Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

síos (100+)

+
abair
Céard adeir tú leis anois a chuaidh síos de mhaol a mhainge go dtug sé aníos é = nach mbeadh iongantas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-iongnadh agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Cheap mé an dá bhóithrín a thabhairt liom — a dhul síos an bóithrín thiar agus aníos an bóithrín thoir — agus mara bhfaghainn ar an méid sin é, sneachta a chaitheamh ar a lorg
 
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
Cá'r eirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirre ar chuma ar bith. Is iongantas go raibh freagairt ar bith ins an bpoll indiu agus cho geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
 
dáil
Tá a theach thíos annsiúd indáil leis an gcladach. 'Sé an teach is fuide síos de'n bhaile ar fad é, 'sé sin
+
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr dhó a dhul síos annsin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Condae an Chláir (Árainn agus rl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réidhteach agus ag rómhar sean-chlochair annsin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise len a loiseac
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
dall 3
Tuilleadh diabhail aige anois mara bhfuil sé dallta ceart ag na mná seo síos. Dheamhan thiomanta smid dhe nach gcreideann sé: go bhfuil siad ag iarraidh a sciobadh ó'n a chéile. Bheadh frae aca, muis!
 
Tá siad ag cur dallach dubh críochnuighthe air síos annseo. Ní beo é go dteighidh sé ann, agus teagann sé abhaile i gcomhnuí len a bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
 
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán-streille de'n oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos annsin ar bhóithrí, an uair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codluighthe agad. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-eireochadh an cleas sin duit aríst
 
Is damáisteach an ruaig shlaghdáin í seo. Tá an tír buailte síos
 
Go ndamnuighidh an clampar thú — croisim aríst thú! — marab ort atá an duthrudhach chuarta! I leabaidh suidhe síos duit féin agus péire stocaí a chniteáil mar atá 'chuile ghearrchaile de do leithide ins an tír a dhéanamh
+
dán
'Séard a bhí le déanamh leis sin dán a chur air, agus a thabhairt síos sa gcaladh agus an chéad bhád a bheadh ag dul ar an talamh ó thuaidh é a chur isteach innte. Ro-mhaith a bheadh sé aige agus an bhail atá sé a chur ar na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-dán feamainne dhom na laethantaí seo. Tá sí sciobtha orm chuile mhaidin, dhá mhoiche dhá dteighim síos
 
dána
Deir siad go bhfuil álltrachaí an-dána in Árainn. Le téad a scaoiltear síos daoine ar éadan na h-aille. Teigheann siad ann ag coilleadh neádrachaí
+
danra
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
 
Is beag duine a chonnaic mé cho daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéanaidh Dia grásta uirre. Chuaigh mé síos gur chuir mé in a shuí é go bhfaghainn braon fuisce len a leagan amach. Ní raibh cúntanás ar bith ann dhá bhfaca tú in aonduine ariamh, mara faoin a chur in a shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shoin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bhéas mé ar an saol
+
daol
Daol droch-mhúineadha agus neart maistínteacht' atá anois uirre. Déarfá nach mbeadh sé éascaidh í sin a bhearradh ar ala na h-uaire! Ach míneochaidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirre má tá aon-spéis agad innte
TUILLEADH (1) ▼
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
 
Beidh sé taithighthe síos annsin muis nó go mbainfidh na buachaillí báire atá síos ann an dara thairt as. Is orra nach mbeidh an mhoill má chuireann siad rómpa chor ar bith é
+
Chuala mé caint orra — na deachmaí atá tú ag rádh. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nar h-íocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Do'n teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a shean-athair go raibh siad ghá gcruinneál thiar annseo uair ar Dhúithche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún aca a mbaint amach de'n bhuidheachas. Chruinnigh tír agus talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce aca. Chuala an sagart a bhí annseo thiar é. Níl fhios agam cé'n sagart a bhí ann ins an ám. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaidh sé 'un cainte lena póilíos agus lena báillí. Marach go ndearna sé eadarscán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na h-áite líomhtha ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóib, nó nar mhaith, ach níor tóigeadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tóigeadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tóigeadh nó's nar tóigeadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad len a chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó a bhí sean-athair Sh. Mh. A. in a mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (3) ▼
Fág annsiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a h-anró dhá baint. Feamuinn bhreagh chosach í aníos de'n Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus árduigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireacht' ort ar fad. Marach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agad.
Má ghníonn sé sioc cho mór anocht agus a rinne sé aréir is suarach an éadáil duit a dhul ag rómhar na "meaingils" údaidh. Béarfaidh sioc mór eile síos ins an gcréafóig orra, agus tá a gcnaipe déanta annsin. Dheamhan ceann a bhuachfar go deo orra. Caith ag an deachma iad má theangmhuigheann sioc leo
Bíonn fuasaoid mhór uirre ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliocum, altraid chroidhe, agus cá'il an t-anshógh nach mbíonn uirre. Ach caithfidh 'chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mbadh í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorr-starróg a beith ag corruighe, go mbadh bheag an éagcaoineadh a bheadh uirre, ach í in a suidhe suas annsiúd agus gob uirre fé'int a gcloisfeadh sí aon-chlascairt ag toidheacht ag iarraidh na h-inghíne. Sin í an ceann céadna — hébrí céard a bhéas uirre — nach leigfidh aon-lúib síos in a gnaithí.
 
Níl aon-deá chosa agamsa, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is beag le as seo síos go tí J. a shiúilfinn anois. Dhá siúilinn mórán thairis, ní fhanfadh sea na seoladh ionnam
 
Gabhfaidh sé isteach gan deacracht ar bith ach an eanga sin a choinneál síos 'san scoilteadh
+
Mara ndealuighidh tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agad air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhruím. Rún atá agad mo bhruith agus mo loscadh. Chonnaic mise gasúir ámhuilleacha go minic ach ag an Diabhal go raibh sibse — croisim aríst sib! — sháruigh sib a bhfaca mé ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhealóchaidh na crochaillí seo liom nó go gcaithidh mé braon sean-fuisce. Sin é a chuirfeas aníos a bhfuil de réama síos i mbéal mo chléibh. Meastú cé'n dóigh ab fhearr dom anois a dhul dhá thóruigheacht
Caithfidh tú na h-uibheachaí glugair a dhealú ó'n gcuid eile, má's leat a leagan síos (faoi chirc). Nó an brath ar a gcur síos thrín a chéile atá tú.
+
dealg
I sean-scéal tá cur-síos ar fhear agus ar bhean ag siubhal na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothruighthe é. Ins an deireadh chrom sí síos. "Céard atá ort" adeir an fear. "Dealg a ghabh in mo chois" adeir sí, "agus ní fhéadaim a bhaint amach." Chuaidh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di de'n chéad-uair
TUILLEADH (1) ▼
Má tá a dhealg sáithte innte sin anois aige, ní leigfidh sé di go gcuiridh sé síos ins an talamh í leis an díol a thiubharfas sé uirre. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé in a aghaidh beidh sé in a aghaidh, agus níl aon-mhaith a dhul ag brughadh air. Is duine é a thiubharfas a chuid faltanais i gcreafóig leis.
+
deán
Chaith sé nóta puint síos sa deán. Sin é a raibh an t-airgead fairsing aige = gutter na sráide a bhí igceist
TUILLEADH (1) ▼
Tá deán síos ionn — i lár na páirce — agus ní raibh acú le déanamh ach síneadh sa deán nó go ndeachaidh an chontabhairt tharstú.
+
déan 1
Dhá bhfuirgheadh sé annsin dhá lá a shaoghail ní dhéanfadh sé aon-ghnatha ann. Ní ann a d'fheilfeadh dhó chor ar bith, ach istigh ar shlata na Gaillimhe in aice le séipéal eicínt in áit a bhféadfadh sé a dhul amach 'chuile Dhomhnach agus a "shais" uaithne air ag cur na ndaoine síos go h-áltóir
TUILLEADH (4) ▼
Suidh síos agus déan do ghoradh
Gabh síos ann agus déan do ghealladh fíor = coimhlíon do ghealladh
Suidh síos agus déan do chuairt. Is iomdha lá ins an roillic orainn
Is fear in anchaoi anois é, ag imeacht síos annsin ag déanamh a shlaite in a bhríste. Nach diabhlaí túatach an conuas é thar dhuine ar bith. Níl sórt cuíbheamhlacht ar bith ag imeacht leis
 
Bhí rud a dhéanamh leis sin: cúig nó sé de cheanna dá chuid starrógaí a chur síos in a bholg. Dhúinfeadh sin a bhéal, d'fheicfeá féin air
+
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhilleogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an casán a thóig sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh annsin ar chuid Bh., agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ar n-amharc. An uair a chuaidh sí cho fada le J. d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é len a raibh de dheannach ann — an sleaghan nua a fhágáil in a dhiaidh. "B'fhéidir" adeir sé go dteastóchadh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil múin (móin) ins an mbruidhinn fhéin". B'uathbhás é an siota siúd
TUILLEADH (1) ▼
Go dtugaidh Dia dhó cioth bheag lághach a chaitheamh. Choinneochadh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeochthá aige
+
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
TUILLEADH (2) ▼
Níl aimsir dá dheannachtaighe nach dteigheann currachthóirí na T. B. sin 'un fairrge. Tá siad in araidheacht é a bharruidheacht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na (chun an) chladaigh [ná] tada leis, bheidís amuigh an lá sin. 'Ar ndú níl currachthóirí ar bith in-chinneamhaint orra
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
+
Thuit dionnóidín shúighe ar an bpáipéar cho uain agus a bhí sé dhá léigheamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi annsin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety annsin — ceann a bhí síos an-domhain in a phóca — agus seó (show?) páipéir timcheall uirre. Dhá bhfeictheá cho deas agus a chuir sé corr na lainne faoi'n dionnóidín shúighe agus chuaidh sé amach annsin gur chuimil sé ar an gclaidhe í. Tá sé cho puinteailte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith uais air
TUILLEADH (1) ▼
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhuirtéil annseo, thuit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hébrí (pé'r bith) cé'n sórt útamáil a bhí orm chuaidh dionnóidín bheag de'n aol faoi mo shúil agus scál sé mé. Tabhair scaladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go bráth uirre. M'anam go mb'éigin dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine indiaidh an dochtúra féin ní fheicinn an bhán-shoillse léithe
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghnidheadh muid bocstaí agus pruchógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc agus thiubharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan annlann go h-éag mar é. Bhíodh an-"hate" air
 
dearmad 1
Chuir sé síos deich bpunt in áit céad punt i ndearmad. Ní dearmad an-mhór é 'ar ndú'!
 
Ní raibh an deárud ag cur síos leis ariamh hébrí céard a dhéanfadh sé faoi mhístáid = ní raibh rud maith ag cur imní air, ach ba mhinic é ag cur plean in a shuí le místáid a dhéanamh
+
Deasuigidh isteach 'u' (bhur) gcosa. Caithfidh mé greallach theine a chur síos
TUILLEADH (1) ▼
Deasuigidh síos an chuinneoig sin i ngar do'n teine nó ní théachtfaidh sé choidhchin ar an aimsir seo
 
Sílim féin nach mbíodh ar Dhiardaoin Deasgabhála fadó ach breac-shaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. 'Ar ndú leath na laetheantaí a mbíodh saoire orra fadó níl saoire ar bith fanta orra anois. Mara dteighidh tú ach síos Gaillimh agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nodlag agus ar an Domhnach
 
Ionntuigh ar thaobh na deasóige ach a dtigidh tú go dtí an cras-bhóthar, agus déan ar t'aghaidh síos. 'Sé'n chéad teach é a fheicfeas tú romhat ar an árd
 
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Annsin ní bhíonn siad indon an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé má's é. Breagh nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlóchadh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-iongnadh, má's iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtuitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
+
deifir
Nachar dhubhairt sé go raibh sé ag teacht. Gabh síos agus déan deifir a chur leis
TUILLEADH (1) ▼
Teirigh síos go dtí é anocht agus déan deifir a chur leis, nó ní dheasóchaidh sé an bhróig sin i mbliana. Duine an-tsiléigeach é mara mbeidh tú dhá bhrosnú (bhrostú) igcomhnaí
 
Imigh leat anois go beo deifreach, agus teirigh síos ann (cuirtear beo agus "deifreach" i gcuingir mar sin)
+
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí 'chuile dheilbh eile déanta aige 'san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mara dtapuighidh tú é mar sin féin, dheamhan an sdriog a bhéas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaighthe cruinn baileach. Mara bhfaghaidh tú aon-deoir aigesan, tá tú réidh len a fháil in aon-áit eile
 
Tá faobhar ar a deimheas aice anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht annseo roimh an oíche, nachar chuala tú a leithide ariamh má ionnsuigheann sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach hí an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheodhuigheann sí féin amach 'un siúite. Bhí an chéad eádradh de'n achrann seo [...] indé … Cearca 'd'eile … nach hé an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fútha!
+
Liostáil: sin é is deireadh dhó sin. Níl tada eile ag cur síos leis
TUILLEADH (5) ▼
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealuigh a raibh de thighthe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
B'fhearr duit gan ál deireadh bliana ar bith a chur síos. Bíonn siad an-mheathta = an t-ál a theagas amach indeireadh an ghuir, bíonn sé an-mheathta
Tabhair cead a chinn anois dó. É féin a bhéas síos leis as a dheireadh
Chaith sé an-fhada idir-chamánaí nó go ndeachaidh mé féin síos chuca faoi dheireadh agus faoi dhó agus gur fhiafruigh mé dhíob, céard a bhí fútha a dheanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
Thusa a bhéas síos leis as deireadh na faidhleála, agus ní eisean
 
Thosuigh siad de mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléaracht sin, agus dubhairt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtiubhradh sé sin dom é. Chonnaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deireadh. Shuidh mé féin síos. "Seo ní fhágfaidh mé" arsa mise "dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaghaidh mé é"
 
An scian dheireannach a chuaidh síos ann, níor chuir siad abhaile fós í
+
deis
Tá deis anois aca le móin a bhaint thar agus le sleagháin. Chonnaic P. Mh. iad dhá baint leis thart síos. Bhainfeadh sé an oiread in imeacht uaire le céad sleaghdóirí.
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mise deis ghlantacháin idteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú ins an mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrughadh síos agus suas. Le "electricity" a bhí sé ag imeacht
Mara gcuiridh tú deis eicínt ar an leaba sin thuas anocht, ní bheidh aon-deis (chodlata) ortsa innte. Tá lagán síos in a lár. An tsraith atá tugtha uaithe
 
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! 'M'anam gur scanruigh mé gur síos píobán an doichill a chuaidh sé agus go seasfadh sé thíos ann = deiseall adeirtear má theigheann rud le anáil duine, nó scaithtí má bhíonn sé ag sraothfairt. Ach "Dia linn" is mó adeirtear le sraothfairt (nó Dia leat), agus "deiseal" le duine nó beithidheach a bhfuil treampán eicínt is an muineál air faoi rud a leigean síos
 
Deisigh suas an tslat iascach agus gabhfaidh muid síos lá eicínt go gcaitheamuid cupla urchar ar an gcarraig
 
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
 
deo
Go deó agus go bráth, nó go bhfeicidh tú é sin ag suidhe síos ag seanchus le M. Sh. Gh. ar cheann an sconsa lá breagh Earraigh, ná h-abair go bhfuil aon-bhás air! = fear santach ag obair
 
deoin
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh, marab é a deoin fhéin é. Ise a bhéas síos leis, agus ní h-iad an dream a chuirfeas 'un caitheachtála di é
 
Caith síos rud eicínt dó sin. Nach bhfuil a fhios agad go maith gur fadó ariamh indiu ó d'ith sé aon-ghreim, agus an uair sin féin céard a bhí ann ach deoladh
 
Ní túisce a bhí an deolcachán bainte de'n chích ná d'eirigh sé amach in a ghaiscidheach. Thoisigh sé ag marbhú fathachaí. Fiafruigh de Sh. Ó Bh. faoi. Is aige atá 'chuile údar faoi'n scéal sin. Chuala mé ag cur síos air é, tá goirid ó shoin
 
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuidhfinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoruidhe an bhéil bheo níos goire dhom ná seo, agus ní bheadh aon-scáth orm. Ní bheadh — a dhuth ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos annsin cho maith agus atá sé annseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil.
 
dia 2
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
 
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonnaic mé gearrchaile as Baile Átha Clia a bhí annseo an bhliain cheana, agus tá aill annsin thiar, agus níor chomhnaigh sí go ndeachaidh sí amach ceachrach ar chiúis na h-aille, gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithe ach an poll duibheacáin. Dhá mbuaileadh rae roilleacán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
 
Ba diachta dó nar fhan ins an mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cá'r fhága tú an conórtas 'ar ndú! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nar leigidh Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimneochadh J. Mh. a theacht aniar do shiubhal a chos ag breathnú air. Tá baoghal beag air go deimhin
 
Sin í an diagantacht eile muis, a cuid diagantacht' sin. Tiubharfaidh sí seársa ag an bPáidrín 'chuile thrathnóna, ach níl aon-locht aice a dhul síos casán M. le fear in a dhiaidh. Tá dhá thaobh ar an mbád mar adeir J. A.
+
diaidh
'Bhfeiceann tú anuas é; agus cois indiaidh na cois' eile aige. Síos tigh B. atá sé ag dul anois. Chuir an bhean amach ann é gan bhuidheachas. Is furasta aithinte air gur beag a fhonn atá air a dhul ann
TUILLEADH (8) ▼
Seod (seo) briseadh uaire ceart. Tá sí (an ghaoth) imithe síos indiaidh a tóna aríst = bhí sí ó thuaidh agus chuaidh sí ó dheas. Sén t-údar indiaidh a tóna gurbh ó dheas a bhí sí an chéad-uair sul a ndeachaidh sí ó thuaidh. Nuair a bhí sí ó thuaidh annsin, bhí a tóin mar a bheadh sí ó dheas
Bhí an-spóirt ar an bportach indiu. Rug J. ar bharra T. Sh. agus bhí sé ag ealadhain leis agus hébrí cé'n chaoi ar eirigh leis é a chur indiaidh a chúil, nachar thuit sé síos ins an bportach. Chuaidh T. Sh. ingeallta. Dar an leabhar dá mbeireadh sé ar J. ghabhfadh sé síos i mullach an bharra
Bhí sé ag dul indiaidh a leath taoibhe nó go ndeacha sé síos ins an trínnse atá ar cholbh an bhóthair
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé indiaidh a leathtaoibhe ins an am a mbeadh sé thíos ins an bhfiodán. Dar dia-guidhe muise, dhá dteigheadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
Cuirfidh mise ó bhreathnú indiaidh do ghualann thú, má theighim síos cho fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinnighe, is beag a mhillfí ort, nuair a chuirfeá ins na gath scití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois, scáth aithgiorra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh casán trín a chuid cuir mar tá thríd an gcur se'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
Indiaidh a tosaigh a theigheas ceann de [na] soithigh sin síos i gcomhnaí.
Chuir sé a dheirbhshiúr de dhruim tighe. Chonnaic mé í an lá a mb'éigin di féin agus dhá h-áilín G. síos a thabhairt orra féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orra. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige len a leithide de chleas. In a dheidh sin agus uiliog, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leath-cheart léithe
Ní fhaca mé an t-athair ariamh ag siubhal de réir a choise, ach ag bog-shodarnaighil igcomhnaí. Dhá suidheadh sé síos, bheadh sé dhá shníomh agus dhá lúbadh féin go mbeadh sé ina sheasasmh aríst. Dheamhan ab é an oiread sin oibre a bhíodh de bharr a chuid forú in a dheidh sin
 
dian
Tá an sean-bhóithrín sin síos an-déan ar "tyreannaí" (rothair)
 
Is maith an dicheall dom rith síos agus aníos ag siopaí 'chuile ré soluis le tobac a fháil duitse. Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire, ach a bheith ag "tendáil" ortsa. Is maith é mo luach saothair muis. Gheobhaidh tú féin feasta é ar mo shonsa nó troiscfidh tú. Is fadó an lá a bhí agam é a dhéanamh leat
 
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht in a rógaire reatha. An áit a bhfuigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scruball ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídeamhlacht ar bith a gcuimhneochadh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé's moite de shean-bhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghreideall a bhí ann, agus chuir sé ar an teine é, agus rug sé ar an tsean-bhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uiliog go dona …