→
abair
dúirt mé (50+)
Dúirt mé leis an táilliúr dhá mbeadh aon cheo d'earasbarr aige as ábhar na culaith é fhéin dhá choinneáil
→
focal
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go gairid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire — dúirt mé leis péire a choinneáil dom agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
→
fág ar
Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh. Agus bhí. Ab é an ceann cipín sin ru?
→
cleite
Dúirt mé leat gan do chleite a chur ann beag ná mór nó go bé (gurb é) an chaoi a millfeá an scéal ar fad, ach chaithfeá do chomhairle fhéin a dhéanamh ina dhiaidh sin.
→
coiric
Lig tú an iomarca coiricín suas uirthi. Dúirt mé sin leat, arae d'aithin mé ort go raibh tú dhá tabhairt isteach róluath — cruach arbhair a bhí róbhiorach as a barr.
→
beo 2
Dúirt mé leat a bheith airdeallach agus gan a dhul i ngaireacht rud ar bith do bheo na crúibe.
→
blogam
Dúirt sé blogam Béarla eicínt, agus ní raibh a fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
+
→
bruach
Nach tú an laisceach nach gcuimhneofá céard a bheifeá a dhéanamh? Dúirt mé céad uair cheana leat gan na cupáin sin a chur thar bruach — iad a chur thar maoil le tae
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic mé bruach ag teacht ar an bhfear thiar agus dúirt mé liom fhéin, dhá mbeadh call eadrascán, go mbeadh cead ag duine eicínt eile é a dhéanamh. Chrap mé liom fhéin ar fad.
"Tháinig Taimín Bán ar cuairt agam agus mé in uaignisín liom péin; Séard dúirt sé ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é; Do chúilín catach buadánach, i ngeall air a chrochfar mé; Agus go mba mheasa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín a d'oil mé" (As Taimín Bán Mhac Aodhagáin — leagan Chois Fharraige)
→
buadán
Teastaíonn buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agat — crosaim aríst tú! — dúirt mé leat fanacht amach ón gcrígh dhriseachaí sin agus sin é bhfuil dhá bharr agat anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tabharfaidh tú aird orm, feicfidh tú fhéin! — gasúr a chuaigh isteach i gcrígh dhriseachaí thar aithne a mháthar agus bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí
→
buail
Dúirt mé leat an lá ar inis tú dhom go gcosnófá an garraí sin, nár mhór dhuit brat múirín a chur air nó go mbeadh an féar buailte ann. Nach bhfeiceann tú fhéin anois go bhfuil.
→
buanadas
Nach raibh a fhios ag do chroí istigh nach mbeadh aon bhuanadas sa gcineál sin éadaigh. Dúirt mé an lá ar cheannaigh tú é go raibh sé róscan(t)raithe agus nach ndéanfadh sé aon tseasamh.
+
→
ainm
Dúirt mé léithe dhá gcaintíodh sí ina ainm amháin ar m'fhearsa, go n-inseoinn dintiúirí a fear s'aici féin di — dúirt mé léithe dá ndéanadh sí a dhath tromachain ar m'fhearsa, go n-inseoinnse di cé hé a fear féin (.i. go n-inseoinn a dhrochthréathra srl. di)
TUILLEADH (1) ▼
Páidín: Dúirt sé go mba bacach mé; Tom: Go deimhin má dúirt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (.i. is bacach thú)
Ní fiú trumpa gan teanga thú ag aireachas ar thada. Dúirt mé leat na fataí a thógáil chomh luath agus a d'aireofá ag cnagadh iad, ach ina leaba sin, d'fhága tú ag bruith iad go raibh siad ina mionbhas
→
amuigh
Dúirt sé nach dtrustfadh sé mé faoi níos mó a thabhairt dom go n-íocainn cuid dhá raibh amuigh orm chun tosaigh.
→
anáil
Dúirt sé rud eicínt faoina anáil ach níor chuala mé é — go han íseal; go neamhaí; faoina fhiacail
Dúirt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht ach níor tháinig sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom'.
→
frapa
Dúirt mé amach gan frapa gan taca leis é — gan fiacail a chur ann; dúirt mé leis a raibh fúm a rá gan fuacht gan faitíos; níor choinnigh mé tada siar; ná ní raibh mé ag baint fóideogaí ag an scéal ach a rá lom díreach
→
fuagair
Diabhal easna dhóibh nár fhuagair próis orm féin le dhul i bhfianaise dhóibh. Dúirt mé fhéin nach ngabhfainn
→
fás 1
Dúirt sé nach raibh na bicycles ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanraigh mé gur goidte a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … Ar ndóigh ba é P. a thug isteach sa teach iad
→
faillí
Dúirt mé liom fhéin nár tráth dhá fháillí é, agus má bhí an bhean le n-iarraidh go raibh sé chomh maith a hiarraidh as láimh
+
→
fiacail
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó chonaic mé chomh fáilí é, dúirt mé liom fhéin nach mbeinn danra
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé rud eicínt faoina fhiacail ach níor thug mé liom é. Is dóigh nach aon dea-rud é ar aon chor
→
fuaraigh
Bhí an ghail bhruite as an gcoca féir an lá ar chuir mé isteach é. Dúirt chuile dhuine go dtéifeadh sé. Ach d'fhuaraigh sé aríst. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé meathdhreoite mar sin fhéin
→
abair
Ó dúirt tú agus gur dhúirt tú é anois, cruthaigh é. Caith dhíot do sheaicéad go bhfeice mé an bhfuil tú chomh maith agus atá do ligean amach
→
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
+
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
→
daol
Cén sórt daol a theangmhaigh léi agus a theacht ar cuairt anseo thuas inniu. Níor facthas cheana ann í le saol is aimsir. Dúirt sí liom féin dhá bhliain go ham seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhódh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst
Faoi dheireadh thiar thall, tháinig sé i leith go dtí mé agus dúirt sé i gcogar liom a dhul in éindí leis …
Thosaigh siad do mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléireacht sin, agus dúirt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtabharfadh sé sin dom é. Chonaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deiridh. Shuigh mé féin síos. 'Seo ní fhágfaidh mé,' arsa mise, 'dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaighe mé é'
Dúirt mise leis an lá deireanach gan mé a thaobhachtáil níos mó agus ní fhaca mé ó shin é
→
diaidh
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
→
dochar
Dúirt sé i dtosach gur mé a rinne é, ach d'fhéach sé leis an dochar a bhaint as ina dhiaidh sin. 'Ní raibh tú ach ag breathnú orthu dhá dhéanamh,' adeir sé — goimh; bhí sé ag iarraidh an rud adúirt sé ar an gcéad iarraidh a thláthú
→
docht 1
Ní ól ar bith é an lemonade bradach sin. Bhí mé thoir ansin lá in éindí le M. B. agus le S. Ó C. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leosan. Chuir sé docht orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé in ann a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh. Dúirt D. liom a dhul amach agus an t-uisce a fhágáil ag scairdeadh as an tap go ceann scaithimh. Sin é an uair a tháinig sé
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
Is doicheallach an diabhal é le dhul isteach aige. Dúirt mé "Dia ann" agus is beag le gur fhreagair sé mé. Rath na raithní air le caoi a bheith air
→
domlas
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
→
doscúch
Chuile fhear acu sin dhár chaith seal i Sasana, tá siad sách doscúch. Siúd é an áit nár mhór duit a bheith doscúch deirimse leat. An té nach raibh in ann imeacht agus a cheart a sheasamh, bhí sé ar deireadh. Daoine treallúsacha a dhéanfadh gnaithí ansiúd. Bhí mé ag caint le P. S. Dúirt sé liom go ndéanfadh sé chuile shórt: bualadh robáil agus eile. Níor dhúirt sé, leisce na bréige, go maródh sé duine, ach ní bheadh claonadh ar bith uaidh aige, déarfainn. Tá sé le dhá bhliain ag imeacht ar a the(itheadh) ar fud Shasana le faitíos go gcuirfí amach sa gcogadh é. Thabharfá fear doscúch ceart air sin
→
droim
Tháinig siota bheag goimhiúil isteach thrí shiúntaí an dorais ansin aréir agus dúirt mé ar an bpointe le M. Bh. a bhí anseo ar an teallach go mba siota é a bhí ag éirí de dhroim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. Nuair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biathú leis
Chuaigh mé soir ann ag ceapadh go bhfaighinn cupla céad síol coirce ach tháinig mé abhaile aríst droimnochta. Ní thabharfadh sé dhom ach leathchéad, agus dúirt mé leis é a chur san áit ar chuir Cúmar an bhloinig!
→
dána
Deir tú leis an ainle bhradach sin a thosaigh ag athléamh orm. Anois an bhfuil biseach agat? Nuair a chuaigh mé dhá bhualadh, 'sé an chaoi ar neartaigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dúirt mise go bhfágfainn é go dteagtása agus cead agat do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air anois. Rófhada a chosain mise é
→
dán
Tá mé ag dul amú ar an aithrí sin. Níl sí ag luí le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó dúirt mé í go deireanach
→
déan le
Dúirt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí chomh mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá is nárbh fhiú léithe deoraí eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan tiomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nárbh é a dhéanamh léithe é.