Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

leath (100+)

+
abair
Abair gurb eadh! Chuir mise annsin thoir anuiridh iad, agus níor tháinic a leath (cineál fataí). Is scrios ceart iad mar adubhairt tusa
TUILLEADH (2) ▼
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Sin é adeir siad ar aon-chor. Ach níl áird le tabhairt ar leath na luaidreáin
+
Deir siad go bhfuil an dá leath-pharáiste sin le cur in a chéile agus paráiste nua le déanamh asta
TUILLEADH (7) ▼
Tá an dá leath-bhaile seo buailte d'uireasa feamainne
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
Níl an dá chluais go dona agam, ach leath-chluais
Shílfeá gur dhá leath-deireadh cuit atá air!
Tá dhá spreanguide de dhá chois air agus iad cho scaptha agus go bhfuil ceann aca is chaon leath-bhaile den dá leath-bhaile
Níl ionnta ach dhá leath-bhróig = ní h-iad an péire céanna bróg iad, cé go mb'fhéidir gurb iad bróga a chéile iad
Chaith mé dhá leath-ráithe ann — leath-ráithe anuiridh agus leath-ráithe arú anuraidh
 
daigh
Tá faitíos orm an doigh sin a theagas air, gur ó chancar í. Tá cancar a mhic ó ar leath do thíre. Níl innseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
 
Níl sé leath sáthach daingnighthe agam, ach cé'n neart atá agam air, an uair nach bhfuil fad méire agam len a dhaingniughadh. Is beag an mhaith fear ceirde d'fhuireasbhaidh oirnise
 
dairt
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riasca' údan. Dheamhan fata a thiubharfas sé go bráth dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na h-Éireann air. Abruigheadh "fear na bhfataí" a rogha rud. Cé'n scil atá aige-sin ann ach an oiread liomsa, a leath-oiread sin féin! (níl aige ann)
 
Is breagh gnaoidheamhail a roínn sé amach an leath-ghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodhadh sé féin é, ní bheadh sé leath cho maith faoi. Dubhradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim, agus gan maith ar bith in a theach féin leis
 
Go dtugaidh Dia ciall duit a mhic ó mo chroidhe. Leath na n-Éireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios aca Domhnach thar Dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orra
 
dall 2
Tá mé dall i leath-shúil liom. Ní fheicfinn an bhánshoillse léithe
+
Mara bhfeicidh tú dallán ins an bhfata, ní dhéanfaidh sé aon-tsíol. Caith in éindigh leis na sclamhairí é. Ach má bhíonn sé níos mó ná na leath-fhataí seo, tig leat a leagan i leathtaobh. Foghanfaidh sé aríst. Íosfaidh muid féin é
TUILLEADH (2) ▼
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cé'n poll a raibh siad seo. Puill gharrdha an chladaigh. D'eile. Tabhair suas do gharrdha an chladaigh ariamh féin é
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
Tá sé in a dhallarán chríochnuighthe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomdha duine nach bhfuil leath cho dona leis atá dhá fháil ó'n gcéad lá
 
dálta
Tá an bainne spreagamhail, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scudalach tae i siopaí annsin soir, agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigeadh scoth fhéin é
+
danra
Ná bac le dan(d)ra a mhic ó. Tá sé cho dan(d)ra le múille. D'iarr siad air anuiridh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leis-sean é. Níor labhair sé aon-smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nodlag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan athchuinge agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aonduine air
TUILLEADH (2) ▼
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Ag lánú ingarrdha beag N. atá mé na laetheantaí seo agus is dan(d)ra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcomhnuí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leath-chlocha, ach gruadháin mhóra mhillteacha atá annsiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarrdha N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosamhail
 
daol
An gcuimhnigheann tú ar an gcapall mór dubh a bhí ag J. Ch. A leath-cheann sin í. Teagann daolanna innte ar an gcaoi chéadna
+
daor 1
Níl sé leath cho dona agus atá a cháil. Dheamhan an leanann sé daoine ro-dhaor chor ar bith. Ach an té nach dtugann mórán trácht' dó, leagann sé air. An milleán sin air?
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag ól scathamh indiu, agus is daor docharach an cheird sin ar an saoghal seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phighinn ar leath-ghloinín ghágach. É a dhiúltú uiliog a bhí a dheanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rádh linn
Is daor docharach an spóilín í an fheoil anois. Leath-choróin ar phuintín muicfheola, agus í sin féin cho leathta agus nach bhfuil an darna dinnéar innte choidhchin ag an duine, ní áirighim ag muirín
 
Aindeoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine ní saoghal daor-bhasctha é an saoghal seo. Tá cearc an áil (fear na cloinne) ag fáil an oiread seo leath-chorónacha; tá giolla na leisce ag fáil "trifle" (beagán); tá an caracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a "bheaig" (bag) aige faoin a ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaedhilge); agus annsin 'ar ndú (dar ndóigh) tá "pensions" thar a chéile ann. Má mharbhuigheann tú sionnach ar an saoghal seo gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta is fhearr an aghaidh ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hébrí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chuir in aer ar chaoi ar bith. Mo laichín imighthe ó indé … ní saoghal daor-bhasctha é chor ar bith
 
de
Níl leath mo bhéil de arán annseo
+
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
TUILLEADH (3) ▼
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
Duine ins an gcéad a dheirbhshiúr ó a chuirfeas an saoghal thairis gan corr-phoc eicínt dhá bhualadh. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Bíodh muid buidheach má eirigheann sé linn cho réidh sin. Feiceann muid fir luatha láidire scolbánta ar na maidí 'chuile lá ins an tseachtain. Nach bhfuil a fhios agadsa annsin go bhfuil sé mór ag sean-chuaillí mar muide a bhfuil leath-chois linn istigh ins an uaigh cheana, a bheith ag casaoid
+
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é len a mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht in a dheidh sin. Tá sé réidh go leór cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfuighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideóige thuas aige, agus gan fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfuighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na "h-engineers" é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
TUILLEADH (1) ▼
Ní chreidfinn ón saol go mbíonn mórán de bharr an phoitín th'éis a dhaoireacht agus atá sé. Ara tá an iomarca deachmaíocht' air. Feacha a n-óltar ag "stillhousachaí", agus a n-óltar sna títhe nuair a theigheas daoine dhá iarraidh. Imíonn a leath go fánach
 
Ní hé an deáfhocal a bheadh in do bhéal leath cho maith! Ach mise i mbannaí go dtóigfidh tú an droch-fhocal sách gasta = focla míchuíbhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
 
M'anam nach bhfuil [sé] leath cho deáintinniúil agus a shíleas tusa dá mbaintí as é. Sin é an droch-pheata deirimse leat = tá sé olc, taghdach agus rl.
 
Séard a theastóchadh deis eicínt annsin a dhealóchadh an droch-bhainne ó'n deagh-bhainne, má's cúrsaí de'n tsórt sin é. Ach níl leath-chreisteamhaint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin.
+
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá anois go mbeadh an ghaimh imighthe as an dealg láibe agus an áit a mbíonn sé, ach níl dealg ar bith a chinnfeadh air in a dheidh sin. Bhí mé ag útamáil thuas annsin i Lochán an Bhóithrín fadó, agus mé in mo ghasúr agus chuaidh dealg in mo chois. Ní raibh mé indon a cur fúm go ceann leath-bhliana. Fhobair ar fhéad mé a cur fúm chor ar bith
Is gangaidighe é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonnaic tú leath-leadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith in a chuid cainte, ach 'chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé annsin thiar ag P. M. Sin é a bhí indon an gob géar a thabhairt uaidh an uair a thogróchadh sé é. Ar chuala tú ariamh céard dubhairt sé le P. G. …
 
Thugadh sé sin deallra dhó fhéin 'chuile oíche, len a chuid ragairne agus óil. Leath na gcuarta 'sé'n chaoi a mbíodh sé sin caithte chois an bhóthair strumptha ag an ól agus ag an bhfuacht
 
déan 1
Rinne mé siar go C. in imeacht leath-uaire é
 
Chonnaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. An uair a bhí sé tuairim agus leath-bealaigh go dtí mé, d'ionntuigh sé soir adtuaidh. "Dar príosta" arsa mise, "is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … "
 
Badh é an lá ba bhreaghcha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé in a chalm orra leath-cuain. Shíl muid gur thosuigh dionnóid bheag annsin, ach ní thiubharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dhearbhráthair mo chroidhe thú, chruthuigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirre. 'Sé Dia féin a bhí buidheach duinn an lá sin, nar cuireadh go tóin puill muid. Tá mé taithighthe ar an bhfairrge ó cuireadh bannlá de chóta orm, ach macsamhail na cuaifighe sin ní fhacaidh mé ariamh agus nar leigidh Dia go bhfeicfinn go bráth ach oiread. Níor fhan dionnóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé cho bruithte sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indan
 
Is maith an t-údar é do thalmhaidhe, fear ar bith a chaitheas leath an lae dhá dhéanamh féin suas agus dhá shlíocadh féin: Is beag an dochar dhó náire a bheith air, agus a gharrdha in a churásach annsiúd thuas.
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
 
dearfa
Sílim nach bhfuil fear ar bith is dearbhtha dhom a dhul dhá líonadh aige (páipéar) ná an sagart. Maidir le na máistirí scoile sin bíonn pus orra leath na gcuarta má iarrtar tada orra.
 
dearg 1
Tháinic sé in a stoirm dhearg orainn agus muid leath-cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deó é. Bhí maoidhmeannaí a bhí cho mór le sléibhte ag dul tharainn.
 
dearg 2
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ballséire air. Seachnaigí sib fhéin air. Má theangaíonn sib leis an leath deireadh chor ar bith aige, tosóidh sé ag bruimseálacht
 
dearmad 1
Thug sí leath-choróin dom in áit dhá scilling indearmad
 
deas 1
Is deas an scéal é: fear leath-choise ag dul ag pósadh
 
Sílim féin nach mbíodh ar Dhiardaoin Deasgabhála fadó ach breac-shaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. 'Ar ndú leath na laetheantaí a mbíodh saoire orra fadó níl saoire ar bith fanta orra anois. Mara dteighidh tú ach síos Gaillimh agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nodlag agus ar an Domhnach
 
Ní bhíonn aithreachaí ná máithreachaí leath sách deá shomplach lena gclann
 
deasú
Tá na Sasanaigh caithte amach aríst druim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orra! Sin é an deasú orra! B'fhéidir nach mbeadh a leath-oiread gaisce aca aríst go ceann scathamh
 
Mo dheatach orra féin agus ar a gcuid páipéir. Tá an oiread dindiúirí ar an "dole" céadna, scáth leath-choróinín ghágach, agus nach fiú an tairbhe an trioblóid
 
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
 
deifir
Nach mór an deifir damhsa atá oraibh! Dhá mbadh é an garrdha nó an portach é, ní bheadh a leath-oiread deifir oraibh
 
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le 'chuile dheilbh eile go dtí an churaidheacht, ní leath-anró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meathta ag dul i dtráigh, agus ag tógáil clascannaí agus ag biorrú claidheachaí, agus ag déanamh crúbáin
+
Má tá siad dhá síneadh againn le leath-láimh nach bhfuil an leath-láimh eile thíos in' u' (ar) bpócaí aca dár gcreachadh. Feacha an cíos, an t-airgead acraí, tobac, tae, siúcra agus eile. Nach bhfuil tú ag íoc dúbalta orra sin? Agus annsin síleann tusa go bhfuil leat má chaitheann siad cupla scillingín "dole" agad. Sin é an déirce dhá chuid féin do'n amadán, ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
'Sé'n déirce a dhul ag iarraidh ceap air siúd. Cé'n bhrigh ach má chaitheann tú casúr a iarraidh in a cheann sin! Caithfidh sé leath-uair an chluig ag cur fainiceachaí ort fútha
Maran de dhéirce a rinne sé uirre é, is mór an t-iongantas gur chuir sé an chruach sin scór. Níorbh fhiú tada len a leath í
+
Sin é é. Deireadh sean-ghearrán bán, nó deireadh sean-mháistir scoile. Is leath-fhocal é. Chuala muid ariamh é. Diabhal mé muis go sílfeá go bhfuil cion ar na sean-mháistirí scoile ar an saoghal seo. Tá fear aca annseo thiar, agus ní dheachaidh an oiread peiliúir ariamh faoi shean-ghearrán bán agus a bhíos faoi!
TUILLEADH (1) ▼
Tháinic sé isteach ar dheireadh an Aifrinn agus chuaidh sé ar a leath-ghlúin
 
Tá leath-luighe deireadh briste ar an gcarr
+
deis
Is iomdha deis a fuair tú air ó shoin agus níor chuir tú aon-aighneas air. Má tá faltanas istigh agad dó teirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé in a leath-rann annseo agad chois an teallaigh 'chuile lá
TUILLEADH (8) ▼
Is beag an deis tóigthe atá air féin ná ar aonduine istigh ar a bhaile. Níl aonduine ar an bhfeadhain aca nach bhfuil taobh le leath-ghabhaltaisín gágach
Tá deiseannaí marbhú aca anois thar mar a bhí fadó. 'Ar ndú' ní raibh leath na ndeiseanna sin aca ins an gcogadh deireadh féin. D'imigh an diabhal orra. Sin é a bhfuil le rádh agamsa leo
Chuala mé gur mór a thug sé anuas indeis le gairid. Chonnaic mise é sin scathamh agus ní raibh aon-fhear — ba chuma ins an míádh ché hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maorsacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maorsacht a shamhlú le T. indiu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuileadh agus ag trághadh a chaitheas sé an lá
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan 'chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scathamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin dheamhan leath-chirt a dhéanfas sé leis
Cuir deis ar an gcoca féir sin agus ná bíodh leath-mhaing mar sin air. An chéad-sinneán a thiocfas, ionntóchaidh sé druim ar ais é
Níl aon-deis 'e (de) rath ar aon-duine ar an mbaile seo, le dhul ag saothrú ar bhóithrí fós. Tá leath a gcuid fataí ins an talamh gan baint. Sílim go bhfuil 'chuile dhuine siar le na fataí i mbliana thar agus bliain ar bith eile. Tháinig an uair an-fhliuch.
Tá an ghráiscínteacht sin ar do dheis agad go maith, tá sin. Ach níl do chuid paidreachaí agad leath cho maith. Diabhal é muis
Fuair siad-san deis ingeall ar do chuid sleamchúis-sa. Ní dhéanfadh áit ar bith thú leis an liathróid a chur ach isteach i gcrúib J. Uí Mh. 'chuile uair. Sin é an chaoi ar chaill muide deis leath na gcuarta
 
deoch 1
Gheobhaidh tú deoch suain annsiúd, agus sínfear ar an mbord tú, agus ní aireochaidh tú a dhath, go ndúisighidh tú agus leath do phutógaí ag imeacht in a mbéal ag cuit na Gaillimhe!
 
B'fhoghainteach a tháinic an deoladh sin féin th'éis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirre isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é in a chalm críochnuighthe orainn. Dheamhan flaim as aer a bhí ins an seol
 
dia 1
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; 'seadh sin. Níl leath a dhóthain guis ann
 
dia 2
M'anam go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine agadsa ar chaoi ar bith. Tá tú ag dul siar anois le do leath-ghine buí a tharraint. = sean-phinsinéara ag dul i gcoinne an phinsean
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal go Hanóver (California agus rl.) thú, mara dtugadh sé ach leath-mhíle san ló thú! (mara dtugadh sé ach go béal an bhóthair thú, go tigh Mhaidhc Mhóir agus rl.)
+
Is diachta ghéar nar fhága sib an sean-bhosca ceoil sin ins an áit a bhfuair sib é. Dá mbadh rud ar foghnamh é, ní bheadh sí leath cho spleodrach dá thabhairt daoib. Dúinigidh suas anois é, nó dar brigh an leabhar déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh annsin in aghaidh an chlaidhe agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) ins an lasarnach in a dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is diachta sin dom muis, a bheith láidir: fear nach ndeachaidh aon-ghreim de bhiadh an tsaoghail ar a bhéal le leath-bhliain, cé's moite d'uibhín chirce agus de bhlogam bainne. Nach deacair duit a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin. B'fhéidir an uair a thiocfadh an lá breagh go sceinnfinn amach thar mar tá mé
+
diaidh
Go deimhin tá sé indon biadán agus cúl-chaint agus bréaga a chur indiaidh a chéile. Nímé an bhfuil sé indon a phaidreacha a chur indiaidh a chéile leath cho maith. Ní beo é mara mbeidh sé ag coireamhaint ar dhuine eicínt
TUILLEADH (7) ▼
Tá leath-choróin agamsa. Cuir thú féin in a diaidh, agus fágh leath-ghalún. Déanfaidh sin muid. Imeochaidh muid ar an dá luath agus a mbeidh an deoir deireadh dhe sin ólta
Bhí an oiread ólta aige agus nach raibh sé indon eirghe, ach bhí sé ag imeacht indiaidh a thónach ar fud na cisteanaighe, agus indon a dhul go dtí an leath-bhairille. Ba ghráin shaoghalta é.
Chuir sé indiaidh mo chúil mé nó go raibh mé amach an dorus aige. Scaoil sé amach annsin mé, ach ar an dá luath agus ar scaoil nach gcuireann sé tuiric ionnam, agus nach gcuireann sé anuas ar chúl mo chinn ar an tsráid mé. Deirimse leatsa nachar éiligh mise a dhul isteach níos mó. Ní raibh aon-mhothú ionnam go ceann leath-uaire ar aon-chor
Bhí sé ag dul indiaidh a leath taoibhe nó go ndeacha sé síos ins an trínnse atá ar cholbh an bhóthair
Tá "dole" mór aige, agus pinsean sean-I.R.A. agus tá punt sean-phinsean ag teacht isteach ann 'chuile sheachtain, agus chúig leath-choróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaedhilge sin, agus in a dheidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoid' aige agus shílfeá nach dtáinig aon-tsaoghal ariamh is measa ná é
Deir 'chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dheidh sin agus uiliog, an dream céadna, atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceanann céadna nó rud is measa ná sin ar maidin ambáireach, dá sílidís go rithfeadh leo
Chuir sé a dheirbhshiúr de dhruim tighe. Chonnaic mé í an lá a mb'éigin di féin agus dhá h-áilín G. síos a thabhairt orra féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orra. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige len a leithide de chleas. In a dheidh sin agus uiliog, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leath-cheart léithe
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
 
dian
Cheapfainn go mbeadh an prionda mion sin an-déan ar na súile. Dhá gcaithinnse leath-uair in a éadan, ní fhágfadh sé spré agam
 
dias
Ní bheitheá agam lá na déise leath cho maith, ach, mo léan tiocfaidh tú lá na méise
 
'Sé'n chaoi a raibh sé ins an am sin, bhí na tighearnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tighearnaí. 'Chaon dream aca ag baint barr dhá chéile. Bhí tighearna thoir annseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabhail leis nar speireadh aon-oíche amháin. Má speireadh féin leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go h-olc
 
díbir
Dhíbir sé abhaile í th'éis cupla lá ach dheamhan leath an chirt a rinne sé léithe, dheamhan é sineacht (sin)
 
Nach dícéillidhe an pleoitín thú a dhul ag tabhairt do bhicycle d'fhear nach raibh aithne ná eolas agad air. Níl leath-chirt leat mara bhfeicidh tú aon-dé le do ló aríst air
 
Tá tú ro-dhicheallach ar fad. B'fhearr linn nach mbeadh leath do chuid cúraim ort. Ní minic gnaithí gan iarraidh buidheach
 
Rinne an bhudóg sin dí-chúis dom. Bhí an-ghealladh fúithe, ach níor tháinic biseach ar bith fúithe mar sin fhéin. Th'éis gur choinnigh mé í le leath-bhliain ag ceapadh igcomhnaí go raibh údar maith innte, agus go sceinnfead sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirre ó shoin. Ní bréag ar bith dhom a rádh go ndearna sí dí-chúis dhom
 
Tá sé feidheartha críochnuighthe anois, gan dídean le fáil i bhfus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leath-chóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona