh le creinneadh; gheobhaidh sé fuighleach le déanamh; is ar a chruadhchúis dó; rachaidh sé rithte leis; beidh sé cruadh aige
Fuair sé rud le déanamh agus an laogh a thabhairt ó'n mbó, th'éis a scil ionnta. Ach bhí sé leis ariamh ariamh gur thug sé uaithe é in a dheidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saoghal seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-iongnadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
Shíl mé go bhfuigheadh muid fuighleach le déanamh agus cois a leagan ar thalamh tirm go bráth. Bhí sé mór a mhic ó. Ní fhaca mise a mhacsamhail de lá ar fairrge ariamh. D'iarr mé míle uair ar Mh. rith cladaigh a thabhairt di, ach sé a dtugadh sé de shásamh dhom i gcomhnaí: "Coinnigh ort"
Tá sé naoi mbliana déag agus trí fichid ach is fear é a gheobhas rud le déanamh na cheithre scóir a bhailiú choidhchin. Thug sé anuas go mór le goirid, agus tá sé ag coinneál na leabthan as éadan anois, tá sineacht
Thug sí rud le déanamh dom a tabhairt anoir chor ar bith. Ar an dá luath agus a bhfaca sí (capall) an chéad-mhótar, d'ionnsuigh uirre ag bruimseálacht agus ag dul indiaidh a cúil, agus ba mhaith an dícheall dom a ceannsú chor ar bith. Agus bhí sí ar an gceird sin anoir ar feadh an bhealaigh
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirm). Tá an-smúit ann. Sin dubhachan báistighe amach ar an bhfairrge. Dhá dtugadh sé traoiáil dhom a bheith ó'n bportach, dheamhan a n-abróchainn go bráth leis: "Rinne tú go dona é," ná cuid de rádh!
Thug sé rud le déanamh dó a thoidheacht abhaile aréir. Bhí sé tomhaiste go maith. "Bainne na h-easóige", 'd'eile!
+–
Gheobhaidh sé a dhóthain (a sháith, neart, cuid mhaith agus rl.) le déanamh agus a dhul go G. aríst choidhchin. Níl a fhios [agam] céard a déarfainn leis ó a tháinic árdú aríst air. Ní deagh-chosamhlacht ar bith é.
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuighleach le déanamh agus aon-fhear a fháil choidhchin ó 'chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, aindeoin an fhad agus a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aice. Ba cheart di a bheith go h-árd ins na déaga agus fiche
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an "bully" seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é, cho réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh ins na troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
+–
Is beag (beag) a bheadh le déanamh agad, a dhul dhá tabhairt sin dó
Nach beag beag atá le déanamh agad, ag tarraint figiúirí san luaith
TUILLEADH (3) ▼
Nach beag beag a bhí le déanamh aice a dhul suas annsin, marab í atá conórach againn!
Déarfá gur beag a bhí le déanamh aige sin!
Is beag a bheadh le déanamh agad a dhul ag cur isteach fhéir dóib sin. Tá neart liúistí (leóistí) aca féin ann len a chur isteach
+–
Déanfaidh tú rud go deimhin! Tá baoghal ort
Déanfaidh tú túirne. Déanfaidh tú rud go deimhin! = is beag an baoghal go ndéanfaidh tú túirne
TUILLEADH (8) ▼
Tiocfaidh tusa go G. Déanfaidh tú rud go deimhin!
Is tusa a chuir an garrdha sin anuiridh! Rinne tú rud go deimhin!
Teigheann tusa ag na bhfaoisidín 'chuile mhí. Déanann tú rud! = ní theigheann tú ann
Tá sé in don nuaidheacht a léigheamh! Tá sé indon rud a dhéanamh go deimhin! Diabhal é muis!
Bhuailfeá-sa S. B. b'fhéidir! Dhéanfá rud go deimhin! Dhéanfá caint!
'Gcuiridh Dia an t-ádh ort, déanfaidh sé sin rud!
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agadsa é. Gaothtaireacht uiliog thú
Déanfaidh sé sin rud muis. M'anam nach ndéanfaidh, ná nach bhfuil aon-mhaith a bheith ag tnuthán leis ach an oiread
·
Rinne sé gníomh ("acsion", gaisce, íodhal agus rl.) = rinne sé saothar mór eicínt ar dheacair a dhéanamh
b.
+–
Is beag an chúis atá sé a dhéanamh, shílfeá
Ní dhéanfaidh Seán aon-mhaith tá faitíos orm = ní thiocfaidh sé 'un cinn len a chuid oibre, nó ní bhfuighidh sé aon-bhiseach ó'n tinneas atá air
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé ag déanamh cúis mhór ar bith len a chuid oibre
Is furasta aithinte air nach ndéanfaidh sé aon-bhail (aon-rath, de'n rath, aon-chúis agus rl.)
+–
Caithfidh sé siúd pórtar a fháil. Níl aon-déanamh dá fhuireasbhaidh aige = ní fhéadfadh sé a theacht gan é; ní mór dó a fháil
Níl déanamh d'fhuireasbhaidh "bicycle" ag fear ar bith atá ag obair cho fada sin ó bhaile
TUILLEADH (1) ▼
Ó a chonnaic sé é, níl aon-déanamh dhá fhuireasbhaidh aige. Breagh ar 'sbáin sib dó é i dtosach. Nach raibh a fhios agaibh rud ar bith a leagfadh sé sin a shúil air, nach mbeadh aon-choinneál uaidh air
+–
Ní dhéanfaidh sin gnatha chor ar bith duit, a bheith imighthe ó mhaidin go faoithin ar do chuairt, agus gan duine ar bith igcíonn an tighe = ní dhéanfaidh tú bun mar sin; ní thiocfaidh tú chun cinn ins an saoghal mar sin
M'anam nach ndéanfadh sé gnatha (gnotha) do dhuine a gharrdha a fhágáil annsin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí de'n tsórt sin. Breagh nach mbíonn siad aca Dé Domhnaigh?
TUILLEADH (6) ▼
Ní dhéanann sé gnatha d'fhear bhocht a dhul ro-mhinic go dtí teach an ósta. Má theigheann beidh sé siar leis
Má shíleann tú go ndéanfaidh an obair sin gnatha dhuit oibrigh ort. "A chomhairle fhéin do mhac dhantra" adeir siad "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa"
Dhá bhfuirgheadh sé annsin dhá lá a shaoghail ní dhéanfadh sé aon-ghnatha ann. Ní ann a d'fheilfeadh dhó chor ar bith, ach istigh ar shlata na Gaillimhe in aice le séipéal eicínt in áit a bhféadfadh sé a dhul amach 'chuile Dhomhnach agus a "shais" uaithne air ag cur na ndaoine síos go h-áltóir
Ní dhéanfaidh sé gnatha dhuit a bheith ag imeacht ag gabhail "Laddie ó Lee" ar chnocáin agus do chuid móna le baint
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sé aon-ghnatha faoi nachar eirigh leis posta ar bith a fháil fós. Nach sílfeá go mbeadh sé in am aige cosamhlacht eicínt a chur air féin feasta
Shílfeá go ndéanfadh sé gnatha maith dhá fhuireasbhaidh. Ach chreidim gur ag aithrist ar an gcuid eile de na boicíní atá sé. "Fág an tír nó bí ins an bhfaisean" arsa tusa
+–
Níl a fhios agam an ndéanfaidh sé sin na graithí nó nach ndéanfaidh. Tá barr ro-chaol air shílfeá. Ar a fhéachaint a bheidh a fhios é ar aon-nós
Dhéanfadh sé sin na gnaithí ceart go leor; dá mbeadh cois len aghaidh ach níl. Ní minic le tada a bheith in san teach céadna
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhéanfaidh sé sin na gnaithí ach an oiread. Tá sé ro-rithte. Dhá bhféadthá leigean leis déarfainn rud eicínt
Is feasach duit go maith nach mbeadh aon-ghoir ag an scriú sin na gnaithí a dhéanamh. Ar an gcéad iarraidh tá sé ro-lag. Is maith láidir féin an scriú nach mór annsin
Ní dhéanfadh tada na gnaithí anois, ach dhá mbeadh an bhís atá ag an ngabha againn go bhféadfadh muid a chur isteach innte, agus chasfadh sin gan bhuidheachas é
Ma shíleann tusa go ndéanfaidh sin na gnaithí oibrigh ort, ach measaimse gur beag an baoghal atá air.
+–
Bhí déanamh na ngnaithí ann dhá n-oibrightheá ceart é = dhéanfadh sé an obair a theastuigh agus rl.
Caith uait an pionsúr sin, agus fagh oirnis eicínt a mbeidh déanamh na ngnaithí innte. Maidir le do sean-phionsúirín buinneach, b'fhearr liom mo mhéir ná é
TUILLEADH (3) ▼
Tá fear faighte agam anois a bhfuil déanamh na ngnaithí ann: J. Dh. Níl cinneadh ar bith leis ag deasú simléir
Foighid ort anois, noiméad an chluig. An bhfeiceann tú barr an tsiosúir seo. Níl a fhios agam nach fearr a bheadh déanamh na ngnaithí ann ná in do scinín. Traoiáil é ar aon-chor
Mara bhfuil gabhail na gaoithe ann tá déanamh na ngnaithí ann
c.
+–
'Sé a bháthadh a rinneadh
'Sé a chailleadh a dhéanfar má fhanann sé annsin ar feadh na h-oíche.
TUILLEADH (18) ▼
'Sé a mharbhú a rinneadh ins an deireadh
Má imigheann sé as ag an deich a chlog 'sé a chaitheamh amach a dhéantar
Mara bhfuil sé aige, 'sé a dhíol a rinne sé. Dheamhan ceo eile.
Dá mbeadh aon-phlé agad leis sin, 'sé do chur isteach i bpríosún a déanfaí
A ghoid a rinneadh. Is furast 'aithinte é
Dóghadh an pháipéir a rinne tú. Marab é, cá'il sé?
Hébrí cé'n chaoi a ngabhfaidh sé, ní dhéanfaidh mé a bhualadh ar chaoi ar bith
Rinne sé a leagan ar an mbóthar agus a chiceáil
Rinneadh a bhualadh isteach faoi'n mballa, agus dhá fhiacail a bhaint as
Déanfar a ghearradh má bhíonn tú in am
Rinneadh na bróga sin a cheannacht ins an mB.
Dhéanfaí a ghreadadh dhá bhfaightí greim air
Déantar an geata sin a dhúnadh 'chuile oíche ar fhaitíos asail
Rinne sé é féin a bhearradh annsin
Ní dhéanfaidh mé mé féin a ghlanadh go n-ithidh mé mo bhéilí
Dhá ndéantá é a leagan, annsin déarfainn go mbadh fear thú!
An ndéanfá an "bicycle" seo a mharcaidheacht go ceann an bhóithrín dom. Caithfidh mé féin fanacht indiaidh na mbeithidheach
Déanfaidh sé bordáil eicínt go dteighidh sé isteach ins an gclúid
+–
Ní dhéanfaidh na bróga sin aon-tseasamh
Ní dhéanfadh sé leigean leis in a dheidh sin
TUILLEADH (8) ▼
Ní dhéanfaidh sé scuabadh ar bith go gcinnidh air
Rinne mé cruadhchan in aghaidh na h-anachain. 'Sé a raibh le déanamh agam é
Déanfaidh sé scrios (ár, clampar, raic, slad, damáiste, mísc, mí-stáid, drúis, díoghaltas, míonós agus rl.)
Rinne tú scríobadh air sin = scríob tú é sin
Rinne a cheann liathachan = liathuigh a cheann
Is gearr ó a rinne a cheann liathachan mar siúd
Rinne a bhróga lobhadh ar fad = lobh a bhróga ar fad
Mara gcuiridh tú an "bicycle" sin isteach ó'n bhfliuchán déanfaidh sé lobhadh ar fad
+–
Rinne sé fiadhach indé = bhí sé ag fiadhach, bhí sé scathamh maith ag fiadhach
An ndéanfá seilg?
TUILLEADH (2) ▼
Nach rinne (ndearna) sé iascach le goirid
An ndéanfá lá iascaigh
+–
Measaim nach ndéanfaidh sé aon-eirghe choidhchin, ach b'fhéidir go dtiubharfadh sé scathamh maith leis mar sin
Shíl 'chuile dhuine nach ndéanfadh sé aon-eirghe, ach nach maith go ndearna in a dheidh sin. Teigheann cuid mhaith thar bhreitheamhnas dochtúirí
TUILLEADH (2) ▼
Is maith uaidh mochóirighe a dhéanamh
Shílfeá go bhfuil tú ag déanamh mochóirighe le seachtain
+–
Rinne sé caoineachán
Ní dhéanfaidh sé gol ar bith, má innsigheann tú dhó go ceart cuíbheamhail é
TUILLEADH (7) ▼
Déanfaidh sí caoineadh ach a bhfeicidh sí é sin
Rinne sé gáire agus gáire croidheamhail ar innseacht an scéil dom
Mara mbeadh agad ach aon-gháire amháin, chaithfeá a dhéanamh dhá bhfeictheá ag teacht amach é, agus é cho maolchluasach le madadh a gcuirfí díbirt air
Déanfaidh sí gáire nuair a gheobhas sí an leitir sin. Diabhal bréag nach ndéanfaidh.
Ná déan gáire ar bith. Coinnigh stúaim ort féin go bhfeicidh tú céard adéarfas sé
"'Nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, bíonn an caoineadh dhá bhreith"
Ní dhéanfaidh sé tafann má fhaghaimse greim air
+–
Déanfaidh mé do chreach = marbhóchaidh mé thú; cuirfidh mé do dhruim seoil thú
Déanfaidh sé siúd do chreach má bheireann sé ort ag goid na spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mé do lá; déanfaidh mé do chreach = déanfaidh mé aon-lá amháin daot (díot)
+–
Déan do ghoradh = téigh thú fhéin
Suidh síos agus déan do ghoradh
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé a ghoradh. Sin é an méid. Ghread leis aríst
Déan do reasta = leig do scíth
Breagh nach ndéanann tú do reasta? Cé'n chruadhóig atá ort?
+–
Gabh síos ann agus déan do ghealladh fíor = coimhlíon do ghealladh
Rinne sé a gheálltamas fíor in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Déan do gheálltanas fíor do do dheárthair
d.
a chaitheamh, a ídiú, goineachan.
+–
Rinne sé ól = d'ól sé go leor
Tá ól déanta aige = tá sé óltach, súgach, nó ionann agus ar meisce
TUILLEADH (11) ▼
Ní fheileann duit mórán óil a dhéanamh anocht agus an oíche atá ann
Ní bheadh aon-tsásamh aige ann, mara ndéanadh sé a dhá dhíol óil. Sin é an béas atá aige i gcomhnaí
Fan as a bhealach siúd má bhíonn ól déanta aige. Is olc an peata é
Ní féidir dhó gur ól atá déanta aríst aige, agus a laghad achair ó a thóig sé an "pledge" ó'n misinéara. Thug sé na mionnaí agus na móide nach dtiocfadh aon-deoir ar a bhéal len a ló aríst. Nach gearr an chuimne a bhíos ag cuid de na daoine!
Rinne sé ól, agus bhí sé ag imeacht ag sclaibéaracht agus ag sceaimhínteacht, agus ag cur achrainn ar 'chuile dhuine. Is uaidh a thastóchadh an iarraidh go géar!
Dhá ndéanainn a dhath fhéin óil an oíche sin, ní shaorfadh rud ar bith mé. Is orm a leagfaí é go siúráilte. 'Sé Dia féin a bhí in m'fhabhar
Má's leatsa bolg óil a dhéanamh, oibrigh ort, ach ní fhanfaidh mise leat
Dhá ndéanadh sé an oiread óil agus a ghníos tuilleadh, is mór adéarfá, ach fear nachar ól ariamh thar chupla pionta ins an "turn" ag dul ag déanamh a leithide de chleas. 'Sé'n chaoi a bhfuil sé, níl duine ar bith le baint as margadh ar an saoghal seo. Mara chéile ar fad iad
Níl aon-fhear istigh in do phobal atá indon an oiread óil a dhéanamh leis, má thogruigheann sé é, ach is uair annamh, mar sin féin, a mbíonn plé ar bith aige leis
Is fear é, nach mbeadh aon-mhairg air ól mór a dhéanamh, dhá bhfaghadh sé an deis. Ach coinnigheann an bhean smachtaighthe go maith anois é
Ól an bhainne a rinne sé. Is measa é ná cut bradach
+–
Rinne mé codladh aréir = chodail mé aréir; chodail mé go maith aréir
Ní dhéanfaidh mé aon-chodladh anocht, tá faitíos orm. Coinneochaidh an tae sin ó chodladh mé
TUILLEADH (3) ▼
Dhéanfá an oiread codlata le tuairgín (tuailgín) dá bhfágtaí ann thú
Is beag 'e chodladh a rinne mé chor ar bith aréir. Níor tháinic isteach dhíom nó go raibh sé in a ghairm na gcoileach
Ní fhéadfainn aon-néal chodlata a dhéanamh anois dhá naomhtaí mé. Dheamhan é
+–
Rinne sé ithe ar chaoi ar bith = d'ith sé go leor
Rinne sé imirt ó mhaidin! Dar príosta rinne
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé sin briseadh má fhaghann sé cead a chinn = brisfidh sé go leor rudaí
e.
+–
Déanfaidh sé léimneach amach ar an urlár (briathra nach dteagann de chlaochlódh aimsire orra, ach an t-ainm-bhriathar amháin, baintear leas as déanamh leo mar bhriathar congantach)
Déan ionnfairt
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé é féin a ionnfairt ar an talamh
Rinne sé útamáil eicínt nó gur leag sé a raibh ar an mbord
+–
Rinne sé magadh dar mo choinsias
Is maith uaidh magadh a dhéanamh
TUILLEADH (10) ▼
Níl cinneadh ar bith len a ndéanfaidh sé de chaint má leigeann tú leis
Rinne sé caint mo léan!
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuighleach ráidhte agad
Ní mian leis gan an chaint a dhéanamh uilig é féin
Is minic leis. Ní fhaca cuid againne ariamh é nach ag déanamh fuasaoid' a bheadh sé
Má chloisimse thú ag déanamh níos mó fuasaoid' anocht, seolfaidh mé siar a chodladh thú
Rinne sé casaoid (clamhsán) nuair a chonnaic sé an rud sin
Níl léigheamh ar bith ar a ndéanann sé de bhiadáin
Ag déanamh biadáin a chaitheas sí a saoghal
Tá sé ag déanamh suirghe faoi láthair
+–
Déanfaidh sé cneadghail anocht, ach a gcloisidh é sin
Déanann sé osnaighil go leor
TUILLEADH (3) ▼
Nach hé a rinne an fheadghail!
Rinne sé méanúch = leig sé méanúch
Rinne sé cnead (osna, braoim, tufóg, ruagán, taosc (bhuinnighe), agus rl.) = leig sé
+–
Déanann sé go leor cuartaidheacht' an t-áirneán seo pé'r bith céard a bhain dó.
Ag imeacht ag déanamh cuartaidheacht' ar fud an bhaile atá sí sin i leabaidh áird a bheith aice ar a teach
TUILLEADH (4) ▼
Rinne sé spaisteoireacht indiu = siubhlóid
An ndéanfaidh tú aon-spaisteoireacht trathnóna?
Bhí sé ag déanamh cliúsaidheacht' eicínt léithe thíos chois an chlaidhe
Is maith uait cúirtéaracht a dhéanamh, mara bhfuil tú in don tada eile a dhéanamh
·
Ní dhéanfaidh S. aon-bhiseach tá faitíos orm. Is fada liom atá sé ag dul dó
Mara ndéanaidh sé aon-bhiseach anois le teacht na h-uaire breagh, tá a chuid bisigh ar iarraidh
f.
a chaitheamh.
+–
Déan do phroinn = ith do bhéilí (Achréidh)
Is gearr a bhí sé ag déanamh a phroinne. Shluig sé é
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé thar am agad do phroinn a dhéanamh feasta
Seo anois, déan do phroinn, agus bí ag imeacht
+–
Ná déan craos anois = ná h-ith an iomarca
Rinne sé craos le'r ith sé. Tá sé mór-thráthach
TUILLEADH (1) ▼
An té a ghnío(nn)s uabhar is dual dó cailleadh
+–
Rinne sé a chuairt = d'fhan sé scathamh maith istigh againn (agaibh agus rl. ar cuairt)
Nach bhféadfá do chuairt a dhéanamh agus gan forú mar sin a bheith ort
TUILLEADH (4) ▼
Breagh nach ndéanfá do chuairt. Is annamh a castar againn thú
Rinne sé a chuairt. Níl sé mórán le uair imighthe
M'anam gur beag an baoghal uirre siúd teas an aithinne a bheith in a tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
Suidh síos agus déan do chuairt. Is iomdha lá ins an roillic orainn
+–
Tá sí ag déanamh na Cásca ins an mbaile = ag caitheamh na Cásca; ag caitheamh laethantaí saoire na Cásca ins an mbaile
Rinne sé an Nodlaig ann anuiridh. Is fadó cheana nachar thaobhuigh sé iad
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh mé an Nodlaig i mBaile Átha Cliath i mbliana sílim. Ní fiú dhom a theacht abhaile ar scáth cupla lá
Déanfaidh sí an Chingcís annseo linne i mbliana. Beidh trí lá aice
g.
+–
Ní dhearna sé foras ná suaímneas ach ag corruighe ar feadh an h-oíche; ní dhearna sé foras ná comhnaí agus rl.; ní dhearna sé foras ar bith agus rl.; ní dhearna sé comhnaí ar bith agus rl.
Déan foras = bí suaimneach; ná bí ag corraighe nó ag eirghe in áirde (fc. foras)
TUILLEADH (7) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siubhal anonn aige agus a bhualadh
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach eirghe agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
Ní dhearna sé cor ná car ar feadh na h-oíche
Déan staidéar = bíodh staidéar ionnad; ná bí cho so-ghluaiste, nó cho corr-mhéineamhail agus atá tú
Ní dhéanann sé staidéar ar bith (níl baint ar bith aige seo le léigheann a dhéanamh. fc. staidéar)
Ná déan de mhoill anois ach thú a bheith réidh
Ní dhéanfaidh mé aon-mhoill ach feadh agus mo ghnatha a bheith déanta agam
+–
Déan deifir (deabhadh) = deifrigh
B'fhearr dó deifir a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Déan deifir leis an bpláta sin agus tabhair dhom é
Déan deifir a chur leis sin amuigh, nó ní bheidh sé imighthe de'n tsráid go faoithin
Breagh nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
Tuige nach ndéanann tú deifir a chur leis sin thuas. Mara ndéanaidh dheamhan a chos ná a chnáimh a bhéas amach as an ngarrdha sin go Lá Fhéil' San Seáin seo chugainn
h.
+–
Tá sé ag déanamh aithrighe
An té a dhéanfas aithrighe ní baoghal dó. Gabhfaidh sé go flaithis
TUILLEADH (3) ▼
Bhí a anam cho dubh le gual ceardchan ach má bhí féin, ba chuma sin, rinne sé an aithrighe
Tá sé ag déanamh anama (fc. anam)
Ní chaithfidh mé go raibh maith agad. Tá mé ag déanamh an Charghais (ag troisceadh an Charghais is minice adeirtear)
·
Ná déan carghas anois, má tá tú ag breathnú ar phórtar ag dul amú féin
Rinne sé carghas 'nuair a chonnaic sé an bainne dhá dhórtadh. Ba mhór an carghas é freisin
i.
+–
Rinne sé grádh-diadha
Ní dhéanfá an oiread sin de ghrádh-diadha agus go dtiubharfá dhom é
TUILLEADH (6) ▼
Má ghníonn sé tada, déanfaidh sé an ghnaoidheamhlacht, mar a ghníos sé i gcomhnaí
Rinne sé 'chuile shórt ach an ghnaoidheamhlacht muis
Déan cuíbheamhlacht anois, agus ná feiceadh 'chuile dhuine agad é.
Muise tá a fhios agad go maith nach hí an chuíbheamhlacht a rinne sí ná tada dhá shórt. Mo léan géar, fuair tú amach é
Má ghníonn sé an chneamhaireacht íocfaidh sé ann
Ní minic leis an gceann céadna an gheanamhlacht a dhéanamh, ach an oiread le scéal
+–
Déan do chríonnacht a mhic ó = an rud ceart, nó an rud is goire do do bhealach féin; an rud a rachas chun sochair duit féin.
Rinne tú do chríonnacht 'nuair a chuir tú an t-aona hairt sin uait. Dhá bhfaghainnse tuitim imeartha, chriogfainn istigh in do ghlaic í
TUILLEADH (5) ▼
Má's leat do chríonnacht a dhéanamh, pósfaidh tú anois
Déan do leas
Go dtugaidh Dia dhuit do leas a dhéanamh ar aon-chor
B'fhearr le 'chuile dhuine go ndéanfadh sé a leas ná a aimhleas
Duine ar bith a thiubharfas comhluadar di sin, ní dhéanfaidh sé a leas
+–
Rinne sé faillighe.
Ná déan aon-fhaillighe
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag déanamh faillighe (éagcóir, anchaoi, míonós, mísc agus rl.) air
Déanfaidh sé sin siléig má fhágann tú faoi é. 'Sé atá deas air
Rinne sé cluain = chuir sé cluain ar dhuine eicínt; bhain sé mealladh as duine eicínt; rinne sé rud mealltach eicínt
Ná tabhair aon-áird air sin. Ní beo é mara mbeidh sé ag déanamh cluan'.
Rinne mé dearmad air sin
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéanaidh Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dhíot (fc. dearmad, Diarmuid)
Ní dhéanaim teanntás ar bith air (fc. teanntá[s])
Is deacair leis teanntás a dhéanamh ar aonduine
+–
Rinne sé intinn eile = shocraigh sé rud eile a dhéanamh; shocruigh sé a mhalrait de rud a dhéanamh; d'athruigh sé a intinn
Tá sé bog te ag dul ann anois, ach feicfidh tú féin air, go ndéanfaidh sé intinn eile roimh thrathnóna, agus nach ngabhfaidh sé ann
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag strócadh ag iarraidh tae ar ball. Ní féidir go bhfuil intinn eile déanta aige ar an toirt.
Ná tabhair áird ar bith air sin. Tá sé mar sin anois, ach ní fheicfidh tú chúig nóiméad go ndéanfaidh sé intinn eile. Ba mheasa an té a thiubharfadh áird air ná é féin
Is diabhaltach nach seasfá ar aon-rud amháin agus gan a bheith ag déanamh athrú intinne 'chuile phuínte. Is deacair d'aonduine fios t'intinne -sa a bheith aige ar chuma ar bith, mar níl sé agad féin
Ní féidir gur ag brath ar intinn eile a dhéanamh a bheadh sé
j.
a rádh, a innseacht.
+–
Tá tú ag déanamh bréag
Má dubhairt sé é sin rinne sé bréag
TUILLEADH (6) ▼
Ma ba liom gan bréag a dhéanamh ní fhéadfainn an mionna a ghlacadh
Tá tú ag déanamh na mbréag ó a chaithfeas mé a rádh leat anois
Níl aon-mhaith dhuit a bheith ag déanamh bréag mar sin
Is beag 'faitíos roimh Dhia agad a bheith ag déanamh bréag mar sin
Ní dhéanfaidh mé aon-bhréag, déanadh a rogha duine a rogha rud
Nach maith uaidh an bhréag a dhéanamh th'éis cho diaganta agus atá sé má's fíor dhó fhéin
+–
Déan an fhírinne = innis an fhírinne
Leis an bhfírinne a dhéanamh, níl a fhios agam cá ndeachaidh sé = leis an bhfírinne a innseacht
TUILLEADH (4) ▼
Leis an bhfírinne ghlan a dhéanamh chonnaic mé dhá bhualadh é
Fuair tú amach muise cé a dhéanfadh an fhírinne. An fhírinne as clár na mbréag!
Déanfaidh sé siúd an fhírinne, dá gcrochtaí é
Níl aon-ghnatha ag fear a dhul faoi mhionna mara leis lom-chlár na fírinne a dhéanamh
+–
Leis an gceart a dhéanamh, measaim nach bhfuil sé ar fóghnamh chor ar bith = leis an bhfírinne a dhéanamh; len a cheart féin a thabhairt do gach uile dhuine
Níorbh é ba(s) cionntaighe leis an gceart a dhéanamh ach mé féin nachar thug uaidh é nuair adubhairt sé liom é. Dhá dtugainn bheadh agam
TUILLEADH (3) ▼
Ní itheann sé mórán leis an gceart a dhéanamh, ach is tanálach é.
Ná cuir a mhilleán air. Ní hé a rinne é leis an gceart a dhéanamh, ach an dream thiar
Ní raibh ólta aige thar dhá phionta leis an gceart a dhéanamh, ach dhá mbeadh cúig nó sé de phiontaí caithte aige, b'olc an peata a bheadh ann
k.
teacht.
+–
An mbeidh sé indon é a dhéanamh siar = an t-aistear a chur dhe
Rinne sé soir le cóir é (bádóir ar an bhfairrge)
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh tú suas go seólta ar an ngaoith seo é (fear róthair)
Rinne mé siar go C. in imeacht leath-uaire é
+–
An ndéanfaidh mé é le dhul amach an sliabh? = aistear, bealach
Meastú an bhfuil tú indon do bhealach a dhéanamh ann
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair bealach a dhéanamh thrí na driseachaí siúd
Dhéanfainn eolas in áit ar bith i Londain anois = gheobhfainn mo bhealach ann
·
Dhá ndéanthá anonn treasna annsin thiocfá amach ar bhóthar an Rí
D'fhiafraigh sé cén casán a dhéanfadh [sé] go dtí an áit a raibh an poitín = cén casán a ngabhfadh sé
l.
a chumadh, a gheineamhaint, ag múnlú.
+–
Tá sé ag déanamh amhráin (ag cumadh)
Rinne sé an-amhrán faoi Sh. Mh. Th.
TUILLEADH (2) ▼
Le scéal fada a dhéanamh goirid (gairid), bhuail mé é
Rinne sé teach (cró, cathaoir, nead, claise, fear bréige, tubán, gad agus rl.)
+–
Tá sé ag déanamh a shlaite (asal, capall, madadh, duine, agus rl) = borradh agus síneadh ag teacht in a shlait
Tiubharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
TUILLEADH (5) ▼
Tabhair cead dó a shlat a dhéanamh. 'Ar ndú' ní ag iarraidh é a chur suas uirre as cosa i dtaca a bheitheá. Tabhair ionbhadh dó. Tiocfaidh an-tsearrach uaidh sin
Déarfainn go bhfuil madadh eicínt in aice láithreach faoi adhal an chaoi a bhfuil Toby se'againne ag déanamh a shlaite le cupla lá
Nuair a leigeadh aice é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosuigh sé ag smúracht thart, ach shílfeá gur coimhigheas a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé in a goire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; aindeoin lán laidhre a thabhairt air.
Bhí an madadh crón sin ag P. N. i nglas, agus scata eile aca ag glafarnach timcheall air, ach 'sé'n áit a raibh an coileán beag seo agam féin, i bhfus i nGleann an Fh. ag déanamh a shlaite ar an uaigneas. Is cosamhail nach leigfeadh an faitíos dó, a dtaobhachtáil
Is fear in anchaoi anois é, ag imeacht síos annsin ag déanamh a shlaite in a bhríste. Nach diabhlaí túatach an conuas é thar dhuine ar bith. Níl sórt cuíbheamhlacht ar bith ag imeacht leis
+–
Rinne sé clann = chionntuigh sé le bean
Rinne sé clann le inghin Ch.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag déanamh cloinne ar a tháirm
"Hébrí cé a rinne an chlánn, ar chois chám thall a leagadh é"
Rinne sé páiste (peata raithnighe, mac suirghe, mac tabhartanais etc) léithe
Má sé a rinne an chlann, breagh nachar chuir siad faoi ndeara dó a pósadh. Ní raibh siad indon th'éis a raibh de ghlaodhmaireacht aca
Mara ndearna sé an clann, ba diabhaltaí gurb air a buaileadh é
An té a dhéanfas clann go mí-dhlisteanach mar sin, foillseochaidh Dia é féin air
+–
Rinne sé a mhún.
Fan go ndéanaidh mé mo chuid fuail
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé a chac chois an bhóthair as comhair an tsaoghail
Rinne an bhó mún fola
+–
Rinne sé strainc (streille, cáir, straois agus rl.) nuair a chonnaic sé é
Ná déan strainc mar sin. Shílfeadh chuile dhuine, gur olc atá ort
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé cáir ó chluais go cluais. Nach hé a bhí sásta. Déarfá go ndéanfadh sé sin gáirí leis an olc
Rinne an madadh colg = tháinic colg air
+–
Tá seol déanta aca anois = na seolta a bheith i gcrann; na seolta a bheith thuas nó árduighthe ar fad.
Tá ceann na céibhe casta aice. Is gearr anois go mbeidh seol déanta aice. Má seadh féin tá cóir siar aca
TUILLEADH (7) ▼
Is maith gasta atá seol déanta aca, ach níl aon-mhaith ann. Tá an lagar ro-mhór. Níl flaim as aer
Tá a gcuid seolta déanta aca anois agus níl clóic ar bith orra, mar beidh sí teann siar aca. Beidh pórtar ar na smuit ag na bádóirí sin fós anocht tigh Bh. na C.
Dhá thúisce anois dhá mbeidh seol déanta agaibh, is amhlaidh is fhearr é. Tá sí díreach ar an aighre. Ní aireochamuid soir é
Tá seol déanta ach í a phíceáil. Cheal nach bhfuil sí píceáilte annsin fós agad. Beidh I. Mh. Ch. scoithte againn shul a mbeidh sí trótáilte, píceáilte tacáilte agad. Níl a fhios agam nach mbeadh sé in am a dhul ag stríocadh aríst shul a mbeidh sí faoi réir agad. Breagh nach ndéanann tú deifir? Diabhal bréag nach maith an bádóir thusa!
Dhá mbeinn in a thuilleamaí sin ní bheadh seol déanta go faoithin agam. Ba bheag an baoghal. Níl rath ná rioghacht leis. B'fhearr dhó gan a dhul ag plé leis an bhfairrge ar aon-chor. Ní fear fairrge é
Tá tú in éadan na dtéadrachaí sin le uair agus gan seol déanta fós againn. Nach bhfeiceann tú go bhfuil againn an ghaoth sin a thapú má's linn ceann cúrsa a dhéanamh anocht
Is mall uaidh an seol a árdú. Tóigeann sé cosamar uair an chluig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaithneochadh sé leis aon-locht a fháil air in a dheidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
+–
Ní bhainfeadh an diabhal a béal di. Níl a béal déanta (capall) = capall nach n-imeódh leis an mbéalmhaigh. Ní ghabhfadh sí ar chaon taobh go réidh. Ní bheadh sí géilliúnach don chinnire nuair a chuirfeadh sé stró ar an mbéalmhaigh ar thaobh eicínt. Níor mhian léithe a dhul an taobh a mbeadh an cinnire ag iarraidh a tabhairt, leis an tarraint a bhéarfadh sé don bhéalmhaigh
Chuile uair dhá mbíonn sé ag iarraidh í a tharraint isteach i leathtaoibh caithfidh sé a theacht anuas den charr, mar níl a béal déanta chor ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór dhaoib a bheith ar an gceird sin léithe muis: duine i ngreim sna h-adhastair, agus duine agán a ceann, nó go mbeidh a béal déanta. Bobarún de chapall í, sea sin.
Cheal nach bhfuil a béal déanta fós agus an fhad agus atá sib léithe. Ná bacaighidh léithe mar sin! Ní bheidh sásamh ná séanadh agaibh go brách uirre faoi charr. Nach hí an staiceallach capaill í!
Níl a dhath coimhighis ná meargántachta innte, ach nach bhfuil a béal déanta fós, ach shílfeá go mbeadh sé in am sin aige feasta más leis a bheith déanta go brách
Dhá mbeitheá ag iarraidh a tabhairt ó thuaidh, bheadh sé cho maith dhuit an leathtaobh ó dheas (den adhastar) a ríochan leis an leathtaobh ó thuaidh, mar níl a béal déanta ach an oiread leis an gcéad lá ar cuireadh an bhéalmhach in a béal
Dhá mbeadh a béal déanta ní dhá sníomh féin mar sin a bheadh sí le chuile chor dhá mbaineann sé as na h-adhastair. Giorróidh sí sin léithe féin lá eicínt. I leabaidh a dhul isteach leis an móinín bán 'séard a dhéanfas sí siúl amach faoi lorry agus í féin a bhascadh
+–
Fanadh sé annsin anois san ngarraí sin nó go mbeidh a chosa déanta go maith ann! (asal bradach a cuibhríodh i ngarraí) = níl san gcainnt seo ach fonóid ar mhodh, mar séard a chiallaíos sí: nó go mbeidh sé indon siúl ar a chosa; nó go mbeidh a dhóthain teanntáis aige ar a chosa le siúl orra; nó go mbeidh a chosa sách urrúnta le siúl orra
Tá a chosa déanta aige (páiste, laogh nó miolgaire ar bith) = nuair a bhíos taithighe ar shiúl aige; nuair a bhíos a chosa sách spreacúil len a gcur faoi agus siúl orra
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn bliain ar pháiste shul má bhéas a chosa déanta aige. Ach ní bhíonn ar rud ar bith eile ach uair a chluig
Is diabhlaí nach bhfuil aon-tsiúl ag an laogh sin fós. Shílfeá nach mbeadh an fhad sin air go mbeadh na cosa déanta aige. Ní cheal muis nach bhfuil sé ag ól bhainne é. Ólann sé taoscán an bhuicéid dhá cheann de ló
Nach beag an mhoill a bhíos orra in a dheidh sin nó go mbíonn na cosa déanta aca, théis cho lag agus a bhíos siad. Chonnaic mé uainín meirbh a bhí againn annseo an bhliain cheana, agus ní raibh siad déanta aige go ceann coicíse, ach má sea ba donacht a bhí dhá dhéanamh air. Ní raibh lúd ar bith ionnta go ceann fada
Ar chuala tú faoin gcailligh siúd a h-iompraíodh go dtí an roillig. Ba gearr go raibh na cosa déanta aice, nuair a theann an faitíos léithe. Deir siad é: nuair is crua don chailligh caithfidh sí rith
Shílfeá théis a bheith in a luighe gan cor ná car san bplástar sin (óthar eitinne) ar feadh dhá bhliain go mba mhaith an scathamh go mbeadh a cosa déanta aríst aice, agus bíodh arann fhéin ionnta. Ach deir siad go raibh siúl aice an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deó le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
Tá an sean-fhaoilleán ag múineadh "flyála" don fhaoilleán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceánn óg fós
m.
a fhorbairt, a bhorradh.
+–
Rinne a bhéal meall = tháinic meall ar a bhéal ar fad
Rinne a chois bráthadh thinn (bró thuínn? bró thínn?)
TUILLEADH (17) ▼
Rinne a lámha faithneadhachaí as éadan
Rinne an lot braon (seile, bracha, ádhbhar agus rl.)
Tá a ghualainn ag déanamh ainfheol' anois
Rinne a mhéir cur faoi ionga
Rinne a ghlúin feiliún
Déanfaidh an gearradh sin droch-lot
Rinne a mhuineál nioscóideachaí = tháinig go leor nioscóideachaí ar a mhuineál
Déanfaidh an dóghadh sin puchóid. Séidfidh sé
Déanfaidh an chois sin at. Níor mhór dhuit ceirín a chur léithe
Tá mo chois ag déanamh loscadh sáile
Déanfaidh an chois sin droch-lot, mara dtapuighidh tú í agus a dhul roímpe
Ní raibh aon-chaora ag gabhail linn nach ndearna cnuimhe anuiridh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na h-anachain é
Tá an t-asal sin ag déanamh míola.
Déanann na capaill uiliog siodáin an bealach sin.
Níl a fhios agam nach ag déanamh péarsalaí atá na beithidhigh sin
Tá an madadh sin ag déanamh dreanncaidí = dreanncaidí ag cruthú in a chuid fíonnaigh
Is furasta aithinte ar a cuid cos go bhfuil sí ag déanamh brios brúin
+–
Rinne an balla (an chreafóg, na buird, na h-iomrachaí agus rl.) scáineadhachaí = scáin sé; tháinic sórt scoilteadhachaí ann (fc. scáine)
'Chuile bhalla dhá ndearna sé, rinne sé scoilteadhachaí
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé aon-rud ariamh a rinne sclaigeannaí mar an bóthar sin soir le goirid. Is gearr nach mbeidh sé in araidheacht a shiubhal ag duine ná ag beithidheach
'Chuile uair a dteagann carr ar bith déanann an bóthar púir (dheannaigh)
Tá an fhairrge ag déanamh maoidhmeanna diabhalta
Rinne an t-urlár lochán fola = chairthigh fuil amach ar an urlár nó go raibh sé mar bheadh lochán fola
+–
Tá a bhfuil d'éadaigh thuas annsin ag déanamh caonach liath
Nach diabhlaí gearr anois a bhí an bord sin ag déanamh caonach liath
TUILLEADH (3) ▼
Caitheadh glac leabhar isteach ins an seomra sin istigh anuiridh, agus rinne siad caonach liath in imeacht míosa. Is gearr an mhoill a bhíos orra, má bhíonn an áit tais chor ar bith
Rinne a raibh ann grándubh (fc. grándubh)
Tá na h-éadaigh sin thuas ins an seomra ag déanamh leoin. Is gearr go mbeidh siad ó mhaith, ná rud ar bith eile a bhéas caithte thuas annsin.
+–
Déanann garrantaí bharr an bhaile lobhadh bán i gcomhnaí. Níl aon-mhaith a gcur
Ní fhaca mé aon-fhata ariamh ar an gcnocán sin nach ndéanfadh dóghadh-gréine
TUILLEADH (6) ▼
Ní dhearna garrdha N. Ph. aon-dubhachan fós
Déanfaidh na turnapaí sin buinneáin ar fad, feicfidh tú féin air
Rinne an cur sin thuas bruimfhéar = d'fhás bruimfhéar ann as éadan
Tá salachar déanta ag an ngort sin thiar (gort fataí) = tá sop nó luibheannaí ann a chaithfear a ghortghlanadh as
Rinne na fataí bláth bán an-luath i mbliana
Is gearr anois go ndéanfaidh an t-arbhar sin bainne bán
+–
Tá an bád ag déanamh uisce
Rinne an bád uisce orainn, agus gan aon-ghalún taosca againn. Ba ghroidhe an scéal é
TUILLEADH (5) ▼
Tá an barríochtair (i bportach) ag déanamh uisce fré chéile
Tá mo bhróga ag déanamh uisce
Rinne an t-urlár uisce nó gur cuireadh líméar faoi
Níl aon-mhaith dhuit teach a dhéanamh ins an áit ghleannach sin. Dhéanfadh sé uisce ar fad. Tá aghaidh an uisce air
Ní fiú do sheacht mallacht na ballaí "concrete" sin. Déanann siad uisce as cnáimh éadain a chéile
·
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar leig tú an ceathairín sin thart gan snaoim (snaidhm) a thabhairt dó = tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
Beodhuigh suas. Tá tú ag déanamh uisce. Tá sé ag sáthadh isteach faoi do smut 'chuile phuínte, agus gan uch ná ach ná éagcaoine agad
+–
Déanfaidh sé sneachta (sioc, gairbhthean, ráig, múr, báisteach, gála agus rl.)
Rinne sé an-ghála aréir. Shíl mé go dtóigfeadh sé an sean-bhothán dhá lúdrachaí
TUILLEADH (8) ▼
Déanfaidh sí oíche dheannachtach, déanfaidh sin. Is gearr uaidh sinneán eile
Déanfaidh sé múraighil aríst indiu ("showerings" — it will be showery")
Ní dhéanfaidh sé aon-chalm go dteighidh an ghealach seo amach
Rinne sé Márta breagh i mbliana rud ab annamh leis. Bíonn an Márta go h-úndúil (iondamhail) gaimheamhail
Rinne sé doininn (gála, fuaraíocht, agus rl.) anois le coicís = ba mhór an lear doininne a bhí ann le coicís
Rinne sé báisteach aréir! = rinne sé go leór di
Rinne sé an-fhuacht le scathamh
Rinne an spéir bogha báistighe
+–
Meastú an ndéanfaidh sé aon-triomach (aon aith-deal, aon-scairteadh agus rl.)
Rinne an mhóin an-triomach le dhá lá
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfaidh an mhóin dubh sin aon triomach annsin d'fhuireasbhaidh plás ar foghnamh a bheith aice
2.
a.
+–
Rinne sé an-fhear
Déanfaidh sí bó bhreagh
TUILLEADH (8) ▼
Rinne sí bolgán béice len ar ith sí dhó (dhe). Ní raibh faitíos ar bith orm ach go bpléascfadh sí. Ba mhór an chontabhairt é, 'sabhálaidh Dia sinn!
Déanfaidh tú béiceadán má itheann tú a bhfuil annsin ar fad
Rinne mé maide seaca le faitíos
Rinne sé créatúr le fuacht thuas ar an mbóthar indiu
Rinne sé amadán ar fad le píosa = chuaidh sé chun amadántachta; chun seafóide
Tá sé ag déanamh bruithlín ó a phós sé
Bhíodh sí sin an-fháilidhe roimhe seo, ach rinne sí "búrla" ó a d'eirigh siad suas ins an saoghal
Rinne sé spéice (staic, cuaille, caidhfte, staidhce agus rl.) i lár an bhóthair. Shíl sé gur taidhbhse a bhí ann
·
Tá sé ag déanamh creafóige anois le cupla bliain = básuighthe
Ná cuir bréag ar an duine bocht atá ag déanamh créafóige leis an fhad seo
+–
Nach beag an mhéid a rinne sé = níor tháinig mórán méid' ann
Bhí an-ghealladh faoi, agus ní dheárna sé aon-mhéid in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá an scurach sin thíos ag A. ag déanamh an-mhéid bail ó Dhia air
Mara ndéanaidh sé de mhéid thar agus sin, ní bheidh ann ach priompalláinín choidhchin
Tá an féar ag déanamh an-fhad ins na gleannta. Féar uaibhreach
+–
Ar an dá luath agus ar ól mé é, rinne mo theanga cairt. Chaithfeadh sé nach raibh sé ar foghnamh dhá réir sin
Buaileadh iarraidh [de] chamán ar an gcluais air, agus rinne sí cuaille ar an bpuínte. Shíl siad nach dtiocfadh aon-éisteacht len a ló aríst innte
TUILLEADH (6) ▼
Rinne a putógaí meall = chruadhaigh siad suas
Rinne úth na bó cnap
Rinne a chroidhe gual dubh in a lár
Rinne a phluic bulóg le at
Tá a shrón ag déanamh aon-chnap amháin
Rinne mo láimh búistiún
+–
Rinne an teach Bruidhean Chaorthann = thosuigh an-troid ann
Rinne an t-aonach cogadh dearg
TUILLEADH (24) ▼
Déanfaidh an cogadh céadna ár mara bhfuil ag Dia
Rinne an saoghal brachán ar fad le goirid = níor fhan cuma ar bith air; tá sé an-chorrach
Ní dhearna an saoghal brachán dáiríre gur thosuigh an cogadh seo
Rinne adhmad an tighe min ar fad
Déanfaidh an t-éadach sin ciomachaí gan mórán achair
Rinne an cóta mór sin ribíní le cupla mí = sceith sé ar fad
Rinne an balla sin leac = d'eirigh sé an-chruadh
Rinne an coirce creathnach ar fad = rod sé; níor fhan aon-mhaith ann
Déanfaidh na fataí piora má fhágann tú annsin iad = lobhfaidh siad
Rinne an talamh sin murloch le beagán blianta anuas
Déanfaidh an áit sin scrath-ghlugair, mara gcoinnighidh tú na clascannaí tóigthe
Má ghníonn sé báisteach anois, déanfaidh na casáin siúd puiteach, agus ní chuirfidh sib aon-fhód móna amach aríst an bhliain seo
Rinne an mhóin sin creafóig agus caoráin uilig
Rinne an bóthar anoir aonach len a raibh de dhaoine air
Rinne a raibh d'arbhar againn anuiridh gath-dubháin
Is gearr anois go ndéanfaidh an abhainn sin loch
Rinne an talamh muirt le seachtain
Tá na clárachaí sin ag déanamh mine
Ní dheasóchar an chathaoir sin go bráth. Nach bhfeiceann tú ag déanamh mine í
Rinne na bróga mionús orm
Tá an barr-íochtair ag déanamh caoráin as éadan
Tá an ithir ag déanamh smúdair uiliog
Rinne an cairrgín barrach i gcaitheamh aon-lá amháin = rinne sé an-tiormach
Déanfaidh an teine sin caor ar ball
b.
+–
Bhí sé ag déanamh lae an uair a tháinic sé = bhí sé in a lá; bhí aithne lae air
Níor tháinig an "routálaidhe" bradach nó go raibh sé ag déanamh lae. Badhin (ba shin) é a thráth le dhul a chodladh!
TUILLEADH (10) ▼
Déarfainn go bhfuil sé ag déanamh lae. Tá gileacht ag teacht ins an spéir sin thoir
Le déanamh lae a bhásuigh sé. Sin é i gcomhnaí an t-am, go bhfóiridh Dia orainn!
An fhad agus a bhíos an áit sin oscluighthe, ní thaobhuigheann sé muid maidin ar bith go mbíonn sé ag déanamh lae. Ag imeacht le damhsa agus le ragairne a chaitheas sé an oíche
D'imigh mé as seo ag ceathrú do'n ceathair, agus bhí mé ag Árd na bhF. le déanamh lae. Ba maith an choisidheacht í, deirimse leat
Fanfamuid go ndéanaidh sé lá. Beidh muid ag baint coisméig as annsin. Ní aireochamuid é ach an lá a bheith againn
Siúd é a dhéanfas muide: imeacht le déanamh an lae. Tá an bealach an-aistreánnach. Ní bheadh muid indon é a bharraidheacht de shiubhal oíche
Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigin a dhúineas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinnighidh sé aríst
B'olc an éadáil é sin, dhá dteagadh duine dhá chlann inghean isteach aige le déanamh an lae, mar a theagas siad ag tuilleadh. Ach dheamhan blas de'n cheart nach mbeadh aige leo. Bean gan chuíbheamhlacht a chaithfeas an oíche amuigh mar sin
Meastú an bhfuil faoi lá a dhéanamh chor ar bith. Is fada atá sé. Shílfeá go raibh aige lá a dhéanamh moch go leor an tráth seo 'bhliain, agus gan ann ach an chéad mhí d'Fhoghmhar
Rinne sé lá ag an ceathair a chlog indiu. Tá a fhios agam é, arae bhí mé mo shuidhe leis an lá, ag faire ar lachain
+–
Déanfaidh sé lá maith
Déanfaidh sí uair bhreagh anois le congnamh Dé
TUILLEADH (4) ▼
Rinne sé an-lá th'éis an smúit a bhí ann ar maidin. Diabhal mé gur scinn (sceinn) sé amach an-bhreagh
Rinne sí an-tseachtain ó a chaith sé an méid sin báistighe
Rinne sí an-bhliain, míle buidheachas le Dia. Bliain ar bith a gcaitheann sé sneachta mar sin, teagann sí go maith in a dhiaidh
Rinne sé an-gheimhreadh go dtí seo, pé'r bith cé'n chaoi a dtiocfaidh an t-Earrach. Deir siad nach mór dhuit a bheith ar do shon féin ar Earrach an Deagh-Gheimhridh. Níor moladh ariamh é
3.
ag dul chun cinn.
+–
Tá tú ag déanamh go h-óg, bail ó Dhia ort = tá tú ag breathnú go maith; tá tú ag dul chun cinn go maith le do chuid oibre; tá biseach ag teacht ort; tá tú ag déanamh go ceochánta
Cé'n scéal é? Ach níl aon-chall dom a fhiafruighe. Tá tú ag déanamh go h-óg slán a bhéas tú. Ach d'eireochadh dhuit. Cé'n mhairg a bheadh ort!
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag déanamh go h-óg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé'n gnaitheach é anois, agus daoine ag rádh nach ndéanfadh sé sin aon-bhuille maitheasa len a ló
Bhí mé ag déanamh go h-óg a mhic ó, nó go dtáinic an leiciméara sin ag cur chomhairle orm, agus chuir sé as mo bhuille ar fad mé. Caithfidh sé fanacht annsin anois go dtí ambáireach. B'fhéidir go gcríochnóchainn ar maidin é faoin a bheith slán duinn
Cé'n chaoi a bhfuil an pósadh ag dul dó, ab eadh? Dheamhan lá clóic' air. Tá sé ag déanamh go h-óg. Neart nathaidheacht' aige, mar a bhí ariamh.
Tá mairg air go deimhin! InDomhnach féin muise níl. Dar fiadh má chuaidh an ola air arbhú indé, tá sé ag déanamh go h-óg indiu. Ag strócadh ag iarraidh feola a bhí sé
'Sib atá ag déanamh go h-óg bail ó Dhia oraibh! Ach is daoib is fusa, gan talamh gan tráigh, [...]
4.
+–
Tá sé dhá déanamh = fear agus é ag comhriachtain le bean, nó ag dul uirre
Tá sé dhá déanamh thoir annseo ó mhaidin
TUILLEADH (7) ▼
Déanfaidh sé thíos anois ar an gcúlráid í
Bhí asal an tincéara ag déanamh an bheus (Bess? fc. Bess) se'againne thíos imbóithrín an chladaigh indiu
Bíodh eachmuirt uirre nó ná bíodh, ní dhéanfadh an stail í
Bíodh unsa céille agad. Síleann tú gur choinnigh tú mádraí uaithe. Deirimse leatsa nach raibh aon-mhadadh ins an tír nach rinne (nach ndearna) í
Níor leig mé chuice ach an chú sin thiar ag S. Rinne sí trí h-uaire í. Shílfeá nach uaithe na madraí in a dheidh sin
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí laogh léithe mar sin féin
Dhéanfadh an ceann céadna cut. Bíonn an-rachmall air
5.
+–
Hébrí cén chaoi a bhfuil sé (cóta mór), déanfaidh sé mise
Tá siad go dona, ach déanfaidh siad muide, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma linne cén sórt Gaeilge atá aige. Déanfaidh sí muide ar aon-chor
déan in iontrálacha eile (100+)
+
→
abair
Bhí sé rádh go ndéanfadh sé scioból mór eile le h-aghaidh coirce agus fataí agus 'chaon tsórt ó thuaidh de'n teach, ach 'sé adubhairt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saoghal lena dhéanamh
TUILLEADH (7) ▼
Abair! Diabhal focal bréige agad: is beag atá le déanamh aige! (dubhairt an fear eile ar dtús gur bheag a bhí le déanamh ag a leithide seo de dhuine. Is ionann an "abair" agus "go cinnte is beag atá le déanamh aige")
Déarfainn nach ndéanfadh sé aon-mhaith
Ní abróchainn nach ndéanfadh sé é freisin dhá gcaitheadh sé in a cheann é
Deirimse leatsa nach hé a rinne é chor ar bith
Deirimse go bhfuil tú ag déanamh na mbréag — gur tú féin a thóig leat é
Déanfaidh sé lá breagh déarfá (tá mé ag ceapadh; dar liom, sílim)
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siubhal, 'nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
+
→
céadéaga
Chuaidh S. Bh. a bhí annseo thoir ins na céad-éagadh. Sílimse go raibh sé as cionn cláir an uair a shuidh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath agus ar tugadh deoch dó, shéaluigh sé
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
+
→
dá
Deir siad go bhfuil an dá leath-pharáiste sin le cur in a chéile agus paráiste nua le déanamh asta
TUILLEADH (5) ▼
Déan dhá leith dhe = dhá chuid chomh mhóra
Déan dhá leith den cháca
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mara ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann [tú] nach bhfuil aon-ghoir agam corraí as seo
Rinne sé de dhá léim é = an-sciobtha; mear
Dheamhan dhá chor go raibh sé déanta aige = dhá mheandar
+
→
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
TUILLEADH (2) ▼
Má tá sé indon an daba sin (feoil) a choinneál leis féin i gcomhnaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon-bhuille maitheasa agus fuigheall na bhfuigheall aige mar atá sé
Déan réidhteach leis an ím. Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil sé ar a ghainne anois. Is gearr a mhairfeas punt má chuireann tú daba mar sin ar 'chuile stiallóig
→
daibéad
Is áidhbhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cé'n chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon-ghoir agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú, ar chaoi ar bith
+
→
daidhce
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Daighce a bhí uirre anocht faoi gur fhága C. annsin aréir í … Ceadh nar chuala tú é sin. In Domhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gur b'olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbáirneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias is deacair í seo istigh a bheárradh anocht
Má bhuaileann daighce ar bith é siúd, dheamhan ionntú ar a sháil a dhéanfadh sé duit ar feadh an lae, ná d'aon-duine eile. Is stuacaighe é ná a bhfaca tú ariamh
+
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agad gur liomsa an coca. Is daighceamhla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé in a cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann annsin. 'Sé atá deas air
+
→
dáil
Bhí sé indáil le bheith déanta aige an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Níl an bóthar fós déanta go dtí barr na ngarrantaí ach tá sé indáil leis
Ná bac le indáil leis. Tá sé déanta ar fad aige = ní indáil le déanta atá sé, ach déanta ar fad
+
→
daingean
Cad ar chad, cad as cionn cad agus cad idir dhá chad agus sliogán eistre in a mhuirtéal orra: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon-bhallaí faoi'n domhan ba daighne ná iad
TUILLEADH (2) ▼
Tá na Sasanaigh istigh sáthach daingean ar na Gearmánaigh le rud le déanamh a thabhairt dóib a gcur amach
Bhí sé ag báisteach 'chuile orlach cho daingean ó mhaidin annseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon-aithdeal ó thosuigh sé ag an deich a chlog. Is síorruidhe an lá báistighe é míle buidheachas le Dia
+
Is beag an daingniughadh a theastóchadh ó'n bhfuinneoig sin anois an uair a dhéanfadh sí cúis
TUILLEADH (2) ▼
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagruighidh mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
An gceapann tusa dá ndéantaí rud de'n tsórt sin nach hé an chóir a ndaighneochadh sé iad i leabaidh a lagachan. 'Sé d'aili
→
dair
Cuinneoig dharaighe an chuinneoig is fhearr amuigh. Dhá bhfaighteá-sa ceann de na sean-chuinneogaí — ceann daraighe a rinneadh Gaedhealach ní raibh cinneadh ar bith leo. Tugann cuid de na cuinneogaí eile sin blas ar an mbainne. Is mór a ghabhfadh cuinneoig anois
+
→
dáiríre
Cneámhaire dháiríre é má rinne sé rud mar sin = cneámhaire críochnuithe
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm agus a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi
+
→
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosuigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fiadh chuir an dream se'aghainne indiaidh a gcúil iad agus leanadar cho fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo igcomhnuí. Badh é an cath ba mhó é a chonnaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaoghal
TUILLEADH (7) ▼
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuímnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuímnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fionn; Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gádrachaí de ghaineamh trágha; Ná aon anam amháin dá bhfuil in Ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go bráth" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóig mé é).
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
B'fhearr dhó a dhul síos annsin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Condae an Chláir (Árainn agus rl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réidhteach agus ag rómhar sean-chlochair annsin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise len a loiseac
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Ní raibh annsin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionnsuighidh sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thiubharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon-troid thuatach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar áirdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá asna ann. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
+
→
dalba
Is dalba an aoirde atá ins an reanglachán siúd. Bhuailfeadh sé a chloigeann go réidh socair thuas ar an áiléar sin. Níl aoirde ar bith in P. S. len a ais. Dhéanfadh sé siúd beirt mar é
TUILLEADH (1) ▼
Is dalba an obair a rinneadh annsin. Ach b'orra nach raibh an mhoill. Is beag a aireochas daoine obair a dhéanamh, 'nuair a bhéas 'chuile shórt ar a mian aca
→
dall 2
Is beag an rud a dhéanfadh duine dall. Níl áit ar bith sa duine is lugha acmhuinn ná an tsúil
→
dall 3
Níl an oiread coirce ar thóin an chómhra seo anois agus a dhállfadh do shúil hébrí céard a rinne sib leis. Ach rinne sib plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
→
dallacar
Níor shéid aon-oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta 'chuile phuinte, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
"Níor mhaith liom do bhris" adeirim féin leis. "Chreidim gur buaileadh an dallach dubh ort faoi'n gcruaichín mhóna. Diabhal neart air. 'Sé J. F. an buachaill ag daoine simplí". Spréach sé. Spréachann sé má chásuighthear chor ar bith leis é, ní áirighim a chású leis mar a rinne mise!
+
→
dalladh
Rinne mé dalladh siubhail ó mhaidin ag scaradh barr-móna — an barr uachtair. Dar mo choinsias ní dhéanfaidh mé níos mó ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá dalladh déanta agadsa anois. Déanaidís féin an chuid eile
Cé'n sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breagh a dtaobhuigheann tú iad
+
→
dallán
Mara bhfeicidh tú dallán ins an bhfata, ní dhéanfaidh sé aon-tsíol. Caith in éindigh leis na sclamhairí é. Ach má bhíonn sé níos mó ná na leath-fhataí seo, tig leat a leagan i leathtaobh. Foghanfaidh sé aríst. Íosfaidh muid féin é
TUILLEADH (3) ▼
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
Ní ughdair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin ionnta … ná bac leis sin. Is iomdha fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl in a dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach ins an bhfata. Mara bhfuil, is cuma dhuit dalláin orra nó dhíob
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
+
Níor fhan spré ar bith in mo shúile-sa ó a thosuigh siad ag déanamh uisce. Dheamhan spré muise. Tá mé in mo dhallarán
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dtugthá saidhbhreas Sheoirse dhom, ní dhéanfainn mo bhealach anois ó'n mbóthar go dtí an teach, mara mbeinn ag sméaracht le claidhe. Níl cailleadh ar bith ins an ló orm, ach is dallarán mé de shiubhal oíche
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
TUILLEADH (3) ▼
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
Má tá sé in a dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionnabhar níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na h-oíche aréir ach ag amhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'eirigh mé faoi dhó ag téitheamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon-suaimneas in a dheidh sin
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán-streille de'n oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos annsin ar bhóithrí, an uair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codluighthe agad. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-eireochadh an cleas sin duit aríst
+
→
damáiste
Rinne an tóirneach an-damáiste
TUILLEADH (3) ▼
Ba bheag an damáiste a rinne na beithidhigh ins an ngort
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shul a mbeidh réidh dhó
Déanfaidh sé damáiste len a chuid cainte, déanfaidh sin.
+
→
damanta
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spiadóireacht ar Mhac Dé
TUILLEADH (3) ▼
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. [Má] mhaireann dó ar an dubhachan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fheile Pádraig.
Nach damanta an conuas fir é. Luighe fiadha a bhí a chur air le fadhb. Duine ar bith a dhéanfadh cleas de'n tsórt sin bheadh sé sáthach maith aige
→
damba
Chonnaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. InDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áithbhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus an uair a theigheas sé thríd na "turbines" oibrigheann sé an solus. Sin é a thugas solus do'n tír.
+
Cé'n mhaith a bheith ag fuireacht leis. Nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanfaidh sé sin an cleas a ghníos sé i gcomhnaí: gan a theacht nó go mbeidh sé an damhadh réag. Ní fhaca muide istigh roimhe ariamh é
TUILLEADH (1) ▼
Bí ag imeacht feasta mara leat é a leigean an damhadh réag ort fhéin. Fanann sib ro-fhada ar an teallach annseo 'chuile oíche. Déanann sib clogán streille de'n oíche ach go h-áirid
+
→
damnaigh
Damnú síorruidhe air agaibh mar phósadh, caithigidh suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
TUILLEADH (1) ▼
Dhamnuigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuiridh. Th'éis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabhail linn. 'Sé a rinne an sladadh spleádhach, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeicidh tú ag sireoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain aca an tráth seo 'bhliain i gcomhnaí
+
→
dán
'Séard a bhí le déanamh leis sin dán a chur air, agus a thabhairt síos sa gcaladh agus an chéad bhád a bheadh ag dul ar an talamh ó thuaidh é a chur isteach innte. Ro-mhaith a bheadh sé aige agus an bhail atá sé a chur ar na daoine
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh indán é a mharbhú nó go ndéantaí an rud sin leis
Bhí muid leis scathamh anuiridh agus bhuail an slaghdán an bheirt againn. Chuaidh muid leis aríst i mbliana agus ná raibh ann mara dtáinic an sneachta. Níl indán déanta dhó chreidim (claidhe)
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
+
→
dána
Tá an spailpín sin ugainne cho dána le muic. Ní dhéanfaidh sé ach an rud a thogróchas sé féin
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí aca i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream aca a rinne é sin
"Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort" adeirim féin, "ach inDomhnach a athair bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh" = rud sonnda sotalach
"High for Blakes and Dalys" agus pléidhidís féin le chéile anois é. Meastú an bhfuil baoghal ormsa a dhul isteach ag déanamh eadarascáin annsin? Diabhal baoghal muis. An té nach bhfuil mór ná láidir, ná bíodh sé dána ná droch-mhúinte
+
→
dánacht
Tá sé de dhánacht sna bruacháin sin rud ar bith a dhéanamh. 'Bfhaca tú céard a rinne siad annseo thuas?
TUILLEADH (1) ▼
Rinneamar 'chuile mhíle nídh leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
+
→
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon-bhun muis. Thosuigh sé thar cionn, ach 'ar ndú, ní de'n abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ro-dhána. Níl neart agad focal a rádh leis, mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mh[ac] dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.
TUILLEADH (8) ▼
Ná bac le dan(d)ra a mhic ó. Tá sé cho dan(d)ra le múille. D'iarr siad air anuiridh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leis-sean é. Níor labhair sé aon-smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nodlag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan athchuinge agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aonduine air
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Mura mbeinn idteannta ceart níorbh ait liom a dhul ag brughadh air chor ar bich (bith). Tá sé an-chorr-mhéineamhail de'n tsaoghal. Dá n-éilighinnse anois a dhul insan gcasán sin aige, tá sé cho danagra sin agus go mb'fhéidir go mbadh é mo choinneál as a dhéanfadh sé. Dhion (dhein = rinne — Achréidh) sé cheana liom é annsin thiar
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
Ní fhaca tú aon-rud ariamh is dan(d)ra ná bó le fata a dhul in a muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin annsin dom í agus é ina scurach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán innte. Ba chontabhairteach an cleas le déanamh é …
Bhí an súgán dan(d)ra le caislimíní in áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh 'chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí, agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) in a dheidh sin. Bhí leisce orm
→
daoire
Má theigheann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfuighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agad go dteastóchadh sé uait — nachar cheannuigh ní ba thúisce ins an mbliain é, an uair a gheobhfá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin