Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

amach (100+)

+
abair
Ó dubhairt tú agus gur dhubhairt tú é anois, cruthuigh é. Caith dhíot do sheaicéad 'bhfeicidh mé 'bhfuil tú cho maith agus atá do leigean amach
TUILLEADH (5) ▼
Abair má's leis "sprae" a chur amach go bhfuil sé thar am
D'fhéadfá a rádh inDomhnach! Is iomdha a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoin a bhean.
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcut cho maith leis an madadh
 
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
 
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cró-dhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpuinte ag munlú an chrú. Ar ndú ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma san tubaiste leis siúd ó a bhí forú air cé'n chaoi a raibh sé, ach comhraíocht an chrú a bheith air chor ar bith
+
Tá dhá leigean-amach ar an bhféar sin = ní mór a leigean amach faoi dhó
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an dá shúil ag dul amach thar a cheann le scéin (le dúil san mbeatha; ag breathnú orm agus rl.)
 
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
+
Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail. Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe. Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
+
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
TUILLEADH (1) ▼
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
 
dáil
Bhí sé indáil le ag cur amach = múisc
+
dáimh
Tá dáimh aice sin le 'chuile dhuine sa tír má's fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "Uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aice sin é
TUILLEADH (2) ▼
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh é: níl gaol ná dáimh agam leis
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos inGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach poilitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoi'n tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rádh nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh in a dheidh sin
+
Cuir isteach go daingean é nó tiocfaidh sé amach aríst
TUILLEADH (3) ▼
Nach daingean ins an diabhal a chuir sib isteach é, le nach mbainfeadh do chumhachta amach é
Tá Debheléra istigh go daingean anois. Cuirigidh amach é feiceamuist
Tá na Sasanaigh istigh sáthach daingean ar na Gearmánaigh le rud le déanamh a thabhairt dóib a gcur amach
+
Tá sé cho daingnighthe istigh anois ins an dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach asta é
TUILLEADH (10) ▼
Tá an Béarla cho daingnighthe sin isteach i gcuid de na daoine, agus nach mbainfeadh geanntrachaí amach é.
Tá an Ghaedhilge cho daingnighthe i gcuid againne, agus nach féidir í a chur asainn amach
Tá an droch-fháisc cho daingnighthe istigh ins an dream sin, agus nar mhór dóib tonn ghrásta cho mór le Tonn Uí Fhloínn len a cur amach
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí 'chuile áit ar foghnamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach i gcruthamhnas duit go bhfuil sí cho daingnighthe anois, agus nach féidir a cur amach. Nar ba fearr a bhéas sí muise mara ndeachaidh sé righte go leor léithe ins an gcogadh seo. Mo choinsias chuaidh!
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniughadh isteach le 'chuile chor. Do dhubhshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
Ní fhéadfaidís eirghe as anois. Tá an poitín daingnighthe isteach ionnta sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é asta, mara dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uiliog idtigh diabhail in aer
Tá tú daingnighthe istigh innte fós. Ní fhágfaidh muid amach a corp gan tíortháil = scilling a bheadh ar chlár na h-imeartha, agus daoine ag imirt chártaí, agus beirt pháirtidhthe ag imirt ins an scilling
Má fhaghann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneochaidh an dearbhráthair leis agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agad a dhuine chroidhe. 'Sé an chóir a bhfuil an Government seo ag daighniú. Tá siad ag leigean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maoidheachtáil leobhtha
Má chuireann tú dlí orra, agus thú a chaitheamh, daingneochaidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneochaidh. Mara bhfuil tú indon a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, leig dóib ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
+
dairt
Ní sheasfadh aon-duine beo thuas ann ach a dtosuigheann na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contabhairt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann.
TUILLEADH (7) ▼
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
B'uathbhás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigin dom imeacht ar mo chromadadh istigh faoi'n gclaidhe gur bhailigh mé suas an Ch. nó sciochaidís an cloigeann dom (díom). 'Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marbhú duine orra
Is dona a thaithneochadh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí ní i bhfad go mbeadh "leig amach mo mhullach" ann. Tá a fhios aghainn go maith cé hé
Dhá dteightheá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabhail do chlocha ar do cheirteachaí, ba samhaoinighe dhuit é ná a cheapadh go mbainidh tú beatha amach ar na cupla giodán breaclaighe sin. Is maith an fáiteall bruic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéanaidh muirín (muirghín) cúis orra, gan teacht isteach ar bith eile tharta tá sé fánach aca
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
 
Is breagh gnaoidheamhail a roínn sé amach an leath-ghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodhadh sé féin é, ní bheadh sé leath cho maith faoi. Dubhradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim, agus gan maith ar bith in a theach féin leis
+
dalba
Fear dalbaí é. Bhí sé thoir annsin thoir lá an aonaigh, agus d'iarr sé amach fear ar bith a bhí istigh tigh Mh. ar "fair play". Bhí cho maith le fiche fear istigh, agus dheamhan thiomanta duine aca nachar chlaon uaidh
TUILLEADH (3) ▼
Nach hé an "druncaera" dalba é agus gur ól sé 'chuile phighinn amháin de luach na muc shul a d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tighe agus urláir é sin!
Garrdha dalba é sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosuighe dhá saothrú le bualadh faoi'n ngarrdha sin. Th'éis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon-bharr slachtar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buidheachas. Tá máithreach an uisce faoi
Is dalba an aimsir í, agus gan cosamhlacht claochmhú ar bith air. Má mhaireann an sneachta seo i bhfad eile, beidh beithidhigh criogtha, an uair nach féidir a leigean amach. Ach diabhal mé go bhfuil na daoine féin in an-chaoi freisin
 
dall 1
Tá an tír uiliog faoi dhaill ó a tháinig pinsean na ndall amach
 
dall 2
Ní léar dom tada. Tá mé dall ag teacht amach ó'n solas. Dar príosta tá an oíche bun-dorcha ar aon-nós
 
dall 3
Is mise a bhí dallta ar chaoi ar bith an oíche faoi dheireadh ar a theacht amach uaibse. Níor léar dom mo láimh. Ar éigin na gcor agus na gcnámh nachar cuireadh soir ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa bpoll mór mé
 
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dalladh mullóg cho réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é, marach go mb'éigin dom a bheith isteach agus amach 'chuile phuinte ag faire ar bhó a bhí i dtinneas laoigh
+
Níl an dallán sin ag cur amach chor ar bith. Mara bhfeicidh tú an bhaslóig, níl an tsúil ag cur amach agus níl aon-mhaith dhuit a bheith do do mheath féin leo.
TUILLEADH (7) ▼
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Má's í an t-aidhbheirseoir de dhris féin [í] tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú annsin í, ag cairthiughadh amach i lár an bhealaigh orm
Níl dalláin an tsean-chrainn daraighe sin thíos ag goineachan amach chor ar bith imbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saoghal an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada ins an áit a raibh sé le rithteacht
Má leigeann tú dóibh feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in aithbhliain. Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
Fásfaidh bíonglán (biongán, beangán) eile as an dollán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó indiu an té a bhéas beo, feicfidh tú gur maith cairthighthe amach ar an mballa a bhéas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
Tá an bhó seo imighthe amach nó mara bhfuil níl aon-deor bhainne ag teacht thrí na dalláin. Maran dodaighil atá uirre. Má's eadh féin is minic minic léithe
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rud[aí] mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá leigean isteach i gcluais, agus amach ins an gcluais eile. Sin é an cha[oi] a bhfuil siad
+
 Meastú an ngabhfainn amach faoi'n dallcairt sin. Is beag an baoghal orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sib cheal teine. Ní theastóchadh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
TUILLEADH (1) ▼
Dhúisigh mé aréir tuairim 's an trí a chlog, agus bhreathnuigh mé amach thríd an bhfuinneoig. Bhí sé ag dallcairt an uair sin, agus níl a fhios agam cá'id ina dhiaidh. Dar leat féin, níl mórán dhá chosamhlacht ar an talamh indiu
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
damhsa
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh 'chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
+
Dhaimhsigh mé mo phort agus chuaidh mé amach aríst
TUILLEADH (4) ▼
Cas amach strioncán ceoil aríst go dteigheamuid ag damhsa
Teirigh amach ag damhsa
Chuaidh siad amach ag damhsa
Daimhsigh amach!; daimhsigh leat!
 
Tá sé damnuighthe le seachtain ag doigheachaí. Sílim nachar chorruigh sé amach chor ar bith. Tá an chúilfhiacail siúd aige splanctha aríst! Luirg an diabhail dó nach dteigheann isteach agus a tarraint agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
+
dán
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois cinnfidh uirre dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht in a cailín Domhnaigh.
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon-mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talmhana. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá indon é sin a dhéanamh fiafruighim díot
Ní raibh indán é a chur amach as an teach nó go dteagadh an mac ba shine as Meiriocá
Níl indán glanta dhóib. Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosamhlacht ann. 'Chuile lá beo a dteighim amach le soipín a bhaint asta (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Má tá indán agus go bhfuil briste dhi aríst (tiúb rothair) caith amach san aoileach í. Sin é eile a bhfuil de mhaith léithe. Shíl mé agus a ndeachaidh de chaoi aréir uirre nach dtiubharfadh sí uaithe go cheann píosa
Mara bhfuil indán agus go gcoinneochaidh sé a chuid beithidheach de mo chuid talmhana-sa, th'éis a bhfuagairt, gabhfaidh mé isteach de mo shiubhal ionnsaidhe ag turnae, agus cuirfidh mé leota de "nútice" (notice) amach aige, agus mara stopaidh sin é, searbhálfaidh mé é
+
dána
Ní fhaca mé a leithide de pháiste ariamh tá sé cho dána sin. Nuair adubhradh leis gan a dhul amach ar an tsráid, sin é an uair a chuaidh sé amach. Thug mé isteach é agus fuair sé gleáradh, ach ba bheag an mhaith sin. Chuaidh sé amach aríst
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá go bhfuil an saoghal ag eirghe amach an-dána in aghaidh an chreidimh
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
Gabh amach anois, agus labhair go dána droch-mhúinte léithe agus abair má mhilleann a cuid beithidheach aon-cheo ort níos mó, go n-íocfaidh sí é
Níl cladaigh dána ar bith amach annsin ar ghualainn na h-áite seo. Tá lom trágha ann: trághannaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní fairrge ag briseadh orra. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
 
Rinneamar 'chuile mhíle nídh leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
+
danra
Is dan(d)ra an diabhal é le cur amach ar maidin = deacair a chur ag obair; ní mian leis corruighe amach in éadan a chuid oibre
TUILLEADH (12) ▼
'Sé an mac is danra a chonnaic mé ariamh é. An t-am a raibh muid ag obair ar bhóthar Sh. Ú. theagainn ag glaodhach air 'chuile mhaidin. Bhí sé ag troid agus ag bruighin agus ag dul anonn agus anall ar fud an tighe, agus a mbíodh ins an teach in a suidhe aige ag iarraidh a chur amach agus é ag cínnt orra. Is iomdha maidin a raibh mé thar am dhá bharr
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
Níl aon-fhear guirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air, ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laetheantaí anuiridh ar mo mhine-ghéire ag iarraidh é a shaghdadh amach ins an tráigh, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talmhana frén a chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh árduighthe as iad. Ba mhór an réidhteach ar a gcuid talmhana é. Ach ní leigfidís miaróg (méaróg) amach as aon-gharrdha ag gabhail leo, tá siad cho dan(d)ra sin. = scanruighthe, tuatach, géar, dórainneach
Nach hé a bhí dan(d)ra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garranntaí breaca annsin thuas anuiridh, agus muid ag fiadhach ann. Cé'n bhrígh ach gan tada ionnta ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí Francuighthe freisin an uair nar fhága muid d'aon-léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
Diabhal bréag nach droch-phortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearg-laoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhan(d)ra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuiridh le portach nua a d'oscail mé ar an roínn. Marach leisce an mhagaidh d'fhágfainn annsin ins an míádh é th'éis a oscal
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
Is dan(d)ra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an "puncture" a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an "tyre" indiaidh a chéile agus mara gcuirtear isteach an tiúb go fíor-stuama aríst tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí áirdeallach!
Níl an saoghal go dan(d)ra le aonduine ach leis an saighdiúr bocht a chaithfeas a dhul amach ar aghaidh na bpiléar uair ar bith a bhfuagróchthar air
+
daoire
Dá dteagadh aon-daoirseacht ins an móin amach annseo, b'fhiú greim a choinneál uirre, ach is mór m'fhaitíos nach dtiocfaidh
TUILLEADH (3) ▼
Tá na beithidhigh réidh le daoireacht imbliana. Deir siad go bhfuil an galra eile sin briste amach aríst i Sasana
Ná taobhuigheadh duine ar bith an cráidhteachán sin nó go gcinnidh air. Tá 'chuile shórt ar a dhaoirse aige, agus a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le faitíos nach bhfuigheadh sé 'chuile chianóg. Bíonn scanradh air, má fhanann an leithphighinn féin amuigh, nach bhfeicfidh sé go deo í
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaidh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon-uaim amháin go gceannuighinn báinín. Dheamhan báinín a leigfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. "Chonnaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn aca ag dul abhaile agam air" arsa mise. "Bailigheadh leo anois. Imeochaidh mé ins na ciomachaí scathamh eile"