Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

léim (37)

 
Rinne sé de dhá léim é = an-sciobtha; mear
 
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
danra
Nach hé a bhí dan(d)ra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garranntaí breaca annsin thuas anuiridh, agus muid ag fiadhach ann. Cé'n bhrígh ach gan tada ionnta ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí Francuighthe freisin an uair nar fhága muid d'aon-léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
 
daol
Tá sé indon crochadóireacht leis ach an uair a bhuaileas daol de'n phian sin é nach flearr (fuláir) dó síneadh go n-imighidh sí aríst. InDomhnach tá sé indon creachlaoiseacha móra a dhéanamh tharéis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caithte amuigh ins an ngarrdha é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orra a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a shean-léim aríst faoi cheann uair an chluig. An uair a thugas an reacht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt.
+
de
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
TUILLEADH (1) ▼
Scríobh an leitir de léim
 
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine
+
déan 1
Tiubharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
TUILLEADH (1) ▼
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí laogh léithe mar sin féin
 
Is ait an mac é an saoghal gan "doubt" ar bith. Tá siad déanta len a bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arbhú aréir go deireannach ó a chonnaic mé ag caitheamh léim fhada annsin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon-fhear annsin indon a dhul 'fhoisceacht 'mbeannuighidh Dia dhó
 
D'eile céard iad ach dearg-bhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhuinneach ar sheacht míle fairrge théachtuithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad in a dheidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
+
diaidh
Is diabhlaí an t-uathbhás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agad go ndéanfaidh mé é, ach a mbeidh mé réidh go dtí é. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon-tsástuigheacht agadsa ann mara ndéantar 'chuile shórt de léim
TUILLEADH (1) ▼
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
 
Cinnfidh sé air th'éis a dhichill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ro-uathbhásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith agus de léim
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim th'éis an corp a fhágáil dó …
 
Chuaidh dinglis ann agus léim sé de'n stól. = cuireadh dinglis ann
 
díog
Scóth sí an mhóta agus an díoga len a ais. Nar bh'ait an léim í sin do chapall
 
dlús
Dar príocaí níor chuir mé aon-dlúthas fiafruighe dhó cé'n chaoi a raibh an t-athair: shíl mise go raibh sé ar a shean-léim le fada
 
do- 2
Sin é an chaoi a mbíonn an duine do-chomhairleach igcomhnaí. Ní bheidh sé sásta mara dtugaidh sé an dubh-léim.
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
 
doirg
Tá an sagart sin an-doirg. Mara mbeidh an rud de rith agus de léim aige, is maith éascaidh leis a dhul ag cur a chosa uaidh
+
dona
"Tugann an duine dona dubh-léim" (fc. dubhléim)
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an duine dona i gcomhnaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an "gcois thínn", ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith agus de léim
 
Is íontas donacht mar sin a theacht air de léim
 
dorú
An gcreidfeá gur mharbhuigh mise bromóig cheana le dorugha marbh i stupóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is do-chreidthe an scéal é ach mharbhuigheas. B'iongantaighe liom féin é ná an sneachta dearg. Fhobair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim ingeall air
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith ins an móin bháin sin le h-ais na cloch-mhóna. Cuirfidh tú síos greallach di ach bíonn sí dóighte de léim. 'Sé a bhfuil innte an lasadh sin
 
Dradaire ceart é sin. Níl aon-bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil carra chainte curta aige uirre. Tá geis air gan aon-bhean a leigean thairis gan aighneas a chur uirre
 
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon-drántán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos goire ná Ceann Léime a mbeadh sé thiubharfainn an tabhairt orm fhéin, da mbadh de shiubhal mo chos é!
 
driog
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
 
Shílfeá gur duine an-drilleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aice annsin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'amhóig thríd an bhfuinneoig puínte ar bith
 
Cé leis an laogh druimfhinn bhán atá ag scóthadh claidheachaí síos annsin. Ní h-eadh ach is gínn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim chascartha thar chlaidhe an bhóthair agamsa annsin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaidh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!
 
B'fhearr liom a dhul ar chapall druimnochttha uair ar bith ná a dhul i dtuilleamuí diallaide. Má theigheann scéin ar bith innte (ins an gcapall) is mór an chontabhairt í an diallaid. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht indiallaid, má thugann an capall léim leathtaoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon-chor is mó go mór a thóigfeas an diallaid duine ná an capall druimnochttha. Is beag is ionann iad.
 
D'eireochadh staic de bhradán leat le dubhántacht cho réidh le bealach ar bith eile, dhá dteightheá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde aca. Bíonn siad ro-uathbhásach. Ní mór leo a gcriogadh de rith agus de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-eirigheadh leat a dhéanamh
 
dubh 2
Ní raibh a dhuth ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mis[e ó n]a ceannachóirí agus bhí a shliocht orm: dá leiginn uaim ar an gcéad tairiscint iad bhí agam. Ní dheachaidh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
 
dubh 3
Dar príosta muise ní dhubhóchaidh sé an oiread de'n chraiceann sin de rith agus de léim mar a rinne sé leis an gcoinnleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
 
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcomhnaí.
 
Ba é dubhshlán a raibh thart annseo ariamh an léim sin a bhualadh amach. Féach thusa thú féin léithe anois, má tá aon-mheas agad ort féin