déan
—briathar (modh ordaitheach), aimhrialta
—ainm briathartha: ag déanamh
—aimsir láithreach: déanaim agus ghním. Tá an dá leagan comhchoitianta nó ionann is é ar fud an cheantair. Tá daoine agus teallaigh ann ar fearr leo ceann thar an gceann eile, ach thríd is thríd, is minice déanaim srl. i gcaint. Tá ghní coitianta go leor sa gCoibhneasta m.sh. cé a ghníonns é ach thú féin. Tá meascadh ag teacht ar an diúltach agus ar an dearfach. Cuirim i gcás deirtear scaití ní ghníonn sé aon rud ceart, ach tá an dealú ann idir an dá fhoirm maith go leor fós.
—fáistineach: déanfaidh mé srl.
—aimsir ghnáthchaite: ghnínn, ní dhéanainn srl. ach tá meascadh ag teacht anseo fearacht na haimsire láithrí.
—aimsir chaite: rinne, ní dhearna, ach tá ní dhearna ag seargadh go tréan i gcuid mhaith den cheantar. Ní rinne an ghnáth aimsir chaite anois i gCois Fharraige agus ar na hOileáin, agus tá sé ag teacht isteach freisin sa gcuid eile den cheantar, i Ros Muc, Carna srl. Ach tá ní dhearna coitianta go leor fós féin i ngach uile áit ar fud iarthar na Gaillimhe. Rinneadh, ní dhearnadh, ní dearnadh, deunadh, níor deunadh, an briathar saor. Tá déanadh, níor déanadh ag cuid mhaith i leaba rinneadh. Dhéan sé, níor dhéan sé an t-aon aimsir caite atá ar an Achréidh chomh fada ó thuaidh le Eanach Dhúin agus An Turlach Mór ar a laghad.
—leanann na haimsireacha agus na foirmeacha eile gnás na mbriathar eile. Níl aon fhuíoll den choibhneasta ghní (an té a ghní) chomh fada agus is eolas dom sa gcaint. Tá aithris sa gcoibhneasta ar na briathra rialta m.sh. an fear a ghníos.
—fuaim: déan, déanaim srl. — díon, díonaim ach nach bhfuil an í fada in déan baileach chomh cinnte agus atá i díon (tuí, tí). Ghním, ghníos srl.: níl fuíoll ar bith den gh iontu: ním, níos srl. Aimsir Chaite an Achréidh: dhéan mé — dhiun, dhiunadar srl. Briathar Saor Caite déanadh: diunadh (Achréidh, Conamara), díonadh (Conamara). Aimsir Chaite Dhiúltach: ní dhearna ach amháin i nDúiche Sheoigheach ní dhearnaidh (í); Aimsir Chaite bíonn fuaim -igh (í) go minic ann: rinníodar srl.
1.
a.
a oibriú, a shaothrú, gníomh eicínt a thabhairt chun críche, a chur, ag cur thart.
+–
Dhéanfá do dhícheall (do dhóthain, do dhíol, dalladh, cuid mhaith, cat agus dá rioball srl.) dá mbeadh deis agat
Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag cur gaineamh i ngad le bheith dhá dhéanamh
TUILLEADH (6) ▼
B'éigean dó a dhéanamh in do leithse — b'éigean dó a dhéanamh ar do shonsa
Níor ghaisce ar bith dhó an méid sin a dhéanamh. Mura ndéanadh a Thiarna!
Is furasta don ghiolla gan náire obair a dhéanamh
Is maith a ghníos sé a bheith ag cúirtéireacht, ó tá a dheis aige — tá an ceart aige srl.
Is maith a ghníos tú a gcur amach. Má thaithíonn siad san áit sin do cheann fine ní choinneoidh as ar ball iad
Ní gar mór duit é sin a dhéanamh
+–
Croí dhuit! Déanfaidh tú fós é — duine a stopfadh in amhrán; duine nach mbeadh amhrán nó obair eicínt ag teacht leis, ach a bheadh ag neartú ar a mhaidí ina dhiaidh sin lena déanamh
Dia leat! Déanfaidh tú fós é!
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh tú fós é ach ná lig dó cor coise a chur ionat a fhleascaigh! (leagfaidh tú fós é)
+–
Mura ndearna sibh cheana é, tá sibh as a dhéanamh anois — ní éireoidh libh a dhéanamh anois
Beidh sé gan déanamh muis, más in do chleithiúnas-sa a fhágfas sé é
TUILLEADH (1) ▼
Ní mórán le cois déanta a bheas sé agaibh tráthnóna — beidh sé déanta ar éigean
+–
Gheobhaidh sé rud le déanamh agus a theacht as a bhfuil air — gheobhaidh sé cnámh le crinneadh; gheobhaidh sé fuílleach le déanamh; is ar a chruachúis dó; rachaidh sé rite leis; beidh sé crua aige
Fuair sé rud le déanamh agus an lao a thabhairt ón mbó, théis a scil iontu. Ach bhí sé leis ariamh ariamh gur thug sé uaithi é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saol seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-ionadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
Shíl mé go bhfaigheadh muid fuílleach le déanamh agus cois a leagan ar thalamh tirim go brách. Bhí sé mór a mhic ó. Ní fhaca mise a mhacasamhail de lá ar farraige ariamh. D'iarr mé míle uair ar Mh. rith cladaigh a thabhairt di, ach sé a dtugadh sé de shásamh dhom i gcónaí: 'Coinnigh ort'
Tá sé naoi mbliana déag is trí fichid ach is fear é a gheobhas rud le déanamh na cheithre scóir a bhailiú choíchin. Thug sé anuas go mór le gairid, agus tá sé ag coinneáil na leabthan as éadan anois, tá sineacht
Thug sí rud le déanamh dom a tabhairt anoir chor ar bith. Ar an dá luath is a bhfaca sí (capall) an chéad mhótar, d'ionsaigh uirthi ag broimseálacht agus ag dul i ndiaidh a cúil, agus ba mhaith an dícheall dom a ceansú chor ar bith. Agus bhí sí ar an gceird sin anoir ar feadh an bhealaigh
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirim). Tá an-smúit ann. Sin dúchan báistí amach ar an bhfarraige. Dhá dtugadh sé traíáil dhom a bheith ón bportach, dheamhan a n-abróinn go brách leis: 'Rinne tú go dona é,' ná cuid de rá!
Thug sé rud le déanamh dó a theacht abhaile aréir. Bhí sé tomhaiste go maith. "Bainne na heasóige", deile!
+–
Gheobhaidh sé a dhóthain (a sháith, neart, cuid mhaith srl.) le déanamh agus a dhul go G. aríst choíchin. Níl a fhios agam céard adéarfainn leis ó tháinig ardú aríst air. Ní dea-chosúlacht ar bith é.
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuílleach le déanamh agus aon fhear a fháil choíchin ó chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, ainneoin an fhad is a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aici. Ba cheart di a bheith go hard sna déaga is fiche
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an bully seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é chomh réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh sna troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
+–
Is beag (beag) a bheadh le déanamh agat, a dhul dhá tabhairt sin dó
Nach beag beag atá le déanamh agat, ag tarraingt figiúirí sa luaith
TUILLEADH (3) ▼
Nach beag beag a bhí le déanamh aici a dhul suas ansin, murab í atá cunórach againn!
Déarfá gur beag a bhí le déanamh aige sin!
Is beag a bheadh le déanamh agat a dhul ag cur isteach fhéir dóibh sin. Tá neart liúistí (leoistí) acu féin ann lena chur isteach
+–
Déanfaidh tú rud go deimhin! Tá baol ort
Déanfaidh tú tuirne. Déanfaidh tú rud go deimhin! — is beag an baol go ndéanfaidh tú tuirne
TUILLEADH (8) ▼
Tiocfaidh tusa go G. Déanfaidh tú rud go deimhin!
Is tusa a chuir an garraí sin anuraidh! Rinne tú rud go deimhin!
Téann tusa ag na bhfaoistin chuile mhí. Déanann tú rud! — ní théann tú ann
Tá sé in ann nuaíocht a léamh! Tá sé in ann rud a dhéanamh go deimhin! Diabhal é muis!
Bhuailfeása S. B. b'fhéidir! Dhéanfá rud go deimhin! Dhéanfá caint!
Go gcuire Dia an t-ádh ort, déanfaidh sé sin rud!
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agatsa é. Gaotaireacht uileag thú
Déanfaidh sé sin rud muis. M'anam nach ndéanfaidh, ná nach bhfuil aon mhaith a bheith ag tnúthán leis ach an oiread
·
Rinne sé gníomh (aicsean, gaisce, íodhal srl.) — rinne sé saothar mór eicínt ar dheacair a dhéanamh
b.
+–
Is beag an chúis atá sé a dhéanamh, shílfeá
Ní dhéanfaidh Seán aon mhaith tá faitíos orm — ní thiocfaidh sé chun cinn lena chuid oibre, nó ní bhfaighidh sé aon bhiseach ón tinneas atá air
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé ag déanamh cúis mhór ar bith lena chuid oibre
Is furasta a aithinte air nach ndéanfaidh sé aon bhail (aon rath, den rath, aon chúis srl.)
+–
Caithfidh sé siúd pórtar a fháil. Níl aon déanamh dá uireasa aige — ní fhéadfadh sé a theacht gan é; ní mór dó a fháil
Níl déanamh d'uireasa bicycle ag fear ar bith atá ag obair chomh fada sin ó bhaile
TUILLEADH (1) ▼
Ó chonaic sé é, níl aon déanamh dhá uireasa aige. Breá ar 'speáin sibh dó é i dtosach. Nach raibh a fhios agaibh rud ar bith a leagfadh sé sin a shúil air, nach mbeadh aon choinneáil uaidh air
+–
Ní dhéanfaidh sin gnaithe chor ar bith duit, a bheith imithe ó mhaidin go faoithin ar do chuairt, agus gan duine ar bith i gcionn an tí — ní dhéanfaidh tú bun mar sin; ní thiocfaidh tú chun cinn sa saol mar sin
M'anam nach ndéanfadh sé gnaithe do dhuine a gharraí a fhágáil ansin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí den tsórt sin. Breá nach mbíonn siad acu Dé Domhnaigh?
TUILLEADH (6) ▼
Ní dhéanann sé gnaithe d'fhear bhocht a dhul rómhinic go dtí teach an ósta. Má théann beidh sé siar leis
Má shíleann tú go ndéanfaidh an obair sin gnaithe dhuit oibrigh ort. 'A chomhairle fhéin do mhac dhanra,' adeir siad, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'
Dhá bhfuiríodh sé ansin dhá lá a shaoil ní dhéanfadh sé aon ghnaithe ann. Ní ann a d'fheilfeadh dhó chor ar bith, ach istigh ar shlata na Gaillimhe in aice le séipéal eicínt in áit a bhféadfadh sé a dhul amach chuile Dhomhnach agus a shais uaithne air ag cur na ndaoine síos go haltóir
Ní dhéanfaidh sé gnaithe dhuit a bheith ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar chnocáin agus do chuid móna le baint
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sé aon ghnaithe faoi nár éirigh leis posta ar bith a fháil fós. Nach sílfeá go mbeadh sé in am aige cosúlacht eicínt a chur air féin feasta
Shílfeá go ndéanfadh sé gnaithe maith dhá uireasa. Ach chreidim gur ag aithrist ar an gcuid eile de na boicíní atá sé. 'Fág an tír nó bí sa bhfaisean,' arsa tusa
+–
Níl a fhios agam an ndéanfaidh sé sin na gnaithí nó nach ndéanfaidh. Tá barr róchaol air shílfeá. Ar a fhéachaint a bheidh a fhios é ar aon nós
Dhéanfadh sé sin na gnaithí ceart go leor; dá mbeadh cois lena aghaidh ach níl. Ní minic le tada a bheith sa teach céanna
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhéanfaidh sé sin na gnaithí ach an oiread. Tá sé rórite. Dhá bhféadthá ligean leis déarfainn rud eicínt
Is feasach duit go maith nach mbeadh aon ghair ag an scriú sin na gnaithí a dhéanamh. Ar an gcéad iarraidh tá sé rólag. Is maith láidir féin an scriú nach mór ansin
Ní dhéanfadh tada na gnaithí anois, ach dhá mbeadh an bhís atá ag an ngabha againn go bhféadfadh muid a chur isteach inti, agus chasfadh sin gan bhuíochas é
Má shíleann tusa go ndéanfaidh sin na gnaithí oibrigh ort, ach measaimse gur beag an baol atá air
+–
Bhí déanamh na ngnaithí ann dhá n-oibríteá ceart é — dhéanfadh sé an obair a theastaigh srl.
Caith uait an pionsúr sin, agus faigh oirnis eicínt a mbeidh déanamh na ngnaithí inti. Maidir le do seanphionsúirín buinneach, b'fhearr liom mo mhéir ná é
TUILLEADH (3) ▼
Tá fear faighte agam anois a bhfuil déanamh na ngnaithí ann: J. Dh. Níl cinneadh ar bith leis ag deasú simléir
Foighid ort anois, nóiméad an chloig. An bhfeiceann tú barr an tsiosúir seo. Níl a fhios agam nach fearr a bheadh déanamh na ngnaithí ann ná in do scinín. Traíáil é ar aon chor
Mura bhfuil gabháil na gaoithe ann tá déanamh na ngnaithí ann
c.
+–
'Sé a bháthadh a rinneadh
'Sé a chailleadh a dhéanfar má fhanann sé ansin ar feadh na hoíche.
TUILLEADH (18) ▼
'Sé a mharú a rinneadh sa deireadh
Má imíonn sé as ag an deich a chlog 'sé a chaitheamh amach a dhéantar
Mura bhfuil sé aige, 'sé a dhíol a rinne sé. Dheamhan ceo eile.
Dá mbeadh aon phlé agat leis sin, 'sé do chur isteach i bpríosún a déanfaí
A ghoid a rinneadh. Is furasta a aithinte é
Dó an pháipéir a rinne tú. Murab é, cá'il sé?
Hé brí cén chaoi a ngabhfaidh sé, ní dhéanfaidh mé a bhualadh ar chaoi ar bith
Rinne sé a leagan ar an mbóthar agus a chiceáil
Rinneadh a bhualadh isteach faoin mballa, agus dhá fhiacail a bhaint as
Déanfar a ghearradh má bhíonn tú in am
Rinneadh na bróga sin a cheannacht sa mB.
Dhéanfaí a ghreadadh dhá bhfaightí greim air
Déantar an geata sin a dhúnadh chuile oíche ar fhaitíos asail
Rinne sé é féin a bhearradh ansin
Ní dhéanfaidh mé mé féin a ghlanadh go n-ithe mé mo bhéilí
Dhá ndéantá é a leagan, ansin déarfainn go mba fear thú!
An ndéanfá an bicycle seo a mharcaíocht go ceann an bhóithrín dom. Caithfidh mé féin fanacht i ndiaidh na mbeithíoch
Déanfaidh sé bordáil eicínt go dté sé isteach sa gclúid
+–
Ní dhéanfaidh na bróga sin aon tseasamh
Ní dhéanfadh sé ligean leis ina dhiaidh sin
TUILLEADH (8) ▼
Ní dhéanfaidh sé scuabadh ar bith go gcinne air
Rinne mé cruachan in aghaidh na hanachain. 'Sé a raibh le déanamh agam é
Déanfaidh sé scrios (ár, clampar, raic, slad, damáiste, mísc, místaid, drúis, díoltas, mínós srl.)
Rinne tú scríobadh air sin — scríob tú é sin
Rinne a cheann liathchan — liathaigh a cheann
Is gearr ó rinne a cheann liathchan mar siúd
Rinne a bhróga lobhadh ar fad — lobh a bhróga ar fad
Mura gcuire tú an bicycle sin isteach ón bhfliuchán déanfaidh sé lobhadh ar fad
+–
Rinne sé fiach inné — bhí sé ag fiach, bhí sé scaitheamh maith ag fiach
An ndéanfá seilg?
TUILLEADH (2) ▼
Nach rinne (ndearna) sé iascach le gairid
An ndéanfá lá iascaigh?
+–
Measaim nach ndéanfaidh sé aon éirí choíchin, ach b'fhéidir go dtabharfadh sé scaitheamh maith leis mar sin
Shíl chuile dhuine nach ndéanfadh sé aon éirí, ach nach maith go ndearna ina dhiaidh sin. Téann cuid mhaith thar bhreithiúnas dochtúirí
TUILLEADH (2) ▼
Is maith uaidh mochóirí a dhéanamh
Shílfeá go bhfuil tú ag déanamh mochóirí le seachtain
+–
Rinne sé caoineachán
Ní dhéanfaidh sé gol ar bith, má insíonn tú dhó go ceart cuibhiúil é
TUILLEADH (7) ▼
Déanfaidh sí caoineadh ach a bhfeice sí é sin
Rinne sé gáire agus gáire croíúil ar inseacht an scéil dom
Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin, chaithfeá a dhéanamh dhá bhfeictheá ag teacht amach é, agus é chomh maolchluasach le madadh a gcuirfí díbirt air
Déanfaidh sí gáire nuair a gheobhas sí an litir sin. Diabhal bréag nach ndéanfaidh.
Ná déan gáire ar bith. Coinnigh stuaim ort féin go bhfeice tú céard adéarfas sé
"Nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, bíonn an caoineadh dhá bhreith"
Ní dhéanfaidh sé tafann má fhaighimse greim air
+–
Déanfaidh mé do chreach — maróidh mé thú; cuirfidh mé de dhroim seoil thú
Déanfaidh sé siúd do chreach má bheireann sé ort ag goid na spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mé do lá; déanfaidh mé do chreach — déanfaidh mé aon lá amháin daot (díot)
+–
Déan do ghoradh — téigh thú fhéin
Suigh síos agus déan do ghoradh
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé a ghoradh. Sin é an méid. Ghread leis aríst
Déan do reasta — lig do scíth
Breá nach ndéanann tú do reasta? Cén chruóig atá ort?
+–
Gabh síos ann agus déan do ghealladh fíor — comhlíon do ghealladh
Rinne sé a ghealltamas fíor ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Déan do ghealltanas fíor do do dheartháir
d.
a chaitheamh, a ídiú, goineachan.
+–
Rinne sé ól — d'ól sé go leor
Tá ól déanta aige — tá sé óltach, súgach, nó ionann is ar meisce
TUILLEADH (11) ▼
Ní fheileann duit mórán óil a dhéanamh anocht agus an oíche atá ann
Ní bheadh aon tsásamh aige ann, mura ndéanadh sé a dhá dhíol óil. Sin é an béas atá aige i gcónaí
Fan as a bhealach siúd má bhíonn ól déanta aige. Is olc an peata é
Ní féidir dhó gur ól atá déanta aríst aige, agus a laghad achair ó thóg sé an pledge ón misinéara. Thug sé na mionnaí agus na móide nach dtiocfadh aon deoir ar a bhéal lena ló aríst. Nach gearr an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine!
Rinne sé ól, agus bhí sé ag imeacht ag sclaibéireacht agus ag sceaimhínteacht, agus ag cur achrainn ar chuile dhuine. Is uaidh a theastódh an iarraidh go géar!
Dhá ndéanainn a dhath fhéin óil an oíche sin, ní shaorfadh rud ar bith mé. Is orm a leagfaí é go siúráilte. 'Sé Dia féin a bhí in m'fhabhar
Más leatsa bolg óil a dhéanamh, oibrigh ort, ach ní fhanfaidh mise leat
Dhá ndéanadh sé an oiread óil agus a ghníos tuilleadh, is mór adéarfá, ach fear nár ól ariamh thar chupla pionta sa turn ag dul ag déanamh a leithide de chleas. 'Sé an chaoi a bhfuil sé, níl duine ar bith le baint as margadh ar an saol seo. Mar a chéile ar fad iad
Níl aon fhear istigh in do phobal atá in ann an oiread óil a dhéanamh leis, má thograíonn sé é, ach is uair annamh, mar sin féin, a mbíonn plé ar bith aige leis
Is fear é, nach mbeadh aon mhairg air ól mór a dhéanamh, dhá bhfaigheadh sé an deis. Ach coinníonn an bhean smachtaithe go maith anois é
Ól an bhainne a rinne sé. Is measa é ná cat bradach
+–
Rinne mé codladh aréir — chodail mé aréir; chodail mé go maith aréir
Ní dhéanfaidh mé aon chodladh anocht, tá faitíos orm. Coinneoidh an tae sin ó chodladh mé
TUILLEADH (3) ▼
Dhéanfá an oiread codlata le tuairgín (tuailgín) dá bhfágtaí ann thú
Is beag a chodladh a rinne mé chor ar bith aréir. Níor tháinig isteach dhíom nó go raibh sé ina ghairm na gcoileach
Ní fhéadfainn aon néal chodlata a dhéanamh anois dhá naomhtaí mé. Dheamhan é
+–
Rinne sé ithe ar chaoi ar bith — d'ith sé go leor
Rinne sé imirt ó mhaidin! Dar príosta rinne
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé sin briseadh má fhaigheann sé cead a chinn — brisfidh sé go leor rudaí
e.
+–
Déanfaidh sé léimneach amach ar an urlár (briathra nach dteagann de chlaochlú aimsire orthu, ach an t-ainm briathartha amháin, baintear leas as déanamh leo mar bhriathar cúntach)
Déan únfairt
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé é féin a únfairt ar an talamh
Rinne sé útamáil eicínt nó gur leag sé a raibh ar an mbord
+–
Rinne sé magadh dar mo choinsias!
Is maith uaidh magadh a dhéanamh
TUILLEADH (10) ▼
Níl cinneadh ar bith lena ndéanfaidh sé de chaint má ligeann tú leis
Rinne sé caint mo léan!
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuílleach ráite agat
Ní mian leis gan an chaint a dhéanamh uilig é féin
Is minic leis. Ní fhaca cuid againne ariamh é nach ag déanamh fuasaoide a bheadh sé
Má chloisimse thú ag déanamh níos mó fuasaoide anocht, seolfaidh mé siar a chodladh thú
Rinne sé casaoid (clamhsán) nuair a chonaic sé an rud sin
Níl léamh ar bith ar a ndéanann sé de bhéadáin
Ag déanamh béadáin a chaitheas sí a saol
Tá sé ag déanamh suirí faoi láthair
+–
Déanfaidh sé cneadaíl anocht ach a gcloise é sin
Déanann sé osnaíl go leor
TUILLEADH (3) ▼
Nach é a rinne an fheadaíl!
Rinne sé méanúch — lig sé méanúch
Rinne sé cnead (osna, broim, tufóg, ruagán, taosc (bhuinní), srl.) — lig sé
+–
Déanann sé go leor cuartaíochta an t-airneán seo pé ar bith céard a bhain dó.
Ag imeacht ag déanamh cuartaíochta ar fud an bhaile atá sí sin i leaba aird a bheith aici ar a teach
TUILLEADH (4) ▼
Rinne sé spaisteoireacht inniu — siúlóid
An ndéanfaidh tú aon spaisteoireacht tráthnóna?
Bhí sé ag déanamh cliúsaíochta eicínt léithe thíos chois an chlaí
Is maith uait cúirtéireacht a dhéanamh, mura bhfuil tú in ann tada eile a dhéanamh
·
Ní dhéanfaidh S. aon bhiseach tá faitíos orm. Is fada liom atá sé ag dul dó
Mura ndéana sé aon bhiseach anois le teacht na huaire breá, tá a chuid bisigh ar iarraidh
f.
a chaitheamh.
+–
Déan do phroinn — ith do bhéilí (Achréidh)
Is gearr a bhí sé ag déanamh a phroinne. Shlog sé é
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé thar am agat do phroinn a dhéanamh feasta
Seo anois, déan do phroinn, agus bí ag imeacht
+–
Ná déan craos anois — ná hith an iomarca
Rinne sé craos le ar ith sé. Tá sé mórthráthach
TUILLEADH (1) ▼
An té a ghníonns uabhar is dual dó cailleadh
+–
Rinne sé a chuairt — d'fhan sé scaitheamh maith istigh againn (agaibh srl. ar cuairt)
Nach bhféadfá do chuairt a dhéanamh agus gan furú mar sin a bheith ort
TUILLEADH (4) ▼
Breá nach ndéanfá do chuairt. Is annamh a castar againn thú
Rinne sé a chuairt. Níl sé mórán le uair imithe
M'anam gur beag an baol uirthi siúd teas an aithinne a bheith ina tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
Suigh síos agus déan do chuairt. Is iomaí lá sa reilig orainn
+–
Tá sí ag déanamh na Cásca sa mbaile — ag caitheamh na Cásca; ag caitheamh laethantaí saoire na Cásca sa mbaile
Rinne sé an Nollaig ann anuraidh. Is fadó cheana nár thaobhaigh sé iad
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh mé an Nollaig i mBaile Átha Cliath i mbliana sílim. Ní fiú dhom a theacht abhaile ar scáth cupla lá
Déanfaidh sí an Chincís anseo linne i mbliana. Beidh trí lá aici
g.
+–
Ní dhearna sé foras ná suaimhneas ach ag corraí ar feadh an hoíche; ní dhearna sé foras ná cónaí srl.; ní dhearna sé foras ar bith srl.; ní dhearna sé cónaí ar bith srl.
Déan foras — bí suaimhneach; ná bí ag corraí nó ag éirí in airde (fc. foras)
TUILLEADH (7) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siúl anonn aige agus a bhualadh
Ní dhearna sé cor ná car ar feadh na hoíche
Déan staidéar — bíodh staidéar ionat; ná bí chomh soghluaiste, nó chomh corrmhéiniúil agus atá tú
Ní dhéanann sé staidéar ar bith (níl baint ar bith aige seo le léann a dhéanamh (fc. staidéar)
Ná déan de mhoill anois ach thú a bheith réidh
Ní dhéanfaidh mé aon mhoill ach feadh is mo ghnaithe a bheith déanta agam
+–
Déan deifir (deabhadh) — deifrigh
B'fhearr dó deifir a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Déan deifir leis an bpláta sin agus tabhair dhom é
Déan deifir a chur leis sin amuigh, nó ní bheidh sé imithe den tsráid go faoithin
Breá nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
Tuige nach ndéanann tú deifir a chur leis sin thuas. Mura ndéana, dheamhan a chos ná a chnáimh a bheas amach as an ngarraí sin go Lá Fhéil San Seáin seo chugainn
h.
+–
Tá sé ag déanamh aithrí
An té a dhéanfas aithrí ní baol dó. Gabhfaidh sé go flaithis
TUILLEADH (3) ▼
Bhí a anam chomh dubh le gual ceardchan ach má bhí féin, ba chuma sin, rinne sé an aithrí
Tá sé ag déanamh anama (fc. anam)
Ní chaithfidh mé go raibh maith agat. Tá mé ag déanamh an Charghais (ag troscadh an Charghais is minice adeirtear)
·
Ná déan carghas anois, má tá tú ag breathnú ar phórtar ag dul amú féin
Rinne sé carghas nuair a chonaic sé an bainne dhá dhórtadh. Ba mhór an carghas é freisin
i.
+–
Rinne sé grá dia
Ní dhéanfá an oiread sin de ghrá dia agus go dtabharfá dhom é
TUILLEADH (6) ▼
Má ghníonn sé tada, déanfaidh sé an ghnaíúlacht, mar a ghníos sé i gcónaí
Rinne sé chuile shórt ach an ghnaíúlacht muis
Déan cuibhiúlacht anois, agus ná feiceadh chuile dhuine agat é.
Muise tá a fhios agat go maith nach í an chuibhiúlacht a rinne sí ná tada dhá shórt. Mo léan géar, fuair tú amach é
Má ghníonn sé an chneámhaireacht íocfaidh sé ann
Ní minic leis an gceann céanna an gheanúlacht a dhéanamh, ach an oiread le scéal
+–
Déan do chríonnacht a mhic ó — an rud ceart, nó an rud is gaire do do bhealach féin; an rud a rachas chun sochair duit féin.
Rinne tú do chríonnacht nuair a chuir tú an t-aon a hairt sin uait. Dhá bhfaighinnse titim imeartha, chniogfainn istigh in do ghlaic í
TUILLEADH (5) ▼
Más leat do chríonnacht a dhéanamh, pósfaidh tú anois
Déan do leas
Go dtuga Dia dhuit do leas a dhéanamh ar aon chor
B'fhearr le chuile dhuine go ndéanfadh sé a leas ná a aimhleas
Duine ar bith a thabharfas comhluadar di sin, ní dhéanfaidh sé a leas
+–
Rinne sé faillí
Ná déan aon fhaillí
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag déanamh faillí (éagóir, anchaoi, mínós, mísc srl.) air
Déanfaidh sé sin siléig má fhágann tú faoi é. 'Sé atá deas air
Rinne sé cluain — chuir sé cluain ar dhuine eicínt; bhain sé mealladh as duine eicínt; rinne sé rud mealltach eicínt
Ná tabhair aon aird air sin. Ní beo é mura mbeidh sé ag déanamh cluana
Rinne mé dearmad air sin
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéana Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéana Dia Diarmaid dhíot (fc. dearmad, Diarmaid)
Ní dhéanaim teanntás ar bith air (fc. teanntás)
Is deacair leis teanntás a dhéanamh ar aon duine
+–
Rinne sé intinn eile — shocraigh sé rud eile a dhéanamh; shocraigh sé a mhalrait de rud a dhéanamh; d'athraigh sé a intinn
Tá sé bog te ag dul ann anois, ach feicfidh tú féin air, go ndéanfaidh sé intinn eile roimh thráthnóna, agus nach ngabhfaidh sé ann
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh tae ar ball. Ní féidir go bhfuil intinn eile déanta aige ar an toirt.
Ná tabhair aird ar bith air sin. Tá sé mar sin anois, ach ní fheicfidh tú chúig nóiméad go ndéanfaidh sé intinn eile. Ba mheasa an té a thabharfadh aird air ná é féin
Is diabhaltach nach seasfá ar aon rud amháin agus gan a bheith ag déanamh athrú intinne chuile phointe. Is deacair d'aon duine fios t'intinnese a bheith aige ar chuma ar bith, mar níl sé agat féin
Ní féidir gur ag brath ar intinn eile a dhéanamh a bheadh sé
j.
a rá, a inseacht.
+–
Tá tú ag déanamh bréag
Má dúirt sé é sin rinne sé bréag
TUILLEADH (6) ▼
Má ba liom gan bréag a dhéanamh, ní fhéadfainn an mionna a ghlacadh
Tá tú ag déanamh na mbréag ó chaithfeas mé a rá leat anois
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag déanamh bréag mar sin
Is beag faitíos roimh Dhia agat a bheith ag déanamh bréag mar sin
Ní dhéanfaidh mé aon bhréag, déanadh a rogha duine a rogha rud
Nach maith uaidh an bhréag a dhéanamh théis chomh diaganta agus atá sé más fíor dhó fhéin
+–
Déan an fhírinne — inis an fhírinne
Leis an bhfírinne a dhéanamh, níl a fhios agam cá ndeachaigh sé — leis an bhfírinne a inseacht
TUILLEADH (4) ▼
Leis an bhfírinne ghlan a dhéanamh, chonaic mé dhá bhualadh é
Fuair tú amach muise cé a dhéanfadh an fhírinne. An fhírinne as clár na mbréag!
Déanfaidh sé siúd an fhírinne, dá gcrochtaí é
Níl aon ghnaithe ag fear a dhul faoi mhionna mura leis lomchlár na fírinne a dhéanamh
+–
Leis an gceart a dhéanamh, measaim nach bhfuil sé ar fónamh chor ar bith — leis an bhfírinne a dhéanamh; lena cheart féin a thabhairt do gach uile dhuine
Níorbh é ba(s) ciontaí leis an gceart a dhéanamh ach mé féin nár thug uaidh é nuair adúirt sé liom é. Dhá dtugainn bheadh agam
TUILLEADH (3) ▼
Ní itheann sé mórán leis an gceart a dhéanamh, ach is tanálach é.
Ná cuir a mhilleán air. Ní hé a rinne é leis an gceart a dhéanamh, ach an dream thiar
Ní raibh ólta aige thar dhá phionta leis an gceart a dhéanamh, ach dhá mbeadh cúig nó sé de phiontaí caite aige, b'olc an peata a bheadh ann
k.
teacht.
+–
An mbeidh sé in ann é a dhéanamh siar — an t-aistear a chur dhe
Rinne sé soir le cóir é (bádóir ar an bhfarraige)
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh tú suas go seolta ar an ngaoith seo é (fear rothair)
Rinne mé siar go C. in imeacht leathuaire é
+–
An ndéanfaidh mé é le dhul amach an sliabh? — aistear, bealach
Meas tú an bhfuil tú in ann do bhealach a dhéanamh ann
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair bealach a dhéanamh thrí na driseachaí siúd
Dhéanfainn eolas in áit ar bith i Londain anois — gheobhfainn mo bhealach ann
·
Dhá ndéanthá anonn trasna ansin, thiocfá amach ar bhóthar an rí
D'fhiafraigh sé cén cosán a dhéanfadh sé go dtí an áit a raibh an poitín — cén cosán a ngabhfadh sé
l.
a chumadh, a ghiniúint, ag múnlú.
+–
Tá sé ag déanamh amhráin (ag cumadh)
Rinne sé an-amhrán faoi Sh. Mh. Th.
TUILLEADH (2) ▼
Le scéal fada a dhéanamh gairid, bhuail mé é
Rinne sé teach (cró, cathaoir, nead, claise, fear bréige, tobán, gad srl.)
+–
Tá sé ag déanamh a shlaite (asal, capall, madadh, duine, srl.) — borradh agus síneadh ag teacht ina shlait
Tabharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
TUILLEADH (5) ▼
Tabhair cead dó a shlat a dhéanamh. Ar ndóigh ní ag iarraidh é a chur suas uirthi as cosa i dtaca a bheifeá. Tabhair ionú dó. Tiocfaidh an-tsearrach uaidh sin
Déarfainn go bhfuil madadh eicínt in aice láithreach faoi adhall an chaoi a bhfuil Toby s'againne ag déanamh a shlaite le cupla lá
Nuair a ligeadh aici é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosaigh sé ag smúrthacht thart, ach shílfeá gur coimhthíos a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé ina gaire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; ainneoin lán laidhre a thabhairt air.
Bhí an madadh crón sin ag P. N. i nglas, agus scata eile acu ag glafarnach timpeall air, ach 'sé an áit a raibh an coileán beag seo agam féin, abhus i nGleann an Fh. ag déanamh a shlaite ar an uaigneas. Is cosúil nach ligfeadh an faitíos dó a dtaobhachtáil
Is fear in anchaoi anois é, ag imeacht síos ansin ag déanamh a shlaite ina bhríste. Nach diabhlaí tútach an cunús é thar dhuine ar bith. Níl sórt cuibhiúlacht ar bith ag imeacht leis
+–
Rinne sé clann — chiontaigh sé le bean
Rinne sé clann le inín Ch.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag déanamh clainne ar a tháirm
"Hé brí cé a rinne an chlann, ar chois cham thall a leagadh é"
Rinne sé páiste (peata raithní, mac suirí, mac tabhartanais srl.) léithi
Más é a rinne an chlann, breá nár chuir siad faoi ndeara dó a pósadh. Ní raibh siad in ann théis a raibh de ghlaomaireacht acu
Mura ndearna sé an clann, ba diabhaltaí gurb air a buaileadh é
An té a dhéanfas clann go mídhlisteanach mar sin, foilseoidh Dia é féin air
+–
Rinne sé a mhún.
Fan go ndéana mé mo chuid fuail
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé a chac chois an bhóthair os comhair an tsaoil
Rinne an bhó mún fola
+–
Rinne sé strainc (streille, cáir, straois srl.) nuair a chonaic sé é
Ná déan strainc mar sin. Shílfeadh chuile dhuine gur olc atá ort
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé cáir ó chluais go cluais. Nach é a bhí sásta. Déarfá go ndéanfadh sé sin gáirí leis an olc
Rinne an madadh colg — tháinig colg air
+–
Tá seol déanta acu anois — na seolta a bheith i gcrann; na seolta a bheith thuas nó ardaithe ar fad.
Tá ceann na céibhe casta aici. Is gearr anois go mbeidh seol déanta aici. Más ea féin, tá cóir siar acu
TUILLEADH (7) ▼
Is maith gasta atá seol déanta acu, ach níl aon mhaith ann. Tá an lagar rómhór. Níl fleaim as aer
Tá a gcuid seolta déanta acu anois agus níl clóic ar bith orthu, mar beidh sí teann siar acu. Beidh pórtar ar na smuit ag na bádóirí sin fós anocht tigh Bh. na C.
Dhá thúisce anois dhá mbeidh seol déanta agaibh, is amhlaidh is fhearr é. Tá sí díreach ar an aighre. Ní aireoidh muid soir é
Tá seol déanta ach í a phíceáil. Cheal nach bhfuil sí píceáilte ansin fós agat. Beidh I. Mh. Ch. scoite againn shula mbeidh sí trótáilte píceáilte tacáilte agat. Níl a fhios agam nach mbeadh sé in am a dhul ag stríocadh aríst shula mbeidh sí faoi réir agat. Breá nach ndéanann tú deifir? Diabhal bréag nach maith an bádóir thusa!
Dhá mbeinn ina thuilleamaí sin ní bheadh seol déanta go faoithin agam. Ba bheag an baol. Níl rath ná ríocht leis. B'fhearr dhó gan a dhul ag plé leis an bhfarraige ar aon chor. Ní fear farraige é
Tá tú in éadan na dtéadrachaí sin le uair agus gan seol déanta fós againn. Nach bhfeiceann tú go bhfuil againn an ghaoth sin a thapú más linn ceann cúrsa a dhéanamh anocht
Is mall uaidh an seol a ardú. Tógann sé cosamar uair an chloig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaitneodh sé leis aon locht a fháil air ina dhiaidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
+–
Ní bhainfeadh an diabhal a béal di. Níl a béal déanta (capall) — capall nach n-imeodh leis an mbéalbhaigh. Ní ghabhfadh sí ar chaon taobh go réidh. Ní bheadh sí géilliúnach don chinnire nuair a chuirfeadh sé stró ar an mbéalbhaigh ar thaobh eicínt. Níor mhian léithe a dhul an taobh a mbeadh an cinnire ag iarraidh a tabhairt, leis an tarraingt a bhéarfadh sé don bhéalbhaigh
Chuile uair dhá mbíonn sé ag iarraidh í a tharraingt isteach i leataobh caithfidh sé a theacht anuas den charr, mar níl a béal déanta chor ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór dhaoibh a bheith ar an gceird sin léithe muis: duine i ngreim sna hadhastair, agus duine ag a ceann, nó go mbeidh a béal déanta. Bobarún de chapall í, sea sin.
Cheal nach bhfuil a béal déanta fós agus an fhad is atá sibh léithe. Ná bacaidh léithe mar sin! Ní bheidh sásamh ná séanadh agaibh go brách uirthi faoi charr. Nach í an staicealach capaill í!
Níl a dhath coimhthís ná meargántachta inti, ach nach bhfuil a béal déanta fós, ach shílfeá go mbeadh sé in am sin aige feasta más leis a bheith déanta go brách
Dhá mbeifeá ag iarraidh a tabhairt ó thuaidh, bheadh sé chomh maith dhuit an leataobh ó dheas (den adhastar) a ríochan leis an leataobh ó thuaidh, mar níl a béal déanta ach an oiread leis an gcéad lá ar cuireadh an bhéalbhach ina béal
Dhá mbeadh a béal déanta ní dhá sníomh féin mar sin a bheadh sí le chuile chor dhá mbaineann sé as na hadhastair. Giorróidh sí sin léithe féin lá eicínt. I leaba a dhul isteach leis an móinín bán séard a dhéanfas sí siúl amach faoi lorry agus í féin a bhascadh
+–
Fanadh sé ansin anois sa ngarraí sin nó go mbeidh a chosa déanta go maith ann! (asal bradach a cuibhríodh i ngarraí) — níl sa gcaint seo ach fonóid ar mhodh, mar séard a chiallaíos sí: nó go mbeidh sé in ann siúl ar a chosa; nó go mbeidh a dhóthain teanntáis aige ar a chosa le siúl orthu; nó go mbeidh a chosa sách urrúnta le siúl orthu
Tá a chosa déanta aige (páiste, lao nó miolgaire ar bith) — nuair a bhíos taithí ar shiúl aige; nuair a bhíos a chosa sách spreacúil lena gcur faoi agus siúl orthu
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn bliain ar pháiste shul má bheas a chosa déanta aige. Ach ní bhíonn ar rud ar bith eile ach uair a chloig
Is diabhlaí nach bhfuil aon tsiúl ag an lao sin fós. Shílfeá nach mbeadh an fhad sin air go mbeadh na cosa déanta aige. Ní cheal muis nach bhfuil sé ag ól bhainne é. Ólann sé taoscán an bhuicéid dhá cheann de ló
Nach beag an mhoill a bhíos orthu ina dhiaidh sin nó go mbíonn na cosa déanta acu, théis chomh lag agus a bhíos siad. Chonaic mé uainín meirbh a bhí againn anseo an bhliain cheana, agus ní raibh siad déanta aige go ceann coicíse, ach más ea, ba donacht a bhí dhá dhéanamh air. Ní raibh lúd ar bith iontu go ceann fada
Ar chuala tú faoin gcailligh siúd a hiompraíodh go dtí an reilig. Ba gearr go raibh na cosa déanta aici, nuair a theann an faitíos léithe. Deir siad é: nuair is crua don chailligh caithfidh sí rith
Shílfeá théis a bheith ina luí gan cor ná car sa bplástar sin (othar eitinne) ar feadh dhá bhliain, go mba mhaith an scaitheamh go mbeadh a cosa déanta aríst aici, agus bíodh arann fhéin iontu. Ach deir siad go raibh siúl aici an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deo le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
Tá an seanfhaoileán ag múineadh flyála don fhaoileán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceann óg fós
m.
a fhorbairt, a bhorradh.
+–
Rinne a bhéal meall — tháinig meall ar a bhéal ar fad
Rinne a chois bráthadh thinn (bró thuínn? bró thínn?)
TUILLEADH (17) ▼
Rinne a lámha faithniúchaí as éadan
Rinne an lot braon (seile, bracha, ábhar srl.)
Tá a ghualainn ag déanamh ainfheola anois
Rinne a mhéir gor faoi ionga
Rinne a ghlúin feiliún
Déanfaidh an gearradh sin drochlot
Rinne a mhuineál neascóideachaí — tháinig go leor neascóideachaí ar a mhuineál
Déanfaidh an dó sin puchóid. Séidfidh sé
Déanfaidh an chois sin at. Níor mhór dhuit ceirín a chur léithe
Tá mo chois ag déanamh loscadh sáile
Déanfaidh an chois sin drochlot, mura dtapaí tú í agus a dhul roimpi
Ní raibh aon chaora ag gabháil linn nach ndearna cruimhe anuraidh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na hanachain é
Tá an t-asal sin ag déanamh míola.
Déanann na capaill uileag seadáin an bealach sin.
Níl a fhios agam nach ag déanamh péarslaí atá na beithígh sin
Tá an madadh sin ag déanamh dreancaidí — dreancaidí ag cruthú ina chuid fíonnaigh
Is furasta a aithinte ar a cuid cos go bhfuil sí ag déanamh brios brúin
+–
Rinne an balla (an chréafóg, na boird, na hiomrachaí srl.) scáiniúchaí — scáin sé; tháinig sórt scoiltiúchaí ann (fc. scáineadh)
Chuile bhalla dhá ndearna sé, rinne sé scoiltiúchaí
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé aon rud ariamh a rinne sclaigeannaí mar an bóthar sin soir le gairid. Is gearr nach mbeidh sé in araíocht a shiúl ag duine ná ag beithíoch
Chuile uair a dteagann carr ar bith, déanann an bóthar púir (dheannaigh)
Tá an fharraige ag déanamh maidhmeanna diabhalta
Rinne an t-urlár lochán fola — chaithrigh fuil amach ar an urlár nó go raibh sé mar a bheadh lochán fola
+–
Tá a bhfuil d'éadaigh thuas ansin ag déanamh caonach liath
Nach diabhlaí gearr anois a bhí an bord sin ag déanamh caonach liath
TUILLEADH (3) ▼
Caitheadh glac leabhar isteach sa seomra sin istigh anuraidh, agus rinne siad caonach liath in imeacht míosa. Is gearr an mhoill a bhíos orthu, má bhíonn an áit tais chor ar bith
Rinne a raibh ann grán dubh (fc. grán)
Tá na héadaigh sin thuas sa seomra ag déanamh leoin. Is gearr go mbeidh siad ó mhaith, ná rud ar bith eile a bheas caite thuas ansin.
+–
Déanann garrantaí bharr an bhaile lobhadh bán i gcónaí. Níl aon mhaith a gcur
Ní fhaca mé aon fhata ariamh ar an gcnocán sin nach ndéanfadh dó gréine
TUILLEADH (6) ▼
Ní dhearna garraí N. Ph. aon dúchan fós
Déanfaidh na tornapaí sin buinneáin ar fad, feicfidh tú féin air
Rinne an cur sin thuas broimfhéar — d'fhás broimfhéar ann as éadan
Tá salachar déanta ag an ngort sin thiar (gort fataí) — tá sop nó luibheannaí ann a chaithfear a ghortghlanadh as
Rinne na fataí bláth bán an-luath i mbliana
Is gearr anois go ndéanfaidh an t-arbhar sin bainne bán
+–
Tá an bád ag déanamh uisce
Rinne an bád uisce orainn, agus gan aon ghalún taosctha againn. Ba ghroí an scéal é
TUILLEADH (5) ▼
Tá an barr íochtair (i bportach) ag déanamh uisce fré chéile
Tá mo bhróga ag déanamh uisce
Rinne an t-urlár uisce nó gur cuireadh líméar faoi
Níl aon mhaith dhuit teach a dhéanamh san áit ghleannach sin. Dhéanfadh sé uisce ar fad. Tá aghaidh an uisce air
Ní fiú do sheacht mallacht na ballaí concrete sin. Déanann siad uisce as cnáimh éadain a chéile
·
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar lig tú an ceathairín sin thart gan snaidhm a thabhairt dó — tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
Beoigh suas. Tá tú ag déanamh uisce. Tá sé ag sá isteach faoi do smut chuile phointe, agus gan och ná ach ná éagaoineadh agat
+–
Déanfaidh sé sneachta (sioc, gairfean, ráig, múr, báisteach, gála srl.)
Rinne sé an-ghála aréir. Shíl mé go dtógfadh sé an seanbhothán dhá lúdrachaí
TUILLEADH (8) ▼
Déanfaidh sí oíche dheannachtach, déanfaidh sin. Is gearr uaidh soinneán eile
Déanfaidh sé múraíl aríst inniu (showerings — it will be showery)
Ní dhéanfaidh sé aon chalm go dté an ghealach seo amach
Rinne sé Márta breá i mbliana rud ab annamh leis. Bíonn an Márta go iondúil goimhiúil
Rinne sé doininn (gála, fuaraíocht, srl.) anois le coicís — ba mhór an lear doininne a bhí ann le coicís
Rinne sé báisteach aréir! — rinne sé go leor di
Rinne sé an-fhuacht le scaitheamh
Rinne an spéir bogha báistí
+–
Meas tú an ndéanfaidh sé aon triomach (aon aiteall, aon scairteadh srl.)
Rinne an mhóin an-triomach le dhá lá
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfaidh an mhóin dubh sin aon triomach ansin d'uireasa plás ar fónamh a bheith aici
2.
a.
+–
Rinne sé an-fhear
Déanfaidh sí bó bhreá
TUILLEADH (8) ▼
Rinne sí bolgán béice lenar ith sí dhó (dhe). Ní raibh faitíos ar bith orm ach go bpléascfadh sí. Ba mhór an chontúirt é, go sábhála Dia sinn!
Déanfaidh tú béiceadán má itheann tú a bhfuil ansin ar fad
Rinne mé maide seaca le faitíos
Rinne sé créatúr le fuacht thuas ar an mbóthar inniu
Rinne sé amadán ar fad le píosa — chuaigh sé chun amadántachta; chun seafóide
Tá sé ag déanamh bruithlín ó phós sé
Bhíodh sí sin an-fháilí roimhe seo, ach rinne sí burla ó d'éirigh siad suas sa saol
Rinne sé spéice (staic, cuaille, caidhfte, staidhce srl.) i lár an bhóthair. Shíl sé gur taibhse a bhí ann
·
Tá sé ag déanamh créafóige anois le cupla bliain — básaithe
Ná cuir bréag ar an duine bocht atá ag déanamh créafóige leis an fhad seo
+–
Nach beag an mhéid a rinne sé — níor tháinig mórán méide ann
Bhí an-ghealladh faoi, agus ní dhearna sé aon mhéid ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá an scorach sin thíos ag A. ag déanamh an-mhéid bail ó Dhia air
Mura ndéana sé de mhéid thairis sin, ní bheidh ann ach priompalláinín choíchin
Tá an féar ag déanamh an-fhad sna gleannta. Féar uaibhreach
+–
Ar an dá luath is ar ól mé é, rinne mo theanga coirt. Chaithfeadh sé nach raibh sé ar fónamh dhá réir sin
Buaileadh iarraidh de chamán ar an gcluais air, agus rinne sí cuaille ar an bpointe. Shíl siad nach dtiocfadh aon éisteacht lena ló aríst inti
TUILLEADH (6) ▼
Rinne a putógaí meall — chruaigh siad suas
Rinne úth na bó cnap
Rinne a chroí gual dubh ina lár
Rinne a phluic bollóg le at
Tá a shrón ag déanamh aon chnap amháin
Rinne mo láimh búistiún
+–
Rinne an teach Bruidhean Chaorthann — thosaigh an-troid ann
Rinne an t-aonach cogadh dearg
TUILLEADH (24) ▼
Déanfaidh an cogadh céanna ár mura bhfuil ag Dia
Rinne an saol brachán ar fad le gairid — níor fhan cuma ar bith air; tá sé an-chorrach
Ní dhearna an saol brachán dáiríre gur thosaigh an cogadh seo
Rinne adhmad an tí min ar fad
Déanfaidh an t-éadach sin ceamachaí gan mórán achair
Rinne an cóta mór sin ribíní le cupla mí — sceith sé ar fad
Rinne an balla sin leac — d'éirigh sé an-chrua
Rinne an coirce creathnach ar fad — rod sé; níor fhan aon mhaith ann
Déanfaidh na fataí piora má fhágann tú ansin iad — lobhfaidh siad
Rinne an talamh sin murlach le beagán blianta anuas
Déanfaidh an áit sin scraith ghlugair, mura gcoinní tú na clascannaí tógtha
Má ghníonn sé báisteach anois, déanfaidh na cosáin siúd puiteach, agus ní chuirfidh sibh aon fhód móna amach aríst an bhliain seo
Rinne an mhóin sin créafóig agus caoráin uilig
Rinne an bóthar anoir aonach lena raibh de dhaoine air
Rinne a raibh d'arbhar againn anuraidh ga duáin
Is gearr anois go ndéanfaidh an abhainn sin loch
Rinne an talamh moirt le seachtain
Tá na clárachaí sin ag déanamh mine
Ní dheasófar an chathaoir sin go brách. Nach bhfeiceann tú ag déanamh mine í
Rinne na bróga mionbhas orm
Tá an barr íochtair ag déanamh caoráin as éadan
Tá an ithir ag déanamh smúdair uileag
Rinne an carraigín barrach i gcaitheamh aon lá amháin — rinne sé an-triomach
Déanfaidh an tine sin caor ar ball
b.
+–
Bhí sé ag déanamh lae nuair a tháinig sé — bhí sé ina lá; bhí aithne lae air
Níor tháinig an rabhaiteálaí bradach nó go raibh sé ag déanamh lae. Ba in é a thráth le dhul a chodladh!
TUILLEADH (10) ▼
Déarfainn go bhfuil sé ag déanamh lae. Tá gileacht ag teacht sa spéir sin thoir
Le déanamh lae a bhásaigh sé. Sin é i gcónaí an t-am, go bhfóire Dia orainn!
An fhad is a bhíos an áit sin osclaithe, ní thaobhaíonn sé muid maidin ar bith go mbíonn sé ag déanamh lae. Ag imeacht le damhsa agus le ragairne a chaitheas sé an oíche
D'imigh mé as seo ag ceathrú don ceathair, agus bhí mé ag Ard na bhF. le déanamh lae. Ba maith an choisíocht í, deirimse leat
Fanfaidh muid go ndéana sé lá. Beidh muid ag baint coisméig as ansin. Ní aireoidh muid é ach an lá a bheith againn
Siúd é a dhéanfas muide: imeacht le déanamh an lae. Tá an bealach an-aistreánach. Ní bheadh muid in ann é a bharraíocht de shiúl oíche
Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigean a dhúnas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinní sé aríst
B'olc an éadáil é sin, dhá dteagadh duine dhá chlann iníon isteach aige le déanamh an lae, mar a theagas siad ag tuilleadh. Ach dheamhan blas den cheart nach mbeadh aige leo. Bean gan chuibhiúlacht a chaithfeas an oíche amuigh mar sin
Meas tú an bhfuil faoi lá a dhéanamh chor ar bith. Is fada atá sé. Shílfeá go raibh aige lá a dhéanamh moch go leor an tráth seo bhliain, agus gan ann ach an chéad mhí d'fhómhar
Rinne sé lá ag an ceathair a chlog inniu. Tá a fhios agam é, arae bhí mé mo shuí leis an lá ag faire ar lachain
+–
Déanfaidh sé lá maith
Déanfaidh sí uair bhreá anois le cúnamh Dé
TUILLEADH (4) ▼
Rinne sé an-lá théis an smúit a bhí ann ar maidin. Diabhal mé gur scinn sé amach an-bhreá
Rinne sí an-tseachtain ó chaith sé an méid sin báistí
Rinne sí an-bhliain, míle buíochas le Dia. Bliain ar bith a gcaitheann sé sneachta mar sin, teagann sí go maith ina dhiaidh
Rinne sé an-gheimhreadh go dtí seo, pé ar bith cén chaoi a dtiocfaidh an t-earrach. Deir siad nach mór dhuit a bheith ar do shon féin ar earrach an dea-gheimhridh. Níor moladh ariamh é
3.
ag dul chun cinn.
+–
Tá tú ag déanamh go hóg, bail ó Dhia ort — tá tú ag breathnú go maith; tá tú ag dul chun cinn go maith le do chuid oibre; tá biseach ag teacht ort; tá tú ag déanamh go ceochánta
Cén scéal é? Ach níl aon chall dom a fhiafraí. Tá tú ag déanamh go hóg slán a bheas tú. Ach d'éireodh dhuit. Cén mhairg a bheadh ort!
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag déanamh go hóg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé an gnaitheach é anois, agus daoine ag rá nach ndéanfadh sé sin aon bhuille maitheasa lena ló
Bhí mé ag déanamh go hóg a mhic ó, nó go dtáinig an leiciméara sin ag cur chomhairle orm, agus chuir sé as mo bhuille ar fad mé. Caithfidh sé fanacht ansin anois go dtí amárach. B'fhéidir go gcríochnóinn ar maidin é faoina bheith slán dúinn
Cén chaoi a bhfuil an pósadh ag dul dó ab ea? Dheamhan lá clóice air. Tá sé ag déanamh go hóg. Neart nathaíochta aige, mar a bhí ariamh.
Tá mairg air go deimhin! I nDomhnach féin muise níl. Dar fia má chuaigh an ola air arú inné, tá sé ag déanamh go hóg inniu. Ag stróiceadh ag iarraidh feola a bhí sé
'Sibh atá ag déanamh go hóg bail ó Dhia oraibh! Ach is daoibh is fusa, gan talamh gan trá, [...]
4.
+–
Tá sé dhá déanamh — fear agus é ag comhriachtain le bean, nó ag dul uirthi
Tá sé dhá déanamh thoir anseo ó mhaidin
TUILLEADH (7) ▼
Déanfaidh sé thíos anois ar an gcúlráid í
Bhí asal an tincéara ag déanamh an bheas (Bess? fc. Bess) s'againne thíos i mbóithrín an chladaigh inniu
Bíodh eachmairt uirthi nó ná bíodh, ní dhéanfadh an stail í
Bíodh unsa céille agat. Síleann tú gur choinnigh tú madraí uaithi. Deirimse leatsa nach raibh aon mhadadh sa tír nach rinne (nach ndearna) í
Níor lig mé chuici ach an chú sin thiar ag S. Rinne sí trí huaire í. Shílfeá nach uaithi na madraí ina dhiaidh sin
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí lao léithe mar sin féin
Dhéanfadh an ceann céanna cat. Bíonn an-rachmall air
5.
+–
Hé brí cén chaoi a bhfuil sé (cóta mór), déanfaidh sé mise
Tá siad go dona, ach déanfaidh siad muide, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma linne cén sórt Gaeilge atá aige. Déanfaidh sí muide ar aon chor
déan in iontrálacha eile (50+)
+
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh mé ceannfhearainn anseo. Ligfidh mé na giotaí suas go huachtar i ngreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile ansin thall ag an gcloich
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
→
faiteach
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
+
→
faitíos
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth ach faitíos a bheith air?
TUILLEADH (6) ▼
Tá faitíos an tsaoil air go ndéanfaidh tú aon cheo air
Tá faitíos éirí orm mar b'fhéidir gur mé a bhualadh síos aríst a dhéanfaí
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é ina dhiaidh sin
As faitíos a rinne sé é — de bharr faitís
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sin cúis
Déan go cuibhiúil é, ar (le) fhaitíos spíodóireacht
+
→
fara
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
+
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé gur ag cur farasbarr ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
+
→
fearacht
Ní hé m'fhearachtsa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnaithe mar a rinne seisean, agus gairm chúirte a chur ar fhear an leoraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
TUILLEADH (7) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Seachain a ndéanfá fearacht cheana (mar a rinne tú cheana), an mhéir a sciobadh dhíot fhéin, leis an scian sin
Ní dhéanfaidh sé fearacht an dearthár ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile chomh luath agus a íocfar a chuid airgid leis
Rinne sé fearacht an athar. Deile céard a dhéanfadh sé. Nach cuid den mhuic an drioball?
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) — b'fhearr gan a dhéanamh
+
→
fearadh
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon nós. Hé brí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
→
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
→
fearúint
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
→
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
+
→
feáin
Ní bheadh fí ná feáin air mura bhfaigheadh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair, ba bheag an suaimhneas a rinne sé léithe. Nár réití Samhain ná Bealtaine eatarthu muis!
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé é sin muise chomh siúráilte agus atá an feáin (?) ar an móin — is cinnte go ndearna sé é sin
'Sé a rinne é. Níl aon mhaith dhuit a pháirt a thógáil. Ní hé a mhalrait a rinne é, chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin
→
fiosacht
Ba bheag a bhí le déanamh agat ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtabharfadh sé fhéin deoir do Dhia shúlach
+
→
fios
Dhá mbeadh fios Fhinn agat, ní fhéadfá a inseacht céard a dhéanfadh sé sin. Ní fhéadfadh ná aon duine eile
TUILLEADH (11) ▼
Nach aisteach go ndearna sé an méid sin agus fios aige go maith nach raibh plé beag ná mór agamsa leis
B'fhearr dhuitse a theacht in éindí liom. Tá fios na rópaí agat. Rinne tú cheana é. Níl ionamsa ach aineolaí
Mura bhfuil fios an bhealaigh agat, gabhfaidh mise ag déanamh treoir duit
Dhá mbeadh fios ar a leas ag duine, sí a dhéanfadh sé — dhá mbeadh fios a leasa ag duine
Níl duine ar bith nach í a leas a dhéanfadh dhá mbeadh a fhios aige é. Ach sin é an buille. Ní bhíonn fios a leasa ag duine
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam — inis dom
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl mé ag fáil aon mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia agus an bhail seo a chur orm! Mé a chasadh i lár an bhulc bligeards is corónta a chonaic mé ariamh!
Ara cén chaint sin ort? Tá M. níos fearr a fhios ná sin. Ní chreidfinn go ndéanfadh sí a leithide de chleas
Seachain í. Cá bhfios go té sin. Crois Críost orainn, b'fhéidir gur eascainí a dhéanfadh sí ort?
I ngan fhios a rinne sé é — faoi rún; gan aon duine dhá fheiceáil