Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh síos le
1.
·
Ní raibh do chuid cainte ag dul síos leis chor ar bith — ag taitneachtáil. B'fhéidir gur Béarlachas é — going down with him
2.
+
Ní raibh ag dul síos leis ach damhsa agus ól agus ragairne agus ba dona a chuaigh siad dó as a dheireadh, ní dhá roinnt leis é — ní raibh ag cur imní air; ba é mian a chroí é. Ní mheasaim gur Béarlachas é sin ar aon nós. Tá sé ag dream nach bhfuil fuíoll Béarla dhá laghad ar a gcuid cainte
'Sé a raibh ag dul síos leis san am sin, í sin a fháil le pósadh. Ní raibh splanc aige ina diaidh. Ach d'imigh sí agus phós sí fear eile agus d'fhága sí ar an trá thirim é
TUILLEADH (7) ▼
Níl ag dul síos leis — 'sé a bhfuil ag dul idir é agus codladh na hoíche — ach mótarbicycle a fháil, go bhféada sé an tír a shiúl
Ní raibh ag dul síos linn an uair sin ach ceol agus spóirt agus mí-ádh. Dhá gcloiseadh muid go mbeadh damhsa áit ar bith idir seo agus U. níorbh fhéidir muid a choinneáil as. Nach é an cnáimh a lúb ó shin! Is furasta a (ár) ndóthain damhsa a thabhairt dúinn anois faraor
Sin í an óige agat i gcónaí! Ní bhíonn ag dul síos léithe ach macnas agus meanmna agus éirí in airde. An dtabharfá milleán dóibh. Bhí tú féin óg scaitheamh. Is iomaí lá ag an reilig orainn a mhic ó
Tá suim mhór aige siúd in do chuid féir go deimhin! Nach bhfuil a fhios ag do chroí istigh nach in éadan féir a ghabhfas sé siúd Dé Domhnaigh dhuit. Dheamhan é, dhá lobhadh sé sa tsraith. Tá mé siúráilte nach bhfuil ag dul síos leis ach féar muis!
Ní raibh ag dul síos léithe sin ó bhí sí ina malrach ach a cuid leabhar, agus tá a shliocht uirthi. Tá sí amuigh ina máistreás scoile anois
Sách fada a bhí sé le díth céille. Níl ag dul síos leis anois ach airgead. Mura bhfuil féin, 'sí a leasmháthair a thógfadh sin air. 'Sé an t-airgead an dia beag atá acu uilig
Ní raibh ag dul síos leis an antlachán sin aon lá ariamh ach talamh talamh. Chuirfeadh sé baintreach a mbeadh lán púirín na hátha de mhuirín uirthi de dhroim tí dhá mbeadh a fhios aige go bhféadfadh sé a dhéanamh. Ar ndóigh d'fhéach sé leis cheana agus chinn sé air. Is beag an tsúil le Dia é duine a bhíos ar a cheird

Féach freisin

le

téigh síos le in iontrálacha eile (50+)

 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
folach 1
Dheamhan mála ag gabháil liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuraidh, ach níl snáth dhíobh i ndiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos sa dá theach sin thíos agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orthu
+
fána
Bhí sé ag dul síos le fána an aird (an chnoic)
TUILLEADH (1) ▼
Téann na hailleadóirí síos le fána na haille in Árainn ag coilleadh neadrachaí éan
 
ceal 1
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
+
beo 1
Naoi lá a sheasfas an cogadh adeir an tairngreacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min choirce a thabhairt leis agus a dhul síos in uamhain thalúna go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn don té a bheas beo. Beidh saol na bhfuíoll aige.
TUILLEADH (1) ▼
Is leasú ann fhéin é an fód beo sin, má théann tú sách fada síos leis.
 
Tá sé buailte síos le dul chun trí seachtainí. Más í an eitinn atá ag priocadh leis, tá a chaiscín meilte.
 
buinne 1
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
 
anáil
Chuaigh an greim le m'anáil, agus síos sa bpíobán garbh, agus chaith mé tamall ag casacht nó gur chuir mé aníos aríst é.
 
Chuala mé P. Gh. ag rá go raibh a athair agus seanfhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iamh air ar an bhfad sin ach ag inseacht an scéil! 'An bhfuil aon bhaol ort fós,' adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. 'Níl,' adeir sé. 'Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh.,' adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. 'Cé nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnaithe feasta,' adeir an fear a bhí in éindí leis. 'Níl mé ach cur éadain air,' adeir sé. 'Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann.' Ba in é an Fiannaí!
 
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. 'Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin os cionn na hÉireann. Beidh muilleoir thart síos. Peadar Risteard a bheas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. 'Sí an séú bliain déag a bheas sé ann. "An séú bliain déag beidh Éire dearg le fuil; Sa seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaigh na fir'" (giotaí den targaireacht) — is mór i gceist Fómhar na mBan Fionn sa targaireacht chéanna. 'Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe sa gcogadh, agus 'siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
 
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
 
fraigh
Chuaigh sí sna fraitheachaí ansin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le mairnéalach agus níor tháinig litir ná scuan uaithi uaidh sin suas
 
Is minic, go ndéana Dia grásta uirthi, san am a bhfuair Bríd bás a dtéinn síos ansin thíos chuile oíche ag déanamh cuideachta le na gearrbhodaigh. Diabhal neart a bhíodh agam air. Ag iarraidh an buaidhreamh a chaitheamh dhíom a bhínn. Is minic a dhamhsaítear port le mífhonn féin
 
fód
'Sé an sórt caoi a bhfuil a chuid sleádóireacht sin anois, dhá ligtheá síos i mbinse móna é, ní aithneodh sé an fód ascaille ach an oiread leis an bhfód ciumhais (an fód atá amuigh ar cholbha an bhinse). Chonaic muid a leithidí cheana a chuaigh ag baint le sluaiste! Sin í corp na fírinne
 
abair
Céard adeir tú leis anois a chuaigh síos de mhaoil a mhainge go dtug sé aníos é — nach mbeadh iontas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-ionadh srl.
 
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
 
Tá siad ag cur dallach dubh críochnaithe air síos anseo. Ní beo é go dté sé ann, agus teagann sé abhaile i gcónaí lena bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
 
danra
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
 
Is beag duine a chonaic mé chomh daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéana Dia grásta uirthi. Chuaigh mé síos gur chuir mé ina shuí é go bhfaighinn braon fuisce lena leagan amach. Ní raibh cuntanós ar bith ann dhá bhfaca tú in aon duine ariamh, mura faoina chur ina shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bheas mé ar an saol
 
daol
Murach go bhfuair sé daol ó rud eicínt, ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon duine in Éirinn is fusa a shaighdeadh ná é ar ndóigh
 
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
 
dealg
Má tá a dhealg sáite inti sin anois aige, ní ligfidh sé di go gcuire sé síos sa talamh í leis an díol a thabharfas sé uirthi. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé ina aghaidh beidh sé ina aghaidh, agus níl aon mhaith a dhul ag brú air. Is duine é a thabharfas a chuid faltanais i gcréafóig leis.
 
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhileogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an cosán a thóg sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh ansin ar chuid Bh. agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ár n-amharc. Nuair a chuaigh sí chomh fada le J., d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é lena raibh de dheannach ann — an sleán nua a fhágáil ina dhiaidh. 'B'fhéidir,' adeir sé, 'go dteastódh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil móin sa mbruín fhéin.' B'uafás é an siota siúd
+
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
TUILLEADH (2) ▼
Níl aimsir dá dheannachtaí nach dtéann curachóirí na T. B. sin chun farraige. Tá siad in araíocht é a bharraíocht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na chladaigh, ná tada leis, bheidís amuigh an lá sin. Ar ndóigh níl curachóirí ar bith inchinniúint orthu
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomhuain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Chaith sé an-fhada idir chamánaí nó go ndeachaigh mé féin síos chucu faoi dheireadh agus faoi dhó, agus gur fhiafraigh mé dhíobh céard a bhí fúthu a dhéanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
 
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! M'anam gur scanraigh mé gur síos píobán an doichill a chuaigh sé agus go seasfadh sé thíos ann — deiseal adeirtear má théann rud le anáil duine, nó scaití má bhíonn sé ag sraofairt. Ach Dia linn is mó adeirtear le sraofairt (nó Dia leat), agus deiseal le duine nó beithíoch a bhfuil treampán eicínt sa muineál air faoi rud a ligean síos
 
deán
Tá deán síos ann — i lár na páirce — agus ní raibh acu le déanamh ach síneadh sa deán nó go ndeachaigh an chontúirt tharstu
 
dia 2
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
+
diaidh
Bhí an-spóirt ar an bportach inniu. Rug J. ar bhara T. Sh. agus bhí sé ag ealaín leis agus hé brí cén chaoi ar éirigh leis é a chur i ndiaidh a chúil, nár thit sé síos sa bportach. Chuaigh T. Sh. i ngeallta. Dar an leabhar, dá mbeireadh sé ar J. ghabhfadh sé síos i mullach an bhara
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
 
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
 
Diúltaímid don áit sin! Ní ghabhfainn ag aon damhsa ann go díreach, go dtéinn síos agus go mbáfainn mé féin i dtosach. Damhsaí gnaíúla go deimhin! Is cuma leis an ngnaíúlacht cé leis a ndéantar a samhailt, más in damhsaí gnaíúla. Bhí siad ar siúl ariamh ariamh nó gur stop siad chuile dhamhsa eile. Anois tá a bhfuil de phínneachaí dá bhfuil ar liobarna sa tír ag dul síos ina bpócaí féin. Tá faitíos orm nach rithfidh leo i gcónaí!
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dochar
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shula chuimhneoinn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapachín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcónaí
 
docht 2
Tá an fhuinneoig sin an-docht (nó dochtmhar amantaí), ach is beag an dochar di. Níor cuireadh síos ná suas í ó chuaigh sí isteach, agus maidir le gionnóid (deannóid)phaint a chur uirthi, ní dheachaigh a leithide uirthi
+
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thabharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brú ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafraíodh cá dtáinigeamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na hoíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon duine a bhí amhlaidh: dá bhfaigheadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna don teach. Ba é a dhéanamh leis é. Ní raibh an tine féin ann.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
 
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
 
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon chlaochmú. B'fhurasta a aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas i ndiaidh a tóna le seachtain
 
Ní ligfeadh an faitíos dom a dhul síos ann. Shíl mé go n-ionsódh an baile fréna chéile mé. Chuaigh mé isteach sa teach ósta agus mé loicthe. Ba ghearr go dtáinig forránach mór fiáin go dtí mé: fear doscúch i gcosúlacht. Bhí colm ar a leiceann as sin go dtí sin anois. Chuaigh muid chun cainte le chéile. Le chuile údragáil d'inis mé m'anó dhó. 'Ól é sin anois,' adeir sé, 'agus ólfaidh muid dhá ghloine fuisce an duine, agus ansin siúlfaidh muid síos ann de réir a (ár) gcoise. Bhí mise sa mBowery i New York, agus dar dia ní bhainfidh aon fhear anseo liom, ná leis an té a bheas in mo bhail … '
 
Tá siad an-drabhlásach leis an móin — dhá thine ann go síoraí. Ach is furasta dóibh arsa tusa: ag imeacht dhá ghoid uaimse agus uaitse de shiúl oíche, agus a gcuid móna féin ina scaradh ar an bportach, cheal an té a ghróigfeadh í ná a thabharfadh aon ghiollaíocht di. Nuair a bhí acu a n-aird a bheith ar mhóin, is ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar an mbóthar, nó síos i ndiaidh "Choiste na bPáistí" ag cladaí a bhíodh siad
 
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaigh mé síos leis an gcarr ann. Cheannaigh mé trí folaigh coirce le aghaidh síl. Thabharfá an leabhar go mba é an chéad scoth é, agus ba é freisin. Ach lá dubhfhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laethantaí, bhreathnaigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhága mé seo mura raibh sé ag tosaí ag dreochan. Fhóbair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'easnachaí nuair a chromaim síos. Ní mheasaim gur arraingeacha iad. Le gairid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaití. Is minic a bhí arraing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom