Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul trí
1.
a.
+
Chuaidh sé thríd an easca (an abhainn, an lochán, an láib, an draoib, an clochar, an cur, an t-arbhar agus rl.) = siubhal nó gluaiseacht thríthe
Ní ghabhfadh an meanath thríd an leathar.
TUILLEADH (9) ▼
Chuaidh an t-urchar thríd an gcroidhe aige
Gabhfaidh an spiacán seo thríot má chloisim smid eile uait
Chuaidh an scian thríd an bputóig aige
Is fánach an chaoi a ngabhfadh scian thríd an bputóig agad, mara dtugtá aire dhuit fhéin annseo
Fainic an ngabhfadh cloch thríd an mbaithis agad annsin
Chuaidh driog thríd an gcroidhe agam
Gabhfaidh doigh thríd an slinneán aige, má bheirimse air
Chuaidh glugar thríd an gcluais agam leis an tormán
Gabhfaidh pian thríd an asna agad mara mbí tú ar t'áirdeall féin
b.
·
Chuaidh sé thríd an saoghal gan mórán a chur as d'aonduine. Ba bheag an ollóid é an duine bocht
Dá dteigheadh 'chuile dhuine thríd an saoghal mar a chuaidh sé, b'aoibhinn dóib. Ní bheadh aon-pheacadh orra ar chuma ar bith
c.
+
Chuaidh sé thrídhn a cheart, an duine bocht. Chuir sé a bhean agus beirt mhac in aon-bhliain amháin = d'fhulaing sé a dhóthain
Tá tú ag dul thrí do dhóthain, dá mbeadh neart air
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a ndeachaidh mé thríd ariamh, ach thug sé seo an barr uatha ar fad le donacht
Tá sé ag dul thrídh aoithiú (fc. aoithiú)
2.
a.
+
Chuaidh sé thrídh na chuid éadaigh ar fad feai'nt a bhfuigheadh sé an tsean-bheist ach chinn air = scrúduigh sé iad
An gcaithfidh tú a dhul thríd an méid sin páipéir ar fad fós anocht. Má chaitheann ní beag duit a bhfuil romhat
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh sé thrídh 'chuile fhód móna ins an gcruaich go bhfeiceadh sé a raibh tada fliuch innte
Ní mór a dhul thrídh na fataí sin uiliog go léireach nó go dtoightear na fataí síl asta
B'fhearr duit a dhul thrídh na slata sin go bhfaghaidh tú glac sháithteáin dom l'aghaidh an chléibh
b.
+
Ghabhfadh sí thríd an oiread airgid le ceathar = caitheann sí é
Is beag aice a dhul trí airgead
TUILLEADH (6) ▼
Chuaidh sib thrí go leor óil annsin aréir = chaith sib é; d'ídigh sib é
Ní raibh sé ach ó mhaidin go h-árd-trathnóna ag dul thríd an unsa tobac, hébrí cé'n sórt droch-rath a chuir sé air
Is maith aibéil a ghabh sib thríd an bpoll fataí sin thoir. Thiubharfainn an leabhar nach h-iad na beithidhigh agus na muca a d'ith ar fad iad: gur tugadh corr-chruit as (fc. cruit) ingan fhios domsa
Chuaidh sé thríd an udhachta mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Thug sé gaoth di, agus 'sé a bhí deas air. Mo chreach mhaidne, 'sé
Bhí dhá ghalún poitín d'fhuighleach ann agus chuaidh sé thríd in imeacht seachtaine. Sin í an fhírinne. Dheamhan congnamh ná a dhath a fuair sé faoi. D'ól sé féin chuile sdriog dhe
Ní aireochadh duine ag dul thrídh bhliain in a dhiaidh sin
3.
a.
+
Chuaidh sé thríom = scrúd sé mé; ghoill sé orm; chlaoidh sé mé
Ní fhaca tú aon-duine ariamh a ndeacha an slaghdán thríd cho mór leis. Tá sé snuighte caithte in a dhiaidh = chlaoidh sé é
TUILLEADH (14) ▼
Chuaidh an ruaig sin thríd go mór. 'Ar ndú' ní iongantas sin ach oiread agus a ghoirdeacht agus ó bhí ruaig eile cheana air. Faghann sé ruaigeannaí móra le goirid, agus m'anam nach h-iad a d'fheilfeadh dhó ach an oiread le duine.
Is diabhaltaí a chuaidh an príosún thríd. Tá sé tugtha uaidh ar fad. Ní fhaca mé aon-fhear go h-iomaidh is tuartha atá as a cheannaghaidh ach é
Tá na malraigh seo aghamsa sáthach slabhctha ar an aimsir seo. Níl ann ach go bhfuil tarraint na gcos ionnta. Chuaidh an treoch bhradach sin thríob (thríotha) thar cionn. Páiste ar bith nach bhfuil cothuighthe go maith roimpe, claoidheann sí thar cionn é
Chaith mé trí oíche annseo an tseachtain seo caithte ar neamh-chodladh agus bíodh a fhios agad gur mór a chuaidh siad thríom. Ní bhíodh siubhal an bhealaigh ionnam aríst ar feadh an lae
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air teigheann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leath-bhliana. An babhta deireadh a raibh siad air — dhá bhliain go h-am seo — bhí sé igcruth an tsagairt aca marach gur bhris siad
Ní dheachaidh aon-aistir thríom in mo shaoghal ariamh mar a chuaidh an t-aistir sin. Níl mé agam (chugam?) féin dhá bharr fós. Níor fhága sé lúd ná láthar ionnam
Chuaidh bás an athar thríthe go mór = scrúd sé í; ghoill sé uirre
Níl aon-cheo a chuaidh thríom ariamh in mo shaoghal ach a bheith ag éisteacht leis annsin ag strócadh le pian, agus gan duine ar bith indon aon-mhaith a dhéanamh dhó. Ba mhór an suaímneas dhó féin agus dhuinn féin é nuair a thug Dia Chuige Féin é
Tuige nach rachad sé thríthe? Ghabhfadh rud níos lugha ná sin thrídh dhuine
Teigheann sé thríom a bheith ag breathnú air, ach cé'n neart atá air. Beidh sé dhá ghoid as mar sin nó gur toil le Dia fios a chur air. Níl aon-bhiseach indán dó
Chuaidh sé thríd, an bhail sin a fheiceál uirre, ach dheamhan mórán truaighe í ar mhodh. Dhá mbeadh an saoghal mór aice ar maidin, bheadh sé caithte aice trathnóna. Sin é an sórt duine í
Ghabhfadh sé tríot a bheith ag éisteacht leis ag glámhóid agus ag banrán annsin ó mhaidin go faoithin, agus gan luach leithphighne mhaith le déanamh dhó. Ach tá neamh-shuím déanta ag na daoine anois dó (dhe) féin agus dhá chuid glámhóide
Rachadh sé thríot na daoine bochta sin a fheiceál. Chuaidh sé thríom-sa ar aon-chor. Níl dídean na h-oíche féin aca, ach síneadh siar ar "shate" (seat), nó iad a fhéin a chaitheamh ar an bhféar agus codladh annsin ar feadh na h-oíche
Is duine gan chroidhe nach ngabhfadh sé thríd an t-asal bocht a fheiceál agus an chrúib uiliog sceanta as. Hébrí cé a raibh láimh aige ann ar chaoi ar bith ní raibh le déanamh leis ach a chur "thar fairrge" le na ló (a "transportáil"). Bheadh spídeamhlacht ar bith sáthach maith aige agus an spídeamhlacht a thug sé féin uaidh
b.
+
Teigheann sé thríom thú a mharbhú míle uair ins an ló, ach nacharbh fhiú liom in a dheidh sin do bhás a bheith orm = teagann sé in m'intinn; buaileann fonn mé
Is minic a tháinic sé thríom bruicneáil bhuailte a thabhairt dó, ach ba shuarach liom a dhul ag fiachadh air in a dheidh sin. Dheamhan a fhios agam cé'n chaoi a ngabhfadh sé leis marach an t-ómós atá ag 'chuile dhuine dhá bhean
TUILLEADH (10) ▼
Bhí sé ag dul thríom an maide a sciobadh as a láimh agus a bheith dhá rúscadh leis cho uain's a gheobhainn teas in a chraiceann. Ach choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid in a dheidh sin. Níor mhór dó-san gur choinnigh, arae dhá dteighinn in a éadan chor ar bith, dhéanfainn a chreach
Dubhairt sé liom go ndeachaidh sé thríd cupla uair a fhiafruighe di, céard a rinne sí len ar árduigh sí léithe ó'n teach aimsir na sochraide, ach nachar fhiafruigh in a dheidh sin. Ba é a dhéanamh léithe é, an mhagarlach chaca!
Deir siad go dteigheann sé thríd an gcapall an cinnire a mharbhú míle uair ins an ló, agus go marbhóchadh freisin marach go bhfuil an duine ins an an-mhéid in a súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine
Chuaidh sé thríom an uair a thosuigh sé ag géaraidheacht turraic a chur ann agus a chuir síos le fánaidh ins an bpoll báidhte. Go maithidh Dia dhom é, is míllteach an rud é an cathú! Dhá dteigheadh sé síos uair amháin, aníos ní thiocfadh sé!
Is minic a theigheas sé thríom — dhá gcrochtaí mé — gan deoir a fhágáil ionnad. Cé'n t-údar dhuit a bheith i gcomhnaí ag spochadh liom agus ag iarraidh a bheith ag séideadh fúm? Dar brigh an leabhair, beidh rud agad ar a shon as a dheireadh, mara n-eirighidh tú as in ám. Is mise an buachaill agad!
Shílfeá go raibh sé ag dul thríd an madadh gliobach sin ag "Pad" an madadh se'aghainne a ionnsuighe trathnóna. Chuir sé colg air féin cupla uair, agus thosuigh sé ag drannadh, ach ní dheachaidh sé thairis sin. Ní móide gurbh fhearr dhó fhéin a dhul!
Tá an gamhain sin buille oilbhéasach déarfá. Níl aon-uair dhá dteigheann duine faoi ná thairis, nach mbíonn sé ag dul thríd shílfeá a dhul dhá thuncáil. Níor mhaith liom gasúir bheaga a leigean in a ghoire mara mbeadh duine maith in a gcíonn
Chuaidh sé thríom é a fhastú, cor a chur in a láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuidheachas. Ba dathamhail an scéal é: mo chuid sinseála a choinneál, agus é a shéanadh annsin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleádhach uaidh an chneamhaireacht a dhéanamh
Dar mo choinsias, níl aon-uair dhá gcloisim ag caint é, nach dteigheann sé thríom a fhiafruighe dhó (dhe) cá'r fhága sé na sáspain, arae níl a shamhail in Éirinn ag caint ach an tincéara mór ruadh sin a mbíonn an buinín beag de bhean ag dul thart aige
Tá sé ag dul thríom fód móna a sháthadh siar in do bhéal, dhá gceapainn go mbadh rud é a chuirfeadh ó chlabaireacht thú. Nach breagh nach dtiubharfá scíth de do theanga uair eicínt, agus gan a bheith ar an táirm chéadna igcomhnaí

Féach freisin

trí