Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bannaí (28)

 
Is daighceamhail an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'eireochthá as an bhfaisean sin. Chonnaic muid do mhacsamhail cheana, agus smachtuigheadh iad.
 
daigh
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
 
Mara bhfuil uirre ach dalladh mullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bhéas aon-cheo dhó sin uirre. Bhí na h-íochtair sin ro-fhliuch aice
 
daor 1
Ba daor a chuaidh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é, dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
 
daor 3
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirre indiu. Ní bhfuair mé aon-tíoráil ariamh ach í a sháinniú. Marach putaichín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirre. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
 
Ní hé an deáfhocal a bheadh in do bhéal leath cho maith! Ach mise i mbannaí go dtóigfidh tú an droch-fhocal sách gasta = focla míchuíbhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
 
Ní dhealóchaidh siad sin leo nó go bhfágaidh siad ciréim ar dhuine eicínt. Is maith ábalta na buachaillí iad, agus mise i mbannaí nach gceilfidh siad lúd a láimhe ar dhuine ar bith a chuirfeas aon-araoid orra, ná gan araoid ar bith má chaitheann siad in a gceann é
 
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
 
deoin
Mara n-ithidh sé dhá dheoin féin é, cé'n mhaith a bheith ag sáraidheacht leis. "Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó." Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air, go mba deacair é a choinneál uaidh
 
diaidh
D'eirigh sé as an nathaidheacht sin. D'fhága sé in a dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraint an iomarca siothmálachaí air féin len a chuid deagh-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corr-chriogaide a fháil
 
D'fhéadfá a rádh gurb é atá gíogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcomhnuí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaighe ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garrdha air mar atá air thuille mise 'mbannaí dhuit gur beag an díogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feicthear do'n diomhaointeas arsa tusa
+
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
TUILLEADH (1) ▼
Mise i mbannaí muis nach de'n díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé cho buidhe le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé cho láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scudalach tae agus "coffee" a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. 'Deile cé as a bhfuigheadh sí é
+
díol 1
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
TUILLEADH (1) ▼
Má theigheann tú i mbannaí déan díol (fc. díoluigheacht, bannaí)
 
díol 2
Is díon déirce liom "na Meiriocánaigh" féin a fháil, an uair a chinneas 'chuile sholáthar eile orm. Tá neart aca tharta freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneochaidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistirí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na truaighe uatha
 
Má theigheann tú i mbannaí déan díolaidheacht (nó díol — tá an dá fhuirm air) = má theigheann tú i mbannaí ar dhuine, ní dóithide an Cháisc ar an Domhnach nó brisfidh sé na bannaí agus caithfidh tusa cur dhíot nó íoc annsin leis an mbannaí a fhuascailt (fc. bannaí)
 
Má sciorrann tú síos go dtí an táilliúr, mise i mbannaí go bhfuighidh tú píosa uaidh a dhéanfas é sin duit. Bíonn go leor diomallachaí éadaigh aige. Ní bheidh tú dhá mhionóid amuigh.
 
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mara bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
 
Is deacair le rud a dhul síos ins an bpíobán sin — píobán an doichill — mara mbeadh an iomarca an-bháthadha ort ag slugadh. Má ghníonn tusa réidhteach leat féin, mise i mbannaí nach dtiocfaidh aon-cheo síos píobán an doichill
 
Má theigheann tú siar chuig P. B. agus taoscán breagh fuisce agad, ní hí fáilte an duine dhoichealla' a chuirfeas sé romhat mise i mbannaí. Cá bhfuighidh sé cliamhain is fhearr ná thú, agus thú ag saothrú trí phunt ins an tseachtain ar "scím" na móna
 
dóigh 1
Níl aon-áit ins an gceathramhadh is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agad-sa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí in a púir uiliog, tá sí cho séasúrach sin. Cuir coirce mór innte sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéadtach agad air
 
dóirt
Bhí sé ag tabhairt phórtair uaidh annseo thoir faoi'n Nodlaig in a dhórtadh. Is maith é Sasana in a dheidh sin. Mise i mbannaí gur beag 'e bhrabach atá le fáil ar an té a d'fhan ins an mbaile. Beidh sé sin in a scráibín i gcomhnuí
 
drann
Ní leigfidh an faitíos dhó drannadh leat, mar chuaidh bannaí air ag an gcúirt seo caithte, agus má bhriseann sé an bannaí gabhfaidh bliain air, de ghorta gharta
 
Diabhal a leagfadh sí smut air! Deirimse leatsa dhá mbeadh a díol ocrais ar an gcailín sin (capall) gur beag an locht a gheobhfadh sí air, má tá sé buille dreoighte féin. Mise i mbannaí gur gearr a bheadh a chapall seo thíos in a éadan. Caith amach ag na h-asail é, agus ní bheidh siad i bhfad leis
 
Shílfeá go bhfuil drúcht guiríní ort bail ó Dhia ort. Nigh thú fhéin chuile mhaidin as uisce te agus cuir gráinne salainn thríd. Mise i mbannaí gur gearr a fhágfas sé sin aon-cheann ort.
 
dubh 3
Breac-aimsir í. An t-aer ag dubhachan agus na léasáin sin ann gacha le leath-uair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
 
Rachaidh duine ó aithne air go maith 'nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baoghal air a dhul ó aithne air