Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh trí
1.
a.
+
Chuaigh sé thríd an easca (an abhainn, an lochán, an láib, an draoib, an clochar, an cur, an t-arbhar srl.) — siúl nó gluaiseacht thríthi
Ní ghabhfadh an meana thríd an leathar
TUILLEADH (9) ▼
Chuaigh an t-urchar thríd an gcroí aige
Gabhfaidh an spiacán seo thríot má chloisim smid eile uait
Chuaigh an scian thríd an bputóig aige
Is fánach an chaoi a ngabhfadh scian thríd an bputóig agat mura dtugtá aire dhuit fhéin anseo
Fainic an ngabhfadh cloch thríd an mbaithis agat ansin
Chuaigh driog thríd an gcroí agam
Gabhfaidh daigh thríd an slinneán aige má bheirimse air
Chuaigh glugar thríd an gcluais agam leis an tormán
Gabhfaidh pian thríd an easna agat mura mbí tú ar t'airdeall féin
b.
·
Chuaigh sé thríd an saol gan mórán a chur as d'aon duine. Ba bheag an ollóid é an duine bocht
Dá dtéadh chuile dhuine thríd an saol mar a chuaigh sé, b'aoibhinn dóibh. Ní bheadh aon pheaca orthu ar chuma ar bith
c.
+
Chuaigh sé thrína cheart, an duine bocht. Chuir sé a bhean agus beirt mhac in aon bhliain amháin — d'fhulaing sé a dhóthain
Tá tú ag dul thrí do dhóthain, dá mbeadh neart air
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a ndeachaigh mé thríd ariamh, ach thug sé seo an barr uathu ar fad le donacht
Tá sé ag dul thrí aothú (fc. aothú)
2.
a.
+
Chuaigh sé thrína chuid éadaigh ar fad féint a bhfaigheadh sé an tseanbheist ach chinn air — scrúdaigh sé iad
An gcaithfidh tú a dhul thríd an méid sin páipéir ar fad fós anocht. Má chaitheann, ní beag duit a bhfuil romhat
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé thrí chuile fhód móna sa gcruaich go bhfeiceadh sé an raibh tada fliuch inti
Ní mór a dhul thrí na fataí sin uileag go léireach nó go dtoghtar na fataí síl astu
B'fhearr duit a dhul thrí na slata sin go bhfaighe tú glac sháiteáin dom le aghaidh an chléibh
b.
+
Ghabhfadh sí thríd an oiread airgid le ceathar — caitheann sí é
Is beag aici a dhul trí airgead
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh sibh thrí go leor óil ansin aréir — chaith sibh é; d'ídigh sibh é
Ní raibh sé ach ó mhaidin go hardtráthnóna ag dul thríd an unsa tobac, hé brí cén sórt drochrath a chuir sé air
Is maith aibéil a ghabh sibh thríd an bpoll fataí sin thoir. Thabharfainn an leabhar nach iad na beithígh agus na muca a d'ith ar fad iad: gur tugadh corrchruit as (fc. cruit) i ngan fhios domsa
Chuaigh sé thríd an uachta mar a bheadh Dia dhá rá leis. Thug sé gaoth di, agus 'sé a bhí deas air. Mo chreach mhaidne, 'sé
Bhí dhá ghalún poitín d'fhuílleach ann agus chuaigh sé thríd in imeacht seachtaine. Sin í an fhírinne. Dheamhan cúnamh ná a dhath a fuair sé faoi. D'ól sé féin chuile striog dhe
Ní aireodh duine ag dul thrí bhliain ina dhiaidh sin
3.
a.
+
Chuaigh sé thríom — scrúd sé mé; ghoill sé orm; chloígh sé mé
Ní fhaca tú aon duine ariamh a ndeachaigh an slaghdán thríd chomh mór leis. Tá sé snoite caite ina dhiaidh — chloígh sé é
TUILLEADH (14) ▼
Chuaigh an ruaig sin thríd go mór. Ar ndóigh ní iontas sin ach oiread agus a ghairdeacht agus ó bhí ruaig eile cheana air. Faigheann sé ruaigeannaí móra le gairid, agus m'anam nach iad a d'fheilfeadh dhó ach an oiread le duine
Is diabhaltaí a chuaigh an príosún thríd. Tá sé tugtha uaidh ar fad. Ní fhaca mé aon fhear go hiomaí is tuartha atá as a cheannaghaidh ach é
Tá na malraigh seo agamsa sách sleabhctha ar an aimsir seo. Níl ann ach go bhfuil tarraingt na gcos iontu. Chuaigh an triuch bhradach sin thríob (thríothu) thar cionn. Páiste ar bith nach bhfuil cothaithe go maith roimpi, cloíonn sí thar cionn é
Chaith mé trí oíche anseo an tseachtain seo caite ar neamhchodladh agus bíodh a fhios agat gur mór a chuaigh siad thríom. Ní bhíodh siúl an bhealaigh ionam aríst ar feadh an lae
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air, téann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leathbhliana. An babhta deiridh a raibh siad air — dhá bhliain go ham seo — bhí sé i gcruth an tsagairt acu murach gur bhris siad
Ní dheachaigh aon aistir thríom in mo shaol ariamh mar a chuaigh an t-aistir sin. Níl mé agam (chugam?) féin dhá bharr fós. Níor fhága sé lúd ná láthar ionam
Chuaigh bás an athar thríthi go mór — scrúd sé í; ghoill sé uirthi
Níl aon cheo a chuaigh thríom ariamh in mo shaol ach a bheith ag éisteacht leis ansin ag stróiceadh le pian, agus gan duine ar bith in ann aon mhaith a dhéanamh dhó. Ba mhór an suaimhneas dhó féin agus dhúinn féin é nuair a thug Dia chuige féin é
Tuige nach rachadh sé thríthi? Ghabhfadh rud níos lú ná sin thrí dhuine
Téann sé thríom a bheith ag breathnú air, ach cén neart atá air. Beidh sé dhá ghoid as mar sin nó gur toil le Dia fios a chur air. Níl aon bhiseach i ndán dó
Chuaigh sé thríd an bhail sin a fheiceáil uirthi, ach dheamhan mórán trua í ar mhodh. Dhá mbeadh an saol mór aici ar maidin, bheadh sé caite aici tráthnóna. Sin é an sórt duine í
Ghabhfadh sé tríot a bheith ag éisteacht leis ag glámhóid agus ag banrán ansin ó mhaidin go faoithin, agus gan luach leithphínne mhaith le déanamh dhó. Ach tá neamhshuim déanta ag na daoine anois dó (dhe) féin agus dhá chuid glámhóide
Rachadh sé thríot na daoine bochta sin a fheiceáil. Chuaigh sé thríomsa ar aon chor. Níl dídean na hoíche féin acu ach síneadh siar ar shate (seat), nó iad a fhéin a chaitheamh ar an bhféar agus codladh ansin ar feadh na hoíche
Is duine gan chroí nach ngabhfadh sé thríd an t-asal bocht a fheiceáil agus an chrúib uileag sceanta as. Hé brí cé a raibh láimh aige ann ar chaoi ar bith, ní raibh le déanamh leis ach a chur "thar farraige" lena ló (a transportáil). Bheadh spídiúlacht ar bith sách maith aige agus an spídiúlacht a thug sé féin uaidh
b.
+
Téann sé thríom thú a mharú míle uair sa ló ach nárbh fhiú liom ina dhiaidh sin do bhás a bheith orm — teagann sé in m'intinn; buaileann fonn mé
Is minic a tháinig sé thríom broicneáil bhuailte a thabhairt dó, ach ba shuarach liom a dhul ag fiachadh air ina dhiaidh sin. Dheamhan a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh sé leis murach an t-ómós atá ag chuile dhuine dhá bhean
TUILLEADH (10) ▼
Bhí sé ag dul thríom an maide a sciobadh as a láimh agus a bheith dhá rúscadh leis chomh uain is a gheobhainn teas ina chraiceann. Ach choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid ina dhiaidh sin. Níor mhór dósan gur choinnigh, arae dhá dtéinn ina éadan chor ar bith, dhéanfainn a chreach
Dúirt sé liom go ndeachaigh sé thríd cupla uair a fhiafraí di céard a rinne sí lenar ardaigh sí léithe ón teach aimsir na sochraide, ach nár fhiafraigh ina dhiaidh sin. Ba é a dhéanamh léithe é, an mhagarlach chaca!
Deir siad go dtéann sé thríd an gcapall an cinnire a mharú míle uair sa ló, agus go maródh freisin murach go bhfuil an duine san an-mhéid ina súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine
Chuaigh sé thríom nuair a thosaigh sé ag géaraíocht turraic a chur ann agus a chur síos le fána sa bpoll báite. Go maithe Dia dhom é, is millteach an rud é an cathú! Dhá dtéadh sé síos uair amháin, aníos ní thiocfadh sé!
Is minic a théas sé thríom — dhá gcrochtaí mé — gan deoir a fhágáil ionat. Cén t-údar dhuit a bheith i gcónaí ag spochadh liom agus ag iarraidh a bheith ag séideadh fúm? Dar brí an leabhair, beidh rud agat ar a shon as a dheireadh mura n-éirí tú as in am. Is mise an buachaill agat!
Shílfeá go raibh sé ag dul thríd an madadh gliobach sin ag "Pad" an madadh s'againne a ionsaí tráthnóna. Chuir sé colg air féin cupla uair agus thosaigh sé ag drannadh, ach ní dheachaigh sé thairis sin. Ní móide gurbh fhearr dhó fhéin a dhul!
Tá an gamhain sin buille oilbhéasach déarfá. Níl aon uair dhá dtéann duine faoi ná thairis nach mbíonn sé ag dul thríd shílfeá a dhul dhá thoncáil. Níor mhaith liom gasúir bheaga a ligean ina ghaire mura mbeadh duine maith ina gcionn
Chuaigh sé thríom é a fhostú, cor a chur ina láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuíochas. Ba dathúil an scéal é: mo chuid sinseála a choinneáil, agus é a shéanadh ansin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleách uaidh an chneámhaireacht a dhéanamh
Dar mo choinsias, níl aon uair dhá gcloisim ag caint é nach dtéann sé thríom a fhiafraí dhó (dhe) cár fhága sé na sáspain, arae níl a shamhail in Éirinn ag caint ach an tincéara mór rua sin a mbíonn an buinín beag de bhean ag dul thart aige
Tá sé ag dul thríom fód móna a shá siar in do bhéal, dhá gceapainn go mba rud é a chuirfeadh ó chlabaireacht thú. Nach breá nach dtabharfá scíth do do theanga uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí

Féach freisin

trí