Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

beo (100+)

 
abair
Anois adubhairt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon-duine aca beo fadó an lá marach gur choinnigh sí deoladh leo
 
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
 
dáil
Bhí sé thíos indáil leis an gcéibh, agus é sínte ar an móinín bán ann. Dheamhan duine beo nach sílfeadh go raibh sé criogtha leis an mbail a bhí air
 
dáimh
Ní cheapfadh aonduine beo go mbeadh gaol dáimhe ná dúthchais ag an mbeirt le chéile. Tá P. lághach sprideamhail, ach maidir leis an gceann eile, is cneagaire críochnuighthe é
 
dairt
Ní sheasfadh aon-duine beo thuas ann ach a dtosuigheann na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contabhairt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann.
 
dall 3
Ní fhaca mise aon-duine ariamh a bhfuil slám air mar tá air. Ní beo é gan creidimh a tharraint anuas. Dhall na misinéaraí ceart é. Bíodh a fhios agad gur fear é muis nach bhfuil staidéarach ceart anois
 
Tá siad ag cur dallach dubh críochnuighthe air síos annseo. Ní beo é go dteighidh sé ann, agus teagann sé abhaile i gcomhnuí len a bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
+
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte asta. Sin é an chosamhlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brigh na míonn agus bhainfinn an t-anam asaibh mara gcrapaidh sib lib — agus crapadh lib go beo freisin! Nach raibh a fhios agad pé'r bith céard a mhillfidís sin in do thímcheall nach leasóchaidís tada. Tá an millteanas de bheith orra. Ní millteanas go dtí é
TUILLEADH (2) ▼
Fásfaidh bíonglán (biongán, beangán) eile as an dollán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó indiu an té a bhéas beo, feicfidh tú gur maith cairthighthe amach ar an mballa a bhéas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
dán
Níl indán glanta dhóib. Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosamhlacht ann. 'Chuile lá beo a dteighim amach le soipín a bhaint asta (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
 
daoire
Dhá dhaoireacht dhá raibh an saoghal ariamh, ba bheag an bhrigh é le h-ais na cheithre bliana seo caithte. Ach ní cás do na daoine é agus a bheith beo chor ar bith, agus an droch-bhail atá ar an domhan
 
daol
Cé'n sórt daol a theangmhuigh léi agus a theacht ar cuairt annseo thuas indiu. Níor facthas cheana ann í le saoghal agus aimsir. Dubhairt sí liom féin dhá bhliain go h-am seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhóchadh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst.
 
daor 2
Níl aon-tsásamh aige ann le cupla lá an uair nachar daoradh fear Chiarraidhe. Chaith sé an tseachtain ag guidhe len a bhás. Thapuigheadh sé an t-am a dteagadh an "nuaidheacht" 'chuile thráthnóna (an páipéar). "'Bhfuil sé daorta fós" adeireadh sé. Bhí sé dhá bheo-phianadh ceart 'nuair nach raibh siad dhá thligean de ghort an gharta
 
deacair 1
Mo bhrún agus mo sheacht ndeacair gur chuir sé a chois ná a chnáimh isteach ariamh ann: marach gur chuir, bheadh mo mhaicín múirneach beo beithidheach indiu
+
Bhfaca tú an searraichín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaidhe len a leigean isteach in do gharrdha. Meastú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd do'n deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon-cheo dá bharr aige, ní bheidh
TUILLEADH (1) ▼
Má tá P. ag dul ag pósadh, tiubharfaidh siad S. beag do'n deachma. Caithfidh siad a chur amach, mar ní sheasfadh aon-bhean beo leis i dteach. Agus má chuireann siad amach é ní ghlacfaidh áit ar bith isteach é. Cé a ghlacfadh é. Dheamhan an "poorhouse" féin a ghlacfas é, ná cuid de ghlacadh. Fear ar bith a d'fheicfeadh é siúd ag geata an "phoorhouse" lá fuar, meastú an leigfeadh sé isteach é. Is túisce go mór a leigfeadh sé isteach an "monkey" beag a bhí thoir ins an "show" annsin thoir. Siúd é a bhfuil le déanamh leis: a thabhairt do'n deachma nó do'n dul amú
 
Bhí sé beo-phianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá de'n ádh air ó dhealuigh sé amach as B. an Gh.
 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuímne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéar[fadh] suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná deághealladh agus droch-choimhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
+
dealg
Dealg ins an mbeo = tairnge ins an mbeo; sáithteán; gob géar; do dhóthain de fhreagra nó do dhóthain de bhail; rud a ghabhfadh cois croidhe, a chuirfeadh múisiam ort, a bheadh in a dhris chasáin ort, a chuirfeadh rud as duit, nó a ghoillfeadh go mór ort
TUILLEADH (1) ▼
Ba dealg ins an mbeo ionnam an chaint a chaith sí (fc. tairnge)
 
Fuair tú deallra maith anois, agus má tá mise in a dhiaidh ort, castar leat é. Ní raibh guth ar bith siar annsin ort, ach níor bheo thú in a dheidh sin go dteightheá ann do do chailleadh féin
+
Is beag an dochar dhó a bheith deallruighthe fhéin agus gan aon-tsnáth air thairis siúd. 'Ar ndú', níl aon-fhear beo indon a sheasamh ar scáth an méid siúd éadaigh
TUILLEADH (1) ▼
Dheallróchadh aonduine beo istigh ar an teallach ann. Níl dé dhá bhfaca tú in do shaoghal ariamh aige. Cé'n chaoi a ndéanann sé bruitheachán ar bith
 
déan 1
Ná tabhair aon-áird air sin. Ní beo é mara mbeidh sé ag déanamh cluan'.
 
É a bhriseadh. Bhí an ceart ag an "mboss": badh é a dhéanamh leis é. Is maith an rud tamall le spóirt adeir siad. Ní raibh aon-mhaith aige-san ann mara gcaitheadh sé an lá ar fad in a chomhnaí, agus cé'n bhrigh, ach nach mba bheo é mara dteigheadh sé ag déanamh gaisce faoi
 
Má theigheann sé do do bhualadh tiubharfaidh sé liúradh deannachtach duit agus ní mór liomsa duit. Breagh nach leigeann tú de do chuid spochadh leis. Ní bheitheá beo gan a bheith ag spochadh le duine eicínt
+
Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag 'chuile dhuine. Eitinn a bhí uirre agus chuaidh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá sean-bheo indiu, agus is gearr go mbeidh inghin in a méid féin aice, bail ó Dhia agus ó Mhuire orra beirt
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abróchadh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceann aghaidh céadna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart annsin
 
dearc
Bhí sé beo-phianta ceart, arae chaith sé an oíche ag dearcadh ar an gclog, ach bhí leisce air corruighe in a dheidh sin. Gheobhaidh sé túirne Mháire ó'n mbean faoi fhanacht amuigh an fhad seo ins an oíche
 
dearg 2
Níl a fhios agam beirthe ná beo céard a dhéanfas mé leis an deargadh atá ar an naoineán sin chor ar bith. Tá chuile shórt féachta agam leis agus is aon-mhaith amháin é. Níl sé ag imeacht in a dheidh sin
 
Duinín deireoil é. I ndar leat féin nach mbeith (mbeadh) sé i bhfad beo má bhfuigheann (fhaghann) sé mórán eile brádannaí de'n tsórt sin
 
Chaith mé an t-áirneán anuiridh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosuigh orra. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuiridh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt 'chuile oíche beo. Teighidís féin agus a gcuid buataisí i gCurrach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibiléaracht ar shean-bhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair
 
Bhí sé annseo anuiridh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoi'n "dole" a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtuitfeadh déidín aige faoi dheire thál (ó thárla) nach raibh sé ag teacht
 
deifir
Gabh siar roimh an sagart agus déan deifir a chur leis. Mara gcuiridh ní bhéarfaidh sé beo air
+
Imigh leat anois go beo deifreach, agus teirigh síos ann (cuirtear beo agus "deifreach" i gcuingir mar sin)
TUILLEADH (3) ▼
'Sé atá beo deifireach ar a chois
Cé'n chiall nach mbeitheá beo deifireach mar a bheadh gasúr agus gan a bheith ag leigint do'n fhéar fás faoi do chosa
Rinne sé beo deifreach é, deirimse leat, 'nuair a d'aimsigh sé siúd é
 
Deir siad th'éis cho scanruighthe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce in a dheidh sin. 'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nachar chuala deoruidhe an bhéil bheo uaidh é
 
Is beag duine a bhí ins an ruta seo ariamh ba déircighe ná N. Th. Aimsir an droch-shaoghail adeir siad 'nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, badh é sin a choinnigh an cheathramhadh seo beo. D'fhaghadh cho maith le deich nduine fhichead beatha ann 'chuile lá
 
deis
Tá an deagh-chaint i gcomhnaí ar a dheis aige. Ar chuala tú an oiread nathuidheacht' ag aon-chríostuidhe beo agus atá aige. Shílfeá go slóchtfadh sé é féin agus a mbíonn le rádh aige
 
Deiseal! Deiseal! I bhfad uainn an anachain agus an urchóid! Rith go beo agus fagh fód móna a chuirfeas mé in a béal (bó). Tá fata in a sheasamh in a muineál
 
Chuirfeadh sé déistean ar aon-duine beo len a chuid graiscínteacht' agus brocamais. Níl sé indon dhá fhocal a chur idtoll a chéile, gan ceann aca a bheith tuatach
 
deoin
Mara n-ithidh sé dhá dheoin féin é, cé'n mhaith a bheith ag sáraidheacht leis. "Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó." Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air, go mba deacair é a choinneál uaidh
 
deoir
"Trí mhí a mhair Oisín beo: trí bhrat a d'fhliuchfadh sé ins an ló le deoir aithrighe as a shúile, ó a chuaidh sé ar aoibheanntas agus ar staid na ngrást" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
+
Níl deoruidhe an bhéil bheo de'n chine sin ins an tír anois = críostuidhe an bhéil bheo; mac na scine
TUILLEADH (8) ▼
Ba mhaith teann iad tamall annsin thoir. Ní raibh sé ann an té a déarfadh hata bán leo, ná a leigfeadh an faitíos dó a rádh. Agus feacha in a dheidh sin go bhfuil na préacháin ag dul thrín a gcuid fuinneog agus nach bhfuil deoruidhe an bhéil bheo aca ins an gcomhaireamh ceann indiu
Níl deoruidhe an bhéil bheo ag cur aon-éiliú ort marach a bhfuil de sheafóid ort féin.
Níl deoruidhe an bhéil bheo agam anois dhár thóig mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach annseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
Ní raibh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo go raibh an braon sin agam, mar níor chaintigh mé amach as mo bhéal air. Agus nach maith in a dheidh sin go raibh na póilíos indon breith thall orm. Níl tada ag dul uatha. Tá siad suas le 'chuile nídh
Ná bíodh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabhail. Má bhíonn a fhios, déanfaidhear scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteochthá air le B. Sh. Sin fear gan fascadh.
Chuaidh faitíos ormsa an oíche sin. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag faoi, ach chonnaic mé an rud … Céard a bhéarfadh duine in éinfheacht liom. Ní raibh ná deoruidhe an bhéil bheo
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuidhfinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoruidhe an bhéil bheo níos goire dhom ná seo, agus ní bheadh aon-scáth orm. Ní bheadh — a dhuth ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos annsin cho maith agus atá sé annseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil.
Níl deoruidhe an bhéil bheo aige anois a dhéanfas luach na leithphighne dhó, mara ndéanaidh sé féin é. Dar príosta féachfaidh sé fear aonraic freisin freastal do 'chuile mhíle nídh.
+
dia 1
Go méadaighidh Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh!; go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh; go méadaighidh Dia cac bó agus lochán agaibh!; go méadaighidh Dia fataí (im, feoil etc.) agaibh! = biadh a altú i dteach strainséara
TUILLEADH (1) ▼
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam innte sin é an méid
 
diabhal 2
Tuilleadh ghéar cascartha de'n diabhal aice anois! Ní bheadh sí beo mara dtarraingíodh sí an t-amhas sin uirre féin!
+
diaidh
Go deimhin tá sé indon biadán agus cúl-chaint agus bréaga a chur indiaidh a chéile. Nímé an bhfuil sé indon a phaidreacha a chur indiaidh a chéile leath cho maith. Ní beo é mara mbeidh sé ag coireamhaint ar dhuine eicínt
TUILLEADH (5) ▼
Níor chás liom é dhá mbeadh aonduine in mo dhiaidh, ach níl ná geinealach an bhéil bheo — níl sin
Ní raibh aon-lá ó rugadh an chéad-fhear aca, nach raibh an deagh-chaint indiaidh na n-Éamuinn sin. Ar chuala tú aon-nathuigheadóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, 'ar ndú sean-Éamonn féin, deir an dream a chonnaic é nach raibh cinneadh go deo leis
Nach diabhaltaí atá an ghaisce in a dhiaidh igcomhnaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo, mara mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilgheasach é lá an anshógha
Ar ndú' ní thiubharfadh aonduine beo a inghean dó. Tá sé caithte amach indiaidh a bhéil ar fad. 'Sé mac J. T. Mh. déanta é. Dheamhan bean a gheobhas ceachtar aca go bhfaghaidh Pól a shúil
Is minic ariamh a ghlan fear leis indiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon-lá de'n ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta in a dhiaidh sin agus é in a ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuirigheadh sé ins an mbaile i gcomhnaí
 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon-Chríostuidhe beo indiu. Ach dheamhan a dhath drugail aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonnaic mise é sin ag imeacht oícheanntaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá cho fada le ceann an sconnsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon-mhaith é a bhacadh in a dheidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá shéirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mbadh í an oíche í ar ith Ceile na bradáin ghreadfadh leis abhaile
+
Bhí caoirigh againn annseo "trip" (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seidhrín ar 'chuile cheann beo aca. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth tuitim dhíob. Céard déarfá leis an mbitheamhnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seidhrín ar do chaora nach raibh sé cho maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éinfheacht. Badh é ba ghnaoidheamhla dhó
TUILLEADH (2) ▼
Badh shin iad an dream a bhí díbheirgeach len a gcuid buachaillí. Mara mbeidís in a suidhe le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas in a n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor eirigh sé ar chuma ar bith an uair a glaodhadh air. Suas le sean-Sh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó ins an leabaidh. Diabhal asna de'n bhuachaill nar eirigh in a chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoigligheann faoi ins an leabaidh é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithidheach é marach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ó'n lá sin go ndeachaidh sé idtalamh, níor thóg sean-Sh. maide ag aon-bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
díbir
Rinneadh díbirt as an áit sin. Deir siad nachar fágadh Críostuidhe an bhéil bheo ar an dúithche sin nachar díbrigheadh
 
Is dícéillidhe an rud atá sé a dhéanamh anois muis, ag cur spray ar fhataí agus gan aon-lorga beo ag gabhail leo
+
díle 1
Fadó, an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan, níor tháinic as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr inghean agus a gcuid fear. Chuaidh siad isteach ins an Áirc agus sin é a thug beo iad. An uair a shíl Noa go mba cheart do'n tuile a bheith traoithte, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais len a scéal féin ná le scéal aon-duine eile. D'fhan sé imbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc agad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sin caillte ó'n Díle. 'Sé mo ghéar-chuimhne-sa P. a dhearbhráthair a fheiceál beo agus sílim go raibh seisean básuighthe le fada na mblianta roimhe.
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
 
Sin anois searrach nachar ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é marar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i sean-chlochar annsin thiar trí nó ceathair de laetheantaí th'éis searrach a bheith aice. Chuaidh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í, agus ní raibh ann ach go raibh sí dí-bheo nuair a fríothadh í. Má seadh féin, níor tháinic sí as
+
Deir tú leis a chaith ag duilleoireacht liom ag ceapadh go bhfanfainn le h-aghaidh tae, ach diabhal baoghal in mo chraiceann a bhí orm. B'annamh leis mórán de'n chórtas a bheith ag síneadh leis, ach an oiread le scéal. Dheamhan a fhios agam beo céard a bhain dó aréir go raibh sé ag iarraidh cumaoin a chaitheamh liom. Mara bhfuair sé tae as Ameriocá!
TUILLEADH (1) ▼
Má fheicimse ar an dilleoireacht sin aríst sib agus aon-duine istigh beidh mé ag gabhail oraibh cho uain agus a gheobhfas mé teas in 'u' (bhur) gcraiceann. Bheadh ciall dilleoireacht, ach níl uair ar bith is mó a dteagann táirm oraibh ná an uair a gcasfar duine eicínt isteach. Dhá mbadh é an té is measa le duine beo a bheadh ann, náireochadh sib é len 'u' (bhur) gcuid dilleoireacht'.
 
Níor thaithnigh an ceann céadna ariamh liom. Tá an iomarca dinndiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na sean-phóilíos thíos ar R. D. a cheannuigh "cruib" mhóna anuiridh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tóigthe aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionnsuigh air faoi'n móin. Cá'il an locht nach raibh uirre. Ag iarraidh mé a ghiorrú ins an margadh a bhí sé. "Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh" arsa mise "ach mo choinsias 's dar m'anam mara n-íocaidh tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agad … "
 
Uisce díobhálach é sin le cur i dtae. Nach bhfeiceann tú beo beitheach le doirbeachaí é? Níl sé feilteach do'n bheitheach fhéin ní áirighim do'n duine
 
Ní cheannóchadh aon-duine beo í ach é féin. Bhí sí in a giocach thoir annsiúd le claidhe agus gan an ceannachthóir féin ag breathnú ins an taobh a raibh sí. Tháinic sé aniar agus bhuail sé fúithe. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach h-ait a sceinn sí amach in a dheidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé má tá an beithidheach ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach eireochaidh sé. Mara bhfuil, ní choinneochadh leágha na bhFíann beo é
+
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. An uair a bhí an dinnéar ithte againn, bhí sé in a shuidhe síos, agus ag seanchus cho spleodarach agus a bhí sé aon-oíche ná aon-lá ariamh. Th'éis an dinnéar bhuail sé siar ar an leabaidh. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafruigh sí dhó (dhe) a raibh aon-cheo air, agus dubhairt sé nach raibh. An uair a bhreathnuigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoidh sí orm féin anoir as an ngarrdha. Ní bhlaodhfadh marach cho scanruighthe agus atá sí. Bhreathnuigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céadna i gcomhnuí. An uair a shamhluigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dubhairt sé nach raibh cruadhóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir ins an ngarrdha agam trathnóna. 'Mhuire is truagh, ní raibh mé leath-uair thoir ins an ngarrdha aríst, an uair a rith sí aniar agus é in a h-uaire móire uirre. Siar liom fhéin cho tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agad gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail. Ach ní cás é, míle buidheachas le Dia, ó a rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
TUILLEADH (2) ▼
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigin. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rádh go raibh sé dí-bheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breagh mar é. Dubhradh ag an gcuisle féin é. Thug an Cróinéara "an-character" air
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
+
díol 2
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dair leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leath-dhíol le n-ithe. Dá mbadh é an duine ba mheasa leat beo é, a bheadh istigh ins an teach, ní chomhnóchadh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sib fhéin a mhill idtosach é an uair a thug sib faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhuird
TUILLEADH (2) ▼
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pighinn gan bonn. Go dtugaidh Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon-ghiúistís beo aon-cheo ar an dílleachta bocht údaidh. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnóchadh isteach ceart ann.
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tiubharfaidh mé 'chuile dhíol air faoi nar thug sé agam an pisín cuit a gheall sé dom. Tá an teach beo beithidheach le luchain. Ní fhágfaidh siad nídh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe. Mara dteightear romhab (fuaim — rúb = rompa) go gairid
 
Ná leig an díolaidheacht choidhchin i bhfad-scéil. B'fhearr liom a bheith faoi chumaoin ag aonduine beo ná ag fear siopa. Má bhíonn aon cheo aige ort, feicfidh tú pus cho fada le dris fhireann air 'chuile uair dhá ngabhfaidh tú isteach aige
 
Cé mhéad adeir tú a chuaidh an dialúnach beag de laogh údan? Trí phunt! Chuaidh sé dhá phunt thar an gceart ar aon-chor. Is gearr an bás uaidh siúd. Dheamhan oíche Nodlag a fheicfeas sé beo choidhchin
 
Shílfeá go bhfuil an lampa beag sin an-diomallach ar ola. Feicim sib ag scárdadh ann 'chuile phuinte beo.
 
Is measa dhom an méid cainte a baineadh asam ná diomdha na bliana. Nach diabhlaí an smál atá ar chuid de na daoine nach beo iad mara mbeidh siad ag cothú achrainn. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, is beith é sin atá orra.
+
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafruigheas cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Úa Chonchubhair a bhí againn 'sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Úa Chonchubhair a bhí agaibh 'sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom bainrioghan na bruidhne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir' (ceathramhadh as amhrán dár tús "ag gabhail Bealach na h-Olla dhom 'seadh chonnaic mé an t-iongantas")
TUILLEADH (1) ▼
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ó'n dorus ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach h-iad a thóig na G. bheaga sin 'chuile lá ariamh. Meastú marach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach aca
 
Ní chuirfeadh aon-bhean beo a mbeadh grádh Dé in a croidhe an dithreabhaichín de ghasúr siúd amach ag an scoil lá mar seo. Dar brígh an leabhair cruadhchúiseach go leor féin nacharb fhuláir dóib a bheith len a gcur ann indiu. Chonnaic mé beirt bhromairí atá ag M. Mh. annsin thiar ag dul soir agus bualadh fiacal orra leis an bhfuacht th'éis an aois atá aca, agus cho mór láidir agus atá siad. Ní uair scoile í do ghasúir laga
 
Tugaighidh braon bainne do'n diúilicín sin thoir, nó ní bheidh sé beo seachtain ó indiu. Ní fhaca mé laogh ar bith ariamh nach bhfuil biseach ar bith [air] ach mar é. Níl lán do ghlaice fós ann th'éis go bhfuil sé ionann agus ráithe d'aois
+
'Bhfuil a fhios agad cé'n chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailighe l'aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aice féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aice a d'iomchróchadh Gaillimh aon-tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
TUILLEADH (1) ▼
Ar dhlaoithigh tú na slata chor ar bith? Cé'n sórt gaotta thú féin! Pota uisce síos go beo. Seogaidh! Chugad! Níl aon-bhreith ar an obair seo! Caithfidh an chiseoig a bheith déanta indiu
+
dlí
Ní bheadh sé beo gan a bheith ag déanamh dlí
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mb'fhiú liom a thabhairt faoi dhlí, d'fheicfeá féin air go scarfadh sé leis go beo sciobtha, ach ní maith liom a dhul ag fiachadh ar an rud salach
 
dligh
Ní dhligheann duine ar bith faoi chaolachaí an tighe seo ná aon-duine dhá bhfuil ag tarraint ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Teirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhligheas duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agad goirid ó shoin. Ach mise imbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt "warning" anois duit crapadh leat as seo cho beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeochaidh tú cho saor agus atá tú ag imeacht anocht
 
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
 
dochar
Ní beo é mara mbeidh sé ag déanamh dochair igcomhnuí