Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bocht (100+)

 
abair
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltuighthe istigh 'san teach sin 'chuile ré soluis agus iad sin ag magadh faoi
 
Sé an rota seo anois idir dhá abhainn an áit is boichte in Éirinn
 
daigh
Níl pian ar bith is boichte ná na doigheachaí fiacal, agus níl pian ar bith in a dheidh sin is lugha a mbíonn truaighe do dhuine ná í.
 
'Sé Baile an Daighin é má dheanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint de'n duine bocht. Ní fhéadfaidís a dheanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneamhairí ar na h-ailt na dligheadóirí. 'Ar ndú ní dadaí eili iad
 
dáil
Is indáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó a chonnaic mise an chéad lá ariamh é
 
dairt
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
 
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharáiste! Thug an sagart punt dó an uair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéar-chall. D'imigh leis agus d'ól sé é
 
Tá an duine bocht in a dhallarán. Ní léar dhó an bhán-shoillse — tada leis
 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an ghiodáinín talmhana sin do na dílleachtaí bochta. Déarfá go mbadh bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi.
 
dán
Má tá indán agus go dtiocfaidh sé timpeall sa saoghal go deo, go gcaithfidh sé a theacht in mo líon-sa, tiubharfaidh mise an freagra céadna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
+
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Níl an saoghal go dan(d)ra le aonduine ach leis an saighdiúr bocht a chaithfeas a dhul amach ar aghaidh na bpiléar uair ar bith a bhfuagróchthar air
Bhí an saoghal sáthach dan(d)ra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirre agus gan aice ach na cupla garrdha sin len a dtógáil. Shaothruigh sí an saoghal go maith an créatúr, ach tá na scurachaí anois ionchongantach agus diabhal a n-aireochaidh sí é feasta
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an dithreabhach bocht sin daorta, shul á tugadh isteach ins an gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios aca sin ar dhlí ach an oiread agus atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaoidheamhla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga-maga mar sin a chur air
 
Bainfidh siad an dara thairt as an Jap bocht anois, má's cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daor-bhasctha de'n Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith aca ag craitheadh na gcrúb, shul a chuirfeas siad i dteanta é
+
deacair 2
Is deacair do'n duine bocht teach ná árus a bheith aige agus a bhfuil ag glaodhach air
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair do na daoine bochta cúis ar bith a dhéanamh agus an saoghal atá ann
 
Ní deá chaoi atá ar an duine bocht anois, ní hea sin. Ach sé is fhearr ar bith agus a bheith san gcomhaireamh ceánn chor ar bith, agus an chaoi ar shaothraigh sé an saol le scathamh
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
TUILLEADH (2) ▼
Tiubharfaidh sí an laogh siúd atá aice do'n deachma. Níl aon-bhiseach faoi. Tá sé in a ghuróir annsiúd le claidhe agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé in a spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uiliog a tháinic ó'n tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóig sí aon-laogh ariamh, ach iad ag imeacht in a mbás ar sliobarna mar siúd
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht indon a dhéanamh feasta choichín i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht.
 
Ní deáchríoch a chuaigh uirre an dílleachta bocht = cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aice
+
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna "an lad ruadh" (an sionnach) sléacht annseo indiu! Cearc an áil a mh'anam. "Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht" mar adeireadh N.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é féin an cogadh deacrach. Is iomdha máthair bhocht atá ag éagcaoineadh dhá bhárr
 
Níl aon deá-ghealladh faoi. Dhá mbadh leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil indán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainsil air anois
+
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (3) ▼
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeacha sé ag baint sceiche annsin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá ar na bháireach bhí sé ins an leabaidh aice agus níor eirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirre — ach ní raibh comhairleachan ar bith in a chíonn siúd. Is dona a chuaidh an sceach do'n duine bocht ar aon-nós
Dealg sceiche a thóig sé an chéad uair agus ní thiubharfadh sé cead d'aonduine a dhul in a goire nó go ndearna sí cois bhocht ins an deire. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeochadh sé an droch-adhbhar, ach dheamhan cosamhlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith adeir siad is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnuigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeochadh sí sin de ghort an gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille.
 
deamhan 1
Dheamhan an measa beirthe é a dhuine bhoicht. Sin é an chaoi. 'Chuile bhuille in aghaidh an duine bhoicht go bhfoiridh Dia orainn (níl mé ro-chinnte gur an .i. "dheamhan an", is cóir a scríobhadh i gcásannaí den tsórt seo. fuaim /ə/ atá ann)
+
déan 1
Ní dhéanann sé gnatha d'fhear bhocht a dhul ro-mhinic go dtí teach an ósta. Má theigheann beidh sé siar leis
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir bréag ar an duine bocht atá ag déanamh créafóige leis an fhad seo
 
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
 
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí ins an ngearradh dhíob. "An tslat atá sean, ní fhanann uirre aon-mheas"
+
Is contabhairt í an fhairrge nuair a bhíos duine déanta uirre féin. B'ait an currachóir é S. L. Ní bhfuightheá a leithide eile, dhá gcuirtheá slat ar sheacht bparáiste. Agus feacha in a dheidh sin, nach fánach an chaoi ar báitheadh é, an duine bocht …
TUILLEADH (1) ▼
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireannacha. Tá déanta len a bhás
 
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé, agus a athair bocht agus gan siubhal an bhealaigh ann le neart sclábhaidheachta
 
dearc
Tá dearcadh sáthach mí-chéadtach aige nuair a thogruigheas sé é. Ach níl aon-ghangaide ins an duine bocht in a dheidh sin. Diabhal gangaide ná cuid de ghangaide!
 
dearg 1
Tá sí an-dearg den domhan tímpeall an luit. Láimh bhocht í
 
Tá sé ag coinneál deireoil go leór an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
 
Sagart as an dioscán anois a bhfuil aon-laetheamhlacht ann mar 'bhíodh ins na sagairt fadó. Tá an saoghal ro-mhór ar a gcomhairle féin aca agus fuigheall na bhfuigheall aca anois. Fadó bhídís bocht agus croidheamhail, ach tá imní faoin a gcuid saidhbhris orra, ar an saoghal seo
 
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
 
Tuitfidh déidín aige siud mara dtugaidh sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilidhe. B'fhearr dhaoib, má tá aon-phighneachaí beaga ann a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoghail sáthach dona agus gan é a choinneál istigh ins an oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éiligheann sé imeacht aon-oíche eile.
 
deilbh 1
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach l'aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon-nós. Diabhal bréag nach maith
 
Déileáil dona a dhéanfas an dithreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirre. Fágann sí fiacha in a diaidh is 'chuile áit
+
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios ugad go bhfanfadh éalann ort go deó dhá bharr. Breathnuigh ar Mh. T. Mh. annsin thiar. Sin é an chéad-tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sul a raibh an chéad-cheánn chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhinic a chuala mé deilín bacaigh fadó. Níl bacach ná bean bhocht ar bith dhá dteagadh faoin doras nach mbíodh deilíní aca, ach is beag na deilíní ná na bacaigh atá ann anois. An méid sin féin tá mé ceapadh nach mbíonn aon-smid Ghaeilge aca
+
Ní raibh aon-bhacach ná aon-cheannuidhe ná aon-fhear bocht ná aon-fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingigheadh. Is ann a bhí an leabaidh dhearg i gcomhnaí ag lucht bóthair agus bealaigh
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an déirce (grádh diadha) atá ann nach gcaithfeadh pighinn ag an bpáiste bocht
 
Daoine déirceacha grádh-diadhamhla a bhí is 'chuile dhuine ar an bhfeadhain aca sin. Ní fheicfidís anshógh ar dhuine bhocht nó ba chinneamhaint orra é. Bhí a shliocht orra: bhí Dia buidheach dóib agus chuir sé rud aca
+
Chuaidh deireadh leis an duine bocht
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé deireadh leis an duine bocht sin, ach tá a dheireadh fhéin roimhe-san freisin
'Ar ndú' ní ag faire ar an sean-fhear bocht sin atá indeireadh a shaoghail agus a mhaitheasa atá tú
Tá siad sin in ainm agus a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pighinn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as in a dheidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orra é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
Ní theagadh iadhadh air le mo chuímne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíor-luadh go dteagann sé isteach 'san deireadh. Tá sé féin imighthe anois, an duine bocht!
Tóigeadh é faoi dheireadh thiar thall. Nar theagaidh sé amach choidhchin muis! Is iomdha mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta, ó a thosuigh sé ag díolachán annsin.
+
Níl aon-chaoi ar Sheán bhocht. Tá sé deireannach = ag tarraint ar an mbás; níl indán eirghe dhó, ach b'fhéidir dó maireachtáil scathamh eile
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhuine bocht deireannach, agus is mór an scéal sin. Ach céard a eireochas dhá áilín?
 
deis
Ní bhfuair mé aon-deis ar aon-pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íosbairte. Tá siad isteach ar fad ins an nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithe anois cheapfainn
 
Tá sé sin deiseamhail go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an dearbhráthair measaim. Ní fhaca mé aon-cheo aige ar aon-aonach le bliain. Údhachta na mná a chuir rath ar Sh. Marach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
+
deoir
"Mo dheaide bocht bocht agus maide faoin a ucht agus é ag silt na ndeor" (Tomhais: an bun-tsop)
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan ins an duine bocht.
 
Is mór an peacadh an deoruidhe beag sin de ghasúr atá ann a fheiceál thíos in éadan feamainne, agus an guróir bocht seacáilte. Cidh Dia gur mór an náire di a leigean amach leithide an lae indiu — lá a phréachfadh na gabhair
+
dia 1
A Dhia na Glóire nach bocht an chaoi é!
TUILLEADH (12) ▼
Ní bheidh na daoine bocht mar seo i gcomhnaí. Tá Dia láidir agus is iomdha maith a d'fhéadfadh Sé a dhéanamh ar na daoine
Dia agus Muire linn anocht agus ambáireach! Nach bocht an bás a fuair sé
Dia agus Muire linn! Ní beag dó a dhonacht an duine bocht. An bhfuil aon-bhó eile aige ach í sin anois?
Go gcoinnighidh Dia as cionn do pháistí thú a bhean bhocht! = le máthair cloinne
Go bhfoiridh Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aice
Muise B. bhocht, tá sí an-réchúiseach. Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam innte ar éigin
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam innte sin é an méid
Dhá dtugadh Dia dhó go bhfuigheadh sé an úachta sin, ba mhór ab fhiú do'n duine bhocht é
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; 'seadh sin. Níl leath a dhóthain guis ann
Shílfeá nach dtiúrfadh sé áird ar dhaoine ar an gcaoi sin, mara bhfuil seafóid air. Duine le Dia é mo dhuine bocht
Is mór an náire dhóib a bheith ag saghdadh faoin díriúch (díthreabhach) bocht sin — duine le Dia mar é. Dar leat féin ba chóir dóibh dóigh-mhagaidh eicínt thairis a fháil
Duine le Dia é mo Mh. bocht. Dhá gcloistheá ag caint le sagart strainséara annsin thoir anuiridh é! Shíl an sagart go mba duine é a raibh an-bhreithiúnas ann i gcaitheamh i bhfad, ach bhrath sé 'san deireadh é in a dheidh sin
 
diabhal 1
Diabhal mé nach beag duit t'aistir a bhean bhocht?
+
diabhal 2
Nach hé an diabhal in a chraiceann anois é, a dhul ag bacadh na ngasúir bhochta
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon-ghaol ag an diabhal le duine bocht (sean-fhocal) = is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rádh nach h-ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan 's móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag len a chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomdha bó mhór ar fud an tsaoil, agus bráigill aca, agus gan é ach ag cur chathaí orra, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agad
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Cannda aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht, ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
+
Nach ort atá an diachair! Breá nach leigeann tú den duine bocht?
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach leigeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bhárr a chéille agad. Cén bhrí ach picill a dhéanamh de ghrán seagail! Is "lad" thú!
+
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean marbhuighthe aige. Is mór an díol truaighe anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil truaighe ar bith do'n chréatúr bocht atá faoi'n gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharbhú
TUILLEADH (1) ▼
Ba diachta dó nar fhan ins an mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cá'r fhága tú an conórtas 'ar ndú! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nar leigidh Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimneochadh J. Mh. a theacht aniar do shiubhal a chos ag breathnú air. Tá baoghal beag air go deimhin
+
diaidh
Indiaidh an méid sin ar fad cé'n bhail atá anois air. Nach bhfuil sé i gcruth a dhul ag iarraidh a chodach. Chuala mise ariamh é gur mairg a bheadh go h-olc agus go bocht in a dhiaidh
TUILLEADH (7) ▼
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dteighidh sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht do'n trathnóna, indiaidh a luirgne a bhreacadh ins an teine ó mhaidin. Nach h-í inghean an duine bhoicht í!
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaoidheamhlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé in a dhiaidh a raibh de ghnaoidheamhlacht ag siubhal leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shul a phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Cho luath agus a thosuigh an saoghal ag féithiú leis, chaith sé an bhoigshíneadh in aer
Níl duine ar bith indiaidh an duine bhoicht sin, agus caithfidh sé a dhul ag saothrú in a dheidh sin
Is lag lúbach an mhuirín atá in a diaidh — an bhean bhocht = máthair a fuair bás
Is minic ariamh a ghlan fear leis indiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon-lá de'n ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta in a dhiaidh sin agus é in a ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuirigheadh sé ins an mbaile i gcomhnaí
Níl duine ar bith aice anois le dhul in diaidh an chapaill. Caithfidh an bhean bhocht a díol
Tá "dole" mór aige, agus pinsean sean-I.R.A. agus tá punt sean-phinsean ag teacht isteach ann 'chuile sheachtain, agus chúig leath-choróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaedhilge sin, agus in a dheidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoid' aige agus shílfeá nach dtáinig aon-tsaoghal ariamh is measa ná é
 
Rinne sé cleas díbheirgeach ar an duine bocht sin = rud nach mbeadh ceart; rud fealltach nó droch-mhúinte nó díoghaltasach agus rl.
 
díbir
Chaith siad sin a saoghal ag cur díbirt' agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha ins na simléir aca féin anois. Má's feall fillfear
 
Bhí an Rí mór ag déanamh dícheannadh ar dhaoine bochta. Dar fiadh dubhairt an gaiscidheach ó Éirinn go gcuirfeadh sé féin dá chois é nó go gcaillfeadh sé leagan leis …
 
Níl dídean ná a dhath ag an duine bocht anois ach lorg cois na bó ar an gcneangaire. Is deacair dhó aon-chaoi a bheith air, agus an bhail a chuaidh air
 
díle 1
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon-chogadh th'éis an chinn seo. Beidh siad thrín a chéile cho sáthach de chogadh feasta agus gur luar (lughar) le 'chuile dhream an diabhal, ná é a tharraingt. Ba sheo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí ins an mbaile ar an teallach is measa a shaothruigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar.