téigh síos le
1.
·
Ní raibh do chuid cainte ag dul síos leis chor ar bith = ag taithneachtáil (b'fhéidir gur Béarlachas é = "going down with him")
2.
+–
Ní raibh ag dul síos leis ach damhsa agus ól agus ragairne agus ba dona a chuaidh siad dó as a dheireadh, ní dhá roint leis é = ní raibh ag cur imní air; ba é mian a chroidhe é (ní mheasaim gur Béarlachas é sin ar aon-nós. Tá sé ag dream nach bhfuil fuigheall Béarla dhá laghad ar a gcuid cainte)
'Sé a raibh ag dul síos leis ins an am sin, í sin a fháil le pósadh. Ní raibh splanc aige in a diaidh. Ach d'imigh sí agus phós sí fear eile agus d'fhága sí ar an tráigh thirm é
TUILLEADH (7) ▼
Níl ag dul síos leis — 'sé a bhfuil ag dul idir é agus codladh na h-oíche — ach "mótar-bicycle" a fháil, go bhféadaidh sé an tír a shiubhal
Ní raibh ag dul síos linn an uair sin ach ceol agus spóirt agus míádh. Dhá gcloiseadh muid go mbeadh damhsa áit ar bith idir [seo] agus U. níorbh fhéidir muid a choinneál as. Nach hé an cnáimh a lúb ó shoin! Is furasta a (ar) ndóthain damhsa a thabhairt duinn anois faraor
Sin í an óige agad i gcomhnaí! Ní bhíonn ag dul síos léithe ach macnas agus meanmna agus eirghe-in-áirde. An dtiubharfá milleán dóibh. Bhí tú féin óg scathamh. Is iomdha lá ag an roillic orainn a mhic ó
Tá suim mhór aige siúd in do chuid féir go deimhin! Nach bhfuil a fhios ag do chroidhe istigh nach in éadan féir a ghabhfas sé siúd Dé Domhnaigh dhuit. Dheamhan é dhá lobhadh sé ins an tsraith. Tá mé siúráilte nach bhfuil ag dul síos leis ach féar muis!
Ní raibh ag dul síos léithe sin ó a bhí sí in a malrach ach a cuid leabhar, agus tá a shliocht uirre. Tá sí amuigh in a máistreás scoile anois
Sáthach fada a bhí sé le dícéille. Níl ag dul síos leis anois ach airgead. Mara bhfuil féin, 'sí a leasmháthair a thóigfeadh sin air. 'Sé an t-airgead an dia beag atá aca uilig
Ní raibh ag dul síos leis an antlachán sin aon-lá ariamh ach talamh, talamh. Chuirfeadh sé baintreach a mbeadh lán púirín na h-átha de mhuirín uirre de dhruim tighe dhá mbeadh a fhios aige go bhféadfadh sé a dhéanamh. 'Ar ndú' d'fhéach sé leis cheana agus chinn sé air. Is beag an tsúil le Dia é duine a bhíos ar a cheird.
téigh síos le in iontrálacha eile (38)
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
folach 1
Dheamhan mála ag gabhail liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuiridh, ach níl snáth dhíobh indiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos san dá theach sin thíos, agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orra
→
ceal 1
Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
→
beo 1
Naoi lá a sheasfas a' cogadh adeir a' tar(n)gaireacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min' choirce a thabhairt leis, a's a dhul síos in ua(mh)ain thalmhana go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn do'n té a bheidheas beo. Beidh saoghal na bhfuigheall aige.
Tá sé buailte síos, le dul 'un trí seachtmhainí. Má's í an eitinn atá a' priocadh leis, tá a chaiscín meilte.
→
buinne 1
Fuair T. C. a's N. bairille beag sa mbruth-faoi-thír, tá suím bliadhanta ó shoin. D'áitigh ar a' mbeirt a' dul dó, a' ceapadh gur ól a bhí ann, a's badh eadh freisin, a's ná raibh Dia leis, marar thuit an buinne tónach anuas lobhtha dhe, a's dheamhan deoir a d'fhan ann nar dóirteadh amach sa snátha mara. Shuidh an cupla síos ar a' dúirling a' caoineadh na h-éadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
→
fiannaí
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
→
fraigh
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
→
fód
Sén sórt caoi a bhfuil a chuid sleádóireacht sin anois, dhá leigtheá síos i mbinnse móna é, ní aithneódh sé an fód ascalla ach an oiread leis an bhfód ciúis (an fód atá amuigh ar cholbh an bhinnse). Chonnaic muid a leithidí cheana a chuaigh ag baint le sluaiste! Sin í corp na fírinne
Is beag duine a chonnaic mé cho daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéanaidh Dia grásta uirre. Chuaigh mé síos gur chuir mé in a shuí é go bhfaghainn braon fuisce len a leagan amach. Ní raibh cúntanás ar bith ann dhá bhfaca tú in aonduine ariamh, mara faoin a chur in a shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shoin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bhéas mé ar an saol
→
daol
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
→
deachma
Chuala mé caint orra — na deachmaí atá tú ag rádh. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nar h-íocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Do'n teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a shean-athair go raibh siad ghá gcruinneál thiar annseo uair ar Dhúithche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún aca a mbaint amach de'n bhuidheachas. Chruinnigh tír agus talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce aca. Chuala an sagart a bhí annseo thiar é. Níl fhios agam cé'n sagart a bhí ann ins an ám. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaidh sé 'un cainte lena póilíos agus lena báillí. Marach go ndearna sé eadarscán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na h-áite líomhtha ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóib, nó nar mhaith, ach níor tóigeadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tóigeadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tóigeadh nó's nar tóigeadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad len a chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó a bhí sean-athair Sh. Mh. A. in a mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
→
dealg
Má tá a dhealg sáithte innte sin anois aige, ní leigfidh sé di go gcuiridh sé síos ins an talamh í leis an díol a thiubharfas sé uirre. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé in a aghaidh beidh sé in a aghaidh, agus níl aon-mhaith a dhul ag brughadh air. Is duine é a thiubharfas a chuid faltanais i gcreafóig leis.
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
Diúltaigheamuid do'n áit sin! Ní ghabhfainn ag aon-damhsa ann go díreach go dteighinn síos agus go mbáithfinn mé féin idtosach. Damhsaí gnaoidheamhla go deimhin! Is cuma leis an ngnaoidheamhlacht cé leis a ndéantar a samhailt, má sin damhsaí gnaoidheamhla. Bhí siad ar siubhal ariamh ariamh nó gur stop siad 'chuile dhamhsa eile. Anois tá a bhfuil de phighneachaí dá bhfuil ar liobarna ins an tír ag dul síos ina bpócaí féin. Tá faitíos orm nach rithfidh leo i gcomhnuí!
→
dlaoinín
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
→
dochar
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shul (dh)a chuimhneóchainn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapaichín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcomhnuí
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní thiubharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brughadh ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafruigheadh cá dtáiniceamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon-ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na h-oíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon-duine a bhí amhlaidh: dá bhfaghadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna do'n teach. Badh é a dhéanamh leis é. Ní raibh an teine féin ann.
→
donacht
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon-chlaochmú. B'fhurasta aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas indiaidh a tóna le seachtain
→
doscúch
Ní leigfeadh an faitíos dom a dhul síos ann. Shíl mé go n-ionnsóchadh an baile frén a chéile mé. Chuaidh mé isteach ins an teach ósta agus mé loicthe. Ba ghearr go dtáinig forránach mór fiadháin go dtí mé: fear doscudhach i gcosamhlacht. Bhí colm ar a leiceann as sin go dtí sin anois. Chuaidh muid 'un cainte le chéile. Le 'chuile údragáil d'innis mé m'anshógh dhó. "Ól é sin anois" adeir sé, "agus ólfaidh muid dhá ghloine fuisce an duine, agus annsin siubhalfaidh muid síos ann de réir a' (ar) gcoise. Bhí mise ins an mBowery i New York, agus dar dia ní bhainfidh aon-fhear annseo liom, ná leis an té a bhéas in mo bhuil … "
Tá siad an-drabhlásach leis an móin — dhá theine ann go síorruidhe. Ach is furasta dóibh arsa tusa: ag imeacht dhá ghoid uaimse agus uaitse de shiubhal oíche, agus a gcuid móna féin in a scaradh ar an bportach, cheal an té a ghróigfeadh í, ná a thiubharfadh aon-ghiollaidheacht di. An uair a bhí aca a n-áird a bheith ar mhóin, is ag imeacht ag gabhail Laddie o' Lee ar an mbóthar, nó síos indiaidh "Choiste na bPáistí" ag cladaigh a bhíodh siad
→
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'asnachaí an uair a chromaim síos. Ní mheasaim gur araingeacha iad. Le goirid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaithtí. Is minic a bhí araing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
→
dromán
Diabhal "case" ná "case" a bhí aige, ach hébrí cé na maingíní a bhí aige a fháisceadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aonduine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaedhealach é S.
→
dán
'Séard a bhí le déanamh leis sin dán a chur air, agus a thabhairt síos sa gcaladh agus an chéad bhád a bheadh ag dul ar an talamh ó thuaidh é a chur isteach innte. Ro-mhaith a bheadh sé aige agus an bhail atá sé a chur ar na daoine
→
díle 1
Dhá bhfeictheá an tuile ag eirghe ins an abhainn siúd agus ag sceith síos ar fud an bhaile mhóir agus tighthe dhá mbánú, déarfá leat fhéin go raibh an Díle ag dul thar an Domhan aríst. Ní thiubharfá samhail ar bith dhi ach é … Dar brigh an leabhair, bhí 'chuile dhuine ag imeacht as na tighthe, agus ag crapadh leo an méid a d'fhéad siad de'n troscán.
→
díocas
Tháinic díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos len a thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaghadh sé an té a dhéanfadh leis é bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marbhú
→
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
→
dóirt
Ní casán do chapall ná d'asal é. Tá an iomarca dóirteadh síos ann, agus é ro-aistreánnach. An té atá i gcleitheamhnas an chasáin siúd le feamuinn a chur as an gcladach beidh sé ar deireadh. Dar mo choinsias níl sé ionrásta ag duine féin a dhul ann — tada leis
→
dúchan
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do laogh annsin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothrom, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúachan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. "Aeroplanes" Mheiriocá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann
+
→
dúnáras
Tá a chuid féin de dhúnárus Chloinn Mhac Confhaola ag siubhal leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Sola féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige, cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaithtí ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeitheá, agus scaithtí eile dheamhan fear is laetheamhla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — in a dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaol a mhainge, seacht míle bealaigh le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é annsiúd imbéal an tseoil, ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scathamh thíos ann. An uair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe, agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thuit sé chuig P. Anonn leis go gcraitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile do'n diabhal é féin agus a láimh. 'D'eile céard a dhéanfadh sé
TUILLEADH (2) ▼
Tá an scoth óg ar an dúnárus céanna a raibh na sean-daoine. Feacha T. sin, agus an choduidheacht a bhíos air. Ag imeacht in a shúmaire i gcomhnuí. Bheadh sé ag dul síos G. bog te ambáireach, agus dhá bhfiafruightheá dhó (dhe) é in a dheidh sin, déarfadh sé nach rabh a fhios aige. Is maith a chruthochthá deirimse leat, le tada a bhaint as sin
Bhí an dearbhráthair in athchur an anama agus é féin ag dul síos agus suas annsin 'chuile lá, thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteochadh sé air, ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó le na chuid dúnáruis, ins an deire, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaidheacht chéadna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoin a fhiacla. Is maith a chuaidh sé as nach istigh faoi "mhurder" a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair in a éadan, ach má chaith féin sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as.
Ba mhaith liom muise dhá dteigheadh an méid sin faoi'n tsrón aige. Dheamhan leath an chirt a bheadh leis. Puicéara sagairt nach bhfuil ag dul síos leis ach airgead a dhéanamh ar uain nó ar éigin! Is deas an bhail a bheadh ar dhaoine bochta dhá mbeidís in a thuilleamaí-seisean
→
téigh i
Ní raibh ag dul síos len athair fhéin 'chuile lá ariamh ach a dhul ins na fir mhóra. Bhí sé cho suimeamhail le pisín chuit. Ní raibh ariamh aige, aindeoin sin ach ag mianadóireacht idir dhá leachta thiar annsiúd